Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L2842

Treoir (AE) 2024/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leathnaítear Treoir (AE) 2024/2841 chuig náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát

PE/70/2024/REV/1

IO L, 2024/2842, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2842/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2842/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2842

14.11.2024

TREOIR (AE) 2024/2842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena leathnaítear Treoir (AE) 2024/2841 chuig náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 79(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun feidhmiú na gceart saorghluaiseachta atá ag daoine faoi mhíchumas a neartú agus feabhas a chur ar na deiseanna do dhaoine faoi mhíchumas taisteal chuig Ballstát eile nó cuairt a thabhairt air le haghaidh tréimhse ghearrfhanachta, bunaítear le Treoir (AE) 2024/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) an creat rialacha agus coinníollacha coiteanna, lena n-áirítear formáid choiteann chaighdeánaithe inrochtana, le haghaidh Cárta Míchumais Eorpach mar chruthúnas ar stádas míchumais aitheanta nó ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas chun rochtain a fháil, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, ar pé coinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach a thairgeann údaráis phoiblí nó oibreoirí príobháideacha i réimse leathan seirbhísí, gníomhaíochtaí nó saoráidí, lena n-áirítear, nuair nach gcuirtear na nithe sin ar fáil ar luach saothair, agus le haghaidh Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, mar chruthúnas ar a gcearta aitheanta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 79 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gurb é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais a áirithiú, inter alia, go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstáit. Ar an mbonn sin, ba cheart tacar rialacha a leagan síos lena sonraítear na cearta dá dtugtar cóir chomhionann idir tairbhithe de Threoir (AE) 2024/2841 agus náisiúnaigh tríú tír den sórt sin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 67(2) CFAE, déileálfar le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tír chun críocha na Treorach seo.

(4)

Chun an urraim don chóir chomhionann, don chuimsiú agus don neamh-idirdhealú a neartú, lena n-áirítear i ndáil leis na hoibleagáidí ábhartha faoin dlí idirnáisiúnta, maidir le daoine faoi mhíchumas ar náisiúnaigh tríú tír iad ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát agus nach tairbhithe de Threoir (AE) 2024/2841 iad, agus chun aitheantas dá stádas míchumais nó dá dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas ar fud an Aontais a ráthú, agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht agus cuimsiú éifeachtach iomlán sa tsochaí maidir le daoine den sórt sin a áirithiú ar bhonn comhionann le saoránaigh an Aontais, is gá na rialacha, na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/1347 a chur i bhfeidhm maidir le daoine faoi mhíchumas ar náisiúnaigh tríú tír iad ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát agus a bhfuil a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas aitheanta ag an mBallstát sin, agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le daoine atá á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, nó maidir le hainmhithe cuidithe. Mar shampla, náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe iad de chosaint shealadach faoi Threoir 2001/55/CE (4) ón gComhairle nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta faoi Rialachán (AE) 2024/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ba cheart iad a chumhdach faoin Treoir seo, ar choinníoll go bhfuil cónaí dleathach orthu i mBallstát agus go bhfuil a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas aitheanta ag an mBallstát sin.

(5)

Ba cheart na forálacha uile i dTreoir (AE) 2024/2841 a bheith infheidhme mutatis mutandis, de bhua na Treorach seo, maidir le náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

(6)

Go háirithe, cé nár cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do rialacha an Aontais is infheidhme lena rialaítear an tsoghluaisteacht ar fud an Aontais do náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát, trí aitheantas frithpháirteach dá stádas míchumais nó dá dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas ar fud na mBallstát a áirithiú, d’fhéadfadh an Treoir seo feidhmiú cheart na ndaoine sin maidir le gluaiseacht nó taisteal ar fud an Aontais a éascú ar choinníoll go bhfuil an ceart sin chun soghluaisteachta acu cheana féin. Maidir le náisiúnaigh tríú tír den sórt sin a bhfuil Cárta Míchumais Eorpach nó Cárta Páirceála Eorpach acu do dhaoine faoi mhíchumas, nuair a ghluaiseann siad nó nuair a thaistealaíonn siad go dleathach trasna an Aontais, bainfidh siad tairbhe as na cearta aitheantais fhrithpháirtigh faoin Treoir seo.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú, maidir leis na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/2841 lena rialaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas mar chruthúnas, faoi seach, ar stádas aitheanta míchumais nó ar theidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, agus ar a gceart aitheanta chun dálaí páirceála agus saoráidí a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, lena soláthraítear rochtain, ar théarmaí agus coinníollacha comhionanna, ar pé coinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach i ndáil le seirbhísí, gníomhaíochtaí nó saoráidí, lena n-áirítear nuair nach gcuirtear na nithe sin ar fáil ar luach saothair, agus ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a thairgtear nó a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, agus, i gcás inarb infheidhme, do dhaoine atá á dtionlacan nó ag cuidiú leo lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, gan beann ar a náisiúntacht, nó d’ainmhithe cuidithe, go mbeidh feidhm chomhionann ag na nithe sin maidir le náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát. Maidir le cearta a sholáthar do na náisiúnaigh tríú tír sin chun rochtain a fháil ar choinníollacha speisialta nó ar chóir fhabhrach, nó ar choinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas ar an mbealach céanna leis na cinn dá bhforáiltear do thairbhithe de Threoir (AE) 2024/2841, ní dhéanann sé difear do na rialacha maidir le náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach ar chríoch na mBallstát.

