Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L1385

    Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

    PE/33/2024/REV/1

    IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1385

    24.5.2024

    TREOIR (AE) 2024/1385 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Bealtaine 2024

    maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(2) agus Airteagal 83(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é is cuspóir don Treoir seo creat cuimsitheach a sholáthar chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac go héifeachtach ar fud an Aontais. Déanann sí amhlaidh trí bhearta a neartú agus a thabhairt isteach i ndáil leis na réimsí seo a leanas: cionta coiriúla agus pionóis ábhartha a shainiú, íospartaigh a chosaint agus rochtain ar cheartas, tacaíocht d’íospartaigh, bailiú feabhsaithe sonraí, cosc, comhordú agus comhar.

    (2)

    Is bunluachanna de chuid an Aontais iad an comhionannas idir mná agus fir agus an neamh-idirdhealú agus is cearta bunúsacha iad a chumhdaítear, faoi seach, in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagail 21 agus 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Cuireann foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh na luachanna agus na cearta sin i mbaol, rud a bhaineann an bonn de chearta na mban agus na gcailíní chun comhionannais i ngach réimse den saol agus a chuireann bac ar a rannpháirtíocht chomhionann sa tsochaí agus sa saol gairmiúil.

    (3)

    Is ionann foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh agus sárú ar chearta bunúsacha amhail an ceart chun dínit an duine, an ceart chun beatha agus chun iomláine an duine, an toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear ar fhorais inscne, agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear sa Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

    (4)

    Leis an Treoir seo, tacaítear leis na gealltanais idirnáisiúnta atá déanta ag na Ballstáit chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, agus, i gcás inarb ábhartha, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac agus Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le foréigean agus ciapadh a dhíothú i saol na hoibre, a síníodh an 21 Meitheamh 2019 sa Ghinéiv.

    (5)

    I bhfianaise na sainiúlachtaí a bhaineann leis na cionta foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, is gá tacar cuimsitheach rialacha a leagan síos lena dtugtar aghaidh ar fhadhb leanúnach an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus lena bhfreastalaítear ar riachtanais shonracha íospartaigh an fhoréigin sin. Léiríodh nach leor na forálacha atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac agus a chosc go héifeachtach. Go háirithe, cé go ndírítear, i dTreoracha 2011/36/AE (3) agus 2011/93/AE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar chineálacha sonracha foréigin den sórt sin, agus go soláthraítear, le Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ina leagtar síos an creat ginearálta d’íospartaigh na coireachta, roinnt coimircí d’íospartaigh, rud a chiallaíonn, chun críocha na Treorach seo, íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, ní thugtar aghaidh ar a riachtanais shonracha leo.

    (6)

    Is féidir foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a dhéanamh níos measa i gcás ina dtarlaíonn sé in éineacht le hidirdhealú bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d’aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt, eadhon cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach (‘idirdhealú trasnach’). Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar íospartaigh a ndéantar difear dóibh mar gheall ar idirdhealú trasnach den sórt sin trí bhearta sonracha a dhéanamh. Daoine a ndéanann idirdhealú trasnach difear dóibh, tá baol méadaithe rompu go bhfulaingeoidh siad foréigean inscnebhunaithe. Dá bharr sin, ba cheart do na Ballstáit an leibhéal riosca méadaithe sin a chur san áireamh agus na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo á gcur chun feidhme, go háirithe maidir leis an measúnú aonair chun riachtanais chosanta íospartach a shainaithint, saintacaíocht d’íospartaigh agus oiliúint agus faisnéis do ghairmithe ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh.

    (7)

    Tá íospartaigh i mbaol méadaithe imeaglaithe, díoltais agus íospairt tánaistí agus athíospartha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaí aird ar leith ar na rioscaí sin agus ar an ngá atá le dínit agus sláine fhisiciúil íospartach den sórt sin a chosaint. Ba cheart a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar an riosca go mbainfí díoltas amach, an raibh aithne roimh ré ag an íospartach ar an gciontóir nó an raibh caidreamh acu leo roimhe.

    (8)

    Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann rochtain a fháil ar a gcearta roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina ndiaidh i gcomhréir lena riachtanais agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo.

    (9)

    Forálacha na Treorach seo a bhaineann le cearta íospartach, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gach íospartach iompair choiriúil ar foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh é, arna choiriúlú faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Áirítear leis sin na cionta coiriúla a shainítear sa Treoir seo, eadhon ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais, comhroinnt neamhthoiliúil ábhair atá dlúthphearsanta nó ionramháilte, cibearstalcaireacht, cibirchiapadh, cibearsplancáil agus cibirghríosú chun foréigin nó fuatha, agus iompar coiriúil a chumhdaítear le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Treoracha 2011/36/AE agus 2011/93/AE. Ar deireadh, tagann cionta coiriúla áirithe faoin dlí náisiúnta faoin sainmhíniú ar fhoréigean in aghaidh na mban. Áirítear orthu cionta amhail feimeamharú, éigniú, ciapadh gnéasach, mí-úsáid ghnéasach, stalcaireacht, luathphósadh, ginmhilleadh éigeantach, steiriliú éigeantach agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin, amhail ciapadh gnéasach ar líne agus cibearbhulaíocht. Is cineál foréigin é foréigean teaghlaigh a d’fhéadfaí a choiriúlú go sonrach faoin dlí náisiúnta nó a chumhdach le cionta coiriúla a dhéantar laistigh den teaghlach nó den aonad teaghlaigh nó idir iarchéilí nó céilí reatha nó idir iarpháirtithe nó páirtithe reatha, is cuma cé acu atá nó nach bhfuil teaghlach á roinnt acu. Is féidir le Ballstáit aonair tuiscint níos leithne a bheith acu ar a bhfuil i gceist le foréigean in aghaidh na mban faoin dlí coiriúil náisiúnta. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtugtar aghaidh leis an Treoir seo ar raon iomlán an iompair choiriúil arb ionann é agus foréigean in aghaidh na mban.

    (10)

    Is léiriú leanúnach é an foréigean in aghaidh na mban ar idirdhealú struchtúrach in aghaidh na mban, a eascraíonn as caidreamh cumhachta idir mná agus fir atá neamhionann go stairiúil. Is cineál foréigin inscnebhunaithe é a chuireann fir i bhfeidhm go príomha ar mhná agus ar chailíní. Tá sé fréamhaithe sna róil, iompraíochtaí, gníomhaíochtaí agus tréithe a measann sochaí iad a bheith oiriúnach d’fhir agus do mhná, ar rudaí iad atá tógtha go sóisialta. Dá bharr sin, ba cheart dearcadh atá íogair ó thaobh inscne de a chur san áireamh agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm.

    (11)

    Is fadhb shóisialta thromchúiseach é an foréigean teaghlaigh, fadhb a bhíonn i bhfolach go minic. Is féidir tráma tromchúiseach síceolaíoch agus fisiciúil a bheith mar thoradh air agus iarmhairtí tromchúiseacha aige do shaol pearsanta agus gairmiúil íospartaigh toisc gur gnách gur duine an ciontóir ar a bhfuil aithne ag an íospartach agus lena mbeadh coinne ag an íospartach a bheith in ann muinín a bheith aici nó aige as nó aisti. Is féidir foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le foréigean den sórt sin, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, gnéasach, síceolaíoch agus eacnamaíoch, agus is féidir leis tarlú laistigh de cineálacha éagsúla caidrimh. Is minic a chuimsíonn foréigean teaghlaigh smacht comhéigneach agus is féidir leis tarlú má bhí nó má tá teaghlach á roinnt ag an gciontóir leis an íospartach.

    (12)

    Ceaptar na bearta faoin Treoir seo chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní, ós rud é, mar atá dearbhaithe le sonraí agus staidéir, go ndéanann na cineálacha foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo difear díréireach dóibh, eadhon foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh. Mar sin féin, déantar difear do dhaoine eile leis na cineálacha foréigin sin freisin agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as na bearta céanna d’íospartaigh dá bhforáiltear sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ba cheart don téarma ‘íospartach’ a bheith ag tagairt do gach duine, gan beann ar a n-inscne, agus, mura sonraítear a mhalairt sa Treoir seo, ba cheart do gach íospartach a bheith in ann tairbhe a bhaint as na cearta a bhaineann le cosaint d’íospartaigh agus rochtain ar cheartas, tacaíocht d’íospartaigh agus bearta coisctheacha.

    (13)

    Mar gheall ar a leochaileacht, dá bhfeicfí foréigean teaghlaigh, d’fhéadfadh sé a bheith tubaisteach do leanaí. Is iondúil go ndéantar díobháil dhíreach shíceolaíoch agus mhothúchánach do leanaí a fheiceann foréigean teaghlaigh laistigh den aonad teaghlaigh nó baile, rud a chuireann isteach ar a bhforbairt agus tá baol méadaithe ann go bhfulaingeoidh siad ó thinneas fisiciúil agus meabhrach, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. Céim thábhachtach i gcosaint leanaí atá ag fulaingt mar gheall ar fhoréigean teaghlaigh is ea an admháil gur íospartaigh iad leanaí a ndearnadh díobháil dóibh go díreach toisc go bhfaca siad foréigean teaghlaigh.

    (14)

    Chun críocha na Treorach seo, ba cheart ‘údaráis inniúla’ a thuiscint mar an t-údarás nó na húdaráis a ainmníodh faoin dlí náisiúnta mar údaráis atá inniúil chun dualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh. Ba cheart do gach Ballstát a chinneadh cé na húdaráis atá le bheith inniúil i leith gach ceann de na dualgais sin.

