Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0792

Rialachán(AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

PE/10/2024/REV/1

IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/792

29.2.2024

RIALACHÁN(AE) 2024/792 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Feabhra 2024

lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, tá an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais Eorpacha tar éis tacaíocht gan fasach a shlógadh d’athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Comhcheanglaítear leis an tacaíocht sin tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear cúnamh eisceachtúil macrairgeadais agus tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit.

(2)

Chinn Comhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin, a léirigh toil láidir an atógáil a nascadh le hathchóirithe ar a conair Eorpach. Tá tacaíocht láidir leanúnach don Úcráin ina príomhthosaíocht ag an Aontas agus is freagairt iomchuí í ar thiomantas láidir polaitiúil an Aontais tacú leis an Úcráin a fhad is gá.

(3)

Maidir le cúnamh macrairgeadais suas le EUR 18 billiún a bheith á sholáthar ag an Aontas le haghaidh 2023 faoi Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), measadh gur freagairt iomchuí é ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine le haghaidh 2023 agus chuidigh sé le maoiniú suntasach a shlógadh ó dheontóirí eile agus ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta. Ba ghné thábhachtach é sin d’athléimneacht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine ag tráth cinniúnach.

(4)

Tá tacaíocht shuntasach airgeadais curtha ar fáil ag an Aontas freisin trí phacáiste breise lena gcomhcheanglaítear cistí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda (ICFCI-An Eoraip Dhomhanda) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus iasachtaí ó BEI. Ina theannta sin, tá tacaíocht leanúnach á cur ar fáil ag údaráis na mBallstát, pobail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí saorálaithe laistigh de na Ballstáit.

(5)

Ina theannta sin, shocraigh an Chomhairle bearta cúnaimh sheachbhuiséid chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Eorpach Síochána arna mbunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 (5) ón gComhairle, ar bearta cúnaimh iad dar luach EUR 6,1 billiún, agus le Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle (6), bhunaigh sí Misean Cúnaimh Mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0,1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann. Chomh maith leis sin, thug an tAontas agus a Bhallstáit an fhreagairt éigeandála chomhchineáil is mó fós trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arb í an oibríocht éigeandála is mó a bhí ann ó bunaíodh an sásra sin.

(6)

Ina theannta sin, rannchuidigh na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin a bunaíodh i mí na Bealtaine 2022 le luach measta onnmhairiúcháin EUR 31 bhilliún a ghiniúint do gheilleagar na hÚcráine go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2023.

(7)

Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá damáiste os cionn EUR 270 billiún déanta san Úcráin ón 24 Feabhra 2023, agus meastar gurb é EUR 384 bhilliún na costais atógála, chomh maith le caillteanas rochtana ar mhargaí airgeadais agus laghdú suntasach ar ioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar chaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas seirbhísí poiblí a choinneáil ar bun. Leis na meastacháin sin, chomh maith leis an bhfaisnéis anailíseach ó gach foinse iomchuí eile agus ó fhoinsí ina dhiaidh sin, cuirtear bonn ábhartha ar fáil chun na riachtanais chistiúcháin le haghaidh na mblianta atá le teacht a shuí, lena n-áirítear breithnithe réigiúnacha agus earnálacha.

(8)

An 30 Márta 2023, mheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) gur EUR 75,1 billiún an bhearna sa mhaoiniú stáit suas go dtí 2027 agus chomhaontaigh sé clár ceithre bliana EUR 14,4 billiún leis an Úcráin chun beartais a dhaingniú chun cobhsaíocht fhioscach, sheachtrach, praghsanna agus airgeadais a chothú agus chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch, agus feabhas á chur, ag an am céanna, ar rialachas agus institiúidí á neartú chun fás fadtéarmach a chur chun cinn i gcomhthéacs na hatógála iarchogaidh agus chonair aontachais na hÚcráine leis an Aontas.

(9)

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá bearna iarmharach fós ann i riachtanais mhaoinithe na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá gá le tacaíocht shuntasach sholúbtha do rialtas na hÚcráine ionas go mbeidh sé in ann a fheidhmeanna a choinneáil ar bun, seirbhísí poiblí a sholáthar, agus tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre.

(10)

I bhfianaise an damáiste a rinne cogadh foghach na Rúise do gheilleagar, do shochaí agus do bhonneagar na hÚcráine, beidh gá ag an Úcráin le tacaíocht shuntasach agus acmhainneacht institiúideach chun a feidhmeanna a choinneáil ar bun, chomh maith le faoiseamh agus cúnamh gearrthéarmach do théarnamh tapa, atógáil agus nuachóiriú na tíre. Beidh tacaíocht chuimsitheach de dhíth ar an Úcráin chun ‘atógáil chun feabhais’ trí théarnamh duinelárnach lena gcruthófar an dúshraith do thír a bheidh saor, bríomhar ó thaobh an chultúir de agus rathúil agus a mbeidh geilleagar athléimneach inti a bheidh comhtháite go maith i ngeilleagar na hEorpa agus sa gheilleagar domhanda, tír a bheidh fréamhaithe i luachanna an Aontais agus a dhéanfaidh dul chun cinn i dtreo aontachas leis an Aontas.

(11)

Sa chomhthéacs sin, is gá ionstraim aonair mheántéarmach eisceachtúil a bhunú lena dtabharfar le chéile an tacaíocht dhéthaobhach a chuireann an tAontas ar fáil don Úcráin, lena n-áiritheofar comhordú agus éifeachtúlacht. Chuige sin, is gá an tSaoráid don Úcráin (an tSaoráid) a bhunú don tréimhse 2024 go 2027, lena soláthrófar cothromaíocht idir solúbthacht agus inchláraitheacht fhreagairt an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhearna mhaoinithe na hÚcráine agus ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe na hÚcráine, agus ag an am céanna tacú le hiarracht athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais leis an Aontas.

(12)

Ó tharla gur saoráid eisceachtúil í an tSaoráid, tá sé tábhachtach go bhfuil plean comhleanúnach tosaíochta d’atógáil na hÚcráine (‘an Plean don Úcráin’) mar bhonn taca léi, ar plean é ba cheart do Rialtas na hÚcráine le rannpháirtíocht chuí Verkhovna Rada na hÚcráine agus ionadaithe eagraíochtaí sochaí sibhialta a ullmhú, agus creat struchtúraithe intuartha á chur ar fáil aige le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine agus ceanglais aontachais an Aontais leagtha amach go soiléir ann.

(13)

Ba cheart tacaíocht an Aontais don Úcráin ó 2024 go 2027 a sholáthar, go bunúsach agus go príomha, faoin tSaoráid, sa chaoi go seachnófaí aon fhorluí le cláir eile, go háirithe leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus lena n-áiritheofar cur chuige comhsheasmhach trí ionstraim aontaithe, trí theacht in ionad gníomhaíochtaí faoi na hionstraimí atá ann cheana nó, i gcás inarb iomchuí, trína gcomhlánú. Leis an tacaíocht faoin tSaoráid, ní dhéantar réamhbhreith ar an gcúnamh a thabharfar don Úcráin amach anseo ná ar an deis a bheadh aici páirt a ghlacadh i gcláir de chuid an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027.

(14)

I ndáil leis an méid sin, ba cheart tacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid a chur in ionad na tacaíochta déthaobhaí a sholáthraítear faoi (ICFCI-GE - An Eoraip Dhomhanda). Mar sin féin, tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir leis an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as mearfhreagairt réigiúnach théamach, agus as cineálacha eile tacaíochta faoi ICFCI-An Eoraip Dhomhanda, go háirithe cláir um chomhar trasteorann, agus ar bhonn níos ginearálta, go leanfaidh sí de chomhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus forbairt chríochach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme.

(15)

Ba cheart cabhair dhaonnúil, cosaint agus tacaíocht do na Ballstáit a thugann cosaint do dhaoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, ba cheart na nithe sin a chur ar fáil go leordhóthanach agus go comhsheasmhach lasmuigh den tSaoráid. Is féidir leis an Úcráin leanúint de thairbhe a bhaint as cláir ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana faoi chuimsiú bhuiséad an Aontais, amhail ICFCI-An Eoraip Dhomhanda le haghaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear in aithris 14, an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach arna bhunú le Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle (9), cabhair dhaonnúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle (10), agus gníomhaíochtaí faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála, chomh maith le bearta faoin tSaoráid Eorpach Síochána lasmuigh de bhuiséad an Aontais.

Ina theannta sin, is féidir le heintitis de chuid na hÚcráine a bheith páirteach i gcláir beartais inmheánaigh an Aontais amhail Fís Eorpach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/765 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach arna bhunú le Rialachán (Euratom) 2021/695 ón gComhairle (12), an Clár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an clár ‘Fiscalis’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14),

an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an Chustaim arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Erasmus+ arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Clár EU4Health arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), an Clár Eoraip na Cruthaitheachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18),

Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), agus Clár Frithchalaoise an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) chomh maith le cláir ábhartha eile i gcomhréir lena rialacha, lena gcuspóirí agus leis na comhaontuithe comhlachais ábhartha faoi seach.

(16)

Ba cheart don tSaoráid rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh go dtí 2027 trí thacaíocht neamh-inaisíoctha agus iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil. Leis an tacaíocht faoin tSaoráid, ba cheart tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais a choinneáil ar bun san Úcráin agus srianta maoinithe sheachtraigh na hÚcráine a éascú.

(17)

Tá sé tábhachtach go gcuirtear tús le hinfheistíocht i dtéarnamh inbhuanaithe, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine faoin tSaoráid nua mar ábhar práinne chun cabhrú le dálaí maireachtála cuibhiúla a chur ar fáil do dhaonra na hÚcráine agus chun bonneagar criticiúil a athchruthú, i gcás inar féidir, chun a áirithiú go nginfear fostaíocht agus ioncaim agus chun méid an chúnaimh idirnáisiúnta is gá a laghdú go céimnitheach, agus damáiste práinneach don chomhshaol á mhaolú, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim agus tacaíocht á tabhairt don Úcráin san aistriú glas.

(18)

Leis an bpeirspictíocht mheántéarmach a chuirtear ar fáil leis an bPlean don Úcráin trí ionstraim aonair, ba cheart an Úcráin a spreagadh chun infheistíochtaí agus athchóirithe a dhíriú i dtreo an aistrithe chuig geilleagar glas digiteach inbhuanaithe cuimsitheach, agus cuidiú le deontóirí, lena n-áirítear ón earnáil phríobháideach, atá ar aon intinn a shlógadh le haghaidh ranníocaíochtaí ilbhliantúla chun tacú leis an Úcráin. Ba cheart infheistíochtaí a ailíniú, a mhéid is féidir, le acquis aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus ba cheart dóibh a bheith ag teacht le cur chun feidhme Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine.

(19)

Ba cheart don iarracht téarnaimh, atógála agus nuachóirithe tógáil ar úinéireacht na hÚcráine, ar dhlúthchomhar agus ar chomhordú na hÚcráine le tíortha agus eagraíochtaí tacaíochta, agus ar chonair na hÚcráine i dtreo aontachas leis an Aontas. Táthar ag súil freisin go mbeidh ról tábhachtach ag riaracháin áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine chomh maith le heagraíochtaí sochaí sibhialta na hÚcráine sa phróiseas sin trí pháirt a ghlacadh i ndearadh agus i ngrinnscrúdú an phróisis. Tá an comhar idir piaraí agus na cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus iad siúd san Úcráin tar éis seachadadh na cabhrach daonnúla don Úcráin, agus cineálacha eile cúnaimh, a éascú cheana féin agus, ar an gcaoi sin, tá bonn á chur ar fáil chun an próiseas téarnaimh, atógála agus nuachóirithe a shaibhriú agus a luathú.

(20)

Ba cheart don Aontas dlúthchomhairle agus comhlachas a chothú sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a chuimsíonn raon mór leibhéal fo-náisiúnta agus brainsí den rialtas, lena n-áirítear réigiúin, bardais, dúichí agus ‘hromada’ agus a gcomhlachais, chomh maith le dlúthchomhairle agus rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin. Ba cheart don Aontas moladh dóibh a bheith rannpháirteach go fóinteach i dtéarnamh, in atógáil agus i nuachóiriú na hÚcráine, bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe agus trí chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart don Aontas aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do na róil iomadúla atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar thionscnóirí cur chuige chuimsithigh chríochaigh i leith na forbartha áitiúla, lena n-áirítear próisis díláraithe, rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na bpobal áitiúil, trédhearcacht agus cuntasacht, agus ba cheart don Aontas a thacaíocht d’fhothú acmhainneachta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú a thuilleadh, lena n-áirítear chun tionscadail faoin tSaoráid a chur chun feidhme, i gcomhréir le prionsabal an fhéinrialtais áitiúil mar a shainmhínítear sa Chairt Eorpach um Fhéinrialtas Áitiúil, ar páirtí ann í an Úcráin.

(21)

Ba cheart don Aontas tacú leis an aistriú i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na hÚcráine, trí leas a bhaint as taithí na mBallstát. Ba cheart don tacaíocht sin díriú go háirithe ar an taithí a fuair na Ballstáit le linn a bpróiseas athchóirithe féin a chomhroinnt.

(22)

Ba cheart don tacaíocht faoin tSaoráid tógáil ar shineirgí le príomheagraíochtaí a thacaíonn le hathchóirithe agus atógáil na hÚcráine, amhail Grúpa BEI, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta lena n-áirítear an Banc Domhanda, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus CAI, agus ba cheart na sineirgí sin a uasmhéadú; agus institiúidí airgeadais iltaobhacha Eorpacha, lena n-áirítear BEAF agus Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa; agus institiúidí airgeadais déthaobhacha, amhail bainc forbartha agus gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin.

(23)

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis an gcogadh, is iomchuí go mbeadh an tSaoráid in ann tacaíocht a thabhairt don Úcráin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh in olcas go mór, agus chun a cobhsaíocht mhacrairgeadais a choinneáil ar bun agus chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Saoráide. Níor cheart an maoiniú eisceachtúil sin a chur ar fáil ach ar feadh tréimhsí aonair suas le 3 mhí agus níor cheart é a chur ar fáil ach amháin trí chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún agus sa chás ina gcinntear nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin tSaoráid a chomhlíonadh, nuair is í tairbhí na tacaíochta í, agus ba cheart deireadh a chur leis an maoiniú a luaithe is féidir na coinníollacha sin a chomhlíonadh arís. Níor cheart don mhaoiniú eisceachtúil sin difear a dhéanamh do chistiú atá á chur ar fáil ó ionstraimí sonracha eile de chuid an Aontais, ar cheart é a shlógadh i gcás tubaistí nádúrtha nó éigeandálaí daonnúla nó cosanta sibhialta eile. Más gá, d’fhéadfadh maoiniú eisceachtúil a bheith ar fáil faoin tSaoráid sula nglacfar an Plean don Úcráin agus sula dtabharfar an Creat-Chomhaontú i gcrích. D’fhéadfadh sé a bheith sa bhreis ar mhaoiniú idirlinne eisceachtúil, de réir mar is infheidhme.

(24)

An creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin den pháirt eile (23) (‘an Comhaontú Comhlachais’), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, na comhaontuithe déthaobhacha, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an Úcráin, chomh maith le rúin ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ba cheart iad uile a bheith sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas idir an tacaíocht faoin tSaoráid agus an creat beartais um méadú.

(25)

Foráiltear in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an chuimsitheacht, an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas inscne.

(26)

Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 (‘critéir Chóbanhávan’) agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n-institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh dea-fheidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun déileáil le brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an cumas glacadh ní hamháin leis na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, leis na hoibleagáidí fúthu sin, lena n-áirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a shaothrú.

(27)

Is chun leasa choitinn an Aontais agus na hÚcráine iarrachtaí na hÚcráine a thabhairt chun cinn chun a gcórais pholaitiúla, dlí agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Stádas mar thír is iarrthóir a bhronnadh ar an Úcráin, sin infheistíocht geostraitéiseach sa tsíocháin, sa tslándáil, sa chobhsaíocht, agus sa rathúnas san Eoraip, agus, leis sin, cuirtear ar chumas an Aontais a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Ina theannta sin, cuirtear deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil chun comhleas an Aontais agus na hÚcráine, agus tacaítear leis an tír ar mhaithe le claochlú a dhéanamh de réir a chéile. Tá tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm.

(28)

Is rogha é glacadh agus cloí le bunluachanna an Aontais, agus is den riachtanas é freisin do mhian na hÚcráine ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ag teacht leis an méid sin, tá sé tábhachtach go nglacann an Úcráin úinéireacht iomlán ar luachanna an Aontais agus í féin a thiomnú dóibh ina n-iomláine, mar aon le seasamh a dhéanamh ar son ord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna, agus na hathchóirithe riachtanacha a shaothrú le fonn agus le fuinneamh ar mhaithe le leas a muintire.

(29)

An atógáil ón damáiste atá á dhéanamh ag cogadh foghach na Rúise, ní féidir í a bheith teoranta d’atógáil an mhéid a bhí ann roimh an gcogadh agus a scriosadh lena linn. Leis an atógáil, beidh deis ann tacú leis an Úcráin ina próiseas lánpháirtithe sa mhargadh inmheánach agus dlús a chur lena haistriú glas agus lena haistriú digiteach i gcomhréir le beartais an Aontais agus lánpháirtiú eacnamaíoch leis an Aontas agus forbairt shocheacnamaíoch agus cúnamh don chomhar trasteorann á gcothú ag an am céanna. Dá bhrí sin, ba cheart don tSaoráid an atógáil a chur chun cinn ar bhealach a dhéanfaidh geilleagar na hÚcráine a nuachóiriú agus a fheabhsú, ag tógáil ar rialacha agus ar chaighdeáin an Aontais, ag infheistiú in aistriú na hÚcráine i dtreo geilleagar inbhuanaithe glas, digiteach agus cuimsitheach, rud a rachaidh chun tairbhe na sochaí ina hiomláine, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais grúpaí leochaileacha. Ba cheart atógáil na hoidhreachta cultúrtha a bheith bunaithe ar chleachtais náisiúnta, idirnáisiúnta agus Eorpacha, ar théacsanna caighdeáin-bhunaitheacha, ar phrionsabail, amhail Bauhaus Eorpach Nua, agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh, agus a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail cháilíochta Eorpacha le haghaidh gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas a bhfuil tionchar acu ar an oidhreacht chultúrtha. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inbhuanaitheacht agus cosaint leordhóthanach gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tSaoráid a áirithiú i bhfianaise rioscaí cibearshlándála agus timpeallacht fhoriomlán na bagartha.

(30)

I gcomhréir leis an ngá atá le tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine ar bhealach inbhuanaithe a sheasfaidh an aimsir, níor cheart don tSaoráid tacú le gníomhaíochtaí ná le bearta lena gcuirtear chun cinn infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise, nó nach n-urramaíonn an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht nó don aeráid, mura bhfuil géarghá leis na gníomhaíochtaí nó na bearta sin chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim. Bhainfeadh na gníomhaíochtaí nó na bearta sin, mar shampla, le leanúint de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nó le dul i ngleic le riachtanais phráinneacha téarnaimh agus atógála. Ba cheart a chur san áireamh leo gur gá bonneagar a atógáil agus a nuachóiriú agus an comhshaol nádúrtha a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a athshlánú ar bhealach athléimneach. Ba cheart bearta iomchuí a bheith ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha, chun aon éifeachtaí díobhálacha a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, a fhritháireamh.

(31)

Ba cheart don tSaoráid a bheith ina cuidiú chun cloí le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (24) agus le Comhaontú Pháras a glacadh faoin gCoinbhinsiún sin (25) (‘Comhaontú Pháras’), le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (26) agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac sna tíortha ina bhfuil triomach mór agus/nó fású, go háirithe san Afraic (27) agus níor cheart di cur le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaol ná don aeráid. Go háirithe, ba cheart an cistiú a leithdháiltear i gcomhthéacs na Saoráide seo a bheith comhsheasmhach leis an sprioc fhadtéarmach chun méadú ar an meánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,/5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Ba cheart é a bheith comhsheasmhach freisin leis an gcuspóir go méadófaí an cumas oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chothú, agus comhleanúnach freisin leis an tacaíocht do chaomhnú na bithéagsúlachta, don gheilleagar ciorclach agus don truailliú nialasach a bhaint amach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chruthaíonn comhthairbhí agus a chomhlíonann cuspóirí iolracha, lena n-áirítear i ndáil leis an aeráid, leis an mbithéagsúlacht agus leis an gcomhshaol. I bhfianaise an damáiste ollmhór don chomhshaol a rinneadh de dheasca chogadh foghach na Rúise, d’fhéadfadh an tSaoráid a bheith ina cabhair ag díriú ar na dúshláin a lean an cogadh. Ba cheart don tSaoráid, a mhéid is féidir, rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, agus leis an aistriú glas, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an méid sin. Ba cheart, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim, gurbh ionann an méid atá i gceist leis an ranníocaíocht sin agus 20 % ar a laghad den mhéid foriomlán a chomhfhreagraíonn do thacaíocht faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin agus d’infheistíochtaí faoin bPlean don Úcráin a chur san áireamh. Ba cheart an méid sin a ríomh ag tógáil, de réir mar is infheidhme agus iomchuí, ar chomhéifeachtaí a úsáidtear i modheolaíochtaí atá ann cheana don aeráid agus don bhithéagsúlacht, amhail go háirithe in Iarscríbhinn VI de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus réimsí idirghabhála breise, arna gcoigeartú i gcomhthéacs na Saoráide.