(8)

Moltar do na Ballstáit faisnéis a sholáthar i gcomhréir le Treoir (AE) 2024/2841 do náisiúnaigh tríú tír faoi mhíchumas a chumhdaítear faoin Treoir seo i dteanga a thuigeann siad nó i dteanga ar den réasúntacht é go dtuigeann an duine sin í.

(9)

Tá baol méadaithe ann go mbeidh náisiúnaigh tríú tír faoi mhíchumas faoi réir cineálacha iomadúla idirdhealaithe. Thairis sin, luaitear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas go bhfuil mná agus cailíní faoi mhíchumas faoi réir cineálacha iomadúla idirdhealaithe, agus foráiltear ann go bhfuil na Stáit is Páirtithe le bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh cearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha á dteachtadh go hiomlán agus go cothrom acu. Aithnítear sa Choinbhinsiún freisin na dálaí deacra a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas a bhíonn faoi réir cineálacha iomadúla nó géaraithe idirdhealaithe ar bhonn cine, datha, gnéis, teanga, reiligiúin, tuairimí polaitiúla nó tuairimí eile, bunús náisiúnta, eitneach, dúchasach nó sóisialta, maoine, breithe, aoise nó stádais eile.

(10)

Ba cheart náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chumhdach freisin le hoibleagáidí an Choimisiúin de bhun Airteagal 20 de Threoir (AE) 2024/2841. Ba cheart a áireamh sa tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear san Airteagal sin freisin anailís ar chásanna sonracha míbhuntáiste a eascraíonn as idirdhealú trasnach, a thuigtear mar idirdhealú bunaithe ar theaglaim de mhíchumas agus d’aon fhoras eile dá dtugtar cosaint faoi Threoracha 79/7/CEE (6), 2000/43/CE (7), 2000/78/CE (8) nó 2004/113/CE (9) ón gComhairle, ina ndírítear go háirithe ar mhná agus ar chailíní faoi mhíchumas.

(11)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon rialacha, cearta agus oibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/2841 a leathnú chuig daoine faoi mhíchumas ar náisiúnaigh tríú tír iad ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát agus nach tairbhithe de Threoir (AE) 2024/2841 iad, agus na rialacha, cearta agus oibleagáidí sin a leathnú chuig daoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, nó chuig ainmhithe cúnaimh, agus ar an gcaoi sin a éascú go bhféadfaidís bogadh nó taisteal chuig Ballstáit eile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta lena mbunaítear creat rialacha agus coinníollacha coiteanna, gur fearr is féidir a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh feidhm ag na rialacha, na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2024/2841 maidir le náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát nach tairbhithe iad den Treoir sin agus ar aithin Ballstát a gcónaithe a stádas míchumais nó a dteidlíocht ar sheirbhísí sonracha bunaithe ar mhíchumas, nó a gcearta chun coinníollacha agus saoráidí páirceála a choinnítear do dhaoine faoi mhíchumas, agus do dhaoine a bhíonn á dtionlacan nó ag cuidiú leo lena n-áirítear cúntóirí pearsanta, nó d’ainmhithe cúnaimh, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (4) agus (8), den Treoir sin, faoi seach.

Airteagal 2

Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach de chuid an Aontais é nó í de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE.

Airteagal 3

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do na rialacha is infheidhme lena rialaítear soghluaisteacht ar fud an Aontais do náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát.

Airteagal 4

Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh chun freastal ar riachtanais shonracha teanga náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear trí éascú teanga, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 5

Déanfar náisiúnaigh tríú tír a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chumhdach le hAirteagal 20 de Threoir (AE) 2024/2841.

Airteagal 6

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 5 Meitheamh 2027. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 5 Meitheamh 2028.

2.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí mar sin.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

ZSIGMOND B. P.


(1)   IO C, C/2024/1981, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1981/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2024.

(3)  Treoir (AE) 2024/2841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas (IO L, 2024/2841, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2841/oj).

(4)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar, agus lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).

(6)  Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).

(7)  Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(8)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(9)  Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2842/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top