    (15)

    De bhun Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá treoir le bheith ina ceangal, maidir leis an toradh atá le baint amach, ar gach Ballstát chuig a ndírítear í, ach tá sé le bheith fágtha faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Mar sin féin, i bhfianaise gur cion de chineál speisialta é ciorrú ball giniúna ban agus an ghá tá lena áirithiú go gcosnaítear íospartaigh a ndéantar damáiste sonrach dóibh mar thoradh air sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gcion sin go sonrach i ndlíthe coiriúla na mBallstát. Is cleachtas drochídeach agus dúshaothraitheach é ciorrú ball giniúna ban a bhaineann le baill ghiniúna mná nó cailín agus a dhéantar chun forlámhas ar mhná agus ar chailíní a chaomhnú agus a dhearbhú agus chun smacht sóisialta a chur ar ghnéasacht na mban agus na gcailíní. Déantar é uaireanta i gcomhthéacs pósadh éigeantais leanaí nó foréigean teaghlaigh. Is féidir le ciorrú ball giniúna ban tarlú mar chleachtas traidisiúnta a dhéanann comhphobail áirithe ar mhná. Ba cheart a chumhdach leis cleachtais chiorrúcháin a dhéantar ar chúiseanna nach cúiseanna leighis iad, a dhéanann damáiste doleasaithe agus damáiste ar feadh an tsaoil d’íospartaigh. Mar thoradh ar chiorrú ball giniúna ban, déantar damáiste síceolaíoch agus sóisialta, rud a chuireann isteach go mór ar cháilíocht saoil an íospartaigh. Ba cheart don téarma ‘eisceadh’ a bheith ag tagairt do bhaint amach iomlán nó páirteach an bhrillín agus an labia majora. Ba cheart don téarma ‘ionfhiobúlú’ a bheith ag tagairt do dhúnadh an labia majora trí liopaí seachtracha na pite a fhuáil go páirteach le chéile chun oscailt na faighne a chúngú. Ba cheart don téarma ‘aon chiorrú eile a dhéanamh’ a bheith ag tagairt do gach athrú fisiciúil eile ar na baill ghiniúna ban.

    (16)

    Is cineál foréigin é an pósadh éigeantais lena mbaineann sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha agus, go háirithe, cearta na mban agus na gcailíní chun sláine coirp, chun saoirse, chun neamhspleáchais, chun sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte, chun sláinte gnéis agus atáirgthe, chun oideachais agus chun an tsaoil phríobháidigh. Is tosca iad an bhochtaineacht, an dífhostaíocht, gnáthaimh nó coinbhleachtaí lena gcuirtear pósadh éigeantais chun cinn. Baintear úsáid as foréigean fisiciúil agus gnéasach agus as bagairtí foréigin go minic chun iallach a chur ar bhean nó ar chailín pósadh. Go minic, bíonn cineálacha teacht i dtír agus foréigin fhisiciúil agus shíceolaíoch, amhail teacht i dtír gnéasach, ag gabháil leis an bpósadh éigeantais. Dá bhrí sin, is gá do na Ballstáit uile an pósadh éigeantais a choiriúlú agus ciontóirí a chur faoi réir pionóis iomchuí. Ní dochar an Treoir seo do na sainmhínithe ar ‘phósadh’ dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann lenar féidir pósadh éigeantais a imscrúdú, a ionchúiseamh, a chur chun trialach agus breithniú a dhéanamh air. Ós rud é gur mionaoisigh iad íospartaigh an phósta éigeantais go minic, ba cheart do na tréimhsí teorann leanúint ar feadh tréimhse ama atá leordhóthanach agus atá i gcomhréir le tromchúis an chiona atá i gceist chun gur féidir imeachtaí a thionscnamh go héifeachtúil tar éis don íospartach 18 mbliana d’aois a shlánú.

    (17)

    Is gá foráil a dhéanamh do shainiú comhchuibhithe ar chionta agus do phionóis maidir le cineálacha áirithe cibearfhoréigin i gcás ina bhfuil dlúthbhaint ag foréigean le húsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (‘TFC’) agus ina n-úsáidtear na teicneolaíochtaí sin chun déine thionchar díobhálach an chiona a mhéadú go suntasach, rud a athraíonn saintréithe an chiona. Leis an gcibearfhoréigean, dírítear go háirithe ar pholaiteoirí, ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine ar mná iad. Is iad cosantóirí chearta an duine daoine aonair, grúpaí nó eagraíochtaí a dhéanann cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a aithnítear go huilíoch a chur chun cinn agus a chosaint. Is féidir leis an gcibearfhoréigean mná a chur ina dtost agus srian a chur ar a rannpháirtíocht shochaíoch, sa chaoi is nach bhfuil an rannpháirtíocht sin ar comhchéim le rannpháirtíocht shochaíoch na bhfear. Bíonn tionchar díréireach ag an gcibearfhoréigean ar mhná agus ar chailíní i suíomhanna oideachais, amhail scoileanna agus ollscoileanna, agus bíonn iarmhairtí díobhálacha aige sin ar a mbreisoideachas agus ar a meabhairshláinte, cruthaíonn sé eisiamh sóisialta, imní agus spreagann sé féindochar agus, i gcásanna tromchúiseacha, is féidir le féinmharú a bheith mar thoradh air.

    (18)

    Le húsáid TFC, tá an baol ann go méadófar go héasca, go tapa agus go forleathan cineálacha áirithe cibearfhoréigin lena ngabhann baol soiléir go gcruthófar nó go ngéarófar mórdhíobháil fhadtéarmach don íospartach. An fhéidearthacht go dtarlódh géarú den sórt sin, atá ina réamhriachtanas le haghaidh roinnt cionta cibearfhoréigin a dhéanamh, ar cionta iad a shainítear sa Treoir seo, ba cheart an fhéidearthacht sin a bheith léirithe leis an ngné a bhaineann le hábhar áirithe a dhéanamh ‘inrochtana don phobal’ trí bhíthin TFC. Ba cheart a thuiscint leis na téarmaí ‘inrochtana don phobal’ agus ‘inrochtana go poiblí’ gur tagairt iad don fhéidearthacht a bheith in ann líon suntasach daoine a shroicheadh. Ba cheart na téarmaí sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm ag féachaint do na himthosca ábhartha, lena n-áirítear an teicneolaíocht a úsáidtear chun an t-ábhar sin a dhéanamh inrochtana. Thairis sin, chun rialacha íosta a leagan síos do na cineálacha cibearfhoréigin is tromchúisí, tá na cionta ábhartha a shainítear sa Treoir seo teorannaithe d’iompar ar dóigh dó díobháil thromchúiseach nó díobháil thromchúiseach shíceolaíoch a dhéanamh don íospartach nó teorannaithe d'iompar ar dóigh dó eagla thromchúiseach a chur ar an íospartach go bhfuil a shábháilteacht nó a sábháilteacht nó sábháilteacht cleithiúnaithe i mbaol. I ngach cás, agus measúnú á dhéanamh an dócha go ndéanfadh an t-iompar díobháil thromchúiseach, ba cheart imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh, gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna. Is féidir an dóchúlacht go ndéanfaí díobháil thromchúiseach a thuiscint ó imthosca fíorasacha oibiachtúla. Leis an Treoir seo, bunaítear creat dlíthiúil íosta i ndáil leis sin, agus tá saoirse ag na Ballstáit rialacha coiriúla níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ar bun.

    (19)

    Go háirithe toisc gur féidir iad a scaipeadh go héasca, go tapa agus go forleathan, chomh maith lena gcineál dlúthphearsanta, maidir le híomhánna, físeáin nó ábhar comhchosúil ina léirítear gníomhaíochtaí gáirsiúla nó baill dhlúthphearsanta duine a dhéanamh inrochtana don phobal trí bhíthin TFC gan toiliú an duine sin, is féidir leis sin a bheith an-díobhálach d’íospartaigh. Ba cheart a chumhdach leis an gcion ábhartha a shainítear sa Treoir seo gach cineál ábhair den sórt sin, amhail íomhánna, grianghraif agus físeáin, lena n-áirítear íomhánna gnéasaithe, gearrthóga fuaime agus gearrthóga físe. Ba cheart a chumhdach leis cásanna ina ndéantar an t-ábhar a dhéanamh inrochtana don phobal trí bhíthin TFC gan toiliú an íospartaigh, is cuma ar thoiligh an t-íospartach le giniúint an ábhair nó an bhféadfadh sé gur tharchuir an t-íospartach chuig duine ar leith é. Ba cheart a áireamh sa chion freisin táirgeadh, ionramháil nó athrú neamhthoiliúil, mar shampla trí eagarthóireacht a dhéanamh ar íomhánna, lena n-áirítear trí bhíthin na hintleachta saorga, ar ábhar é a thugann le tuiscint go bhfuil duine ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnéasacha, a mhéid a dhéantar an t-ábhar inrochtana don phobal ina dhiaidh sin, trí bhíthin TFC, gan toiliú an duine sin. Ba cheart a áireamh le táirgeadh, ionramháil nó athrú den sórt sin ‘domhainbhrionnuithe’ a chumadh, i gcás inar an-chosúil an t-ábhar le duine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann go hiarbhír, ina léirítear gníomhaíochtaí gnéasacha duine leis an ábhar, agus ina bhfeicfí go bréagach do dhaoine eile go bhfuil an t-ábhar barántúil nó fírinneach. Ar mhaithe le híospartaigh iompair den sórt sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart an bhagairt go ndéanfaí iompar den sórt sin a chumhdach freisin.

    (20)

    Scaipeadh íomhánna, físeán nó ábhair eile ina léirítear gníomhaíochtaí gáirsiúla nó baill dhlúthphearsanta duine gan toiliú an duine sin ar an bpobal trí bhíthin TFC, níor cheart é a choiriúlú i gcás ina bhfuil gá le neamhchoiriúlú den sórt sin chun na cearta bunúsacha a chosnaítear faoin gCairt a choimirciú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an tsaoirse chun faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt i sochaí oscailte dhaonlathach, chomh maith le saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, lena n-áirítear an tsaoirse acadúil. Thairis sin, níor cheart a chumhdach leis an gcion ábhar a bheith á láimhseáil ag údaráis phoiblí, go háirithe chun imeachtaí coiriúla a sheoladh nó chun an choireacht a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, agus ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann duine a dhíolmhú ó fhreagracht in imthosca sonracha, mar shampla i gcás ina láimhseálann línte cabhrach teileafóin nó idirlín ábhar chun cion a thuairisciú do na húdaráis.