(32)

Ba cheart don tSaoráid féachaint le feabhas a chur ar an bhfeasacht ar an gcoireacht chomhshaoil san Úcráin agus ar an gcomhrac ina coinne, agus tacú le Prótacal Kyiv maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán a chur chun feidhme go hiomlán agus comhlíonadh na ndlíthe cosanta comhshaoil a áirithiú.

(33)

Ba cheart bearta arna gcistiú faoin tSaoráid a bheith, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim, ag teacht le caighdeáin aeráide agus chomhshaoil an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart do na bearta sin an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, an tsíocháin, an daonlathas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a phríomhshruthú, agus i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste a laghdú, chomh maith le dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ba cheart tacaíocht faoin tSaoráid a bheith á treorú freisin ag an bprionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’, agus ba cheart féachaint lena áirithiú go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach atá cothrom agus bunaithe ar riachtanais.

(34)

Ba cheart cur chun feidhme an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais, na cuimsitheachta agus an neamh-idirdhealaithe, de réir mar a fhorléirítear iad i straitéisí Aontas an Chomhionannais. Ba cheart leis foréigean in aghaidh na mban, foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Ba cheart leis rannpháirtíocht fhiúntach na mban i bpróisis chinnteoireachta a spreagadh, an comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus cosaint agus cur chun cinn a gceart a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh i gcomhréir le Pleananna Gníomhaíochta an Aontais maidir le hInscne agus le conclúidí ábhartha ón gComhairle agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta. Ba cheart don tSaoráid cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sláinte sóisialta, lena n-áirítear an mheabhairshláinte, mar riachtanas do shochaí shláintiúil iarchogaidh, agus béim ar leith á leagan ar leanaí. Ba cheart cur chun feidhme na Saoráide a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (29) agus go n-áiritheodh sé rannpháirtíocht ábhartha na bpáirtithe leasmhara i bpróisis chinnteoireachta mar aon le hinrochtaineacht ina cuid infheistíochtaí agus a cúnamh teicniúil. Ba cheart don tSaoráid a bheith i gcomhréir freisin le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an linbh agus ba cheart dó tacú le leanaí agus leis an óige mar phríomhghníomhairí don athrú agus mar rannchuiditheoirí le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a réadú.

(35)

An smacht reachta a neartú, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, tacú le hiarrachtaí dí-olagarcaithe agus le comhrac an éillithe agus go háirithe éilliú ardleibhéil, an sciúrtha airgid, seachaint cánach, imghabháil cánach, calaois chánach agus na coireachta eagraithe, an trédhearcacht a neartú, lena n-áirítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis, dea-rialachas ar gach leibhéal, agus rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta an duine, na meáin shaora iolraíocha a chosaint, agus athchóiriú an riaracháin phoiblí a neartú, lena n-áirítear i réimsí an tsoláthair phoiblí, na hiomaíochta agus na státchabhrach, tá siad fós ina mórdhúshláin agus is den riachtanas iad ionas go ndruidfeadh an Úcráin níos neasa don Aontas agus go n-ullmhódh sí leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a ghlacadh chucu féin ina n-iomláine. I bhfianaise chineál fadtéarmach na n-athchóirithe arna ndéanamh sna réimsí sin agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart, le cúnamh airgid faoin tSaoráid, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir.

(36)

I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh agus chun críche srianta agus ceartúchán a neartú, ba cheart don Aontas a mholadh go neartófaí na hacmhainneachtaí parlaiminteacha, an fhormhaoirseacht pharlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus an ionadaíocht chothrom san Úcráin mar aon le rannpháirtíocht fhóinteach ag réigiún agus bardais, agus rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta, ag gach céim den phróiseas daonlathach, ionas gur féidir grinnscrúdú daonlathach feabhsaithe a bheith ann. Ba cheart a léiriú sa Phlean don Úcráin conas a rinneadh rannpháirtíocht fhóinteach na bpáirtithe leasmhara a bheartú agus a stiúradh trí chomhairliúcháin, lena gceadaítear creataí ama leordhóthanacha agus trédhearcacht leordhóthanach agus nósanna imeachta leantacha soiléire ann chun aghaidh a thabhairt ar an ionchur a tugadh. I gcomhréir le hord bunreachtúil na hÚcráine, ba cheart Verkhovna Rada a chur ar an eolas, agus ba cheart dul i gcomhairle leis, ag gach céim de shaolré na Saoráide. Ba cheart torthaí aon díospóireachtaí a bhíonn ag Verkhovna Rada nó aon tuairimí a eisíonn sé maidir leis an bPlean don Úcráin a chur san áireamh.

(37)

Is den ríthábhacht é go mbeidh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus an Úcráin maidir leis an tslándáil chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach éifeachtach éifeachtúil, ar bhagairtí na slándála, lena n-áirítear bagairtí hibrideacha ar nós na gcibearbhagairtí, chomh maith le hathléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta.

(38)

Maidir le gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, i gcomhréir le h’Airteagal 21(2), pointe (c), CAE agus i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, ba cheart dóibh tacú, i gcás inarb iomchuí, le bearta agus próisis forbartha muiníne lena gcuirtear chun cinn an ceartas, tóraíocht na fírinne, athshlánú cuimsitheach iarchoinbhleachta ar mhaithe le sochaí cuimsitheach, síochánta, agus cúiteamh agus ráthaíochtaí nach dtarlóidh siad arís chomh maith le bailiú fianaise ar na coireanna arna ndéanamh le linn an chogaidh agus na torthaí ábhartha a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thacú le hoideachas síochána foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil.

(39)

Ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanfadh an Úcráin de shásraí agus institiúidí éifeachtacha daonlathacha a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtíoch agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú, lena n-áirítear cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(40)

An tacaíocht faoin tSaoráid, lena n-áirítear tacaíocht do chonair na hÚcráine i dtreo an aontachais, ba cheart í a chur ar fáil chun cuspóirí ginearálta agus sonracha a chomhlíonadh, bunaithe ar chritéir léirbhunaithe agus a mbeadh coinníollachtaí soiléire ag gabháil léi.

(41)

Ba cheart gurb iad cuspóirí ginearálta na Saoráide inter alia cabhrú leis an Úcráin aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha, síceolaíocha agus comhshaoil an chogaidh; rannchuidiú leis an atógáil, lena n-áirítear téarnamh síochánta, atógáil shíochánta, athbhunú síochánta agus nuachóiriú síochánta na tíre; comhtháthú sóisialta agus críochach, athléimneacht dhaonlathach, eacnamaíoch, chomhshaoil, a chothú, agus lánpháirtiú céimnitheach san Aontas agus sa gheilleagar domhanda agus sna margaí domhanda mar aon le cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil aníos i dtreo chaighdeáin an Aontais, agus an Úcráin a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas amach anseo trí thacú lena próiseas aontachais. Ba cheart na cuspóirí sin a shaothrú ar bhealach a threisíonn an dá thaobh.

(42)

I gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart don tSaoráid tacú leis an dlúthpháirtíocht, leis an lánpháirtiú agus leis an gceartas sóisialta d’fhonn poist ardcháilíochta agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chruthú agus a chothú, comhionannas deiseanna, oideachais agus cosaint shóisialta agus rochtain orthu a áirithiú, grúpaí i staideanna leochaileacha a chosaint agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú. Ba cheart don tSaoráid rannchuidiú freisin leis an mbochtaineacht a chomhrac agus le dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus ba cheart cruthú post ardcháilíochta agus cuimsiú agus lánpháirtiú grúpaí faoi mhíbhuntáiste a bheith mar thoradh uirthi. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an tSaoráid maidir le deiseanna infheistíochta i scileanna, lena n-áirítear trí ghairmoideachas agus gairmoiliúint arb é is aidhm dóibh an lucht saothair a ullmhú le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. Leis an tSaoráid ba cheart a bheith in ann freisin an t-idirphlé sóisialta, an bonneagar sóisialta agus na seirbhísí sóisialta a neartú.

(43)

Ba cheart don tSaoráid comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar síos iad in Airteagal 21 CAE, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail bhunúsacha chomh maith le cearta an duine, an daonlathas agus prionsabail bhunúsacha an smachta reachta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir le comhrac an éillithe, leis na breithiúna, an riarachán poiblí, an dea-rialachas agus an trédhearcacht agus an chuntasacht.

(44)

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le cogadh foghach na Rúise, ba cheart don tSaoráid a bheith ina hionstraim sholúbtha lena gcuirfí ar a chumas don Aontas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na hÚcráine trí bhosca uirlisí éagsúlaithe lena gcuirfear maoiniú ar fáil do stát na hÚcráine, tacaíocht do thosaíochtaí gearrthéarmacha téarnaimh agus atógála, tacaíocht d’infheistíochtaí agus rochtain ar mhaoiniú, chomh maith le cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí ábhartha eile.

(45)

Ba cheart tacaíocht an Aontais a eagrú thart ar thrí cholún, eadhon colún tacaíochta airgeadais don Úcráin chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, chomh maith le cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach sa Phlean don Úcráin; colún Creata Infheistíochta don Úcráin chun infheistíochtaí a shlógadh agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, agus colún cúnaimh aontachais chun saineolas teicniúil agus fothú acmhainneachta a shlógadh.

(46)

Ós rud é gur suntasach iad na riachtanais maidir le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, agus nach féidir iad a chumhdach le buiséad an Aontais amháin, ba cheart ról a bheith ag infheistíochtaí poiblí agus ag infheistíochtaí príobháideacha araon chun aghaidh a thabhairt orthu. Leis an tSaoráid, ba cheart a bheith ábalta infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh ar bhonn tráthúil agus ba cheart a bheith in ann tacaíocht d’infheistíochtaí san atógáil fhadtéarmach a uas-scálú i gcás inar féidir, agus acmhainneacht cur chun feidhme agus ionsúcháin na hÚcráine á gcur san áireamh freisin. Ba cheart do shlógadh na hinfheistíochta príobháidí tríd an tSaoráid rannchuidiú le hiomaíochas fadtéarmach agus acmhainneacht nuálaíochta na hÚcráine.

(47)

Ní mór an Rúis a thabhairt chun cuntais go hiomlán agus ní mór di íoc as an damáiste ollmhór a rinneadh de dheasca an chogaidh fhoghaigh atá á cur aici ar an Úcráin, arb ionann é agus sárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile, leanúint de bheith ag obair chun an sprioc sin a bhaint amach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus sárú tromchúiseach na Rúise ar an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabal na freagrachta Stáit as gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta á gcur san áireamh, lena n-áirítear an oibleagáid an damáiste atá inmheasúnaithe ó thaobh airgeadais de a chúiteamh. Tá sé tábhachtach, inter alia, go ndéanfaí dul chun cinn, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, féachaint cé mar is féidir ioncam urghnách a úsáid atá i seilbh eintiteas príobháideach a thagann díreach ó shócmhainní do-aistrithe na Rúise chun tacú leis an Úcráine agus le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, ar mhodh atá comhsheasmhach leis na hoibleagáidí conarthacha is infheidhme, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.

(48)

Ba cheart gurb é EUR 50 billiún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse ó 2024 go 2027, le haghaidh gach cineáil tacaíochta, an t-uasmhéid foriomlán le haghaidh thacaíocht an Aontais faoin tSaoráid. I bhfianaise na gcúinsí athraitheacha agus i bhfianaise chuspóirí na Saoráide féin, ní mór do thacaíocht an Aontais cothromaíocht a sholáthar idir solúbthacht agus in-chláraitheacht.

(49)

Maidir le tacaíocht an Aontais, seachas i bhfoirm iasachtaí, ba cheart an Rialachán seo a mhaoiniú leis an gCúlchiste don Úcráin agus é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (30) suas le EUR 17 billiún le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. Ní hé an t-uasmhéid sin an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (31), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. D’fhéadfaí ioncam féideartha a ghiniúint faoi na gníomhartha dlí ábhartha, maidir le húsáid ioncaim urghnách atá i seilbh eintiteas príobháideach anois mar thoradh díreach ar bhlocáil shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise.

(50)

I gcomhréir le hAirteagal 10b de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, le slógadh an Chúlchiste don Úcráin ba cheart cur ar fáil uasmhéid bliantúil de EUR 5 bhilliún a éascú le haghaidh tacaíochta, seachas i bhfoirm iasachtaí. An chuid den uasmhéid bliantúil den tacaíocht nár úsáideadh seachas i bhfoirm iasachtaí, ba cheart í a bheith ar fáil i gcónaí dá bhfuil fágtha den tréimhse dá bhfuil an tSaoráid bunaithe.

(51)

Faoi chuimsiú bhearta sriantacha an Aontais, arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE agus 215(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ní fhéadfar aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe nó chun a dtairbhe siúd. Dá bhrí sin, ní féidir tacaíocht ón tSaoráid a thabhairt do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dlíthiúla ainmnithe sin ná do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí dlíthiúla ainmnithe atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(52)

Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe íocaíochta comhfhreagracha ón gCúlchiste don Úcráin a shlógadh go bliantúil sa bhuiséad de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil.

(53)

Maidir leis an gcuid den tacaíocht faoin tSaoráid a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachtaí, is iomchuí síneadh a chur le ráthaíocht buiséid an Aontais chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin a chumhdach, cúnamh atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32). Dá thoradh sin, le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle slógtar na leithreasuithe is gá i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin atá ar fáil go dtí deireadh 2027.

(54)

Agus urraim á tabhairt do phrionsabal na bliantúlachta i mbuiséad an Aontais ar bhonn bliantúil, ba cheart foráil a dhéanamh chun go bhféadfaí na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le beartais eile, eadhon i gcás cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a áirithiú, agus ar an gcaoi sin cistí an Aontais atá ar fáil faoin tSaoráid a uasmhéadú.

(55)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta incháilitheachta i nósanna imeachta dámhachtana faoin tSaoráid i gcás inarb ábhartha, mar gheall ar chineál sonrach na gníomhaíochta nó i gcás ina mbeadh tionchar ag an ngníomhaíocht ar an tslándáil nó ar an ord poiblí.

(56)

D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na Saoráide a áirithiú, ní mór don Úcráin rochtain a thabhairt don phobal ar an bhfaisnéis maidir le deiseanna cistiúcháin faoin tSaoráid agus iomaíocht shaor agus chóir a áirithiú le linn próisis tairisceana agus leithdháilte deontas a dhéantar faoin tSaoráid. Ba cheart don tSaoráid lánpháirtiú na hÚcráine i slabhraí luacha Eorpacha a éascú agus mar thoradh air sin, ba cheart na soláthairtí agus na hábhair uile a mhaoinítear agus a sholáthraítear faoin tSaoráid a bheith de thionscnamh na mBallstát, na hÚcráine, chomhpháirtithe na mBalcán Thiar, na Seoirsia agus na Moldóive, Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus tíortha a chuireann leibhéal tacaíochta ar fáil don Úcráin atá inchomparáide leis an leibhéal a chuireann an tAontas ar fáil, agus méid a ngeilleagair á cur san áireamh, agus tíortha dár bhunaigh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin, mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Sa chás deireanach sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a choinneáil ar an eolas faoi.

(57)

Ba cheart don Aontas féachaint leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d'fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Is trí chomhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht le hionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh an Aontais ba cheart é sin a bhaint amach, agus trí bhíthin sineirgí le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as tionchar na ngníomhaíochtaí comhcheangailte chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart don tSaoráid a bheith in ann rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir eile, gan dúbláil beart tacaíochta a chruthú.

(58)

Ba cheart don Aontas cur chuige iltaobhach a chur chun cinn, a bheadh bunaithe ar rialacha agus ar luachanna, i leith earraí agus dúshláin dhomhanda, agus ba cheart dó oibriú i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le deontóirí eile i ndáil leis sin.

(59)

I bhfianaise an ghá atá ann tacaíocht idirnáisiúnta a chomhordú do théarnamh, d’atógáil agus do nuachóiriú na hÚcráine, ba cheart na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais nó foinsí eile a bheith in ann rannchuidiú le cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart ranníocaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna agus ba cheart iad a bheith ina n-ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ba cheart tacaíocht faoin tSaoráid a chomhtháthú, a mhéid is féidir, sna hiarrachtaí idirnáisiúnta i dtreo ollstruchtúr airgeadais le haghaidh théarnamh na hÚcráine agus ba cheart í a chomhordú le deontóirí ábhartha agus le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta ábhartha.

(60)

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhleanúnachas, comhsheasmhacht, comhlántacht agus trédhearcacht a dtacaíochta a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla tacaíochta leis na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. I bhfianaise go bhfuil deontóirí idirnáisiúnta éagsúla ann, ba cheart na bearta riachtanacha a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú le deontóirí eile, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta agus trí fhor-rochtain straitéiseach. I ndáil leis an méid sin, ba cheart an tArdán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí don Úcráin a úsáid mar fhóram atá bunaithe cheana féin le haghaidh an mhalartaithe sin.

(61)

Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais (AE, Euratom) 2018/1046 agus leagtar amach iontu go háirithe na nósanna imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistiú indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais.

(62)

Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais na rialuithe, ar ualaí riaracháin, agus ar an riosca a mheastar a bheidh ann nach gcomhlíonfar na rialacha. Leis sin, ba cheart breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a bheith san áireamh.

(63)

Ba cheart creat-chomhaontú a thabhairt i gcrích leis an Úcráin chun prionsabail an chomhair airgeadais idir an tAontas agus an Úcráin a chur ar bun, lena n-áirítear sásraí riachtanacha chun caiteachas a rialú agus a iniúchadh, agus chun a áirithiú go mbainfidh an Úcráin ardleibhéal cosanta amach i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais, atá inchomparáide leis an leibhéal dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus i reachtaíocht ghaolmhar eile de chuid an Aontais (‘an Creat-Chomhaontú’). Ba cheart comhaontuithe maoinithe agus iasachta a thabhairt i gcrích leis an Úcráin freisin, i gcás inarb iomchuí ag brath ar an gcolún lena mbaineann, chun coinníollacha a shainiú maidir le cistí a scaoileadh.

(64)

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh i gcomharbas uirthi a bheadh in aisíocaíochtaí agus ioncaim arna nginiúint ag ionstraim airgeadais a fhaigheann tacaíocht faoin Rialachán seo.

(65)

De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí gur cheart gur ioncam sannta inmheánach don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh i gcomharbas uirthi a bheadh in aon bharrachas ó na forálacha le haghaidh an Ráthaíocht don Úcráin.

(66)

Faoi Cholún I den tSaoráid, ba cheart maoiniú a chur ar fáil chun tacú le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin lena leagtar amach clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine chun cuspóirí ginearálta agus sonracha na Saoráide a bhaint amach, ar cheart iad a chomhtháthú i gcreat beartais eacnamaíoch agus fioscach freisin. Ba cheart maoiniú faoi Cholún I a chur ar fáil ar chomhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a leagtar amach sa Phlean don Úcráin.

(67)

Ba cheart don Úcráin an Plean don Úcráin a ullmhú mar fhreagairt chomhleanúnach, chuimsitheach agus leor-chothromaithe chun an Úcráin a atógáil agus a nuachóiriú, agus chun tacú lena téarnamh eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, le forbairt inbhuanaithe agus leis an dul chun cinn atá déanta i dtreo aontachas leis an Aontas. Dá réir sin, bheadh deontóirí eile in ann leas a bhaint as an bPlean don Úcráin chun na réimsí tosaíochta cistiúcháin a shainaithint chun an Úcráin a atógáil agus chun úinéireacht, comhleanúnachas agus ranníocaíochtaí breise a chothú chuige sin. Chun na críche sin, ba cheart don Úcráin a áirithiú go gcumhdófar leis an bPlean don Úcráin mar atá sé ullmhaithe a riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe ar bhealach comhtháite, lena sainaithneofar a mhéid a mheastar a mhaoineoidh an tAontas bearta an Phlean tríd an tSaoráid. Agus an Plean don Úcráin á ullmhú aici, ba cheart don Úcráin tacaíocht a sholáthraítear faoi chláir eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, chomh maith leis an tacaíocht sin a fhaightear ó dheontóirí eile. Ba cheart don Úcráin an Plean don Úcráin a fhorbairt agus a áirithiú go mbeidh deontóirí eile in ann rannchuidiú le tacú le bearta an Phlean don Úcráin, lena n-áirítear tríd an maoiniú atá ar fáil faoin tSaoráid a mhéadú. Ba cheart a áirithiú leis an bPlean don Úcráin go bhfuil comhordú agus comhlántacht chuí ann le deontóirí ábhartha agus le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta.