    (21)

    Is cineál nua-aimseartha foréigin í an chibearstalcaireacht a dhéantar go minic ar bhaill teaghlaigh nó ar dhaoine atá ina gcónaí sa teaghlach céanna leis na gciontóir, ach déanann iarpháirtithe nó daoine aitheantais í freisin. De ghnáth, baineann an ciontóir mí-úsáid as an teicneolaíocht chun iompar comhéigneach agus smachtúil, ionramháil agus faireachas a threisiú, rud a mhéadaíonn eagla, imní agus leithlisiú an íospartaigh de réir a chéile ó chairde, ó mhuintir agus óna chuid nó a cuid oibre. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha íosta maidir leis an gcibearstalcaireacht a bhunú. Ba cheart chumhdach le cion na cibearstalcaireachta faireachas a dhéantar arís is arís eile nó go leanúnach ar an íospartach, trí bhíthin TFC, gan toiliú an íospartaigh ná gan údarú dlíthiúil. D’fhéadfaí faireachas den sórt sin a chumasú trí shonraí pearsanta an íospartaigh a phróiseáil, amhail trí bhíthin bradaíl aitheantais, trí phasfhocail a ghoid, trí ghléasanna an íospartaigh a haiceáil, trí bhogearraí eochairlogála a ghníomhachtú go rúnda chun rochtain a fháil ar spásanna príobháideacha an íospartaigh, trí aipeanna geologánaithe a shuiteáil, lena n-áirítear earraí stalcaireachta, nó trí ghléasanna an íospartaigh a ghoid. Thairis sin, ba cheart a chumhdach le cion na cibearstalcaireachta faireachán a dhéanamh ar íospartaigh, gan toiliú ná údarú an íospartaigh, trí ghléasanna teicneolaíochta atá nasctha trí Idirlíon na Rudaí Nithiúla, amhail fearais chliste tí. Mar sin féin, is féidir cásanna a bheith ann ina ndéantar faireachas ar chúiseanna dlisteanacha, mar shampla i gcomhthéacs tuismitheoirí a dhéanann faireachán ar an áit ina bhfuil a leanaí agus ar a ngníomhaíocht ar líne, i gcomhthéacs gaolta a dhéanann faireachán ar shláinte daoine breoite, daoine scothaosta, daoine leochaileacha nó daoine faoi mhíchumas, nó i gcomhthéacs faireachán ar na meáin agus faisnéise foinse oscailte.

    (22)

    Ba cheart dliteanas coiriúil a theorannú do chásanna inar dócha go ndéanfadh faireachán díobháil thromchúiseach don íospartach. Agus measúnú á dhéanamh an dócha go ndéanfadh an gníomh díobháil thromchúiseach, ba cheart díriú ar cibé acu a dhéanfadh nó nach ndéanfadh an gníomh díobháil d’íospartach go ginearálta.

    (23)

    Sa sainiú ar chion na cibearstalcaireachta, ba cheart don choincheap ‘rianú’ a bheith ag tagairt do rianú shuíomh an duine agus gluaiseachtaí an duine sin a leanúint agus ba cheart don choincheap ‘faireachán’ a bheith ag tagairt do bheith ag coinneáil súil ar dhuine ar bhonn níos ginearálta, lena n-áirítear a bheith ag faire ar ghníomhaíochtaí an duine sin. I gcomhthéacs na cibearstalcaireachta, tá sé d’aidhm, sa deireadh, ag an dá ghníomh duine a smachtú.

    (24)

    Ba cheart rialacha íosta maidir le cion an chibirchiaptha a leagan síos chun na cineálacha cibirchiaptha is tromchúisí a chumhdach. Ba cheart a áireamh leis sin gabháil arís agus arís eile nó go leanúnach d’iompar bagrach atá dírithe ar dhuine ar a laghad i gcás ina mbaineann bagairtí le hiompar sin, trí bhíthin TFC, chun cionta coiriúla a dhéanamh agus i gcás inar dócha go gcuirfeadh iompar den sórt sin eagla thromchúiseach ar an duine maidir lena shábháilteacht nó sábháilteacht nó maidir le sábháilteacht cleithiúnaithe. Ba cheart a áireamh leis sin freisin gabháil, in éineacht le daoine eile, trí bhíthin TFC, d’iompar bagrach nó maslach atá inrochtana go poiblí, ar iompar é atá dírithe ar dhuine, i gcás inar dócha go ndéanfadh iompar den sórt sin díobháil thromchúiseach shíceolaíoch don duine sin. Is féidir le hionsaithe leathana den sórt sin, lena n-áirítear ionsaithe comhordaithe droinge ar líne, tiontú ina n-ionsaithe as líne nó a bheith ina gcúis le gortú suntasach síceolaíoch agus, i gcásanna tromchúiseacha, le féinmharú an íospartaigh. Is minic a dhírítear ionsaithe den sórt sin ar pholaiteoirí, ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine ar mná iad, nó ar mhná aitheanta eile, ach is féidir leo tarlú freisin i gcomhthéacsanna éagsúla, mar shampla ar champais, i scoileanna agus ag an obair. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar fhoréigean ar líne den sórt sin go háirithe i gcás ina dtarlaíonn na hionsaithe ar scála leathan, mar shampla i bhfoirm ciapadh carntha a bheith á dhéanamh ag líon suntasach daoine. Ba cheart a áireamh leis na rialacha íosta maidir le cion an chibirchiaptha freisin íomhá, físeán nó ábhar comhchosúil eile ina léirítear baill ghiniúna a sheoladh gan iarraidh chuig duine (‘cibearsplancáil’), i gcás inar dócha go ndéanfadh iompar den sórt sin díobháil thromchúiseach shíceolaíoch don duine sin. Úsáidtear an chibearsplancáil go minic chun mná a imeaglú agus a chur ina dtost. Ba cheart a áireamh freisin sna rialacha íosta maidir le cion an chibirchiaptha rialacha maidir le cásanna ina gcuirtear faisnéis phearsanta an íospartaigh ar fáil don phobal trí bhíthin TFC, gan toiliú an íospartaigh, chun daoine eile a ghríosú chun díobháil fhisiciúil shíceolaíoch nó díobháil thromchúiseach shíceolaíoch a dhéanamh don íospartach (‘docsáil’).

    (25)

    Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar ghríosú poiblí chun foréigin agus fuatha, lena n-áirítear bunaithe ar inscne, mar thoradh ar an méadú atá tagtha ar úsáid an idirlín agus na meán sóisialta. Treisítear scaipeadh éasca, tapa agus fairsing na fuathchainte tríd an domhan digiteach de thairbhe na héifeachta díchoisc ar líne, toisc go laghdaíonn toimhde na hanaithnideachta ar líne, agus an mothúchán go bhfuiltear saor ó phionós, an leisce a bheadh ar dhaoine caint den sórt sin a dhéanamh de ghnáth. Is minic a dhírítear ar mhná le fuath gnéasach agus le fuath in aghaidh na mban ar líne, ar féidir leis tiontú ina fhuathchoireacht as líne. Ní mór an t-iompar sin a chosc nó a stopadh ag céim luath. Ní i gcónaí a thagraíonn an friotal a úsáidtear sa chineál gríosaithe sin go díreach d’inscne an duine ar a bhfuiltear ag díriú, ach is féidir an spreagadh claonta a aithint go hindíreach ó ábhar foriomlán an ghríosaithe nó ó chomhthéacs foriomlán an ghríosaithe.

    (26)

    Le cion an chibirghríosaithe chun foréigin nó fuatha, glactar leis nach gcuirtear an gríosú in iúl i gcomhthéacs príobháideach amháin, ach go poiblí trí úsáid a bhaint as TFC. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith i gceist leis go scaipfí ábhar ar an bpobal, ar cheart a thuiscint leis mír ábhair ar leith arb ionann í agus gríosú chun foréigin nó fuatha a dhéanamh inrochtana, trí TFC, do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, eadhon an t-ábhar a dhéanamh inrochtana go héasca d’úsáideoirí i gcoitinne, gan gá le tuilleadh gníomhaíochta ón duine a sholáthair an t-ábhar, gan beann ar rochtain iarbhír a bheith ag na daoine sin ar an bhfaisnéis atá i gceist. Dá réir sin, i gcás ina bhfuil gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí chun rochtain a fháil ar an ábhar, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas a bheith scaipthe ar an bpobal ach amháin i gcás ina gcláraítear nó ina ligtear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an ábhar gan cinneadh ó dhuine nó gan roghnú cé dó nó di ar cheart rochtain a cheadú. Agus measúnú á dhéanamh acu an gcáilíonn ábhar mar ghríosú chun fuatha nó chun foréigin, ba cheart do na húdaráis inniúla an ceart bunúsach chun tuairimí a nochtadh mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt a chur san áireamh.

    (27)

    Chun cothromaíocht chóir a áirithiú idir an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ionchúiseamh chion an chibirghríosaithe chun foréigin nó fuatha, níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú pionós a ghearradh ach amháin i gcás inar iompar é a dhéantar ar bhealach a d’fhéadfadh cur isteach ar an mbeartas poiblí nó atá bagrach, drochídeach nó maslach. Níor cheart an bonn a bhaint d’éifeachtacht na forála lena sainítear cion an chibirghríosaithe chun foréigin nó fuatha mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin, i gcás ina gceanglaítear sin leis an dlí náisiúnta.

    (28)

    Ba cheart pionóis do na cionta a shainítear sa Treoir seo a beith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. Chuige sin, ba cheart íosleibhéil don uastéarma príosúnachta a shocrú do dhaoine nádúrtha. Maidir leis na huastéarmaí príosúnachta dá bhforáiltear sa Treoir seo le haghaidh na gcionta arna ndéanamh ag daoine nádúrtha, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na foirmeacha is tromchúisí de chionta den sórt sin ar a laghad.

    (29)

    Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a thuairisciú agus fianaise a sholáthar go héasca gan a bheith faoi réir íospairt thánaisteach ná athíospartha. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí íospartaigh, agus cionta á dtuairisciú acu, a atreorú chuig pointe teagmhála speisialaithe, nuair is féidir, gan beann ar ghearán coiriúil a bheith déanta. D’fhéadfadh gur póilín oilte nó aon ghairmí atá oilte chun cúnamh a sholáthar d’íospartaigh a bheadh sa phointe teagmhála sin.