(68)

Cé gur cheart go mbeadh an Plean don Úcráin ina bhonn don tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholún I den tSaoráid, ba cheart tagairt a sholáthar ann freisin don tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholúin II agus III den tSaoráid. Ba cheart leis na bearta a mhaoinítear faoi Cholúin II agus III tacú le cuspóirí agus le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin.

(69)

Is é ba cheart a bheith sa Phlean don Úcráin bearta athchóirithe agus infheistíochta, mar aon leis na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla chun na bearta sin a chomhlíonadh go sásúil, agus amchlár táscach dá gcur chun feidhme. Ba cheart do na bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh a bheith incháilithe go heisceachtúil.

(70)

Ba cheart coinníollacha a leagan amach sa Phlean don Úcráin lena léireofaí an dul chun cinn a bheifí ag súil leis i gcur chun feidhme na mbeart. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Ba cheart na céimeanna sin a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027, cé gur cheart go bhféadfaí na bearta dá dtagraíonn na céimeanna sin a thabhairt chun críche ar an iomlán tar éis 2027. I bhfianaise an ghá atá ann cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine a áirithiú agus, ag an am céanna, tacú lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe i bhfianaise an aontachais leis an Aontas, ba cheart a áireamh sa Phlean don Úcráin, go háirithe, coinníollacha a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail cobhsaíocht mhacrairgeadais, formhaoirseacht ar an mbuiséad, agus bainistiú airgeadais phoiblí, a d’fhéadfaí a shainiú chun dul chun cinn sásúil i dtreo chomhlíonadh a léiriú, agus athchóirithe agus infheistíochtaí earnálach agus struchtúracha. Ba cheart na híocaíochtaí a struchtúrú dá réir sin timpeall ar na catagóirí coinníollacha sin, rud a léiríonn cuspóirí na Saoráide.

(71)

Agus an Plean don Úcráin á ullmhú agus á chur chun feidhme ag an Úcráin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine, ag féachaint dá riachtanais shonracha maidir le téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú, agus ba cheart é a dhéanamh i gcomhairle fhóinteach le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéal agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Ba cheart pleananna téarnaimh áitiúla a chur san áireamh, ach iad a bheith ar fáil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart leis an bPlean don Úcráin, go háirithe, feabhas a chur ar fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta, chomhshaoil agus chríochach réigiúin agus bhardais na hÚcráine agus tacú leis an athchóiriú ar an dílárú ar fud na hÚcráine agus cóineasú le caighdeáin an Aontais. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an bPlean don Úcráin freisin rannpháirtíocht na n-údarás fonáisiúnta, go háirithe bardais, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil, agus gur cion suntasach leordhóthanach den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin.

(72)

Is tosaíocht thábhachtach é an t-athchóiriú ar dhílárú a thabhairt i gcrích mar ghné inbhuanaithe dho-aisiompaithe den rialachas il-leibhéil san Úcráin. Ba cheart a áireamh leis an t-athchóiriú sin sainiú soiléir na gcumhachtaí idir an leibhéal lárnach agus an leibhéal áitiúil, struchtúir inmheánacha iomchuí i gcomhair riaracháin bhardasacha, agus creat comhréireach maoirseachta ar údaráis áitiúla i gcomhréir leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil, chomh maith le leanúint den obair maidir le pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do bhardais faoin dlí poiblí bunaithe ar chleachtas Eorpach agus i gcomhréir le hord bunreachtúil na hÚcráine.

(73)

Ba cheart a áireamh sa Phlean don Úcráin míniú mionsonraithe ar chóras na hÚcráine agus na bearta atá pleanáilte chun neamhrialtachtaí, éilliú, agus go háirithe calaois, gach cineál éillithe, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a mbeadh tionchar aici ar leasanna airgeadais an Aontais, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach, míniú mionsonraithe ar a chóras agus ar na bearta atá beartaithe chun cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, agus míniú mionsonraithe ar na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais nó ó dheontóirí eile a sheachaint. Maidir leis na bearta faoi réir an Phlean don Úcráin, ba cheart dóibh, i gcás inarb iomchuí, rannchuidiú le córas bainistithe agus rialaithe éifeachtúil trédhearcach a áirithiú. Ba cheart don Úcráin na bearta sin a chur chun feidhme faoi dháta táscach ar cheart a shocrú, de réir mar is iomchuí, ag brath ar gach beart, le linn shaolré na Saoráide.

(74)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean na hÚcráine bunaithe ar liosta na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás ina ndéanfar measúnú dearfach ar an bPlean don Úcráin, ba cheart don Choimisiún togra a thíolacadh le go bhformheasfaidh an Chomhairle an Plean don Úcráin.

(75)

I bhfianaise na héiginnteachta agus an ghá atá le solúbthacht i gcur chun feidhme na Saoráide, ba cheart go mbeadh an Úcráin in ann iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun leasú a dhéanamh ar an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena bhformheastar an measúnú ar an bPlean don Úcráin, i gcás nach féidir leis an Úcráin an Plean don Úcráin, lena n-áirítear céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla, a bhaint amach a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, de bharr imthosca oibiachtúla. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann i gcomhaontú leis an Úcráin, togra a thíolacadh freisin chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle a leasú, go háirithe chun athrú ar na cúinsí lena gceadaítear méadú ar an uaillmhian nó chun athrú ar na méideanna atá ar fáil a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don Úcráin a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a dhéanamh go ndéanfaí an Plean don Úcráin a leasú, lena n-áirítear trí aguisín a mholadh i gcás inarb ábhartha, chun cistiú breise atá ar fáil ó dheontóirí eile nó ó fhoinsí eile a chur san áireamh.

(76)

Ba cheart go bhféadfaí tacaíocht airgeadais a thabhairt do Phlean na hÚcráine i bhfoirm iasachta. I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus é a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair ansin, rud a mheastar go gcuirfidh sé feabhas ar leachtacht bhannaí an Aontais agus ar tharraingteacht agus costéifeachtacht eisiúint an Aontais.

(77)

I bhfianaise staid na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise, agus chun tacú léi ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2034. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus deis a thabhairt don Aontas, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, costais ráta úis (costas cistiúcháin agus costas bainistithe leachtachta) a chumhdach agus na costais riaracháin (costas seirbhíse d’fhorchostais riaracháin) a bheadh le híoc ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta faoin tSaoráid a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

(78)

Ba cheart é a bheith indéanta don Úcráin fóirdheontas ráta úis agus tarscaoileadh costas riaracháin a iarraidh gach bliain.

(79)

De mhaolú ar Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/947, níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, arna bunú leis an Rialachán sin. Ba cheart tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart aon soláthar a dhéanamh don tacaíocht i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid, atá le ráthú de bhreis ar na huasteorainneacha agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, níor cheart aon ráta soláthair a shocrú.

(80)

Tá sé tábhachtach solúbthacht agus inchláraitheacht a ráthú, chomh maith le cobhsaíocht, i soláthar tacaíocht ón Aontas don Úcráin. Chun na críche sin, ba cheart íocaíochtaí faoin tSaoráid a dhéanamh de réir sceidil ráithiúil sheasta, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, bunaithe ar iarraidh ar íocaíocht arna cur isteach ag an Úcráin agus tar éis don Choimisiún a mheas go bhfuil na coinníollacha ábhartha á gcomhlíonadh ar bhealach sásúil. I gcás measúnú dearfach, ba cheart don Choimisiún togra a thíolacadh gan moill mhíchuí le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunófar go bhfuil na coinníollacha maidir le híocaíochtaí á gcomhlíonadh ar bhealach sásúil. Ar bhonn an chinnidh cur chun feidhme sin ón gComhairle, ba cheart don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar an eisíocaíocht. I gcás nach gcomhlíontar coinníoll i gcomhréir leis an amlíne tháscach a leagtar síos sa chinneadh lena bhformheastar an Plean don Úcráin, ba cheart don Choimisiún méid a chomhfhreagraíonn do na coinníollacha sin a bhaint den íocaíocht de réir modheolaíocht maidir le híocaíocht pháirteach. D’fhéadfaí na cistí comhfhreagracha a coinníodh siar a eisíoc le linn na chéad fhuinneog íocaíochta eile agus suas le 12 mhí tar éis an sprioc-ama bhunaidh a leagtar amach san amlíne tháscach, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha.

(81)

Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Úcráin ar mhaoiniú leordhóthanach chun freastal ar a riachtanais cobhsaíochta macrairgeadais agus chun tús a chur le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na tíre, ba cheart rochtain a bheith ag an Úcráin ar suas le 7 % den tacaíocht iasachta i bhfoirm réamh-mhaoinithe, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus faoi réir an réamhchoinníll don tacaíocht don Úcráin faoin tSaoráid a bheith á urramú.

(82)

De mhaolú ar Airteagal 116(2) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is iomchuí an spriocdháta íocaíochta a shocrú ag tosú ón dáta a chuirtear an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl agus chun íocaíocht úis mainneachtana ón gCoimisiún leis an Úcráin a eisiamh.

(83)

I bhfianaise an ghá atá ann cobhsaíocht mhacrairgeadais leanúnach na hÚcráine a áirithiú, is iomchuí, mura síneofar an Creat-Chomhaontú nó mura nglacfar an Plean don Úcráin, gur cheart tacaíocht eisceachtúil a chur ar fáil don Úcráin ar feadh tréimhse suas le sé mhí dar tús an 1 Eanáir 2024. Ba cheart an tacaíocht sin a bheith faoi réir dul chun cinn sásúil a bheith déanta ag an Úcráin maidir le hullmhú an Phlean don Úcráin agus faoi réir na gcoinníollacha a bheidh le comhaontú i Meabhrán Tuisceana idir an Coimisiún agus an Úcráin. Sa Mheabhrán Tuisceana, ba cheart go mbunófaí go háirithe, coinníollacha beartais, pleanáil tháscach airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe, a bheidh comhréireach le fad an mhaoinithe. Ba cheart tiomantas do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a bheith ar áireamh sna coinníollacha beartais, agus béim á leagan ar chomhrac an éillithe agus ar chomhrac an sciúrtha airgid, chomh maith le bearta chun bainistiú ioncaim a fheabhsú, agus ba cheart dóibh cur leis na bearta a chuir an Úcráin chun feidhme cheana féin faoi chláir cúnaimh mhacrairgeadais a bhí ann roimhe seo.

(84)

Is ceanglas tábhachtach maidir le tacaíocht ón Aontas í an trédhearcacht i gcur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart don Úcráin sonraí a fhoilsiú dhá uair sa bhliain maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann méideanna cistiúcháin ar mó iad ná coibhéis EUR 100 000 go carnach chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear san Phlean don Úcráin a chur chun feidhme. Níor cheart na sonraí sin a fhoilsiú, má thugtar údar cuí leis, i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann nó i gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfaí dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí. Ba cheart, maidir le formáid na sonraí sin agus maidir leis an rochtain don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) ar na sonraí sin, a áireamh sa Chreat-Chomhaontú rialacha beachta agus tráthchlár maidir leis an mbailiú sonraí arna dhéanamh ag an Úcráin, maidir le formáid na sonraí sin agus maidir le rochtain ar na sonraí sin a thabhairt don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

(85)

Faoi Cholún II den tSaoráid, ba cheart creat infheistíochta a chur ar bun, arb é is aidhm dó tacú le hinfheistíochtaí téarnaimh agus atógála arna ndéanamh ag údaráis na hÚcráine, cuideachtaí san earnáil phríobháideach, bardais, cuideachtaí faoi úinéireacht stáit nó gníomhaithe eile (‘an Creat Infheistíochta don Úcráin’). Leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin ba cheart aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a shainaithnítear sa Phlean don Úcráin, agus tacú lena chuspóirí agus lena chur chun feidhme. Ba cheart d’údaráis na hÚcráine a bheith rannpháirteach i rialachas an Chreata Infheistíochta don Úcráin, de réir mar is iomchuí.

(86)

Ba cheart an Creat Infheistíochta don Úcráin a bheith ina phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha san Úcráin. Ba cheart tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin a chur chun feidhme trí bhíthin bainistiú indíreach, ag tarraingt go háirithe ar acmhainneachtaí airgeadais agus teicniúla institiúidí airgeadais idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha, institiúidí airgeadais Eorpacha déthaobhacha agus ghníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, lena n-áirítear go mbeidís rannpháirteach sa riosca a bhaineann le hinfheistíochtaí lena n-acmhainní dílse. I bhfianaise scála na n-infheistíochtaí téarnaimh agus atógála san Úcráin a mbeidh comhroinnt riosca ag teastáil ina leith, is gá don Aontas acmhainneacht ráthaíochta thiomnaithe a bhunú (‘an Ráthaíocht don Úcráin’). Tá oibríochtaí a chumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin le cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin agus institiúidí airgeadais eile a chuireann tacaíocht éascaithe trádála ar fáil, féadfaidh siad gníomhú mar idirghabhálaithe airgeadais. Agus an Ráthaíocht don Úcráin á cur chun feidhme agus á bainistiú ag an gCoimisiún, ba cheart dó dlúthchomhar a áirithiú leis an tacaíocht a chuirtear chun feidhme faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart don Ráthaíocht don Úcráin dul chun tairbhe d’eintitis cheannasacha, fhocheannasacha, eintitis nach eintitis thráchtála iad agus eintitis thráchtála agus chun tairbhe freisin don earnáil phríobháideach.

(87)

I bhfianaise an róil atá aige faoi na Conarthaí, ba cheart BEI a bheith ina chomhpháirtí i gcur chun feidhme na n-oibríochtaí faoin Ráthaíocht don Úcráin. Ar an gcúis sin, ba cheart a chur ar iontaoibh Ghrúpa BEI go dtí an 31 Nollaig 2025 íosmhéid táscach tiomnaithe 25 % den Ráthaíocht don Úcráin a chur chun feidhme le haghaidh oibríochtaí le contrapháirtithe ceannasacha agus le contrapháirtithe focheannasacha nach contrapháirtithe tráchtála iad. Tar éis an dáta sin, ba cheart an chuid de na méideanna tiomnaithe nár úsáideadh a bheith ar fáil do gach contrapháirtí incháilithe le haghaidh gach cineál oibríochta chun úsáid iomlán na Ráthaíochta don Úcráin a áirithiú.

(88)

Ba cheart do na contrapháirtithe incháilithe a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis bhreise is gá chun oibleagáidí an Choimisiúin de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh, mar aon le faisnéis maidir le comhlíontacht le cearta an duine, agus le caighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil.

(89)

Ba cheart do na contrapháirtithe incháilithe agus do na heintitis incháilithe ar fad ar cuireadh cúram orthu a bheith an-chúramach chun aon chleachtais éillitheacha, fabharachas nó comhchruinniú míchuí réigiúnach nó earnálach maidir le leithdháileadh nó úsáid acmhainní a sheachaint, a thuairisciú agus a chomhrac nó a úsáid agus ba cheart dóibh a cheangal go ndéanfar tuairisciú agus iniúchadh tiomnaithe ar na gnéithe sin, i gcás inarb ábhartha.

(90)

Ba cheart solúbthacht na tacaíochta faoin tSaoráid a fheabhsú trína fhoráil go bhféadfaí an Ráthaíocht don Úcráin a chur chun feidhme ar bhealach solúbtha, rud a d’fhéadfaí a dheonú de réir a chéile. Is iomchuí maolú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 chun go bhféadfaidh comhdhéanamh an tsoláthair go dtí an 31 Nollaig 2027 a bheith comhionann le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn don ráthaíocht a dheonaítear in ionad mhéid an tsoláthair iomláin. Mar chuid den mhaolú, ba cheart go bhféadfaí an soláthar a dhéanamh de réir a chéile i gcomhréir leis an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide.

(91)

Chun na cistí faoi Cholún II a úsáid go héifeachtach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an ráta soláthair le haghaidh an Ráthaíocht don Úcráin a leasú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (33). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(92)

Chun infheistíocht phríobháideach agus forbairt gnólachtaí beaga agus meánmhéide a éascú, is gá ar a laghad 15 % de na ráthaíochtaí a bhfuil Ráthaíocht na hÚcráine ina cúltaca leo a chur i leataobh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (34), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus leithdháileadh sciar sin na gcistí a rianú agus a thuairisciú.

(93)

Faoi Cholún III den tSaoráid, ba cheart é a bheith d’aidhm ag an tacaíocht den chuid is mó ailíniú a dhéanamh go céimnitheach le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) i bhfianaise go bhfuiltear ag féachaint le ballraíocht a bhaint amach san Aontas sa todhchaí, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le cur chun feidhme Phlean na hÚcráine. Ba cheart moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise, a chur san áireamh sa phróiseas sin freisin. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an tacaíocht freisin institiúidí daonlathacha agus breithiúnacha a neartú, lena n-áirítear cúirteanna, agus cumais na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear an ról atá acu maidir le grinnscrúdú poiblí.

(94)

Ba cheart acmhainní ó Cholún III a úsáid freisin chun costais iasachtaíochta na Saoráide a mhaoiniú chomh maith le costais iasachtaíochta shainaitheanta agus soláthar ráthaíochtaí buiséadacha a thagann as tacaíocht a bhí ann roimhe sin don Úcráin.

(95)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (36), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (37) agus (AE) 2017/1939 (38) ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta éifeachtacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, calaois, éilliú, coinbhleacht leasa, cistiú dúbailte, gnóthú cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart, agus bearta chun na cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid a imscrúdú go héifeachtach agus déantóirí na gcionta coiriúla sin a ionchúiseamh agus breithiúnas a thabhairt orthu. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ba cheart d’údaráis inniúla na hÚcráine, déileáil gan mhoill, le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le hiarrataí ar eiseachadadh arna n-eisiúint ag OIPE agus ag údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí faoin tSaoráid.

(96)

Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, ba cheart do OLAF a bheith in ann imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a bhrath agus a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais agus trí aon iompar coiriúil a thuairisciú do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939.

(97)

Ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh córas comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin aonair a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme i ndáil le cosaint sonraí I gcás ina mbeidh an córas sin ar fáil, ba cheart don Úcráin na sonraí ábhartha sa chóras a úsáid agus a iontráil sa chóras, lena n-áirítear trí thacaíocht dá dtagraítear faoi Cholún III a úsáid. Ba cheart go gcuirfeadh na sonraí ar chumas an Choimisiúin agus údaráis ábhartha na hÚcráine atá i gceannas ar na cistí a chur chun feidhme agus a rialú measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus neamhrialtachtaí a chosc.

(98)

I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ba cheart na cearta agus an rochtain riachtanach a thabhairt don Choimisiún do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, lena n-áirítear i gcás tríú páirtithe a bhfuil baint acu le cur chun feidhme chistí an Aontais. Ba cheart don Úcráin neamhrialtachtaí in úsáid na gcistí a thuairisciú don Choimisiún freisin.

(99)

Is tosaíochtaí tábhachtacha athchóirithe don Úcráin iad treisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear rialuithe ex ante, comhrac aon chineáil éillithe, fabhraíochta nó calaoise, cur chun cinn na trédhearcachta, riarachán láidir, cuntasach agus trédhearcach agus bainistiú airgeadais phoiblí éifeachtúil, agus ba cheart don tSaoráid tacaíocht a thabhairt dóibh.

(100)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar bhealach éifeachtach faoin tSaoráid. Ba cheart, dá bhrí sin, bord iniúchóireachta neamhspleách a bhunú chun faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún maidir le míbhainistiú cistí a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil do OLAF agus i gcás inarb iomchuí d’údaráis ábhartha na hÚcráine. Ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ó thoscaireacht an Aontais, a bheith i dteideal seiceálacha rialta a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann an Úcráin cistí chun feidhme feadh shaolré iomlán an tionscadail. Ba cheart don Bhord Iniúchóireachta a áirithiú go mbeidh idirphlé agus comhar rialta ann le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hÚcráine.

(101)

Cé gurb í an Úcráin go príomha atá freagrach as a áirithiú go gcuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann dearbhú leordhóthanach a fháil ón Úcráin i ndáil leis sin. Chuige sin, ba cheart don Úcráin gealltanas a thabhairt sa Phlean don Úcráin feabhas a chur ar an gcóras bainistíochta agus rialaithe atá aici faoi láthair agus méideanna ar baineadh mí-úsáid astu a aisghabháil. Ba cheart don Úcráin córas faireacháin a bhunú a mbeifear in ann na torthaí as a chur isteach sa tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn. Ba cheart don Úcráin sonraí agus faisnéis a bhailiú lenar féidir neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, i ndáil leis na bearta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid. Leis an gCreat-Chomhaontú agus leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí na hÚcráine chun a áirithiú go mbaileofar sonraí leordhóthanacha maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, i gcomhréir le prionsabail cosanta sonraí an Aontais agus leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme, sonraí leordhóthanacha maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil chun bearta Phlean na hÚcráine a chur chun feidhme agus go mbeidh rochtain ar na sonraí sin.

(102)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint freisin nuair a chuirtear na cistí chun feidhme faoi bhainistiú díreach trí dheontais agus soláthar agus bainistiú indíreach le heintitis a ndéantar measúnú colúin orthu, go háirithe faoi Cholúin II agus III den tSaoráid. Níor cheart ach eintitis a ndéantar measúnú colúin orthu a roghnú chun cistiú ón Aontas a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach faoin tSaoráid.