    (30)

    Ba cheart do na Ballstáit, sa bhreis ar thuairisciú go pearsanta, an deis a sholáthar gearáin a thíolacadh ar líne nó trí TFC inrochtana agus slán eile chun foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú, ar a laghad maidir le cibearchoireanna chomhroinnt neamhthoiliúil na n-ábhar pearsanta nó ionramháilte, na cibearstalcaireachta, an chibirchiaptha agus an chibirghríosaithe chun foréigin nó fuatha mar a shainítear sa Treoir seo. Ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann ábhair a bhaineann lena dtuairisca uaslódáil, amhail seatanna scáileáin den iompar foréigneach líomhnaithe.

    (31)

    I bhfianaise shainiúlachtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, agus i bhfianaise an riosca mhéadaithe go bhféadfadh íospartaigh a ngearán a tharraingt siar in ainneoin gur íospartach ciona iad, tá sé tábhachtach go mbaileofaí fianaise ábhartha ar bhealach cuimsitheach a luaithe is féidir, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta is infheidhme.

    (32)

    Is féidir leis na Ballstáit cúnamh dlí, lena n-áirítear cúnamh dlí saor in aisce, a leathnú chuig íospartaigh agus cionta coiriúla á dtuairisciú acu, i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta. Agus measúnú á dhéanamh ar acmhainní an íospartaigh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ndeonófar cúnamh dlíthiúil, ba cheart do na Ballstáit rochtain éifeachtach an íospartaigh ar a acmhainní airgeadais nó a hacmhainní airgeadais a mheas. Is féidir smacht eacnamaíoch ag an gciontóir a bheith i gceist leis an bhforéigean teaghlaigh, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain éifeachtach ag íospartaigh ar a n-acmhainní airgeadais féin.

    (33)

    I gcás an fhoréigin teaghlaigh agus an fhoréigin in aghaidh na mban, go háirithe i gcás ina ndéanann dlúthbhaill teaghlaigh nó dlúthpháirtithe é, d’fhéadfadh íospartaigh a bheith faoin méid sin éigeantais ó thaobh an chiontóra go mbeadh eagla orthu dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla, fiú má tá a saol i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh a rialacha rúndachta ina gconstaic do ghairmithe cúraim sláinte cásanna a thuairisciú do na húdaráis inniúla, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil garbhaol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach fhisiciúil. Tá údar le tuairisciú den sórt sin toisc go bhféadfadh sé nach ndéanfadh na daoine dá dtarlaíonn gníomhartha den sórt sin nó a fhianaíonn gníomhartha den sórt sin go díreach iad a thuairisciú. Ar an gcaoi chéanna, maidir le cásanna d’fhoréigean teaghlaigh nó d’fhoréigean in aghaidh na mban a ndéantar difear do leanaí, is minic nach ndéantar iad a bhrath go dtí go dtugann tríú páirtithe iompar neamhrialta nó díobháil fhisiciúil don leanbh faoi deara. Ní mór leanaí a chosaint go héifeachtach ar cineálacha foréigin den sórt sin agus bearta leordhóthanacha a dhéanamh go pras. Dá bhrí sin, níor cheart do ghairmithe a mbíonn teagmháil acu le híospartaigh ar leanaí iad, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte, seirbhísí sóisialta nó oideachais, a bheith srianta ag rialacha rúndachta i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go ndearnadh díobháil thromchúiseach fhisiciúil do leanbh. I gcás ina dtuairiscíonn gairmithe cásanna foréigin den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil siad faoi dhliteanas i leith sárú rúndachta. Mar sin féin, ba cheart pribhléid ghairmiúil dlí a chosaint, i gcomhréir le hAirteagal 7 den Chairt, mar is cuí i bhfianaise an róil bhunúsaigh a shanntar do dhlíodóirí i sochaí dhaonlathach. I gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, ba cheart an phribhléid chléireach-aithríoch, nó prionsabail choibhéiseacha is infheidhme chun saoirse reiligiúin a choimirciú, a chosaint freisin. Ina theannta sin, ní dochar an fhéidearthacht atá ag gairmithe cásanna foréigin den sórt sin a thuairisciú do rialacha náisiúnta maidir le rúndacht foinsí is infheidhme i gcomhthéacs na meán.

    (34)

    Chun dul i ngleic le tearcthuairisciú i gcásanna inar leanbh an t-íospartach, ba cheart nósanna imeachta maidir le tuairisciú atá sábháilte agus oiriúnach do leanaí a bhunú. Is féidir ceistiú ó na húdaráis inniúla i dteanga shimplí inrochtana a bheith i gceist leis sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, a mhéid is féidir, go bhfuil gairmithe a bhfuil saineolas acu ar chúram agus tacaíocht a thabhairt do leanaí i láthair chun cabhrú leo le nósanna imeachta tuairiscithe. D’fhéadfadh nach mbeadh cúnamh den sórt sin ábhartha i gcásanna áirithe, mar shampla mar gheall ar aibíocht an linbh nó i gcás tuairisciú ar líne, nó i gcás ina bhféadfadh sé a bheith deacair cúnamh den sórt sin a thabhairt, mar shampla i limistéir inar tearc an daonra.

    (35)

    Tá sé tábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit nach ndíspreagfar íospartaigh ar náisiúnaigh tríú tír iad, gan beann ar a stádas cónaithe, ó chásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a thuairisciú agus go gcaithfear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir lena stádas cónaithe i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2012/29/AE. Chun gach íospartach a chosaint ar fhoréigean a dhéantar arís agus arís eile, tá sé tábhachtach cur chuige íospartach-lárnach a chur i bhfeidhm. Go háirithe, ba cheart a áirithiú nach gcuireann forfheidhmiú an nós imeachta um fhilleadh faoi Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cosc ar íospartaigh a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú faoi Threoir 2012/29/AE. Is féidir leis na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, cinneadh a dhéanamh cead cónaithe uathrialach nó údarú eile a dheonú lena dtairgtear ceart fanachta ar chúiseanna atruacha daonnúla nó eile do náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch agus tá siad leis an oibleagáid faoin Treoir sin a chomhlíonadh maidir le riachtanais speisialta daoine leochaileacha a chur san áireamh, a mhéid is féidir, le linn na tréimhse le haghaidh imeacht deonach, i gcás ina ndeonaítear tréimhse den sórt sin de bhun na Treorach sin.

    (36)

    D’fhéadfadh baol ar leith a bheith ann d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh i ngeall ar mhoilleanna maidir le gearáin fúthu a phróiseáil, ós rud é go bhféadfaidís fós bheith i mbaol láithreach agus go bhféadfadh na ciontóirí a bheith ina ndlúthbhaill teaghlaigh nó ina gcéilí go minic. Dá bhrí sin, ba cheart oiliúint chuí a chur ar na húdaráis inniúla agus an saineolas leordhóthanach agus na huirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha a bheith acu chun gníomhartha den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh, gan dualgas a bheith orthu seirbhísí nó aonaid speisialaithe a chur ar bun.

    (37)

    Níor cheart imscrúduithe ar ghníomhartha éignithe ná ionchúisimh ina leith a bheith ag brath ar íospartach nó ar ionadaí an íospartaigh a bheith ag tuairisciú gníomhartha den sórt sin nó ar ghearán ó íospartach nó ó ionadaí an íospartaigh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart leanúint d’imeachtaí coiriúla fiú i gcás ina dtarraingíonn an t-íospartach siar an gearán. Ní dochar an méid sin do rogha na n-údarás ionchúisimh scor d’imeachtaí coiriúla ar chúiseanna eile, mar shampla i gcás ina gcinneann siad nach bhfuil dóthain fianaise ann chun leanúint d’imeachtaí coiriúla.

    (38)

    Is iondúil go mbíonn cosaint láithreach agus tacaíocht shonrach de dhíth ar íospartaigh foréigin teaghlaigh agus íospartaigh foréigin ghnéasaigh, mar shampla i gcás foréigean dlúthpháirtí, nuair a bhíonn an ráta atitimeachais ard de ghnáth. Dá bhrí sin, ba cheart tús a chur le measúnú aonair ar riachtanais an íospartaigh ag an gcéim is luaithe is féidir, amhail tráth a thagann an t-íospartach i dteagmháil den chéad uair leis na húdaráis inniúla, a luaithe is féidir tar éis don íospartach teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis inniúla den chéad uair, nó a luaithe a thagann amhras chun cinn gur íospartach foréigin teaghlaigh nó foréigin ghnéasaigh an duine. Is féidir é sin a dhéanamh sula ndéanann íospartach cion a thuairisciú go foirmiúil nó ar thionscnamh na n-údarás inniúil féin má thuairiscíonn tríú páirtí an cion.

    (39)

    Agus measúnú á dhéanamh ar riachtanais chosanta agus tacaíochta an íospartaigh, ba cheart gurb é an príomhábhar imní a bheadh ann ná sábháilteacht an íospartaigh a áirithiú agus tacaíocht shaincheaptha a sholáthar, agus, inter alia, imthosca aonair an íospartaigh á gcur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh ar na himthosca lena n-éilítear aird ar leith, mar shampla, go bhfuil an t-íospartach torrach, go bhfuil an t-íospartach ag brath ar an gciontóir nó ar an duine atá faoi dhrochamhras nó go bhfuil an t-íospartach i gcaidreamh leis an gciontóir nó leis an duine atá faoi dhrochamhras, an baol go bhfillfeadh an t-íospartach ar an gciontóir nó ar an duine atá faoi dhrochamhras, go bhfuil an t-íospartach scartha le déanaí ón gciontóir nó ón duine atá faoi dhrochamhras, an baol féideartha go n-úsáidfí leanaí chun smacht a fheidhmiú ar an íospartach, na rioscaí d’íospartaigh faoi mhíchumas, agus úsáid ainmhithe coimhdeachta chun brú a chur ar an íospartach. Ba cheart méid an smachta atá ag an gciontóir nó ag an duine atá faoi dhrochamhras ar an íospartach, cibé acu go síceolaíoch nó go heacnamaíoch, a chur san áireamh freisin.