(103)

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ba cheart an tacaíocht faoin tSaoráid a chur chun feidhme.

(104)

Ba cheart acmhainneachtaí cumarsáide na hÚcráine a fheabhsú le go ndéanfar tacaíocht agus tuiscint an phobail a áirithiú i ndáil le luachanna an Aontais agus na tairbhí agus na hoibleagáidí a bhaineann le ballaíocht san Aontas, agus aghaidh á tabhairt ar an mbréagaisnéis, trasnaíocht eachtrach, agus na meáin á gcoimirciú le bheith iolrach, láidir, saor ag an am céanna. Ba cheart infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas a áirithiú freisin.

(105)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh sásraí faireacháin agus meastóireachta i bhfeidhm chun cuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach a sholáthar agus buiséad an Aontais á chur chun feidhme, agus chun measúnú éifeachtach a áirithiú ar an dul chun cinn maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

(106)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh gach bliain ar chur chun feidhme na tacaíochta faoin tSaoráid. Ba cheart don Choimisiún ligean don Choiste arna bhunú leis an Rialachán seo faisnéis leordhóthanach a bheith aige chun cabhrú leis an gCoimisiún. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an gcur chun feidhme, ba cheart don Úcráin tuairisciú uair sa bhliain i dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir leis an gcur chun feidhme. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Na tuarascálacha sin arna n-ullmhú ag rialtas na hÚcráine, ba cheart iad a chur san áireamh go hiomchuí sa Phlean don Úcráin. Ba cheart ceanglais chomhréireacha i ndáil le tuairisciú a fhorchur ar fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas ar cistiú é a chuirtear chun feidhme faoi Cholúin II agus III den tSaoráid.

(107)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39).

(108)

I bhfianaise a thábhachtaí atá éifeachtaí airgeadais na tacaíochta don Úcráin faoin tSaoráid agus iarmhairtí cinntí áirithe atá le déanamh chun an tSaoráid a chur chun feidhme i bhfianaise staid shonrach na hÚcráine, ba cheart, go heisceachtúil, cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle sna cásanna a shainaithnítear leis an Rialachán seo.

(109)

Ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (40) agus ar ról na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb iomchuí, go háirithe agus faireachán á dhéanamh aige ar chomhlíonadh an réamhchoinníll le haghaidh tacaíocht ón Aontas, ina mheasúnú ar Phlean na hÚcráine agus le linn dó a bheith ag bailiú comhairle maidir leis an gCreat Infheistíochta don Úcráin.

(110)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(111)

Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an tSaoráid don Úcráin (‘an tSaoráid’) don tréimhse 2024 go 2027.

Leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide, maoiniú na Saoráide agus an buiséad don tréimhse 2024 go 2027, foirmeacha an chistiúcháin ón Aontas faoin tSaoráid agus na rialacha maidir leis an gcistiú sin a sholáthar.

2.   Cuirfidh an tSaoráid tacaíocht ar fáil don Úcráin faoi na trí cholún seo a leanas:

(a)

Colún I: tacaíocht airgeadais a sholáthraítear don Úcráin chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur i gcrích chun an Plean don Úcráin a chur chun feidhme agus chun cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun, mar a leagtar amach i gCaibidil III;

(b)

Colún II: Creat Infheistíochta sonrach don Úcráin chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun rochtain ar mhaoiniú a chur ar fáil mar a leagtar amach i gCaibidil IV;

(c)

Colún III: cúnamh teicniúil agus tacaíocht ghaolmhar don Úcráin chun athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas a dhearadh agus a chur chun feidhme agus chun cumas riaracháin, fóirdheontais i leith costais iasachtaíochta agus soláthar na hÚcráine a chothú, chomh maith le gníomhaíochtaí ábhartha eile, mar a leagtar amach i gCaibidil V.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bearta’ athchóirithe agus infheistíochtaí faoin bPlean don Úcráin;

(2)

ciallaíonn ‘coinníollacha’ céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla a bhaineann lena áirithiú go gcoinneofar an chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais ar bun nó a bhaineann le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean don Úcráin;

(3)

ciallaíonn ‘oibríocht mheasctha’ oibríocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha tacaíochta neamh-inaisíoctha, foirmeacha tacaíochta inaisíoctha, nó an dá rud, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha tacaíochta inaisíoctha ó institiúidí airgeadais forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí nó tráchtála eile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin, nó ó infheisteoirí.

Airteagal 3

Cuspóirí na Saoráide

1.   Is iad cuspóirí ginearálta na Saoráide tacú leis an Úcráin chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil chogadh foghach na Rúise, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le téarnamh, atógáil, athbhunú agus nuachóiriú síochánta na tíre agus le téarnamh shochaí na hÚcráine iarchogaidh, lena n-áirítear trí dhálaí sóisialta agus eacnamaíocha a chruthú ionas go mbeidh daoine easáitithe ina dtír féin agus daoine atá faoi chosaint shealadach in ann filleadh;

(b)

lánpháirtiú sóisialta críochach agus athléimneacht dhaonlathach eacnamaíoch chomhshaoil a chothú mar aon le lánpháirtiú céimnitheach san Aontas agus sa gheilleagar agus sna margaí domhanda, agus cóineasú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil aníos i dtreo chaighdeáin an Aontais;

(c)

na hathchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun ailíniú le luachanna an Aontais agus chun ailíniú go céimnitheach le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’) d’fhonn ballraíocht a ghlacadh amach anseo san Aontas, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil fhrithpháirteach, leis an tsíocháin fhrithpháirteach, leis an rathúnas frithpháirteach agus leis an inbhuanaitheacht fhrithpháirteach.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar chuspóirí sonracha na Saoráide:

(a)

cuidiú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun agus srianta seachtracha agus inmheánacha na hÚcráine maidir le maoiniú a mhaolú chun feidhmiú leanúnach stát na hÚcráine a áirithiú;

(b)

bonneagar a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a atógáil agus a nuachóiriú, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair inmheánacha agus trasteorann lena n-áirítear iarnróid, bóithre agus droichid agus pointí trasnaithe teorann, agus bonneagar oideachais agus cultúrtha, agus bonneagair nua-aimseartha, fheabhsaithe agus athléimneacha a chothú;

(c)

rannchuidiú leis an obair i ndáil le dímhianú agus gníomhaíochtaí eile i ndáil le mianaigh; na hacmhainneachtaí táirgthe bia a athbhunú; cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus sláinte, lena n-áirítear meabhairshláinte, agus na córais cúraim shóisialta agus a n-inrochtaineacht a fheabhsú agus a neartú, go háirithe do ghrúpaí sonracha, amhail iarshaighdiúirí, daoine easáitithe ina dtír féin, tuismitheoirí aonair, baintreacha cogaidh agus baintreacha fir, leanaí, go háirithe iad siúd nach bhfuil cúram tuismitheora acu, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh, daoine óga agus daoine scothaosta, agus daoine eile atá i staideanna leochaileacha;

(d)

an tslándáil a neartú in aghaidh bagairtí hibrideacha, amhail cibearbhagairtí, chomh maith leis an athléimneacht a neartú i gcoinne na bréagaisnéise, na hionramhála agus an chur isteach eachtraigh ar fhaisnéis;

(e)

an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe aeráidneodrach cuimsitheach agus timpeallacht infheistíochta chobhsaí a chothú;

(f)

tacú le lánpháirtiú na hÚcráine sa mhargadh inmheánach; bonneagar sóisialta a dheisiú, a atógáil, a chaomhnú agus a fheabhsú, amhail tithíocht, saoráidí sóisialta, spóirt, óige agus cúraim sláinte, scoileanna agus institiúidí ardoideachais; forbairt agus cuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar an óige, lena n-áirítear trí oideachas ardcháilíochta, oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú, agus beartais fostaíochta, lena n-áirítear do thaighdeoirí;

(g)

an eolaíocht agus an taighde a chur chun cinn; tacú le hearnáil na cruthaitheachta agus leis na meáin neamhspleácha; tacú leis an gcultúr agus leis an oidhreacht chultúrtha, an bonneagar cultúrtha san áireamh; earnálacha straitéiseacha eacnamaíocha a neartú; creat institiúideach le haghaidh infheistíochta agus iomaíochta a chothú chun daoine aonair agus gnólachtaí a chumasú, agus béim á leagan ar FBManna agus ar an nuálaíocht, inter alia, trí chomhdheiseanna a chur chun cinn maidir le rochtain ar chistiú, gan beann ar mhéid na gcuideachtaí, chun táirgí agus seirbhísí nua-aimseartha iomaíocha inbhuanaithe a fhorbairt; tacú leis an talmhaíocht inbhuanaithe agus leis an bhforbairt tuaithe, leis an dobharshaothrú agus leis an iascach, lena n-áirítear ailíniú le caighdeáin agus córais rialaithe an Aontais a bhaineann le sábháilteacht bia, sláinte ainmhithe agus plandaí, chomh maith le leas ainmhithe; earnáil airgeadais agus baincéireachta na hÚcráine a athchóiriú, feabhas a chur ar an rochtain ar iasachtaí agus ar chumhdach árachais;

(h)

an smacht reachta, an daonlathas, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú tuilleadh, lena n-áirítear trí institiúidí daonlathacha a neartú, go háirithe Verkhovna Rada, chomh maith le comhlachtaí ionadaíocha réigiúnacha agus bardasacha, agus a gcumhachtaí maoirseachta agus fiosrúcháin maidir le dáileadh cistí poiblí agus rochtain orthu; breithiúna neamhspleácha a chur chun cinn chun tacú le hiarrachtaí an chumhacht a bhaint de na holagarcaí, neart a chur le comhrac na calaoise agus gach cineál éillithe lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, coireacht eagraithe, imghabháil cánach agus calaois chánach, seachaint cánach agus gáinneáil aindleathach arm tine agus maoine cultúrtha; comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta a neartú;

(i)

saoirse agus neamhspleáchas na meán agus saoirse ealaíne agus acadúil chomh maith le timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a neartú; idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chothú; neamh-idirdhealú a chur chun cinn, urraim do chearta daoine ar de na grúpaí mionlaigh uile iad a áirithiú agus a neartú, agus cur chun cinn an chomhionannais inscne, cumhachtú foriomlán na mban agus na gcailíní a áirithiú agus a neartú, chomh maith le cearta leanaí agus daoine faoi mhíchumas; éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú; rochtain ar fhaisnéis agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i bpróisis chinnteoireachta agus i ngrinnscrúdú poiblí a spreagadh, agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear i réimsí na bainistíochta airgeadais poiblí agus an tsoláthair phoiblí, an iomaíochais agus na státchabhrach; tacú le tionscnaimh agus comhlachtaí agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu le tacú leis an daonlathas, leis an gceartas idirnáisiúnta agus le hiarrachtaí frith-éillithe san Úcráin agus iad a fhorfheidhmiú;

(j)

cosaint chomhshaoil agus aistriú glas cóir inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear aistriú na hÚcráine i dtreo na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras; feabhas a chur ar an bhfeasacht ar an gcoireacht chomhshaoil agus ar chomhrac na coireachta sin; an claochlú digiteach a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe agus don fhás cuimsitheach; tacú le hathshlánú éiceolaíoch tar éis na damáistí don chomhshaol a rinneadh de bharr oibríochtaí míleata agus rannchuidiú le dí-éilliú, le hiarracht chun mianaigh a ghlanadh agus le hiarsmaí pléascacha cogaidh eile a ghlanadh chomh maith le truailliú arb í gníomhaíocht mhíleata is cúis leis;

(k)

tacú le dílárú polaitiúil agus riaracháin agus le forbairt áitiúil, go háirithe trí thacú le comhairliúchán fóinteach agus le cothrom na Féinne do gach leibhéal rialtais agus rochtain á fáil ar chistí trí nósanna imeachta oscailte, cothroma, neodracha agus trédhearcacha;

(l)

tacú le comhar trasteorann leis na Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin i réimsí amhail trádáil, cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne na coireachta idirnáisiúnta, ar choinníoll gurb í an Úcráin an t-aon tír is tairbhí den chistiú.

Airteagal 4

Prionsabail Ghinearálta

1.   Beidh an comhar faoin tSaoráid bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha agus cuirfidh sé na prionsabail sin chun cinn, i gcás inarb infheidhme, sna módúlachtaí uile, is iad sin úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag an Úcráin, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach. Féachfaidh an tSaoráid lena áirithiú go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh agus a úsáid ar bhealach cothrom a bheidh bunaithe ar riachtanais agus go mbeidh cothromaíocht gheografach iomchuí ann idir na tionscadail.

2.   Beidh tacaíocht ón tSaoráid sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh gníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin Rialachán seo tacaíocht a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

3.   Chun comhlántacht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochtaí agus a dtionscnamh a chur chun cinn, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile agus féachfaidh siad le dúbláil a sheachaint maidir le tacaíocht faoin Rialachán seo agus tacaíocht eile a sholáthraíonn an tAontas, na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí agus eintitis iltaobhacha agus réigiúnacha, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais ábhartha, gníomhaireachtaí agus deontóirí ábhartha nach den Aontas iad, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe chun comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, lena n-áirítear trí chomhordú feabhsaithe leis na Ballstáit ar an leibhéal áitiúil agus trí bheartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na forbartha. Chun dúbláil tacaíochta a sheachaint, úinéireacht údaráis na hÚcráine a mhéadú agus obair riaracháin a shimpliú, déanfar tacaíocht faoin tSaoráid a lánpháirtiú, a mhéid is féidir, sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun ollstruchtúr airgeadais foriomlán a dhearadh le haghaidh théarnamh na hÚcráine agus comhordófar í le deontóirí ábhartha agus le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta ábhartha.

4.   Gníomhaíochtaí faoin tSaoráid, comhlíonfaidh siad, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim, caighdeáin aeráide agus chomhshaoil an Aontais. Sna gníomhaíochtaí sin príomhshruthófar an maolú ar an athrú aeráide agus an t-oiriúnú don athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na bithéagsúlachta, cearta an duine, an daonlathas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú agus i gcás inarb ábhartha, laghdú rioscaí tubaiste agus slándáil an bhonneagair fuinnimh, agus tacófar leis an dul chun cinn i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, cuirfear chun cinn leo gníomhaíochtaí comhtháite lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach, ag rannchuidiú le laghdú na bochtaineachta agus sochaithe síochánta cuimsitheacha á gcur chun cinn. Leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar sócmhainní tréigthe a sheachaint, a mhéid is féidir, beidh siad i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ agus leis an gcur chuige príomhshruthaithe inbhuanaitheachta atá mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus beidh siad faoi threoir an phrionsabail ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’.

5.   Leis an tSaoráid ní thacófar le gníomhaíochtaí ná bearta atá ar neamhréir le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine, má tá fáil air, ná le rannchuidiú na hÚcráine arna chinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras, ar gníomhaíochtaí nó bearta iad lena gcuirtear infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise chun cinn, nó atá ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcomhshaol nó ar an aeráid nó ar an mbithéagsúlacht, mura bhfuil fíorghá leis na gníomhaíochtaí nó leis na bearta sin chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, agus á chur san áireamh an gá le bonneagar a atógáil agus a nuachóiriú agus an comhshaol nádúrtha a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a athshlánú ar bhealach athléimneach, agus go bhfuil bearta iomchuí ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha, chun na héifeachtaí sin a sheachaint, a chosc nó a laghdú agus, más féidir, chun na héifeachtaí díobhálacha sin a fhritháireamh.

6.   I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go ndéantar grinnscrúdú daonlathach, de réir mar is iomchuí, i bhfoirm comhairliúcháin a dhéanfaidh rialtas Verkhovna Rada na hÚcráine i gcomhréir le hord bunreachtúil na hÚcráine, chomh maith le comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i múnlú dhearadh agus chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá incháilithe do chistiú faoin tSaoráid, agus sna próisis ghaolmhara faireacháin, ghrinnscrúdaithe agus mheastóireachta, de réir mar is ábhartha. Leis an gcomhairliúchán sin, féachfar le hiolrachas shochaí agus lucht gnó na hÚcráine agus cuimsiú pobal éagsúil san Úcráin a léiriú. Tabharfar aird chuí i ngach comhairliúchán ar rannpháirtíocht na mban. Spreagfaidh an Coimisiún comhordú i measc na bpáirtithe leasmhara ábhartha agus rannchuideoidh sé le hacmhainneacht eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú. Ina theannta sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tsochaí shibhialta san Úcráin, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, in ann aon neamhrialtachtaí a fhéadfaidh sé a bhrath a thuairisciú go díreach don Choimisiún trí bhuanbhealaí iomchuí, chomh maith le tuairimí a chur chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin agus maidir leis an meastóireacht a dhéanfaidh rialtas na hÚcráine ar a bhearta.

7.   Áiritheoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an Úcráin, go gcuirfear gealltanais de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe chun feidhme agus tacaíocht á soláthar, lena n-áirítear trí chur chun feidhme agus atreisiú na gcóras rialaithe inmheánaigh agus na mbeartas frithchalaoise a chur chun cinn. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le méid agus leithdháileadh na tacaíochta ar fáil go poiblí trí thairseach ghréasáin aonair, agus áiritheoidh sé go mbeidh sonraí cothrom le dáta, inrochtana go héasca, agus go mbeidh siad ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite.

Airteagal 5

Réamhchoinníoll le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid

1.   Mar réamhchoinníoll le haghaidh na tacaíochta don Úcráin faoin tSaoráid, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a choinneáil ar bun agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtíoch agus an smacht reachta, agus urraim a ráthú do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 sula ndéanfar eisíocaíochtaí leis an Úcráin faoin tSaoráid agus le linn thréimhse na tacaíochta a sholáthraítear faoin tSaoráid, agus aird chuí á tabhairt ar thuarascáil rialta an Choimisiúin maidir le méadú. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar na moltaí ábhartha ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus Coimisiún na Veinéise sa phróiseas sin. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go bhfuil an réamhchoinníoll a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh sula ndéanfar eisíocaíochtaí leis an Úcráin. I gcás ina bhfeiceann an Coimisiún nach bhfuil an réamhchoinníoll á chomhlíonadh nó nach bhfuil sé á chomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26 ar fionraí, gan beann ar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a bheith á gcomhlíonadh. Ina mheasúnú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an comhthéacs san Úcráin agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm san Úcráin. Déanfar measúnú an Choimisiúin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Más rud é, arna iarraidh sin don Úcráin nó ar a thionscnamh féin, go measann an Coimisiún go bhfuil an réamhchoinníoll á chomhlíonadh arís, cuirfidh sé togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear deireadh le fionraí na n-íocaíochtaí. Sna cásanna a bhfuil feidhm ag an mír seo maidir leo, gníomhóidh an Chomhairle, de ghnáth, laistigh de mhí amháin tar éis di an togra ón gCoimisiún a fháil.

CAIBIDIL II

MAOINIÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Buiséad

1.   Beidh na hacmhainní le haghaidh chur chun feidhme na Saoráide ar fáil tríd an gCúlchiste don Úcráin atá le slógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 10b de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, leis an dáileadh táscach seo a leanas:

(a)

31 % i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha de bhun Chaibidil III;

(b)

41 % don chaiteachas de bhun Chaibidil IV;

(c)

26 % don chaiteachas de bhun Chaibidil V;

(d)

2 % don chaiteachas de bhun mhír 5, a fhéadfar a mhéadú in imthosca eisceachtúla, ach ní rachaidh sé thar 2,5 % in aon chás.

Méid suas le EUR 17 000 000 000 a bheidh i méid iomlán na n-acmhainní a chuirfear ar fáil de bhun na chéad fhomhíre.

Le leithdháileadh na n-acmhainní atá ar fáil faoin gcéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, cuirfear san áireamh go háirithe an gá atá le caiteachas a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.   An tacaíocht airgeadais de bhun Chaibidil III i bhfoirm iasachta, beidh sí ar fáil le haghaidh méid suas le EUR 33 000 000 000 don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Ní rachaidh suim na n-acmhainní a chuirfear ar fáil de bhun mhíreanna 1 agus 2 thar EUR 50 000 000 000 don tréimhse 2024 go 2027.

4.   Féadfar ranníocaíochtaí breise chun an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhaoiniú a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7.

5.   Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (d), agus mír 4 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an tSaoráid a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, a bhfuil gá leo chun an tSaoráid a bhainistiú agus a cuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, na comhairliúcháin le húdaráis na hÚcráine, comhdhálacha, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí for-rochtana cuimsitheacha, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún le haghaidh bhainistiú agus chostais na Saoráide ag an gceanncheathrú agus i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mheasúnú agus a chur chun feidhme.

6.   Cuirfear na hacmhainní nár leithdháileadh nó nár úsáideadh le haghaidh caiteachas faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (d) den Airteagal seo, agus faoi Airteagal 23 ar fáil do chaiteachas oibríochtúil eile faoi mhír 1 den Airteagal seo, gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh agus faoi réir an tríú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Acmhainní airgeadais breise le haghaidh na Saoráide

1.   Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, institiúidí airgeadais idirnáisiúnta nó foinsí eile ranníocaíochtaí airgeadais breise a sholáthar don tSaoráid gan bheith faoi cheangal ag an dáileadh táscach dá dtagraítear in Airteagal 6(1). Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin de réir bhrí Airteagal 21(2), pointí (a)(ii), (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Méideanna breise a fhaightear mar ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 faoi ghníomhartha dlí ábhartha an Aontais, cuirfear iad leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo.

2.   Déanfar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha agus na coinníollacha céanna leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

3.   Déanfar na ranníocaíochtaí leis an Ráthaíocht don Úcráin agus leis na hionstraimí airgeadais faoi Chaibidil IV i gcomhréir le hAirteagal 29.

Airteagal 8

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi bhainistiú díreach nó faoi bhainistiú indíreach le haon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) den Rialachán sin.

2.   Féadfar cistiú ón Aontas a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar, tacaíocht bhuiséadach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, oibríochtaí measctha agus cúnamh airgeadais.

3.   Cuirfear ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha lena gcomhcheanglaítear tacaíocht ó ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha faoin tSaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTeideal X, agus go háirithe le hAirteagal 208 agus Airteagal 209(1), (2) agus (4), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Ag brath ar an acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais is gá, féadfaidh grúpa BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail BEAF, nó institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha nó Grúpa an Bhainc Dhomhanda, a bheith ina chontrapháirtí den ráthaíocht bhuiséadach, nó den eintiteas ar cuireadh de chúram air na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme. I gcás inarb indéanta, féadfaidh institiúidí airgeadais iltaobhacha neamh-Eorpacha páirt a ghlacadh sa tSaoráid trí oibríochtaí comhpháirteacha le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha. Féadfar cur chun feidhme ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus oibríochtaí measctha faoin tSaoráid a chomhlánú le foirmeacha breise tacaíochta airgeadais, ó na Ballstáit nó ó thríú páirtithe.

Airteagal 9

Creat-chomhaontú

1.   Tabharfaidh an Coimisiún creat-chomhaontú i gcrích leis an Úcráin (‘an Creat-Chomhaontú’) maidir le cur chun feidhme na Saoráide ina leagfar amach socruithe sonracha maidir le bainistiú, rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh cistí faoin tSaoráid, lena n-áirítear cistiú dúbailte a sheachaint, chomh maith le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a cheartú, lena n-áirítear imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar chionta lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid. Déanfar an Creat-Chomhaontú a chomhlánú le comhaontuithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 agus le comhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 22, lena leagtar amach forálacha sonracha maidir le cistiú faoin tSaoráid a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Cuirfear an Creat-Chomhaontú, lena n-áirítear aon doiciméadacht ghaolmhar, ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach agus gan mhoill.

2.   Cé is moite den mhaoiniú idirlinne dá dtagraítear in Airteagal 25, ní thabharfar cistiú don Úcráin ach amháin tar éis don Chreat-Chomhaontú agus do na comhaontuithe maoiniúcháin agus iasachta is infheidhme teacht i bhfeidhm.

3.   Leis an gCreat-Chomhaontú, leis na comhaontuithe maoiniúcháin agus leis an gcomhaontú iasachta arna dtabhairt i gcrích leis an Úcráin, ina n-iomláine, agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe arna síniú le daoine nó eintitis a fhaigheann cistí ón Aontas, áiritheofar go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

4.   Leis an gCreat-Chomhaontú, áiritheofar go mbeidh an Úcráin tiomanta d'ardleibhéal cosanta a bhaint amach do leasanna airgeadais an Aontais, agus leagfar síos ann forálacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

tiomantas na hÚcráine dul chun cinn cinntitheach a dhéanamh i dtreo creat láidir chun an chalaois a chomhrac, agus córais rialaithe inmheánaigh níos éifeachtúla agus níos éifeachtacha a bhunú, lena n-áirítear sásraí iomchuí chun sceithirí a chosaint agus sásraí agus bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach chomh maith le tacú le hiarrachtaí chun an chumhacht a bhaint de na holagarcaí, le neart a chur le comhrac an sciúrtha airgid, na coireachta eagraithe agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, cur i gcoinne mí-úsáid cistí poiblí, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach nó imghabháil cánach, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid;

(b)

na gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú, maoirseacht, faireachán, meastóireacht, tuairisciú agus iniúchadh a dhéanamh ar chistiú ón Aontais faoin tSaoráid, chomh maith le brath, imscrúduithe, ionchúisimh, bearta frithchalaoise agus comhar, lena n-áirítear cúnamh dlíthiúil frithpháirteach in ábhair choiriúla agus eiseachadadh;

(c)

ceanglais rialaithe maidir le cistiú faoin tSaoráid a scaoileadh don Úcráin;

(d)

rialacha maidir le cánacha, dleachtanna agus muirir i gcomhréir le hAirteagal 27(9) agus (10) de Rialachán (AE) 2021/947;

(e)

aitheantas a thabhairt do fhreagrachtaí an Bhoird Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 36, agus módúlachtaí chomhar na hÚcráine leis;

(f)

an oibleagáid atá ar dhaoine nó eintitis a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faoin tSaoráid fógra a thabhairt gan mhoill don Bhord Iniúchóireachta, don Choimisiún, do OLAF agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE, faoi chásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachta leasa, agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, bíodh na cásanna sin iarbhír nó féideartha agus na bearta leantacha ina leith;

(g)

an ceart atá ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin tSaoráid arna ndéanamh ag údaráis na hÚcráine, feadh thimthriall iomlán an tionscadail, lena n-áirítear, inter alia, nósanna imeachta maidir le tionscadail a roghnú agus nósanna imeachta dámhachtan, lena n-áirítear le haghaidh soláthar poiblí, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin mar bhreathnóirí, de réir mar is iomchuí, agus moltaí a dhéanamh maidir le feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí sin agus ar an ngealltanas ó údaráis na hÚcráine a ndícheall a dhéanamh moltaí den sórt sin ón gCoimisiún a chur chun feidhme agus tuairisciú ar an gcur chun feidhme sin;

(h)

na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 35(2), lena n-áirítear na rialacha beachta agus tráthchlár beacht maidir le bailiú sonraí arna dhéanamh ag an Úcráin agus rochtain a bheith ar na sonraí sin ag an gCoimisiún, ag OLAF, ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i gcás inarb infheidhme, ag OIPE;

(i)

an oibleagáid atá ar an Úcráin na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27 a tharchur ar bhealach leictreonach chuig an gCoimisiún;

(j)

na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 43(2) maidir le gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas.

Airteagal 10

Comhaontuithe maoiniúcháin

1.   Tabharfar comhaontuithe maoiniúcháin i gcrích le haghaidh Chaibidil III agus Chaibidil V. Leagfar amach iontu freagrachtaí agus oibleagáidí na hÚcráine maidir le cistí de chuid an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Leagfar amach iontu freisin na coinníollacha maidir leis an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha a íoc, lena n-áirítear i ndáil le cur chun feidhme an Chreat-Chomhaontaithe, lena n-áirítear na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Leagfar amach cearta agus oibleagáidí an Aontais sna comhaontuithe maoiniúcháin freisin. Déanfar iad a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

2.   Áireofar sna comhaontuithe maoiniúcháin rialacha maidir le tuairisciú don Choimisiún i dtaobh conas a dhéantar gníomhaíochtaí, agus i dtaobh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15(2) a bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 11

Rialacha maidir le hincháilitheacht daoine agus eintiteas, maidir le tionscnamh an tsoláthair agus na n-ábhar agus maidir le srianta faoin tSaoráid

1.   Beidh an deis a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin tSaoráid seo oscailte d’ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus do na daoine nádúrtha uile ar náisiúnaigh iad de na tíortha seo a leanas nó do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe go hiarbhír sna háiteanna seo a leanas:

(a)

na Ballstáit, an Úcráin, comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an tSeoirsia agus an Mholdóiv agus Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha a chuireann leibhéal tacaíochta ar fáil don Úcráin atá inchomparáide leis an leibhéal a chuireann an tAontas ar fáil, agus méid a ngeilleagair á cur san áireamh agus a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach san Úcráin ina leith.

2.   Féadfar an rochtain chómhalartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a dheonú le haghaidh tréimhse theoranta 1 bhliana ar a laghad nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha atá incháilithe faoin tSaoráid.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme faoin rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Úcráin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42.

3.   Beidh na soláthairtí agus na hábhair go léir arna maoiniú agus arna soláthar faoin tSaoráid de thionscnamh aon tíre dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), mura rud é nach féidir na soláthairtí agus na hábhair sin a fháil faoi choinníollacha réasúnacha in aon cheann de na tíortha sin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na rialacha maidir le srianta i mír 7. Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 39(4) faisnéis maidir le cur chun feidhme na míre seo.

4.   Na rialacha incháilitheachta a leagtar amach san Airteagal seo, ní bheidh feidhm acu maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar chonradh dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, ná ní chruthófar leo srianta náisiúntachta do dhaoine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil na srianta náisiúntachta bunaithe ar na rialacha dá bhforáiltear i mír 7.

5.   I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go comhpháirteach ag eintiteas nó arna gcur chun feidhme faoi bhainistiú díreach nó indíreach dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag eintitis de chuid na hÚcráine faoi Chaibidil III den Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha incháilitheachta na n-eintiteas sin nó ag rialacha incháilitheachta na hÚcráine i dteannta na rialacha a bhunaítear faoin Airteagal seo, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na srianta dá bhforáiltear faoi mhír 7 den Airteagal seo agus arna léiriú go cuí sna comhaontuithe maoiniúcháin agus sna doiciméid chonarthacha arna síniú leis na heintitis sin.

6.   I gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí breise a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 7 trí ioncam sannta seachtrach, beidh feidhm ag na rialacha incháilitheachta sa chomhaontú leis an duine a sholáthraíonn an ranníocaíocht bhreise mar aon leis na rialacha maidir le srianta dá bhforáiltear faoi mhír 7 den Airteagal seo.

7.   Na rialacha incháilitheachta agus rialacha tionscnamh na soláthairtí agus na n-ábhar a leagtar amach i mír 1 agus i mír 3 agus na rialacha maidir le náisiúntacht na ndaoine nádúrtha a leagtar amach i mír 4, féadfar iad a shrianadh i dtaca le náisiúntacht, suíomh geografach nó cineál na n-eintiteas dlítheanach atá rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair agus i dtaca le tionscnamh geografach na soláthairtí agus na n-ábhar, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gceanglaítear srianta den sórt sin mar gheall ar chineál sonrach nó cuspóirí sonracha na gníomhaíochta nó an nós imeachta sonrach dámhachtana nó i gcás ina bhfuil gá leis na srianta sin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach;

(b)

i gcás ina mbeadh tionchar ag an ngníomhaíocht nó ag na nósanna imeachta dámhachtana sonracha ar an tslándáil nó ar an ord poiblí, go háirithe maidir le sócmhainní straitéiseacha agus leasanna an Aontais, a Bhallstát, nó na hÚcráine, lena n-áirítear cosaint shláine an bhonneagair dhigitigh, na gcóras cumarsáide agus faisnéise, agus na slabhraí soláthair gaolmhara.

8.   Féadfar glacadh le hiarratasóirí ar thairiscintí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile cuí-réasúnaithe ina mbeadh sé dodhéanta nó thar a bheith deacair gníomhaíocht a chur i gcrích dá ndéanfaí na rialacha incháilitheachta a chur i bhfeidhm.

Airteagal 12

Tabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, barrachais ón ráthaíocht bhuiséadach, aisíocaíochtaí agus ioncam arna ghiniúint ag ionstraimí airgeadais

1.   De mhaolú ar Airteagal 12(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin tSaoráid a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh agus a úsáid, faoi seach, go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is é an méid a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a tugadh anonn, lena n-áirítear na méideanna lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

3.   De mhaolú ar Airteagal 15 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na ngealltanas a saoradh de bharr gníomhaíocht faoin tSaoráid gan bheith curtha chun feidhme nó gan bheith curtha chun feidhme ach go páirteach, cuirfear ar fáil iad arís chun leasa na líne buiséid tionscnaimh.

4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ar an dara fomhír agus ar an gceathrú fomhír d’Airteagal 209(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is é a bheidh in aon ioncam agus aisíocaíocht ó ionstraimí airgeadais a bhunaítear faoin Rialachán seo ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh i gcomharbas uirthi.

5.   De mhaolú ar Airteagal 213(4), pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, is é a bheidh in aon bharrachas sna soláthairtí le haghaidh na Ráthaíochta don Úcráin ioncam sannta inmheánach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán sin don tSaoráid nó don chlár a thiocfaidh i gcomharbas uirthi.

6.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná 1 bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta, i gcomhréir le hAirteagal 112(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 13

Maoiniú eisceachtúil

1.   I gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, go háirithe i gcás ina dtéann an cogadh go mór in olcas agus nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann leis na cineálacha tacaíochta faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tSaoráid maoiniú eisceachtúil a chur ar fáil don Úcráin chun a cobhsaíocht mhacrairgeadais a choinneáil ar bun agus chun gnóthú na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a chothú. Deonófar maoiniú eisceachtúil den sórt sin ar feadh tréimhsí aonair suas le trí mhí agus cuirfear deireadh leis a luaithe is féidir na coinníollacha a chomhlíonadh arís. Féadfar maoiniú faoin Airteagal seo a dheonú i dteannta leis an maoiniú idirlinne eisceachtúil arna dheonú faoi Airteagal 25, agus le linn na tréimhse céanna.

2.   Chun críoch mhír 1, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach féidir leis an Úcráin na coinníollacha a ghabhann le tacaíocht a sholáthraítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh de bharr a leithéid d'imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme lena gcuirfear maoiniú eisceachtúil ar fáil don Úcráin faoin tSaoráid a chur faoi bhráid na Comhairle. Gníomhóidh an Chomhairle, de ghnás, laistigh de mhí amháin tar éis an togra ón gCoimisiún a fháil.

3.   Beidh an maoiniú eisceachtúil faoi réir an réamhchoinníll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus maoineofar é laistigh de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), agus in Airteagal 6(2).

4.   Leagfar amach sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 na rialacha iniúchóireachta, rialaithe, faireacháin agus tuairiscithe, mar aon leis na coinníollacha agus na módúlachtaí a bhaineann leis an maoiniú eisceachtúil.

CAIBIDIL III

COLÚN I: AN PLEAN DON ÚCRÁIN

Airteagal 14

An Plean don Úcráin a ullmhú agus a thíolacadh

1.   Chun tacaíocht a fháil faoin tSaoráid, ullmhóidh an Úcráin Plean don Úcráin (‘an Plean don Úcráin’) agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é.

2.   Ullmhóidh Rialtas na hÚcráine an Plean don Úcráin le rannpháirtíocht chuí Verkhovna Rada i gcomhréir le hord bunreachtúil na hÚcráine. Féachfaidh an Úcráin leis an bPlean don Úcráin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 2 Bealtaine 2024. Féadfaidh an Úcráin dréacht den Phlean don Úcráin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Roinnfidh an Coimisiún an Dréacht sin le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle go comhuaineach.

3.   Agus an Plean don Úcráin á ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 17, tabharfaidh an Úcráin aird ar leith ar an staid ina limistéir réigiúnacha, áitiúla agus uirbeacha, agus a riachtanais shonracha maidir le téarnamh agus atógáil, athchóiriú, nuachóiriú agus dílárú á gcur san áireamh.

4.   Déanfar an Plean don Úcráin a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhairliúchán le húdaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, agus le comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéal agus cur chuige ón mbun aníos á chur san áireamh. Ina theannta sin, i gcomhréir lena creat dlíthiúil náisiúnta, áiritheoidh an Úcráin go ngabhfaidh Verkhovna Rada a ról i gcur chun feidhme an Phlean don Úcráin sa chaoi is go mbeidh sé ar an eolas go cuí, i gcomhréir lena shainchumais, lena n-áirítear an t-údarás atá aige reachtaíocht a rith, buiséad an stáit a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh ar a fhorghníomhú, agus maoirseacht a dhéanamh ar an mbrainse feidhmiúcháin.

Airteagal 15

An gaol idir an Plean don Úcráin agus Colúin na Saoráide

1.   Déanfar foráil sa Phlean don Úcráin do chreat uileghabhálach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Is é a bheidh sa Phlean don Úcráin bonn don tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholún I den tSaoráid mar a leagtar amach in Airteagal 1(2), pointe (a), agus dá dtagraítear sa Chaibidil seo. An tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholúin II agus III den tSaoráid, beidh sí comhleanúnach agus seachnófar léi forluí leis an tacaíocht a sholáthraítear faoi Cholún I a chumhdaítear leis an bPlean don Úcráin, agus go háirithe beidh na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 16 mar threoir di.

Airteagal 16

Prionsabail le haghaidh maoiniú faoin bPlean don Úcráin

1.   Leagfar amach sa Phlean don Úcráin clár oibre athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine, a bheidh comhtháite i gcreat beartais eacnamaíoch agus fhioscaigh, chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Is é a bheidh sa Phlean don Úcráin bearta chun athchóirithe agus infheistíocht phoiblí a chur chun feidhme trí phacáiste cuimsitheach comhleanúnach, a bhféadfadh scéimeanna poiblí a bheith san áireamh ann freisin a bhfuil sé mar aidhm leo infheistíochtaí príobháideacha a dhreasú. Sainaithneofar sa Phlean don Úcráin na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar céimeanna iad a bheidh intomhaiste i gcás athchóirithe agus infheistíochtaí.

2.   Cuirfidh an tSaoráid maoiniú ar fáil faoin gCaibidil seo ach an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) a bheith á chomhlíonadh ar bhealach sásúil mar aon leis na coinníollacha a leagtar síos sa Phlean don Úcráin, i bhfoirm céimeanna cáilíochtúla nó cainníochtúla. Beidh na coinníollacha sin i gcomhréir le cuspóirí éagsúla na Saoráide, mar a leagtar amach in Airteagal 3 iad, agus áireofar iontu coinníollacha a bhaineann le ceanglais fhíor-riachtanacha, amhail an chobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a choinneáil ar bun, chomh maith leis an bhformhaoirseacht bhuiséadach agus bainistiú an airgeadais phoiblí, agus coinníollacha a bhaineann le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach sa Phlean don Úcráin.

3.   Léireofar leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), agus (2) agus na ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin.

4.   Déanfar méid is comhionann le 20 % ar a laghad den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a leithdháileadh ar riachtanais téarnaimh, atógála agus nuachóirithe údaráis fhonáisiúnta na hÚcráine, go háirithe féinrialtas áitiúil, i gcomhréir le hAirteagal 17.

5.   Go heisceachtúil, beidh bearta ar cuireadh tús leo ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh incháilithe ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Tabharfar údar cuí leis na bearta sin agus déanfar iad a dhoiciméadú i gceart.

6.   Leis an bPlean don Úcráin rannchuideofar leis na tosaíochtaí athchóirithe ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine agus beidh sé comhsheasmhach leis na tosaíochtaí sin, mar a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas (Tuairim ón gCoimisiún) agus sa Tuarascáil Anailíseach tar éis na tuairime sin (‘an Tuarascáil Anailíseach’), i dtuarascáil rialta an Choimisiúin ar mhéadú agus sna conclúidí ón gComhairle dá héis, agus sa Chomhaontú Comhlachais lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála. Rannchuideofar freisin le rannchuidiú na hÚcráine arna chinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras agus beidh sé comhsheasmhach leis sin, le gealltanais na hÚcráine faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus, má tá sé ar fáil, le Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide na hÚcráine.