    (40)

    Chun tacaíocht chuimsitheach agus cosaint chuimsitheach d’íospartaigh a áirithiú, ba cheart baint a bheith ag na húdaráis inniúla uile agus ag na comhlachtaí ábhartha uile, gan a bheith teoranta d’údaráis forfheidhmithe dlí ná d’údaráis bhreithiúnacha, le measúnú a dhéanamh ar na rioscaí d’íospartaigh agus ar bhearta tacaíochta iomchuí ar bhonn treoirlínte soiléire arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Ba cheart a áireamh i dtreoirlínte den sórt sin tosca atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an mbaol a eascraíonn ón gciontóir nó ón duine atá faoi dhrochamhras, lena n-áirítear an tuiscint go bhfuil sé chomh dóchúil chéanna go mbeidh daoine atá faoi dhrochamhras atá cúisithe i mionchionta chomh contúirteach leis na daoine sin atá faoi dhrochamhras a chúisítear i gcionta níos tromchúisí, go háirithe i gcásanna foréigin teaghlaigh agus stalcaireachta. Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh an measúnú aonair go tráthrialta chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar aon riachtanas nua cosanta nó tacaíochta atá ag an íospartach. Mar shampla, d’fhéadfaí athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh ag amanna tábhachtacha sa phróiseas, amhail ag tús imeachtaí cúirte, tráth a thugtar breithiúnas nó ordú, nó i gcomhthéacs imeachtaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe caomhnóireachta nó ar chearta rochtana.

    (41)

    Chun íospairt thánaisteach agus athíospairt, imeaglú agus díoltas a sheachaint, ba cheart do chleithiúnaithe na bearta cosanta céanna a thugtar don íospartach a fháil, mura rud é go bhfuil comharthaí ann nach bhfuil riachtanais shonracha ag cleithiúnaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil aon chomharthaí ann nach bhfuil aon riachtanais shonracha chosanta ag an gcleithiúnaí toisc, más féidir a chinneadh nach bhfuil aon riachtanais shonracha chosanta ann, gur díréireach a bheadh aon bheart a bheadh bunaithe ar an toimhde mhícheart go bhfuil riachtanais chosanta shonracha ag baint leis. Mar gheall ar a leochaileacht, tá cleithiúnaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois go háirithe i mbaol díobháil mhothúchánach a fhulaingt a dhéanann dochar dá bhforbairt. I gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, is féidir a mheas go bhfuil cleithiúnaithe eile i mbaol rud comhchosúil.

    (42)

    Is minic a bhíonn tacaíocht shonrach de dhíth ar íospartaigh. Chun a áirithiú go bhfaigheann siad tairiscintí tacaíochta go héifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla íospartaigh a atreorú chuig na seirbhísí tacaíochta iomchuí. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh, go háirithe, i gcás ina bhfuil sé suite i measúnú aonair go bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith ag an íospartach. Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar íospartaigh ar leanaí iad a atreorú chuig seirbhísí tacaíochta, ba cheart tús áite a thabhairt do leas na n-íospartach sin, mar a leagtar síos in Airteagal 24 den Chairt. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an phróiseáil a dhéanann údaráis inniúla ar shonraí pearsanta gaolmhara bunaithe ar an dlí, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha maidir le dlíthiúlacht na próiseála a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart a áireamh ar dhlí den sórt sin coimircí iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta lena n-urramaítear éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna na ndaoine aonair a choimirciú. I gcás ina n-aistríonn údaráis inniúla sonraí pearsanta íospartach chuig seirbhísí tacaíochta chun críoch atreoraithe íospartach, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil na sonraí a aistrítear teoranta don mhéid is gá chun na seirbhísí tacaíochta a chur ar an eolas faoi imthosca an cháis, ionas go bhfaighidh íospartaigh an tacaíocht agus an chosaint iomchuí. Níor cheart do sheirbhís tacaíochta sonraí pearsanta a stóráil ach amháin chomh fada agus is gá agus, in aon chás, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana, nó tréimhse ama níos giorra má bhunaítear sa dlí náisiúnta é, tar éis na teagmhála deireanaí idir an tseirbhís tacaíochta agus an t-íospartach.

    (43)

    Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil fáil ar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta chun cosaint éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh agus do chleithiúnaithe.

    (44)

    Gan ionadú a dhéanamh ar ghabháil agus coinneáil daoine atá faoi dhrochamhras agus ciontóirí, a fhanann faoi réir an dlí náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta a eisiúint i gcásanna ina bhfuil contúirt láithreach ann, amhail i gcás ina bhfuil díobháil ar tí tarlú nó ina bhfuil sí tagtha chun cinn cheana féin agus gur dócha go ndéanfar an díobháil sin arís, agus, i gcásanna ábhartha den sórt sin agus i gcás, de bhun an dlí náisiúnta, ina bhfuil orduithe den sórt sin faoi réir iarratas ón íospartach, go gcuirtear íospartaigh ar an eolas faoin bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar orduithe den sórt sin.

    (45)

    Is féidir a áireamh ar orduithe cosanta cosc a chur ar an gciontóir rochtain a fháil ar cheantair áirithe, ar theacht níos gaire d’íospartach nó do chleithiúnaithe ná achar forordaithe nó ar theagmháil a dhéanamh leo, lena n-áirítear trí chomhéadain ar líne a úsáid. Is féidir a áireamh ar orduithe cosanta freisin toirmeasc a chur ar airm thine nó airm mharfacha a shealbhú, i gcás inar gá. Ba cheart orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta a eisiúint ar feadh tréimhse shonraithe nó go dtí go ndéanfar iad a mhodhnú nó a urscaoileadh.

    (46)

    Le faireachán leictreonach, is féidir, i gcás inarb ábhartha, comhlíonadh orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta a áirithiú, fianaise ar sháruithe ar orduithe den sórt sin a thaifeadadh agus maoirseacht ciontóirí a fheabhsú. I gcás ina bhfuil sé ar fáil, iomchuí agus ábhartha, agus imthosca an cháis agus cineál dlíthiúil na n-imeachtaí á gcur san áireamh, ba cheart faireachán leictreonach a mheas chun forfheidhmiú orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta a áirithiú. I gcás ina n-úsáidtear faireachán leictreonach, ba cheart íospartaigh a chur ar an eolas i gcónaí faoi chumais agus teorainneacha an fhaireacháin leictreonaigh.

    (47)

    Chun éifeachtacht orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta a choimirciú, ba cheart sáruithe ar orduithe den sórt sin a bheith faoi réir pionós. Is féidir leis na pionóis sin a bheith de chineál coiriúil nó neamhchoiriúil agus is féidir príosúnacht, fíneálacha nó aon phionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a bheith san áireamh leo. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh an rogha ag íospartaigh a bheith ar an eolas faoi shárú ar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta, i gcás ina bhféadfadh sárú den sórt sin tionchar a imirt ar a sábháilteacht. Ós rud é gur féidir le sáruithe ar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta rioscaí a mhéadú agus gur gá tuilleadh cosanta a chur i bhfeidhm mar gheall orthu, ba cheart athbhreithniú ar an measúnú aonair a mheas, nuair is gá, tar éis sárú tuairiscithe.

    (48)

    Trí fhianaise maidir le hiompar gnéasach an íospartaigh roimhe seo, roghanna gnéis an íospartaigh agus éadaí nó feisteas an íospartaigh a chur i láthair chun cur i gcoinne chreidiúnacht agus easpa toilithe na n-íospartach i gcásanna foréigin ghnéasaigh, go háirithe cásanna éignithe, is féidir steiréitíopaí díobhálacha d’íospartaigh a threisiú agus íospairt thánaisteach nó athíospairt a bheith mar thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gceadaítear fianaise a bhaineann le hiompar gnéasach an íospartaigh roimhe seo, nó le gnéithe eile de shaol príobháideach an íospartaigh a bhaineann leis sin, ach amháin i gcás ina bhfuil gá léi chun measúnú a dhéanamh ar shaincheist shonrach sa chás i dtrácht nó chun na cearta chun cosanta a fheidhmiú.

    (49)

    I bhfianaise na sainiúlachtaí agus na gcúinsí uathúla a bhaineann le cionta foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, tá luach bunúsach ag baint le treoirlínte d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis ionchúisimh. Mar gheall ar leochaileachtaí ar leith na n-íospartach, tá sé ríthábhachtach treoir a thabhairt maidir leis an gcaoi ar cheart caitheamh leo ag gach céim den phróiseas chun feasacht a mhúscailt agus chun athíospairt a sheachaint agus aghaidh á tabhairt ar na cineálacha sin cionta. Is féidir treoirlínte d’údaráis ionchúisimh a thuiscint mar lámhleabhar nós imeachta agus mar thagairt don dea-chleachtas araon. Go háirithe maidir le conas dul i dteagmháil le híospartaigh agus conas caitheamh leo i gcomhréir lena gcúinsí uathúla agus lena dtaithí uathúil, is féidir le sainseirbhísí ban sainchomhairle agus saintreoir a thabhairt bunaithe ar a n-idirghníomhaíochtaí laethúla le híospartaigh. Moltar do na Ballstáit dul i gcomhairle le sainseirbhísí ban agus comhoibriú leo chun aon treoirlínte den sórt sin a chruthú agus chun athbhreithniú a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a dtreoirlínte d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis ionchúisimh nuair a tharlaíonn forbairtí tábhachtacha ina gcreataí dlíthiúla nó sa tsochaí i gcoitinne. D’fhéadfaí a áireamh leis sin cásanna ina ndéantar athruithe substaintiúla ar dhlíthe atá ann cheana nó ar chásdlí seanbhunaithe nó ina dtagann treochtaí nua nó cineálacha nua foréigin chun cinn, go háirithe i gcás ina n-eascraíonn cineálacha nua cibearfhoréigin as forbairtí teicneolaíocha.

    (50)

    I bhfianaise chastachtaí agus thromchúis chionta an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus i bhfianaise riachtanais shonracha tacaíochta na n-íospartach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraíonn comhlachtaí ainmnithe tacaíocht bhreise agus go ndéanann siad cionta den sórt sin a chosc. I bhfianaise an tsaineolais atá acu in ábhair a bhaineann leis an idirdhealú ar fhorais ghnéis, is maith atá comhlachtaí comhionannais náisiúnta, a cuireadh ar bun i gcomhréir le Treoir 2004/113/CE ón gComhairle (9), agus le Treoracha 2006/54/CE (10) agus 2010/41/AE (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, in ann na cúraimí sin a dhéanamh. Chun go mbeidh na comhlachtaí sin in ann a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraítear acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais dóibh.