7.   Leis an bPlean don Úcráin, urramófar na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 17

Inneachar an Phlean don Úcráin

1.   Leagfar amach sa Phlean don Úcráin go háirithe na gnéithe seo a leanas, a mbeidh réasúnú agus bunús cuí ag gabháil leo:

(a)

bearta ar freagairt riachtanas-bhunaithe, chomhleanúnach, chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith iad ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn, chun an smacht reachta, an daonlathas agus an urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú, chomh maith le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2), ionas go méadóidh an Plean don Úcráin ina iomláine ráta fáis gheilleagar na hÚcráine, go laghdóidh sé na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus go n-áiritheofar leis dul chun cinn na hÚcráine i dtreo chaighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an Aontais;

(b)

míniú ar an gcaoi a rannchuidítear leis an bPlean don Úcráin agus a bhfuil sé comhsheasmhach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine agus, mar a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún agus sa Tuarascáil Anailíseach, agus sa Chomhaontú Comhlachais lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála;

(c)

míniú ar an gcaoi a bhfuil an Plean don Úcráin agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16;

(d)

tráthchlár táscach, agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe, ar céimeanna iad a bheidh intomhaiste i gcás athchóirithe agus infheistíochtaí, a bheidh le cur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2027;

(e)

na socruithe chun go ndéanfaidh an Úcráin an Plean don Úcráin a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun faireachán agus tuairisciú éifeachtach a dhéanamh air, lena n-áirítear na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla atá beartaithe, ar céimeanna iad a bheidh intomhaiste i gcás athchóirithe agus infheistíochtaí, agus na táscairí gaolmhara, chomh maith leis na socruithe le haghaidh rannpháirtíocht chuí Verkhovna Rada;

(f)

míniú ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn an Plean do riachtanais téarnaimh, athchóirithe, atógála agus nuachóiriúcháin i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine a ar riachtanais iad a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise, agus ar an gcaoi a bhfeabhsaíonn sé dá bhrí sin a bhforbairt, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, ar bhealach cuimsitheach inbhuanaithe, agus a dtreisíonn sé an comhtháthú sóisialta, agus a dtacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; cuirfear san áireamh sa mhíniú sin na cumhachtaí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar do leibhéil éagsúla rialtais;

(g)

míniú ar an modheolaíocht agus ar na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus ar na sásraí chun páirt a thabhairt d’údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil agus sa phróiseas grinnscrúdaithe dhaonlathaigh, go háirithe rochtain thráthúil agus chomhionann ar fhaisnéis agus ar chistí le haghaidh na n-údarás fonáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an mhodheolaíocht a úsáideadh chun caiteachas gaolmhar a rianú;

(h)

míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bPlean don Úcráin gur sciar leorshuntasach den tacaíocht iad na tionscadail atógála arna roghnú agus arna gcur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin; cumhdófar leis an míniú sin freisin nascadh agus comhpháirtíochtaí idir cathracha, mar aon le comhar idir piaraí agus cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus iad siúd san Úcráin, i gcás inarb ábhartha;

(i)

chun an Plean don Úcráin a ullmhú agus a chur chun feidhme, míniú mionsonraithe ar an bpróiseas comhairliúcháin, a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, agus ar an rannpháirtíocht agus na comhairliúcháin atá pleanáilte le linn an chur chun feidhme, ar Verkhovna Rada mar aon le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear, comhlachtaí ionadaíocha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtíochtaí sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ar an gcaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sin sa Phlean don Úcráin;

(j)

míniú ar a mhéid a mheastar go rannchuideoidh na bearta faoin bPlean don Úcráin leis an méid seo a leanas:

(i)

cuspóirí aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, go háirithe na bearta sin a bhaineann le tionscnaimh agus athchóirithe ábhartha, agus an chaoi a n-áirithítear comhoiriúnacht leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a mhéid is féidir i gcomhthéacs téarnaimh agus atógála cogaidh nó iarchogaidh;

(ii)

an smacht reachta a chur chun cinn;

(iii)

cuspóirí sóisialta, lena n-áirítear grúpaí i staideanna leochaileacha a chuimsiú, agus leas leanaí a áirithiú; agus

(iv)

comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, agus cearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn;

(k)

míniú mionsonraithe ar chóras na hÚcráine agus na bearta atá pleanáilte chun neamhrialtachtaí, calaois, gach cineál éillithe, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach éifeachtach, agus chun cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtúil, agus ar na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais nó ó dheontóirí eile a sheachaint, chomh maith lena áirithiú go ndéanfar comhar breithiúnach gan mhoill le húdaráis inniúla an Aontais agus a Bhallstát;

(l)

míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an bPlean don Úcráin gur féidir le deontóirí eile rannchuidiú le tacú lena bhearta;

(m)

aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   Beidh an Plean don Úcráin bunaithe ar thorthaí agus ar thionchar agus áireofar ann táscairí intomhaiste amhail príomhtháscairí feidhmíochta, i gcás inarb infheidhme, chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 18

Measúnú an Choimisiúin ar an bPlean don Úcráin

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar ábharthacht, cuimsitheacht agus oiriúnacht an Phlean don Úcráin nó, i gcás inarb infheidhme, an leasaithe ar an bPlean don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 20, agus tíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 19(1). Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an Úcráin, agus leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ag rannchuidiú le cur chun feidhme an phlean. Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt, faisnéis bhreise a lorg nó a iarraidh ar an Úcráin an dréachtphlean don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a mhodhnú.

2.   Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an bPlean don Úcráin, agus an méid atá le leithdháileadh ar an Úcráin á chinneadh, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis anailíseach ábhartha atá ar fáil maidir leis an Úcráin, lena n-áirítear a staid mhaicreacnamaíoch agus a hinbhuanaitheacht fiachais, an míniú agus na gnéithe a chuir an Úcráin ar fáil de bhun Airteagal 17(1), chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile, amhail, go háirithe, an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 16(6).

3.   Sa mheasúnú uaidh, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

cibé an freagairt riachtanas-bhunaithe, chomhleanúnach, chuimsitheach agus chuí-chothromaithe atá sa Phlean don Úcráin ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, lena n-áirítear athchóirithe struchtúracha agus bearta chun an cóineasú leis an Aontas a chur chun cinn, chun an smacht reachta, an daonlathas, an urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú chomh maith le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2), ionas go méadóidh an Plean don Úcráin ina iomláine ráta fáis gheilleagar na hÚcráine, go laghdóidh sé na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus go n-áiritheofar leis dul chun cinn na hÚcráine i dtreo chaighdeáin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an Aontais;

(b)

cibé an rannchuidítear leis an bPlean don Úcráin agus an bhfuil sé comhsheasmhach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin ábhartha a sainaithníodh i gcomhthéacs chonair aontachais na hÚcráine, mar a leagtar amach sa Tuairim ón gCoimisiún agus sa Tuarascáil Anailíseach, agus sa Chomhaontú Comhlachais lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála;

(c)

cibé an bhfuil an Plean don Úcráin agus a bhearta comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 4, chomh maith leis na ceanglais, na pleananna agus na cláir dá dtagraítear in Airteagal 16;

(d)

cibé an gcomhfhreagraíonn an Plean don Úcráin do riachtanais téarnaimh, athchóirithe, atógála agus nuachóiriúcháin i réigiúin agus i mbardais na hÚcráine ar riachtanais iad a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise agus an bhfeabhsaítear leis, dá bhrí sin, a bhforbairt, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, ar bhealach cuimsitheach inbhuanaithe, agus an dtreisíonn sé an comhtháthú sóisialta, agus an dtacaíonn sé le hathchóiriú an díláraithe ar fud na hÚcráine agus le cóineasú i dtreo chaighdeáin an Aontais; an gcuirfear san áireamh ann na cumhachtaí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar do leibhéil éagsúla rialtais; an iomchuí an mhodheolaíocht agus na próisis a úsáidtear chun tionscadail a roghnú agus a chur chun feidhme, agus na sásraí chun páirt a thabhairt d’údaráis fhonáisiúnta, go háirithe bardais, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, sa chinnteoireacht maidir le húsáid na tacaíochta sa phróiseas atógála ar an leibhéal áitiúil agus sa phróiseas grinnscrúdaithe dhaonlathaigh, go háirithe rochtain thráthúil agus chomhionann ar fhaisnéis agus ar chistí do na húdaráis fhonáisiúnta ábhartha; a mhéid is iomchuí an mhodheolaíocht a úsáidtear chun caiteachas gaolmhar a rianú le haghaidh na dtionscadal atógála arna roghnú agus arna cur chun feidhme ag na húdaráis fhonáisiúnta sin agus a mhéid is sciar leordhóthanach den tacaíocht iad tionscadail den sórt sin;

(e)

cibé an meastar go rannchuideofar leis na bearta sa Phlean don Úcráin leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, agus leis an aistriú glas, nó le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as; an bhfuil na bearta a áirítear sa Phlean don Úcráin comhoiriúnach leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, a mhéid is féidir, i gcomhthéacs téarnaimh agus atógála cogaidh nó iarchogaidh;

(f)

cibé an meastar go rannchuideofar leis na bearta sa Phlean don Úcráin leis an smacht reachta a chur chun cinn;

(g)

cibé an meastar go rannchuideofar leis na bearta sa Phlean don Úcráin le cuspóirí sóisialta, lena n-áirítear grúpaí i staideanna leochaileacha a chuimsiú, agus leas leanaí a áirithiú;

(h)

cibé an meastar go gcuirfear chun cinn leis na bearta sa Phlean don Úcráin an comhionannais inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní;

(i)

cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag an Úcráin go ndéanfar an Plean don Úcráin a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfar faireachán agus tuairisciú éifeachtach air agus ar aon nuashonruithe air sin, go háirithe rannpháirtíocht chuí Verkhovna Rada, lena n-áirítear na céimeanna intomhaiste cáilíochtúla agus cainníochtúla, agus na táscairí gaolmhara;

(j)

cibé an meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá á mbeartú ag an Úcráin leibhéal leordhóthanach cosanta do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe trí neamhrialtachtaí, calaois, gach cineál éillithe, lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, coinbhleachtaí leasa, nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú; an dtacóidh na socruithe atá beartaithe le himscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh ar chionta a dhéanfadh difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, agus go n-áiritheofar leo comhar breithiúnach gan mhoill le húdaráis inniúla an Aontais agus a Bhallstáit; cibé an meastar go bhféadfar, leis na socruithe atá á mbeartú ag an Úcráin, cistiú dúbailte ón tSaoráid agus ó chláir eile de chuid an Aontais agus ó dheontóirí eile a sheachaint;

(k)

cibé an ndeachthas i gcomhairle go cuí le Verkhovna Rada, agus an gcuirtear san áireamh sa Phlean don Úcráin, i gcás inarb iomchuí, ionchur na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhlachtaí agus údaráis ionadaíocha áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta;

(l)

a mhéid a áirithítear leis an bPlean don Úcráin gur féidir le deontóirí eile tacú lena chuspóirí.

4.   Chun críoch an mheasúnaithe ar an bPlean don Úcráin arna thíolacadh ag an Úcráin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe.

Airteagal 19

Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle

1.   I gcás measúnú dearfach, formheasfaidh an Chomhairle trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme, ar thogra ón gCoimisiún, an measúnú ar Phlean na hÚcráine arna thíolacadh ag an Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 14(2) nó, i gcás inarb infheidhme, ar an leasú ar an bplean arna thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó 20(2). Gníomhóidh an Chomhairle, de ghnás, laistigh de mhí amháin tar éis an togra ón gCoimisiún a fháil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an togra ón gCoimisiúin a leasú agus an togra leasaithe a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.

2.   Leagfar amach sa togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, maidir leis an gcuid a bheidh le cistiú ag an tSaoráid:

(a)

na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an Úcráin, na coinníollacha a leagtar síos sa Phlean don Úcráin, lena n-áirítear iad siúd i bhfoirm céimeanna intomhaiste cainníochtúla agus cáilíochtúla a chomhfhreagraíonn do na hathchóirithe gaolmhara agus do na hinfheistíochtaí gaolmhara, dá dtagraítear in Airteagal 16 (2), lena n-áirítear an t-amchlár táscach;

(b)

na huasmhéideanna iomlána agus bliantúla do thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus uasmhéideanna táscacha iomlána agus bliantúla na tacaíochta iasachta dá dtagraítear in Airteagal 6 (1), an chéad fhomhír, pointe (a), agus (2) agus na ranníocaíochtaí ábhartha faoi mhír 4 den Airteagal sin;

(c)

na tráthchodanna, arna struchtúrú i gcomhréir le hAirteagal 16(2), agus le pointe (b) den mhír seo, a bheidh le híoc ach na céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla arna sainaithint i ndáil le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin a bheith bainte amach go sásúil ag an Úcráin;

(d)

an tráthchlár atá beartaithe chun an tacaíocht a eisíoc agus a sceideal íocaíochta;

(e)

méid na tacaíochta iasachta atá le híoc i bhfoirm réamh-mhaoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 24;

(f)

an teorann ama, a rachaidh in éag tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2027, faoinar gá céimeanna deiridh cáilíochtúla agus cainníochtúla le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích;

(g)

na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bPlean don Úcráin agus i ndáil leis an bPlean don Úcráin a chur chun feidhme, lena n-áirítear, trí rannpháirtíocht chuí Verkhovna Rada chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 35 a chomhlíonadh;

(h)

na táscairí chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a luaitear in Airteagal 3;

(i)

na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún;

(j)

faisnéis maidir leis na ranníocaíochtaí iarbhír agus na ranníocaíochtaí atá pleanáilte a fháil ó dheontóirí eile agus míniú ar na bearta comhordúcháin i bhforbairt agus i gcur chun feidhme an Phlean don Úcráin lena n-áiritheofaí go mbainfí amach a chuid cuspóirí.

(k)

anailís ar thionchar an Phlean don Úcráin ar an staid mhaicreacnamaíoch, agus inbhuanaitheacht fiachais na hÚcráine á cur san áireamh.

Airteagal 20

Leasuithe ar an bPlean don Úcráin

1.   I gcás nach féidir leis an Úcráin an Plean don Úcráin, lena n-áirítear na céimeanna ábhartha cáilíochtúla agus cainníochtúla, a chomhlíonadh a thuilleadh, go páirteach nó go hiomlán, mar gheall ar imthosca oibiachtúla, féadfaidh údaráis na hÚcráine, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Verkhovna Rada, nuair is ábhartha, leasuithe a mholadh ar an bPlean don Úcráin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an Úcráin, togra a thíolacadh chun an cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a leasú, go háirithe chun athruithe ar na cúinsí a chur san áireamh, lena gceadaítear méadú ar an uaillmhian nó athrú ar na méideanna atá ar fáil a dhéanamh, go háirithe mar gheall ar ranníocaíochtaí breise ó na Ballstáit nó ó fhoinsí eile dá dtagraítear in Airteagal 6(4). Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo á gcomhlíonadh agus, i gcás inarb iomchuí, an togra ábhartha a thíolacadh.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar maith le leasú a dhéanamh ar an bPlean don Úcráin de bharr na gcúiseanna arna gcur in iúl ag an Úcráin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean leasaithe don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 18 agus tíolacfaidh sé togra le haghaidh leasú ar an gcinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1) gan moill mhíchuí. Gníomhóidh an Chomhairle, de ghnás, laistigh de mhí amháin tar éis an togra ón gCoimisiún a fháil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiúin a leasú agus an togra leasaithe a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.

Airteagal 21

Scórchlár don Phlean don Úcráin

1.   Bunóidh an Coimisiún scórchlár don Phlean don Úcráin (‘an Scórchlár’), ina léireofar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghnéithe mionsonraithe an Scórchláir a bhunú d’fhonn an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a léiriú.

3.   Beidh an Scórchlár ag feidhmiú faoin 1 Eanáir 2025 agus ba cheart don Choimisiún é a nuashonrú dhá uair sa bhliain. Cuirfear an Scórchlár ar fáil go poiblí ar líne.

Airteagal 22

Comhaontú iasachta agus oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí

1.   Chun tacaíocht faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Ar ghlacadh an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Úcráin i ndáil leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 6(2). Leagfar síos sa chomhaontú iasachta tréimhse infhaighteachta agus téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin tSaoráid i bhfoirm iasachtaí, lena n-áirítear i ndáil leis na córais rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (c). Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí. Sa bhreis ar na heilimintí a leagtar síos in Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, beidh méid an réamh-mhaoinithe agus na rialacha maidir le himréiteach an réamh-mhaoinithe sa chomhaontú iasachta.

3.   De mhaolú ar Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha leis an gcúnamh airgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin tSaoráid.

4.   Ní bhunófar aon soláthar do na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

5.   Déanfar an comhaontú iasachta a chur ar fáil, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

Airteagal 23

Fóirdheontas i leith chostais na gcistí a fhaightear agus a thugtar

1.   De mhaolú ar Airteagal 220(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil, féadfaidh an tSaoráid costas an chistiúcháin, costas bainistithe leachtachta, agus costas seirbhíse a sheasamh le haghaidh forchostais riaracháin a bhaineann leis na cistí a fhaightear agus a thugtar (Fóirdheontas i leith chostais na gcistí a fhaightear agus a thugtar’), cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027, cumhdófar an fóirdheontas i leith chostais na gcistí a fhaightear agus a thugtar faoi Chaibidil V.

2.   Féadfaidh an Úcráin an fóirdheontas i leith chostais na gcistí a fhaightear agus a thugtar dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh gach bliain. Féadfaidh an Coimisiún an fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta a dhámhachtain le haghaidh méid nach mó ná teorainneacha na leithreasuithe arna gcur ar fáil sa bhuiséad bliantúil.

Airteagal 24

Réamh-mhaoiniú

1.   Faoi réir an chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a bheith glactha ag an gComhairle, féadfaidh an Úcráin, mar chuid den Phlean don Úcráin, íocaíocht réamh-mhaoinithe a iarraidh de mhéid suas le 7 % den tacaíocht iasachta a sholáthraítear faoi Chaibidil III.

2.   Féadfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a íoc tar éis don Phlean don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 19 a bheith formheasta agus tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá dtagraítear in Airteagal 22. Déanfar na híocaíochtaí faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil ar na margaí caipitil dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus faoi réir an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) a bheith á urramú.

3.   Cinnfidh an Coimisiún an tráthchlár le haghaidh eisíocaíocht an réamh-mhaoinithe, a fhéadfar a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

Airteagal 25

Maoiniú eisceachtúil idirlinne

1.   Gan dochar d’Airteagal 24, mura sínítear an Creat-Chomhaontú nó mura nglactar an Plean don Úcráin faoin 2 Márta 2024, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh tacaíocht eisceachtúil theoranta a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí ar feadh uastréimhse 6 mhí dar tús an 1 Eanáir 2024, ar choinníoll go bhfuil dul chun cinn sásúil déanta maidir leis an bPlean don Úcráin a ullmhú, chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine, faoi réir coinníollacha atá le comhaontú i Meabhrán Tuisceana (MT) idir an Coimisiún agus an Úcráin, faoi réir an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) a bheith á urramú, Airteagal 6 a bheith á chomhlíonadh agus faoi réir na gcistí atá ar fáil.

2.   Sa Mheabhrán Tuisceana, bunófar, go háirithe, coinníollacha beartais, pleanáil tháscach airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe, a bheidh comhréireach le fad an mhaoinithe. Áireofar sna coinníollacha beartais tiomantas do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus beidh béim ar chomhrac an éillithe, agus ar chomhrac an sciúrtha airgid, chomh maith le bearta chun bainistiú ioncaim a fheabhsú.

Déanfar an Meabhrán Tuisceana sin a ghlacadh agus a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42.

3.   Ní rachaidh méid na tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 thar EUR 1 500 000 000 ar bhonn míosúil. Déanfaidh an Coimisiún comhaontú iasachta leis an Úcráin, a chomhlíonfadh, de réir mar is iomchuí, Airteagal 22 agus Airteagal 23.

Airteagal 26

Rialacha maidir le híocaíochtaí agus maidir le tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus iasachtaí a choinneáil siar agus a laghdú

1.   Déanfar íocaíochtaí na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta leis an Úcráin faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistiúcháin atá ar fáil. Déanfar na híocaíochtaí i dtráthchodanna. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Gach ráithe, cuirfidh an Úcráin isteach iarraidh chuí-mhínithe ar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus na tacaíochta iasachta d’fhonn go n-íocfaidh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus an tacaíocht iasachta sin, ar bhonn an mheasúnaithe a ndéantar tuairisc air i mír 3.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú gan moill mhíchuí ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Úcráin an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus ar chuir nó nár chuir sí i gcrích go sásúil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a leagtar amach sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 19(1). Agus na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla a bheith curtha i gcrích go sásúil, glacfar leis nár aisiompaigh an Úcráin na bearta a bhaineann leis na céimeanna dá raibh comhlíonadh sásúil bainte amach aici. Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a fháil ó shaineolaithe agus a mheasúnú á dhéanamh aige.

4.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach maidir le comhlíonadh sásúil na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla, cuirfidh sé, gan moill mhíchuí, togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear gur comhlíonadh ar bhealach sásúil na coinníollacha le haghaidh íocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3. Gníomhóidh an Chomhairle, de ghnás, laistigh de 3 mhí tar éis an togra sin a fháil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiúin a leasú agus an togra leasaithe a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Ar bhonn an chinnidh cur chun feidhme ón gComhairle, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-údarófar eisíocaíocht na coda den tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus na hiasachta a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin.

5.   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú diúltach maidir le comhlíonadh na gcéimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla de réir an tráthchláir tháscaigh, cuirfidh sé an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas gan moill mhíchuí agus coinneofar siar íocaíocht na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus íocaíocht na hiasachta a chomhfhreagraíonn do na céimeanna sin. Ní eisíocfar an íocaíocht a coinníodh siar ach amháin nuair a bheidh míniú cuí tugtha ag an Úcráin, i gcomhréir le mír 4, mar chuid d’iarraidh ar íocaíocht ina dhiaidh sin, go bhfuil na bearta is gá déanta aici chun a áirithiú go bhfuil na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla curtha i gcrích go sásúil. Forbróidh an Coimisiún modheolaíocht chun páirt-chomhlíonadh na gcéimeanna a láimhseáil mar threoir.

6.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach ndearna an Úcráin na bearta is gá laistigh de thréimhse 12 mhí ón measúnú diúltach tosaigh dá dtagraítear i mír 5, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin méid sin don Úcráin. Féadfaidh an Úcráin a barúlacha a chur isteach laistigh de 2 mhí tar éis don Choimisiún a fhógra a chur in iúl. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach ndearna an Úcráin na bearta is gá, tíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena laghdófar méid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus méid na hiasachta i gcomhréir leis an gcuid a chomhfhreagraíonn do na céimeanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ábhartha. Gníomhóidh an Chomhairle, de ghnás, laistigh de mhí amháin tar éis an togra ón gCoimisiún a fháil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiúin a leasú agus an togra leasaithe a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme.

7.   I gcás ina sainaithnítear cásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, ar cásanna iad nár cheartaigh an Úcráin, nó ina sainaithnítear ábhair imní thromchúiseacha maidir le cásanna den sórt sin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 22 den Rialachán seo, lena n-áirítear ar bhonn tuarascálacha ón mBord Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo nó ar bhonn faisnéise arna soláthar ag OLAF, féadfaidh an Coimisiún laghdú a dhéanamh ar mhéid na tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha, agus aon suim atá dlite do bhuiséad an Aontais a aisghabháil, lena n-áirítear trí fhritháireamh i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, nó laghdú a dhéanamh ar mhéid na hiasachta atá le heisíoc leis an Úcráin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, nó a iarraidh go n-aisíocfaí an iasacht go luath.

8.   De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an sprioc-am íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 116(1), pointe (a), den Rialachán sin ón dáta a chuirfear an cinneadh lena n-údaraítear an eisíocaíocht leis an Úcráin in iúl de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

9.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 116(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le híocaíochtaí a dhéanfar de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 24 den Rialachán seo.

Airteagal 27

Trédhearcacht maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú chun an Plean don Úcráin a chur chun feidhme

1.   Foilseoidh an Úcráin sonraí cothrom le dáta maidir le daoine agus eintitis, lena n-áirítear conraitheoirí, a fhaigheann méideanna cistiúcháin ar mó iad ná coibhéis EUR 100 000 carnach thar an tréimhse 4 bliana chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a shonraítear sa Phlean don Úcráin a chur chun feidhme.

2.   Maidir le daoine agus eintitis dá dtagraítear i mír 1, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas i bhformáid mheaisín-inléite ar leathanach gréasáin, in ord na gcistí iomlána a fuarthas, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais maidir le rúndacht agus slándáil, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:

(a)

i gcás duine dlítheanach, ainm dlíthiúil iomlán agus uimhir aitheantais CBL nó uimhir aitheantais cánach an fhaighteora, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, nó aitheantóir eile uathúil arna shuí ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

i gcás duine nádúrtha, céadainm agus sloinne nó céadainmneacha agus sloinnte an fhaighteora;

(c)

an méid a fuair an faighteoir, agus na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí faoin bPlean don Úcráin a gcuireann an méid seo lena gcur chun feidhme.

3.   Ní fhoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus do shaoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann nó i gcás go bhfuil an baol ann go ndéanfar dochar tromchúiseach do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún agus don Bhord Iniúchóireachta.

4.   Déanfaidh an Úcráin na sonraí maidir leis na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad, i bhformáid mheaisín-inléite atá le sainiú sa Chreat-Chomhaontú, dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (i).

CAIBIDIL IV

COLÚN II: CREAT INFHEISTÍOCHTA DON ÚCRÁIN

Airteagal 28

Raon feidhme agus struchtúr

1.   Faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht ón Aontas ar fáil don Úcráin i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha nó oibríochtaí measctha, lena n-áirítear cúnamh teicniúil arna nascadh le cur chun feidhme Cholún II.

2.   Tacóidh bord stiúrtha leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme an Chreata Infheistíochta don Úcráin (‘an Bord Stiúrtha’). Glacfaidh an Bord Stiúrtha a rialacha nós imeachta.

3.   Ar an mBhord Stiúrtha, beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó gach Ballstát. Tabharfar cuireadh d’údaráis na hÚcráine freastal ar chruinnithe an Bhoird Stiúrtha de réir mar is iomchuí. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa agus ag Verkhovna Rada. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do chontrapháirtithe a bhfuil an Ráthaíocht don Úcráin agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ón gCreat Infheistíochta don Úcráin á gcur chun feidhme acu. Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an mBord Stiúrtha.

4.   Cuirfidh an Bord Stiúrtha treoraíocht straitéiseach agus oibríochtúil agus tacaíocht ar fáil don Choimisiún maidir le gnéithe éagsúla lena n-áirítear próifílí riosca, foirm na tacaíochta, dearadh na dtáirgí airgeadais a bheidh le húsáid, agus maidir le hearnálacha neamh-incháilithe. Foirmleoidh sé tuairimí maidir le húsáid thacaíocht an Aontais tríd an Ráthaíocht don Úcráin, trí ionstraimí airgeadais agus trí oibríochtaí measctha, lena n-áirítear na leibhéil lamháltais, agus na measúnuithe riosca ábhartha á gcur san áireamh. Déanfaidh an Bord Stiúrtha tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil, i gcás inar féidir.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil ón Aontas faoi gCreat Infheistíochta don Úcráin comhsheasmhach leis an bPlean don Úcráin agus go rannchuideoidh sí lena chur chun feidhme, agus go gcomhlánóidh sí tacaíocht ón Aontas don Úcráin arna deonú faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena gcuirfear san áireamh cur chun cinn na freagrachta sóisialta corparáidí agus an iompair fhreagraigh gnó, go háirithe trí threoirlínte, prionsabail agus coinbhinsiúin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a urramú.

6.   Úsáidfear 15 % ar a laghad de na ráthaíochtaí dá bhforáiltear faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin chun tacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, lena n-áirítear trí uirlisí airgeadais a bhfuil sé mar chuspóir acu an riosca a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaithe bhainc na hÚcráine a laghdú.

7.   Chun críche Airteagal 209(2), pointe (h), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, comhlíonfar an ceanglas maidir le meastóireachtaí ex ante ar ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha le measúnuithe dearfacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar an bPlean don Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo.

8.   Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin go háirithe le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin, agus na foinsí maoinithe a leagtar amach leis an Rialachán seo á gcomhlánú aici ag an am céanna.

9.   Rannchuideoidh 20 % ar a laghad den mhéid foriomlán a chomhfhreagraíonn do thacaíocht faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin agus d’infheistíochtaí faoin bPlean don Úcráin, a mhéid is féidir i dtír ina bhfuil an chogaíocht i réim, le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, le cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear caomhnú na bithéagsúlachta, agus leis an aistriú glas.

10.   Tuairisceoidh an Coimisiún gach bliain maidir le cur chun feidhme na tacaíochta faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 41(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Chun na críche sin, gach contrapháirtí den Ráthaíocht don Úcráin agus gach eintiteas ar cuireadh cúram air, a bhfuil ionstraimí airgeadais á gcur chun feidhme acu, soláthróidh siad ar bhonn bliantúil an fhaisnéis is gá chun go mbeidh an Coimisiún in ann a oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh.

Airteagal 29

Ranníocaíochtaí breise leis an Ráthaíocht don Úcráin agus le hionstraimí airgeadais

1.   Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe rannchuidiú leis an Ráthaíocht don Úcráin, agus leis na hionstraimí airgeadais arna mbunú faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin. Déanfar ranníocaíochtaí leis an Ráthaíocht don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 218(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Leis na ranníocaíochtaí leis an Ráthaíocht don Úcráin, déanfar méid na Ráthaíochta don Úcráin a mhéadú gan dliteanais theagmhasacha bhreise don Aontas a bheith mar thoradh orthu.

3.   Le haghaidh na ranníocaíochtaí uile dá dtagraítear i mír 1, tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir. Leagtar síos ann, go háirithe, forálacha maidir le coinníollacha íocaíochta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go comhuaineach agus gan mhoill faoi na comhaontuithe ranníocaíochta arna dtabhairt i gcrích.

Airteagal 30

Cur chun feidhme na Ráthaíochta don Úcráin agus na n-ionstraimí airgeadais

1.   Déanfar an Ráthaíocht don Úcráin agus ionstraimí airgeadais a fhaigheann tacaíocht faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin a chur chun feidhme faoi bhainistiú indíreach de bhun Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Is iad na contrapháirtithe incháilithe chun críocha na Ráthaíochta don Úcráin agus na heintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu chun críoch ionstraimí airgeadais na contrapháirtithe incháilithe sin a shainaithnítear in Airteagal 208(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, lena n-áirítear contrapháirtithe ó thríú tíortha a dhéanann ranníocaíocht leis an Ráthaíocht don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo. Ina theannta sin, de mhaolú ar Airteagal 62(1), an chéad fomhír, pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, comhlachtaí arna rialú le dlí príobháideach Ballstáit, nó tríú tír a rinne ranníocaíocht leis an Ráthaíocht don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo, agus a thugann dearbhú leordhóthanach maidir lena n-acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil, beidh siad incháilithe chun críoch na Ráthaíochta don Úcráin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hacmhainní atá ar fáil a úsáid ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, cóir bunaithe ar riachtanais i measc na gcontrapháirtithe incháilithe agus, i gcás inarb ábhartha, i measc na n-eintiteas incháilithe ar cuireadh cúram orthu, mar chuid de chur chuige cuimsitheach, agus comhar á chur chun cinn eatarthu ag an am céanna agus aird chuí á tabhairt ar a n-acmhainneachtaí, a mbreisluach, a dtaithí agus a n-acmhainneacht glactha rioscaí.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcaithfear ar bhealach cóir cothrom trédhearcach leis na contrapháirtithe incháilithe uile agus leis na heintitis incháilithe uile ar cuireadh cúram orthu agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse cur chun feidhme an Chreata Infheistíochta don Úcráin. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún faisnéis ábhartha a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe, chun críoch na Ráthaíochta don Úcráin, nó ó eintitis incháilithe ar cuireadh cúram orthu, chun críoch ionstraimí airgeadais, faoina gcuid oibríochtaí ar oibríochtaí iad nach bhfaigheann tacaíocht ón Aontas.

Airteagal 31

An Ráthaíocht don Úcráin

1.   Bunófar an Ráthaíocht don Úcráin de luach EUR 7 800 000 000 í i bpraghsanna reatha chun oibríochtaí a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide a ráthú. Beidh an Ráthaíocht don Úcráin féinrialaitheach agus neamhspleách ar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus deonófar í mar ráthaíocht neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar fáil ar éileamh i gcomhréir le hAirteagal 219(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

2.   Úsáidfear an Ráthaíocht don Úcráin chun rioscaí a bhaineann leis na cineálacha oibríochtaí seo a leanas a chumhdach arb é is aidhm dóibh tacú le heintitis cheannasacha, fhocheannasacha, eintitis nach eintitis thráchtála iad agus eintitis thráchtála, agus leis an earnáil phríobháideach:

(a)

iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil;

(b)

ráthaíochtaí;

(c)

ráthaíochtaí forlíontacha;

(d)

ionstraimí margaidh caipitil;

(e)

aon chineál eile cistiúcháin nó feabhsaithe creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún comhaontuithe um an Ráthaíocht don Úcráin i gcrích le contrapháirtithe incháilithe thar ceann an Aontais, go dtí an 31 Nollaig 2027. Féadfar an Ráthaíocht don Úcráin a dheonú de réir a chéile.

Sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 28(10), soláthróidh an Coimisiún faisnéis maidir le gach comhaontú um an Ráthaíocht don Úcráin a shínítear. Cuirfear na comhaontuithe sin ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gan moill mhíchuí, arna iarraidh sin dóibh, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh.

4.   Agus comhaontuithe um an Ráthaíocht don Úcráin á dtabhairt i gcrích, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chomhairle agus ar threoraíocht an ghrúpa measúnaithe riosca teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 33(8) de Rialachán (AE) 2021/947 agus ar chomhairle agus ar threoraíocht an bhoird stiúrtha.

5.   Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, sna comhaontuithe um an Ráthaíocht don Úcráin:

(a)

rialacha mionsonraithe maidir le cumhdach na Ráthaíochta don Úcráin, na hinfheistíochtaí bliantúla a mheastar a dhéanfar, ceanglais, incháilitheacht agus nósanna imeachta;

(b)

rialacha mionsonraithe maidir leis an Ráthaíocht don Úcráin a sholáthar, lena n-áirítear na socruithe maidir leis an gcumhdach agus maidir leis an gcumhdach arna shainiú i ndáil le punanna agus tionscadal de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena n-áirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta;

(c)

tagairt do chuspóirí agus d’aidhm na Saoráide, measúnú ar na riachtanais agus tásc na dtorthaí a mheastar a bheidh ann;

(d)

íocaíocht na Ráthaíochta don Úcráin, a shocrófar ar théarmaí lamháltais i gcomhréir le staid shonrach na hÚcráine, tír ina bhfuil an chogaíocht i réim, agus próifílí riosca na gclár infheistíochta faoi seach á gcur san áireamh chun cothrom na Féinne a áirithiú;

(e)

ceanglais maidir leis an Ráthaíocht don Úcráin a úsáid, lena n-áirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t-ús atá le íoc ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha a bhféadfadh gá a bheith leo;

(f)

nósanna imeachta maidir le héilimh, lena n-áirítear eachtraí tucaide agus tréimhsí feithimh agus nithe eile freisin b'fhéidir, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a aisghabháil;

(g)

oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe, trédhearcachta agus meastóireachta;

(h)

nósanna imeachta soiléire inrochtana i ndáil le gearán a dhéanamh do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme tionscadal arna dtacú ag an Ráthaíocht don Úcráin orthu.

6.   Déanfaidh Grúpa BEI oibríochtaí san Úcráin a chur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh tacú le heintitis cheannasacha de chuid na hÚcráine agus le heintitis fhocheannasacha de chuid na hÚcráine nach eintitis thráchtála iad, arna gcumhdach le híosmhéid táscach tiomnaithe den Ráthaíocht don Úcráin de 25 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1, a dheonófar i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

7.   Beidh an méid tiomnaithe den Ráthaíocht don Úcráin dá dtagraítear i mír 6 ar fáil chun tacú leis na hoibríochtaí sin de chuid Ghrúpa BEI a bheidh formheasta ag an mbord ábhartha de chuid Ghrúpa BEI faoin 31 Nollaig 2025. Tar éis an dáta sin, beidh an méid tiomnaithe atá fágtha den Ráthaíocht don Úcráin ar fáil do gach cineál oibríochta dá dtagraítear i mír 6 le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe uile faoi réir mhír 3.

8.   Féadfaidh an Coimisiún suas le 30 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a úsáid chun méideanna na ráthaíochta a sholáthraítear trí chomhaontuithe um an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947 a mhéadú faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

chun críoch na míre seo, cuirfear an Ráthaíocht don Úcráin chun feidhme trí leasú a dhéanamh ar chomhaontuithe nó trí aguisín a chur le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích de bhun Airteagal 38 de Rialachán (AE) 2021/947 leis na contrapháirtithe incháilithe arna roghnú de bhun Airteagal 35 den Rialachán sin, lena méadaítear méid na ráthaíochta faoi na comhaontuithe sin atá le síniú laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

ní úsáidfidh na contrapháirtithe incháilithe an Ráthaíocht don Úcráin faoin mír seo ach amháin chun tacú le cur chun feidhme na n-oibríochtaí san Úcráin agus ní bheidh ach glaonna ar ráthaíocht ó oibríochtaí san Úcráin incháilithe do chumhdach ón Ráthaíocht don Úcráin faoin mír seo;

(c)

de mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 beidh na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin faoin mír seo ina bpunann ar leithligh den Ráthaíocht don Úcráin agus ní chuirfear san áireamh iad chun an cumhdach de 65 % dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2021/947 a ríomh;

(d)

le comhroinnt an riosca sa phunann ar leithligh den Ráthaíocht don Úcráin, áiritheofar ailíniú leasa idir an Coimisiún agus an contrapháirtí incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 209(2), pointe (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus rannchuideoidh an contrapháirtí leis an bpunann sin lena acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 219(4) den Rialachán sin;

(e)

bunóidh contrapháirtithe cuntasaíocht agus tuairisciú ar leithligh le haghaidh chur chun feidhme na Ráthaíochta don Úcráin faoin mír seo;

(f)

Beidh feidhm ag Airteagal 32 den Rialachán seo maidir leis an soláthar don Ráthaíocht don Úcráin faoin mír seo, a úsáidfear go heisiach chun caillteanais faoin Ráthaíocht don Úcráin a chumhdach; an soláthar a bhunaítear faoi Airteagal 31(5) de Rialachán (AE) 2021/947, ní úsáidfear é le haghaidh chumhdach na n-oibríochtaí faoin Ráthaíocht don Úcráin.

9.   Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i gcomhréir lena rialacha agus a nósanna imeachta féin agus i gcomhréir leis an gcomhaontú um an Ráthaíocht don Úcráin.

10.   Is é 3 bliana tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ábhartha um an Ráthaíocht don Úcráin an uastréimhse a cheadófar do chontrapháirtithe incháilithe chun conarthaí a shíniú le hidirghabhálaithe airgeadais nó le faighteoirí deiridh, agus féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin i gcás ina ndeonófar méid breise ráthaíochta agus i gcás go leasófar an comhaontú um an Ráthaíochta don Úcráin.

11.   Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíocht don Úcráin:

(a)

i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t-ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuair sé iad, i gcomhréir le téarmaí na n-oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(b)

i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n-infheistiú agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(c)

i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear i mír 2, na méideanna a úsáidtear agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(d)

gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

12.   Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin agus a thuairiscithe bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar na rioscaí a chumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin, agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe lenar tugadh i gcrích comhaontú um an Ráthaíocht don Úcráin faoi bhráid an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gach bliain na ráitis airgeadais, arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis an méid seo a leanas, inter alia:

(a)

an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena n-áirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí;

(b)

an oibleagáid airgeadais atá fós le híoc ag an Aontas a eascraíonn as an Ráthaíocht don Úcráin arna soláthar do na contrapháirtithe incháilithe agus a n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

13.   An coinníoll a leagtar amach in Airteagal 219(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le ranníocaíochtaí trí bhíthin acmhainní dílse, beidh feidhm aige maidir le gach contrapháirtí incháilithe a leithdháiltear ráthaíocht bhuiséadach air faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin ar bhonn punainne.

14.   Creat bainistithe riosca an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) dá dtagraítear in Airteagal 33(7) de Rialachán (AE) 2021/947, lena n-áirítear an grúpa measúnaithe riosca teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 33(8) den Rialachán sin, beidh feidhm acu maidir leis an Ráthaíocht don Úcráin agus cuspóirí agus prionsabail na Saoráide á gcur san áireamh. Na measúnuithe riosca le haghaidh na Ráthaíochta don Úcráin, beidh siad neamhspleách ar mheasúnuithe riosca CEFI+. Féadfaidh próifíl riosca fhoriomlán na n-oibríochtaí a chumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin a bheith éagsúil le próifíl riosca fhoriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Áiritheoidh an Coimisiún nach rachaidh an riosca a bhaineann leis na hoibríochtaí atá á ráthú thar acmhainneacht bhuiséad an Aontais na rioscaí sin a sheasamh i gcomhréir leis na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil agus leis an ráta soláthair dá dtagraítear in Airteagal 32(1) den Rialachán seo. Faoi chuimsiú an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28(10) den Rialachán seo, tuairisceoidh an Coimisiún gach bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na bearta a rinneadh ina leith sin.

Airteagal 32

Soláthar

1.   Is é 70 % a bheidh sa ráta soláthair le haghaidh na Ráthaíochta don Úcráin ar dtús.

De mhaolú ar Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir leis an tréimhse ama dá gcomhdhéanfar soláthar foriomlán, tiomsófar an soláthar go dtí an 31 Nollaig 2027 agus beidh sé cothrom le méid an tsoláthair a chomhfhreagraíonn don Ráthaíocht don Úcráin arna deonú agus féadfar é a thiomsú de réir a chéile i gcomhréir leis an dul chun cinn maidir le roghnú agus cur chun feidhme na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a thacaíonn le cuspóirí na Saoráide.

2.   Déanfar an ráta soláthair a athbhreithniú uair sa bhliain ar a laghad tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún toradh an athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 den Rialachán seo chun an ráta soláthair a leasú agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 211(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 á gcur i bhfeidhm ag an am céanna, agus, i gcás inarb ábhartha, chun uasmhéid na Ráthaíochta don Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 31(1) den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú suas le 30 %. Ní fhéadfaidh an Coimisiún uasmhéid na Ráthaíochta don Úcráin a mhéadú ach amháin má laghdaítear an ráta soláthair. Gan dochar d’Airteagal 31(3) den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún a fhoráil go mbeidh méid méadaithe na Ráthaíochta don Úcráin ar fáil chun comhaontuithe ráthaíochta a shíniú de réir a chéile thar 3 bliana.