    (51)

    Maidir le cionta áirithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, tá riosca ag baint leo go dtarlódh íospairt athfhillteach, fhaidréiseach nó leanúnach fiú. Tarlaíonn an riosca sin go háirithe i ndáil le cionta a bhaineann le hábhar a eascraíonn as cionta áirithe cibearfhoréigin a dhéanamh inrochtana, trí TFC, i bhfianaise a éasca agus a ghasta is féidir ábhar den sórt sin a scaipeadh ar mhórscála agus na ndeacrachtaí a bhíonn ann go minic maidir le hábhar den sórt sin a bhaint anuas. Tá an riosca sin fós ann fiú tar éis ciontaithe. Dá bhrí sin, chun cearta íospartaigh na gcionta sin a chosaint go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit bearta oiriúnacha a dhéanamh a bhfuil sé mar aidhm leo an t-ábhar i dtrácht a bhaint anuas go pras. Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sé indéanta i gcónaí an t-ábhar a bhaint anuas ag an bhfoinse, mar shampla mar gheall ar dheacrachtaí dlíthiúla nó praiticiúla a bhaineann le hordú baint anuas a fhorghníomhú nó a fhorfheidhmiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit foráil a dhéanamh freisin d’orduithe chun rochtain ar ábhar den sórt sin a dhíchumasú go pras.

    (52)

    Maidir le forálacha na Treorach seo maidir le horduithe agus bearta eile chun ábhar ábhartha a bhaint anuas agus rochtain air a dhíchumasú, níor cheart aon difear a dhéanamh do na rialacha ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Go háirithe, ba cheart a chomhlíonadh le horduithe den sórt sin an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta maidir le faireachán nó aimsiú gníomhach fíoras a fhorchur agus ceanglais shonracha an Rialacháin sin maidir le horduithe chun ábhar neamhdhleathach ar líne a bhaint anuas.

    (53)

    Ar na bearta arb é is aidhm dóibh ábhar a bhaint anuas go pras nó rochtain ar ábhar a dhíchumasú, ba cheart a áireamh, go háirithe, cumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta orduithe a eisiúint chuig soláthraithe seirbhísí óstála chun mír shonrach amháin nó níos mó den ábhar i dtrácht a bhaint anuas nó rochtain uirthi nó orthu a dhíchumasú. Ba cheart d’údaráis náisiúnta a bheith in ann orduithe a dhíriú freisin ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha eile chun rochtain a dhíchumasú.

    (54)

    Aon bhearta chun ábhar a bhaint anuas nó chun rochtain air a dhíchumasú, lena n-áirítear, go háirithe, orduithe chun ábhar a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú, d’fhéadfadh siad difear a dhéanamh do chearta agus leasanna páirtithe seachas na híospartaigh, amhail na soláthraithe ábhair, na soláthraithe seirbhísí óstála a bhféadfaí a gcuid seirbhísí a úsáid agus úsáideoirí deiridh na seirbhísí sin, chomh maith leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, ba cheart a áirithiú nach féidir orduithe agus bearta den sórt sin a dhéanamh ach ar bhealach trédhearcach agus go ndéantar foráil maidir le coimircí leordhóthanacha chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith teoranta don mhéid is gá agus is comhréireach, go n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, gur féidir le soláthraithe seirbhísí óstála, soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha eile agus soláthraithe ábhair a gceart chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtaigh a fheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus go ndéantar cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na cearta agus na leasanna uile lena mbaineann, lena n-áirítear cearta bunúsacha na bpáirtithe uile lena mbaineann i gcomhréir leis an gCairt. Tá tábhacht ag baint le hualú cúramach na gceart agus na leasanna uile atá i mbaol de réir an cháis.

    (55)

    I bhfianaise na tábhachta a d’fhéadfadh a bheith le hábhar a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do na horduithe nó do na bearta eile arna ndéanamh faoin Treoir seo chun é a bhaint nó chun rochtain air a dhíchumasú chun na cionta ábhartha a imscrúdú nó a ionchúiseamh faoin dlí coiriúil, ba cheart na bearta is gá a dhéanamh ionas gur féidir leis na húdaráis inniúla ábhar den sórt sin a fháil nó a dhaingniú, i gcás inar gá. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis na bearta sin, mar shampla, ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhísí óstála ábhartha nó ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha eile an t-ábhar a tharchur chuig na húdaráis sin nó an t-ábhar a chaomhnú ar feadh tréimhse theoranta nach dtéann thar a bhfuil riachtanach. Ba cheart slándáil an ábhair a áirithiú le haon bhearta den sórt sin, ba cheart do bhearta den sórt sin a bheith teoranta i gcónaí don mhéid atá réasúnach agus comhréireach, agus ba cheart dóibh na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh.

    (56)

    Chun íospairt thánaisteach a sheachaint, ba cheart d’íospartaigh a bheith in ann cúiteamh a fháil le linn imeachtaí coiriúla.

    (57)

    Ba cheart do sheirbhísí speisialaithe tacaíochta tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh gach cineáil foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, lena n-áirítear foréigean gnéasach, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais, ginmhilleadh éigeantach agus steiriliú, ciapadh gnéasach agus cineálacha éagsúla cibearfhoréigin. Ba cheart sainseirbhísí tacaíochta a thairiscint d’íospartaigh gan beann ar ghearán foirmiúil a bheith déanta acu.

    (58)

    Ba cheart do shainseirbhísí tacaíochta tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh atá saincheaptha dá riachtanais shonracha. Ba cheart do dhuine den inscne chéanna tacaíocht den sórt sin a sholáthar i gcás ina n-iarrtar sin nó i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina bhfuil duine den sórt sin ar fáil. Ag cur leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2012/29/AE, is gá an creat dlíthiúil a fhorlíonadh chun a áirithiú go soláthraítear sainseirbhísí tacaíochta leis na huirlisí uile is gá chun tacaíocht spriocdhírithe agus chomhtháite a sholáthar d’íospartaigh, i bhfianaise a riachtanas sonrach. D’fhéadfaí seirbhísí den sórt sin a sholáthar sa bhreis ar sheirbhísí ginearálta tacaíochta d’íospartaigh, nó mar chuid chomhtháite de sheirbhísí den sórt sin, ar féidir leo leas a bhaint as eintitis atá ann cheana a sholáthraíonn saintacaíocht, amhail sainseirbhísí tacaíochta do mhná. D’fhéadfadh údaráis phoiblí, eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha eile saintacaíocht a sholáthar, agus tíreolaíocht agus comhdhéanamh déimeagrafach na mBallstát á gcur san áireamh. Ba cheart acmhainní daonna leordhóthanacha agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a thabhairt d’údaráis den sórt sin nó d’eagraíochtaí den sórt sin. I gcás inarb eagraíochtaí neamhrialtasacha a sholáthraíonn na seirbhísí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann siad cistí iomchuí.

    (59)

    Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag sainseirbhísí ban maidir le comhairle agus tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh, lena n-áirítear ionaid tacaíochta do mhná, ionaid dídine do mhná, línte cabhrach, ionaid éigeandála um éigniú, ionaid atreorúcháin d’fhoréigean gnéasach agus seirbhísí coisctheacha príomhúla. Is féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha faoi stiúir ban iad a sholáthar freisin.

    (60)

    Is iondúil go mbíonn an iliomad riachtanas cosanta agus tacaíochta ag íospartaigh. Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na riachtanais sin, ba cheart do na Ballstáit sainseirbhísí tacaíochta a sholáthar san áitreabh céanna, trí sheirbhísí a chomhordú trí phointe teagmhála, nó trí rochtain ar sheirbhísí den sórt sin a éascú trí rochtain ilfhreastail ar líne. Le rochtain ilfhreastail ar líne, d’áiritheofaí go mbeadh íospartaigh i gceantair iargúlta nó íospartaigh nach bhfuil ar a gcumas sainseirbhísí tacaíochta den sórt sin a shroicheadh go fisiciúil in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí den sórt sin freisin. Ba cheart a bheith i gceist le rochtain ilfhreastail ar líne, ar a laghad, suíomh gréasáin aonair cothrom le dáta a chur ar bun ar a gcuirtear an fhaisnéis ábhartha uile agus treoracha maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta agus cosanta atá ar fáil. Ba cheart le suíomh gréasáin den sórt sin na ceanglais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas a leanúint.

    (61)

    Tá riachtanais tacaíochta uathúla ag íospartaigh i bhfianaise an tráma a d’fhualaing siad. Ba cheart do shainseirbhísí tacaíochta cúnamh a sholáthar d’íospartaigh, rud a thugann níos mó cumhachta dóibh agus a chuidíonn lena bpróiseas téarnaimh. Ba cheart líon leordhóthanach sainseirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil agus iad scaipthe go leormhaith ar chríoch gach Ballstáit, agus tíreolaíocht agus comhdhéanamh déimeagrafach an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh, chomh maith le modhanna ar líne a thairiscint. Chun cabhrú leis an gcuspóir sin, ba cheart tacaíocht speisialaithe a sholáthar, nuair is féidir, i dteanga is féidir leis an íospartach a thuiscint agus ar bhealach atá oiriúnach ó thaobh aoise de don íospartach.

    (62)

    Ba cheart a mheas go bhfuil sainseirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear ionaid dídine agus ionaid éigeandála um éigniú, bunriachtanach le linn géarchéimeanna agus staideanna éigeandála, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte. Is é an aidhm ba cheart a bheith ann go leanfaí de na seirbhísí sin a thairiscint i gcásanna ina dtagann borradh faoi chásanna foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban.

    (63)

    Ba cheart cúnamh agus tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina ndiaidh, mar shampla i gcás ina bhfuil gá fós le cóir leighis chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tromchúiseacha fisiciúla nó síceolaíocha an fhoréigin, nó i gcás ina bhfuil sábháilteacht an íospartaigh i mbaol mar gheall ar na ráitis a rinne an t-íospartach le linn na n-imeachtaí sin.