4.   De mhaolú ar Airteagal 213 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil leis an Ráthaíocht don Úcráin.

Airteagal 33

Sásra casaoide agus sásaimh

1.   I bhfianaise na gcasaoidí a d’fhéadfadh a bheith ag tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail agus daoine aonair a ndéanfadh tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht don Úcráin difear dóibh, foilseoidh an Coimisiún agus toscaireacht an Aontais san Úcráin ar a suíomhanna gréasáin tagairtí díreacha do shásraí gearáin na gcontrapháirtithe ábhartha a bhfuil comhaontuithe um an Ráthaíocht don Úcráin tugtha i gcrích acu leis an gCoimisiún. Soláthróidh an Coimisiún an deis freisin gearáin a fháil go díreach maidir leis an mbealach a ndéileálfaidh na contrapháirtithe incháilithe le casaoidí. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis a gheofar trí aon sásraí gearáin san áireamh i bhfianaise an chomhair a bheidh ann amach anseo leis na contrapháirtithe sin.

2.   Nuair is féidir, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh, foilseoidh an Coimisiún ar a thairseach gréasáin faisnéis faoi oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus gnéithe bunriachtanacha chomhaontuithe um an Ráthaíocht don Úcráin, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht dhlíthiúil contrapháirtithe incháilithe, tairbhí forbartha ionchasacha agus nósanna imeachta gearáin.

3.   I gcomhréir lena mbeartais trédhearcachta agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe faisnéis a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile a chumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin, go háirithe faisnéis a bhaineann leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin le cuspóirí agus ceanglais an Rialacháin seo a bhaint amach. I gcás inar féidir é, déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal. Cuirfidh an fhaisnéis sin cosaint faisnéise rúnda agus íogaire ó thaobh na tráchtála de san áireamh. Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe tacaíocht ón Aontas a phoibliú freisin i ngach faisnéis a fhoilseoidh siad maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá gcumhdaítear leis an Ráthaíocht don Úcráin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL V

COLÚN III: BEARTA CÚNAIMH AGUS TACAÍOCHTA GAOLMHARA MAIDIR LE HAONTACHAS LEIS AN AONTAS

Airteagal 34

Bearta cúnaimh agus tacaíochta gaolmhara maidir le haontachas leis an Aontas

1.   Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar leis an Úcráin na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Go háirithe, beidh sé d’aidhm ag an gcúnamh dá bhforáiltear faoin gCaibidil seo tacú le hailíniú céimnitheach na hÚcráine le ‘acquis’ an Aontais i bhfianaise ballraíocht fhéideartha san Aontas amach anseo agus rannchuidiú, ar an gcaoi sin, leis an gcobhsaíocht fhrithpháirteach, leis an tslándáil fhrithpháirteach, leis an tsíocháin fhrithpháirteach agus leis an rathúnas frithpháirteach. Áireofar ar tacaíocht den sórt sin neartú a dhéanamh ar an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, ar an daonlathas, ar an urraim do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha, ar chomhrac an éillithe, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú, inniúlachtaí institiúideacha, dílárú agus tacú leis an trédhearcacht, na hathchóirithe struchtúracha, na beartais earnálacha agus leis an dea-rialachas ar gach leibhéal agus rannchuidiú le cur chun feidhme an Phlean don Úcráin.

2.   Cuirfear cúnamh ar fáil faoin gCaibidil seo freisin chun a áirithiú go neartófar acmhainneachtaí na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear trí nascadh agus nascadh bailte, agus trí chomhar idir piaraí agus cláir atá leabaithe i gcomhpháirtíochtaí idir cathracha agus réigiúin san Aontas agus iad siúd san Úcráin a chur chun cinn, i gcás inarb ábhartha.

3.   Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar freisin le neartú na n-acmhainneachtaí le haghaidh coinbhleachtaí a chosc, cothú na síochána agus tabhairt faoi na riachtanais, idir réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime, lena n-áirítear trí bhearta cothaithe muiníne agus trí phróisis lena gcuirtear chun cinn an ceartas, tóraíocht na fírinne, athshlánú cuimsitheach iarchoinbhleachta ar mhaithe le sochaí chuimsitheach shíochánta chomh maith le fianaise a bhailiú ar choireanna a rinneadh le linn an chogaidh. Féadfar cistiú a chur ar fáil faoin gCaibidil seo do thionscnaimh agus do chomhlachtaí atá ag obair chun tacú leis an gceartas idirnáisiúnta san Úcráin agus leis an gceartas sin a fhorfheidhmiú.

4.   Leis an gcúnamh faoin gCaibidil seo, tacófar le cruthú agus neartú údarás sin na hÚcráine a bheidh freagrach as a áirithiú go mbainfear úsáid iomchuí as cistí, as iniúchadh agus go gcomhraicfear míbhainistiú an chistiúcháin phoiblí ar bhealach éifeachtach, go háirithe an chalaois, gach cineál éillithe lena n-áirítear éilliú ardleibhéil, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach, chomh maith le tacú le hiarrachtaí an chumhacht a bhaint de na holagarcaí.

5.   An fóirdheontas i leith costais iasachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23, déanfar é a chistiú faoin gCaibidil seo.

6.   Le haghaidh na mblianta 2024 go 2027, cisteoidh an tacaíocht faoin gCaibidil seo an méid seo a leanas:

(a)

soláthar na ráthaíochtaí buiséadacha, rud nach gcumhdaítear leis an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2021/947 i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 31(8) den Rialachán sin, le haghaidh dhliteanas airgeadais an tsainordaithe iasachtaithe sheachtraigh atá cumhdaithe san Úcráin faoi Airteagal 12(1) de Chinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) a bhaineann le méideanna iasachta arna eisíoc tar éis an 15 Iúil 2022 suas le EUR 1,586 billiún;

(b)

fóirdheontas an ráta úis le haghaidh iasachtaí cúnaimh macrairgeadais faoi:

(i)

Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), de mhaolú ar Airteagal 1(3) de;

(ii)

Cinneadh (AE) 2022/1628, de mhaolú ar Airteagal 6(3) de;

(c)

de mhaolú ar Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2021/947, soláthar íoctha 9 % le haghaidh cúnamh airgeadais nár gealladh fós ag deireadh 2023, dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Chinneadh (AE) 2022/1628.

CAIBIDIL VI

LEASANNA AIRGEADAIS AN AONTAIS A CHOSAINT

Airteagal 35

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Agus an tSaoráid á cur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún agus an Úcráin na bearta iomchuí uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus prionsabal na comhréireachta agus na coinníollacha sonracha faoina bhfeidhmeoidh an tSaoráid, an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(1) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Chreat-Chomhaontú agus i gcomhaontuithe sonracha maoiniúcháin nó iasachta á gcur san áireamh, go háirithe maidir le calaois, éilliú, nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le himscrúdú agus ionchúiseamh i ndáil le cionta lena ndéantar difear do na cistí a sholáthraítear faoin tSaoráid. Geallfaidh an Úcráin go ndéanfaidh sí dul chun cinn i dtreo córais rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach éifeachtúil agus áiritheoidh sí gur féidir méideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Geallfaidh an Úcráin freisin go n-áiritheoidh sí go ndéileálfaidh údaráis inniúla na hÚcráine, gan mhoill, le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le hiarrataí ar eiseachadadh ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí faoin tSaoráid.

2.   Leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 22, forálfar d’oibleagáidí na hÚcráine chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a sheiceáil go rialta gur úsáideadh an maoiniú arna chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(b)

sceithirí a chosaint;

(c)

bearta iomchuí a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, cistiú dúbailte a bhrath agus a sheachaint agus imeachtaí dlí a thionscnamh chun cistí a míleithreasaíodh a aisghabháil, lena n-áirítear i ndáil le haon bheart chun athchóirithe agus tionscadail infheistíochta a chur chun feidhme faoin bPlean don Úcráin agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le hiarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach ó OIPE agus ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do na cistí arna soláthar faoin tSaoráid, gan mhoill;

(d)

ráiteas a bheith ag gabháil le hiarraidh ar íocaíocht mar a leagtar amach i gCaibidil III ag dearbhú gur úsáideadh na cistí i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun na críche a beartaíodh dóibh agus go mbainistíodh iad go hiomchuí go háirithe i gcomhréir le rialacha na hÚcráine arna gcomhlánú le caighdeáin idirnáisiúnta, maidir le neamhrialtachtaí, calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(e)

a áirithiú, chun críoch mhír 1, go háirithe maidir le seiceálacha ar úsáid na gcistí i ndáil le cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí faoin bPlean don Úcráin, go mbaileofar sonraí leordhóthanacha, agus go mbeidh rochtain orthu, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme i ndáil le cosaint sonraí, maidir le daoine agus eintitis a fhaigheann cistiú, lena n-áirítear faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil, chun bearta an Phlean don Úcráin a chur chun feidhme;

(f)

údarú sainráite a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a gcearta a fheidhmiú mar a fhoráiltear in Airteagal 129(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm;

(g)

a áirithiú go dtuairisceoidh údaráis inniúla na hÚcráine do OIPE ar aon iompar coiriúil lena ndéantar difear do na cistí faoin tSaoráid agus a d’fhéadfadh teacht faoina hinniúlacht.

3.   Féachfaidh an Coimisiún le córas comhtháite idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca chun rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, i gcomhréir le prionsabail an Aontais i ndáil le cosaint sonraí agus leis na rialacha is infheidhme i ndáil le cosaint sonraí, lena n-áirítear na sonraí a liostaítear i mír 2, pointe (e). I gcás ina mbeidh córas den sórt sin ar fáil, úsáidfidh agus iontrálfaidh an Úcráin na sonraí ábhartha sa chóras, lena n-áirítear le cúnamh arna dheonú faoi Chaibidil V.

4.   Sna comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 22, forálfar freisin do cheart an Choimisiúin an tacaíocht a sholáthraítear faoin tSaoráid a laghdú go comhréireach agus aon suim a caitheadh chun cuspóirí na Saoráide a aisghabháil nó a iarraidh go ndéanfar an iasacht a aisíoc go luath, i gcásanna neamhrialtachtaí, calaoise, éillithe nó coinbhleachtaí leasa lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais agus nach bhfuil ceartaithe ag an Úcráin, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid faoi comhaontuithe den sórt sin. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na haisghabhála agus an laghdaithe nó leis an méid a bheidh le haisíoc go luath, déanfaidh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú agus cuirfidh sé san áireamh a thromchúisí atá an neamhrialtacht, an chalaois, an t-éilliú nó na coinbhleachtaí leasa a mbeadh tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais nó atá sárú ar oibleagáid. Tabharfar an deis don Úcráin a barúlacha a chur in iúl sula ndéanfar an laghdú nó sula n-iarrfar aisíocaíocht luath.

5.   Na daoine agus na heintitis a chuireann cistí chun feidhme arna soláthar faoin tSaoráid, déanfaidh siad gan mhoill aon chás, féideartha nó iarbhír, calaoise, éillithe, coinbhleachta leasa agus neamhrialtachtaí nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, a thuairisciú don Bhord Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 36, don Choimisiún, do OLAF, agus, i gcás inarb infheidhme, do OIPE. Beidh na daoine agus na heintitis sin in ann na cásanna sin a thuairisciú go héifeachtach trí na bealaí iomchuí.

Airteagal 36

An Bord Iniúchóireachta

1.   Bunóidh an Coimisiún Bord Iniúchóireachta sula gcuirfidh an Úcráin an chéad iarraidh ar íocaíocht isteach.

2.   Is iad comhaltaí neamhspleácha arna gceapadh ag an gCoimisiún a bheidh ar an mBord Iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó dheontóirí eile páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird Iniúchóireachta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar dheontóirí eile a rannchuidíonn leis an tSaoráid breathnóirí a cheapadh don Bhord Iniúchóireachta.

3.   Feidhmeoidh an Bord Iniúchóireachta a fheidhmeanna ar bhealach iomlán oibiachtúil agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis na dea-chleachtais agus na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme. Gníomhóidh sé gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, cumhachtaí OLAF, cumhachtaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus cumhachtaí OIPE.

4.   Áiritheoidh an Bord Iniúchóireachta go mbeidh idirphlé agus comhar rialta ann le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hÚcráine agus institiúidí eile, de réir mar is ábhartha.

5.   Agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní iarrfaidh an Bord Iniúchóireachta, a chomhaltaí ná a fhoireann treoir ná ní ghlacfaidh siad treoir ó rialtas na hÚcráine ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht. Beidh ráthaíochtaí láidre neamhspleáchais i bhfeidhm maidir le roghnú a fhoirne, maidir lena bhainistíocht agus lena bhuiséad.

6.   Tabharfaidh an Bord Iniúchóireachta cúnamh don Choimisiún míbhainistiú chistiú an Aontais faoin tSaoráid a chomhrac, go háirithe, calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí arna dtabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach.

7.   Chun na críche sin, tuairisceoidh an Bord Iniúchóireachta go tráthrialta don Choimisiún, agus tarchuirfidh sé chuig an gCoimisiún gan mhoill aon fhaisnéis a fhaigheann sé nó a chuirtear in iúl dó maidir le haon chás sainaitheanta, nó ábhair imní thromchúiseach maidir le míbhainistiú cistiúcháin phoiblí arna thabhú i ndáil le haon mhéid a chaitear chun cuspóirí na Saoráide a bhaint amach. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn tráthúil faoi thorthaí agus faoi mholtaí an Bhoird Iniúchóireachta.

Ina theannta sin, glacfaidh an Bord Iniúchóireachta moltaí don Úcráin maidir le gach cás nach ndearna údaráis inniúla na hÚcráine, dar leis, na bearta is gá chun an méid seo a leanas a chosc, a bhrath agus a cheartú: calaois, éilliú, coinbhleacht leasa agus neamhrialtachtaí a raibh tionchar acu nó a raibh riosca láidir ann go mbeadh tionchar acu ar bhainistiú fónta airgeadais an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid, agus maidir le gach cás ina n-aimsíonn sé laigí i ndearadh agus i bhfeidhmiú an chórais rialaithe a chuir údaráis na hÚcráine i bhfeidhm. Cuirfidh an Úcráin na moltaí sin chun feidhme gan mhoill mhíchuí, nó tabharfaidh sí míniú ar an bhfáth nach ndearna sí amhlaidh.

Cuirfear na tuarascálacha agus an fhaisnéis ón mBord Iniúchóireachta chuig OLAF agus féadfar iad a chomhroinnt le húdaráis ábhartha na hÚcráine, go háirithe i gcásanna inar gá do na húdaráis sin bearta a dhéanamh chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, a chosc, a bhrath agus a cheartú, chomh maith le cionta lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

8.   Beidh rochtain ag an mBord Iniúchóireachta ar an bhfaisnéis, ar na bunachair sonraí agus ar na clárlanna is gá chun a chúraimí a chur i gcrích. Sa Chreat-Chomhaontú, saineofar rialacha agus mionsonraí maidir leis an rochtain a bheidh ag an mBord Iniúchóireachta ar fhaisnéis ábhartha agus maidir leis an soláthar faisnéise ábhartha a dhéanfaidh an Úcráin don Bhord Iniúchóireachta.

9.   Déanfar feidhmiú an Bhoird Iniúchóireachta a chistiú faoi Chaibidil V.

Airteagal 37

Idirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin

1.   Gach 4 mhí ar a laghad, reáchtálfaidh an Coimisiún idirphlé le coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa, de réir mar is ábhartha, chun plé a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide, go háirithe an Plean don Úcráin agus infheistíochtaí agus athchóirithe gaolmhara, lena n-áirítear athchóirithe lena dtacaítear le hailíniú céimnitheach na hÚcráine le rialacha, luachanna, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais (‘acquis’);

(b)

measúnú ar an bPlean don Úcráin, lena n-áirítear measúnú a d’fhéadfadh a bheith diúltach;

(c)

príomhthorthaí na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 36(7);

(d)

príomhthorthaí na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 39(4);

(e)

nósanna imeachta maidir le híocaíocht, coinneáil siar agus laghdú, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear aon bhreathnóireacht arna tíolacadh chun comhlíonadh sásúil na gcoinníollacha a áirithiú; agus

(f)

aon fhaisnéis ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl i rúin a mhéid a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.

3.   Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon ghnéithe a eascraíonn as na dearcaí a cuireadh in iúl tríd an Idirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, i gcás inarb ábhartha.

CAIBIDIL VII

CLÁIR OIBRE, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 38

Cláir Oibre

1.   Is trí bhíthin cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an tacaíocht faoin tSaoráid chun feidhme. Déanfar cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, cé is moite d’oibríochtaí dá bhforáiltear ar bhonn Airteagail 23(2) agus 34(6) den Rialachán seo.

2.   Féadfar cúnamh faoi Chaibidil V a chur chun feidhme freisin trí bhíthin cláir oibre shonracha nuair nach gá comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a thabhairt i gcrích chun an cúnamh sin a chur chun feidhme.

Airteagal 39

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Saoráide agus déanfaidh sé baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a mheas. Beidh an faireachán sin ar chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhréireach leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin tSaoráid.

2.   Sna comhaontuithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10 agus sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 22, leagfar amach na rialacha agus na nósanna imeachta don Úcráin maidir le tuairisciú don Choimisiún chun críoch mhír 1 den Airteagal seo. Chun críche tuairiscithe den sórt sin, ba cheart d’údaráis inniúla na hÚcráine, i gcás inarb iomchuí, leas a bhaint as an gcomhairliúchán tráthrialta le Verkhovna Rada, agus le páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar a leagtar amach in Airteagal 14(3).

3.   Tuairiscítear tacaíocht an Aontais arna soláthar faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin i gcomhréir le hAirteagal 28(10).

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn i dtreo bhaint amach chuspóirí an Rialacháin seo, arna comhlánú le cur i láthair ráithiúil ar staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na Saoráide.

5.   An tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin, déanfaidh an Coimisiún í a chur ar fáil don choiste dá dtagraítear in Airteagal 42.

Airteagal 40

Meastóireacht ar an tSaoráid

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách eatramhach ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Saoráide faoin 31 Nollaig 2026, agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post ar fáil dóibh faoin 31 Nollaig 2031.

2.   Sna tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú go háirithe ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na Saoráide, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna soláthar faoin tSaoráid, ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais agus ar an mbreisluach Eorpach. Breithneofar freisin sna tuarascálacha a mhéid a leanann na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí ar fad de bheith ábhartha.

3.   I gcás inarb iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún tograí agus torthaí na dtuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear i mír 1a gcur san áireamh.

4.   Beidh measúnú foriomlán ar an tSaoráid sa tuarascáil mheastóireachta ex post agus beidh faisnéis, a mhéid is féidir, faoina tionchar san fhadtéarma san áireamh inti freisin.

5.   Sa mheastóireacht ex post sin úsáidfear prionsabail dea-chleachtais Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, lena bhféachfar ar baineadh amach na cuspóirí agus le moltaí a cheapadh d’fhonn gníomhaíochtaí a fheabhsú sa todhchaí.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí agus conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha agus lena bhearta leantacha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit. Féadfar na meastóireachtaí sin a phlé arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir agus gníomhaíochtaí á n-ullmhú agus acmhainní á leithdháileadh. Cuirfear na meastóireachtaí agus na bearta leantacha sin ar fáil go poiblí.

Déanfaidh an Coimisiún, a oiread is iomchuí, go mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile páirteach i bpróiseas meastóireachta an chistiúcháin ón Aontas a chuirtear ar fáil faoin tSaoráid, lena n-áirítear tairbhithe, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe eile i ndlúthpháirt leis an Úcráin.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 41

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 32 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó 7 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 32 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 21 agus 32 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 42

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   Le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(2), i gcás nach dtabharfaidh an coiste tuairim uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme ná Airteagal 5(4) agus beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama a cheadaítear an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 43

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide chun infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas don tacaíocht airgeadais atá beartaithe sa Phlean don Úcráin a áirithiú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis an Úcráin. Féadfaidh an Coimisiún a áirithiú, de réir mar is iomchuí, go ndéanfar tacaíocht faoin tSaoráid a chur in iúl agus a aithint trí ráiteas cistiúcháin.

2.   Faighteoirí cistiúcháin ón Aontas, tabharfaidh siad aitheantas d’fhoinse an chistiúcháin sin ón Aontas agus áiritheoidh siad a infheictheacht, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí shuaitheantas an Aontais a léiriú agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ar a mbeidh na focail ‘arna chistiú ag an Aontas Eorpach – an tSaoráid don Úcráine’ nó ‘arna gcomhchistiú ag an Aontas Eorpach – an tSaoráid don Úcráin’, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach éifeachtach comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

3.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun na Saoráide agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

4.   Cuirfear faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht ar fáil i bhformáid inrochtana.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Feabhra 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MICHEL


(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2024.

(3)  Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais+) (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(6)  Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).

(7)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (IO L 330, 20.9.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 (IO L 209, 14.6.2021, lch. 79).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).

(11)  Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 81).

(12)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013(IO L 188, 28.5.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 (IO L 188, 28.5.2021, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(19)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

(20)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

(22)  Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 110).

(23)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(24)   IO L 33, 7.2.1994, lch. 13.

(25)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(26)   IO L 309, 13.12.1993, lch. 3.

(27)   IO L 83, 19.3.1998, lch. 3.

(28)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(29)   IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.

(30)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(31)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(32)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(33)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(34)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(35)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(36)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(37)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún ar mhaithe le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(38)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(40)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagraíocht agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

(41)  Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 22.9.2022, lch. 1).

(42)  Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top