    (64)

    I ngeall ar a thrámaithí atá an foréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú, tá freagairt an-íogair ag teastáil ó bhaill foirne oilte agus speisialaithe. Tá gá ag íospartaigh an foréigin ghnéasaigh le tacaíocht tráma phráinneach in éineacht le scrúduithe fóiréinseacha láithreacha chun an fhianaise atá ag teastáil le haghaidh ionchúisimh amach anseo a choinneáil slán. Ba cheart líon leordhóthanach ionad éigeandála um éigniú nó ionad atreorúcháin d’fhoréigean gnéasach a bheith ar fáil agus iad scaipthe go leormhaith ar chríoch gach Ballstáit, agus tíreolaíocht agus comhdhéanamh déimeagrafach an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh. Is féidir le hionaid den sórt sin a bheith mar chuid den chóras cúraim sláinte atá ann cheana sa Bhallstát. Ar an gcaoi chéanna, is iondúil go mbíonn tacaíocht spriocdhírithe de dhíth ar íospartaigh ciorraithe ball giniúna ban, ar cailíní iad go minic. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthraíonn siad tacaíocht thiomnaithe atá saincheaptha do na híospartaigh sin. I bhfianaise imthosca uathúla íospartaigh cionta den sórt sin agus na leochaileachta a bhaineann leo, ba cheart saintacaíocht den sórt sin a sholáthar agus na caighdeáin is airde príobháideachais agus rúndachta á n-urramú.

    (65)

    Meastar gur idirdhealú ar fhorais ghnéis é gnéaschiapadh ag an obair le Treoracha 2004/113/CE, 2006/54/CE agus 2010/41/AE. Bíonn iarmhairtí diúltacha suntasacha ag an ngnéaschiapadh ag an obair ar na híospartaigh agus ar na fostóirí araon. Ba cheart seirbhísí comhairleoireachta inmheánacha nó seachtracha a sholáthar d’íospartaigh agus d’fhostóirí araon, i gcás ina ndéantar gnéaschiapadh ag an obair a choiriúlú go sonrach faoin dlí náisiúnta. Ba cheart a áireamh i seirbhísí den sórt sin faisnéis maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar chásanna gnéaschiaptha ag an obair agus ar leigheasanna atá ar fáil chun an ciontóir a bhaint den áit oibre.

    (66)

    Moltar do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil línte cabhrach náisiúnta inrochtana saor in aisce tríd an uimhir chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, eadhon 116 016, sa bhreis ar aon uimhreacha náisiúnta atá ann cheana, agus go bhfuil siad ar fáil de lá agus d’oíche. Ba cheart an pobal a chur ar an eolas go leormhaith faoin uimhir chomhchuibhithe sin a bheith ann agus faoina húsáid. Ba cheart do shainseirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear sainseirbhísí tacaíochta do mhná, a bheith in ann línte cabhrach den sórt sin a oibriú i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta. Tá taithí shuntasach ag soláthraithe línte cabhrach atá ann cheana, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, ar sheirbhísí den sórt sin a sholáthar. Ba cheart a áireamh leis an tacaíocht a sholáthraítear trí línte cabhrach den sórt sin comhairleoireacht ghéarchéime agus soláthar faisnéise d’íospartaigh faoi sheirbhísí duine le duine, amhail ionaid dídine, sainseirbhísí tacaíochta, seirbhísí sóisialta agus sláinte ábhartha eile nó na póilíní. Ba cheart do línte cabhracha tacaíochta d’íospartaigh na coireachta a bheith in ann íospartaigh a atreorú chuig sainseirbhísí tacaíochta, sainlínte cabhrach, nó an dá rud, i gcás inar gá agus ina n-iarrtar sin.

    (67)

    Tá ról ríthábhachtach ag ionaid dídine agus ag cóiríocht eatramhach iomchuí eile d’íospartaigh na coireachta chun íospartaigh a chosaint ar ghníomhartha foréigin. Chomh maith le háit shábháilte fanachta a sholáthar, ba cheart d’ionaid dídine an tacaíocht is gá a sholáthar maidir le fadhbanna cónasctha a bhaineann le sláinte na n-íospartach, lena n-áirítear meabhairshláinte, staid airgeadais agus folláine a gcuid leanaí, agus íospartaigh á n-ullmhú sa deireadh do shaol neamhspleách. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach ionad dídine agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile ar fáil. Is é is aidhm don téarma ‘líon leordhóthanach’ a áirithiú go bhfreastalaítear ar riachtanais na n-íospartach uile, ó thaobh áiteanna in ionaid dídine agus saintacaíochta de araon. Sa Tuarascáil Ghníomhaíochta Deiridh ó mhí Mheán Fómhair 2008 ó Thascfhórsa Chomhairle na hEorpa chun Foréigean in aghaidh na mBan a Chomhrac, lena n-áirítear Foréigean Teaghlaigh, moltar go mbeadh cóiríocht shábháilte ann in ionaid dídine speisialaithe do mhná, ar fáil i ngach réigiún, le háit teaghlaigh amháin in aghaidh gach 10 000 sa daonra. Mar sin féin, ba cheart líon na n-áiteanna in ionaid dídine a bheith ag brath ar mheastachán réalaíoch ar an riachtanas iarbhír. Ba cheart céannacht na n-íospartach atá ag fanacht in ionaid dídine den sórt sin a choinneáil faoi rún chun sábháilteacht na mban a áirithiú. Ba cheart ionaid dídine a fheistiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban, lena n-áirítear trí ionaid dídine do mhná amháin a sholáthar. Ba cheart ionaid dídine agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile a bheith ar fáil do chleithiúnaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois. Mar sin féin, tá sábháilteacht agus folláine na n-íospartach atá ag fanacht in ionaid dídine den sórt sin agus i gcóiríocht den sórt sin fós ar an gcéad tosaíocht, go háirithe i gcás ina roinneann íospartaigh agus cleithiúnaithe atá ar thairseach na haosachta cóiríocht. I gcás nach bhfuil ionaid dídine saor in aisce agus ina n-iarrann na Ballstáit ranníocaíocht ó íospartaigh nuair a dhéantar iad a óstáil in ionaid dídine nó i gcóiríocht eatramhach, ba cheart don ranníocaíocht a bheith inacmhainne agus níor cheart di bac a chur ar íospartaigh rochtain a fháil ar ionaid dídine ná ar chóiríocht eatramhach. Ba cheart d’ionaid dídine a áirithiú go bhfuil foireann oilte speisialaithe ann chun teagmháil a dhéanamh le híospartaigh agus chun tacú leo.

    (68)

    Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na hiarmhairtí diúltacha do leanaí, ba cheart a áireamh ar bhearta tacaíochta do leanaí comhairleoireacht shíceolaíoch speisialaithe arna cur in oiriúint d’aois, riachtanais forbartha agus staid aonair an linbh, mar aon le cúram péidiatraiceach i gcás inar gá, agus ba cheart iad a sholáthar a luaithe a bheidh forais réasúnacha ag na húdaráis inniúla lena chreidiúint go bhféadfadh sé gur íospartaigh iad leanaí, lena n-áirítear leanaí atá ina bhfinnéithe. Agus tacaíocht á soláthar do leanaí, ba cheart tús áite a thabhairt do chearta an linbh, mar a leagtar síos in Airteagal 24 den Chairt.

    (69)

    I bhfianaise iarmhairtí fadsaoil an fhoréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh do leanaí ar maraíodh a dtuismitheoir mar thoradh ar na cionta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir le leanaí den sórt sin tairbhe iomlán a bhaint as an Treoir seo, go háirithe trí bhearta cosanta agus tacaíochta spriocdhírithe, lena n-áirítear le linn aon imeachtaí breithiúnacha ábhartha.

    (70)

    Chun sábháilteacht leanaí a áirithiú le linn cuairteanna féideartha le ciontóir nó le duine atá faoi dhrochamhras ar sealbhóir freagrachta tuismitheora é nó í a bhfuil cearta rochtana aige nó aici de réir mar a chinntear iad faoi rialacha náisiúnta an dlí shibhialta is infheidhme, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar áiteanna neodracha faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear oifigí cosanta leanaí nó leasa, a chur ar fáil ionas gur féidir cuairteanna den sórt sin a dhéanamh chun leas an linbh. Más gá, ba cheart na cuairteanna a thabhairt nuair a bhíonn oifigigh cosanta nó leasa leanaí i láthair. I gcás inar gá foráil a dhéanamh maidir le cóiríocht eatramhach, ba cheart, mar thosaíocht, cóiríocht a thabhairt do leanaí in éineacht le sealbhóir freagrachta tuismitheora nach é nó í an ciontóir nó nach é nó í an duine atá faoi dhrochamhras. Ba cheart leas an linbh a chur san áireamh i gcónaí.

    (71)

    Tá íospartaigh a ndéantar idirdhealú trasnach orthu i mbaol méadaithe an fhoréigin. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin mná faoi mhíchumas, mná a bhfuil stádas cónaithe cleithiúnach nó cead cónaithe cleithiúnach acu, mná imirceacha gan doiciméid, mná ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad, mná atá ag teitheadh ó choinbhleacht armtha, mná atá thíos le heaspa dídine, mná a bhfuil cúlra cine nó eitneach mionlaigh acu, mná atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, mná atá i mbun striapachais, mná a bhfuil ioncam íseal acu, mná atá faoi choinneáil, daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha nó idirghnéasacha, mná scothaosta nó mná a bhfuil neamhoird alcóil nó neamhoird úsáide drugaí acu. Dá bharr sin, ba cheart d’íospartaigh a ndéantar idirdhealú trasnach orthu cosaint agus tacaíocht shonrach a fháil.

    (72)

    Is ar bhealach díréireach a bhíonn mná faoi mhíchumas thíos le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh agus, mar gheall ar a míchumas, is minic a bhíonn deacracht acu rochtain a fháil ar bhearta cosanta agus tacaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur féidir leo tairbhe iomlán a bhaint as na cearta a leagtar amach sa Treoir seo ar bhonn comhionann le daoine eile, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar a leochailí atá íospartaigh den sórt sin agus an deacracht is dócha a bhíonn acu chun cabhair a lorg.

    (73)

    Ba cheart gníomhaíochtaí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc a bheith bunaithe ar chur chuige cuimsitheach atá comhdhéanta de bhearta coisctheacha príomhúla, tánaisteacha agus treasacha. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bearta coisctheacha príomhúla cosc a chur ar fhoréigean tarlú agus d’fhéadfaí a áireamh leo gníomhaíochtaí amhail feachtais múscailte feasachta agus cláir oideachais spriocdhírithe chun cur le tuiscint i measc an phobail i gcoitinne ar na léirithe éagsúla de gach cineál foréigin agus ar a n-iarmhairtí agus chun cur leis an eolas faoi thoiliú i gcaidreamh idirphearsanta ag aois óg. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag bearta coisctheacha tánaisteacha foréigean a bhrath go luath agus cosc a chur ar a dhul chun cinn nó a ghéarú ag céim luath. Ba cheart an cosc treasach a dhíriú ar athchiontú agus athíospairt a chosc agus ar iarmhairtí an fhoréigin a bhainistiú i gceart agus d’fhéadfaí a áireamh leis sin cur chun cinn idirghabháil an tslua, ionad luath-idirghabhála agus clár idirghabhála.

    (74)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta coisctheacha iomchuí a dhéanamh. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta den sórt sin feachtais múscailte feasachta chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chomhrac. Is féidir cosc a bheith ina chuid den oideachas foirmiúil freisin, go háirithe trí oideachas gnéasachta, inniúlachtaí soch-mhothúchánacha agus ionbhá a neartú agus trí fhoghlaim conas caidreamh folláin measúil a fhorbairt. Agus na bacainní teanga agus na leibhéil éagsúla litearthachta agus cumais á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit bearta spriocdhírithe a dhíriú ar ghrúpaí a bhfuil baol méadaithe rompu, lena n-áirítear leanaí, agus aois agus aibíocht na leanaí sin á gcur san áireamh, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil neamhoird alcóil agus neamhoird úsáide drugaí acu, agus daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha nó idirghnéasacha.

    (75)

    Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar steiréitíopaí díobhálacha inscne a bheith á gcothú chun deireadh a chur leis an gcoincheap faoi ísleacht mná nó faoi róil steiréitíopacha na mban agus na bhfear. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú nach mbreathnófaí ar an gcultúr, ar ghnáthaimh, ar an reiligiún, ar an traidisiún ná ar an onóir mar údar le cionta foréigin in aghaidh na mban nó le foréigean teaghlaigh ná mar údar le go gcaithfí leis na cionta sin ar bhealach níos boige. Ba cheart do bhearta coisctheacha a bheith ina spreagadh d’fhir agus do bhuachaillí chun bheith ina n-eiseamláirí dearfacha chun tacú leis an gcomhionannas idir fir agus mná, ach ba cheart é a bheith d’aidhm ag na bearta sin freisin steiréitíopaí a shárú lena gcuirtear bac ar fhir cabhair a lorg i gcásanna foréigin atá dírithe orthu. Ós rud é go nochtar leanaí, ó aois an-óg, do róil inscne a mhúnlaíonn a bhféintuairim agus a imríonn tionchar ar a roghanna acadúla agus gairmiúla chomh maith lena róil mar mhná agus fir ar feadh a saoil, tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne ag leibhéal an oideachais luath-óige agus an chúraim luath-óige.

    (76)

    Chun acmhainní a dhíriú ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leo, maidir leis an gceanglas bearta coisctheacha a dhéanamh chun feasacht a ardú maidir le ciorrú ball giniúna ban agus pósadh éigeantais agus méid na mbeart sin, ba cheart don cheanglas sin a bheith i gcomhréir le líon na ndaoine atá i mbaol an chleachtais sin nó a ndéanann an cleachtas sin difear dóibh sa Bhallstát lena mbaineann.

    (77)

    Chun a áirithiú go ndéantar íospartaigh a shainaithint agus go bhfaigheann siad tacaíocht agus cosaint iomchuí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann oifigigh ar dócha go mbeadh teagmháil acu le híospartaigh oiliúint agus faisnéis spriocdhírithe. Níor cheart ceangal a chur ar fhoireann na Cúirte oiliúint den sórt sin a fháil ach amháin más dócha go mbeidh siad i dteagmháil le híospartaigh agus go dtí an leibhéal is iomchuí don teagmháil a dhéanann siad le híospartaigh. Ba cheart oiliúint a chur chun cinn do dhlíodóirí, d’ionchúisitheoirí, do bhreithiúna agus do chleachtóirí a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh nó seirbhísí ceartais aisiríoch. Ba cheart a áireamh in oiliúint den sórt sin, de réir mar is iomchuí, oiliúint maidir leis na seirbhísí tacaíochta sonracha ar cheart íospartaigh a atreorú chucu nó sainoiliúint i gcás ina ndíríonn a gcuid oibre ar íospartaigh a bhfuil riachtanais shonracha acu agus oiliúint shíceolaíoch shonrach. Ba cheart a chumhdach leis an oiliúint an baol imeaglaithe, athíospartha agus íospartha tánaistí agus cosc ar imeaglú, athíospairt agus íospairt thánaisteach agus infhaighteacht beart cosanta agus tacaíochta fáil d’íospartaigh. Chun cosc a chur ar chásanna gnéaschiaptha ag an obair agus chun aghaidh a thabhairt orthu go hiomchuí, ba cheart oiliúint a chur ar dhaoine a bhfuil feidhmeanna maoirseachta acu, i gcás ina ndéantar gnéaschiapadh ag an obair a choiriúlú go sonrach faoin dlí náisiúnta. Ba cheart do na daoine sin faisnéis a fháil freisin maidir leis an mbaol a bhaineann le foréigean tríú páirtí. Le ‘foréigean tríú páirtí’, tagraítear d’fhoréigean a d’fhéadfadh an fhoireann a fhulaingt san áit oibre ó dhuine nach comhoibrí é nó í, agus áirítear leis cásanna amhail altraí a bheith ciaptha go gnéasach ag othar.

    (78)

    Chun cur chuige cuimsitheach a bhunú chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus gach cineál foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear oiliúint ar oifigigh agus gairmithe ábhartha maidir le comhar ildisciplíneach comhordaithe, d’fhonn a áirithiú go ndéanann comhlachtaí agus údaráis ábhartha rialtais atreoruithe cásanna a láimhseáil go pras agus go bhfuil speisialtóirí gairmiúla ábhartha, lena n-áirítear i réimsí na seirbhísí leighis, dlí, oideachais nó sóisialta, rannpháirteach i gcásanna den sórt sin a láimhseáil. Ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh maidir le conas oiliúint den sórt sin a eagrú. Níor cheart na hoibleagáidí sa Treoir seo a léirmhíniú mar chur isteach ar neamhspleáchas na n-institiúidí ardoideachais.

    (79)

    Chun gníomhú i gcoinne tearcthuairiscithe, ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis forfheidhmithe dlí chun oiliúint a fhorbairt, go háirithe maidir le steiréitíopaí díobhálacha inscne ach freisin maidir le cionta a chosc, i bhfianaise a ndlúth-theagmhála le grúpaí atá i mbaol foréigin agus le híospartaigh.

    (80)

    Ba cheart cláir idirghabhála a chur ar bun chun an riosca go ndéanfar cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh nó go ndéanfar athchiontú a chosc agus a íoslaghdú. Ba cheart do ghairmithe oilte a bhfuil scileanna acu cláir idirghabhála a stiúradh. Ba cheart é a bheith mar aidhm shonrach ag cláir idirghabhála caidreamh sábháilte a áirithiú agus ciontóirí nó iad siúd atá i mbaol a gcionta a mhúineadh conas iompar neamhfhoréigneach a ghlacadh i gcaidreamh idirphearsanta agus conas cur i gcoinne patrúin iompraíochta fhoréigneacha. D’fhéadfadh na Ballstáit úsáid a bhaint as caighdeáin choiteanna agus treoirlínte coiteanna arna n-ullmhú ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne le haghaidh cláir idirghabhála.

    (81)

    Ba cheart faisnéis maidir le cláir idirghabhála atá ar fáil a thabhairt do chiontóir foréigin nó do dhuine atá faoi dhrochamhras maidir le foréigean a chumhdaítear leis an Treoir seo atá faoi réir ordú urchoisc éigeandála, ordú sriantach nó ordú cosanta.

    (82)

    Maidir leis na cionta ar éigniú iad, ba cheart ciontóirí a spreagadh páirt a ghlacadh i gcláir idirghabhála chun an riosca atitimeachais a mhaolú.

    (83)

    Ba cheart do na Ballstáit beartais éifeachtacha chuimsitheacha chomhordaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme lena gcuimsítear gach beart ábhartha chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus gach cineál foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Leis na beartais sin, ba cheart cearta an íospartaigh a chur i gcroílár na mbeart uile. Ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cé na húdaráis atá ainmnithe nó bunaithe ina gcomhlachtaí oifigiúla atá freagrach as comhordú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus bearta chun gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil na hinniúlachtaí is gá ag údaráis den sórt sin chun na cúraimí dá bhforáiltear sa Treoir seo a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit comhordú beartais íosta a áirithiú ar an leibhéal lárnach agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus gan dochar do dháileadh na gcumhachtaí i ngach Ballstát. D’fhéadfadh an comhordú sin a bheith mar chuid de phleananna gníomhaíochta náisiúnta.

    (84)

    Glacann eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn le híospartaigh, le raon leathan gníomhaithe a bhfuil róil agus sainorduithe iomadúla acu. Cuireann eagraíochtaí den sórt sin saineolas luachmhar ar fáil agus d’fhéadfadh a rannpháirtíocht agus a rannchuidiú a bheith tairbhiúil le linn cheapadh, chur chun feidhme agus phróisis faireacháin ghaolmhara bheartais an rialtais.

    (85)

    Mar chuid de na hiarrachtaí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh.

    (86)

    Chun a áirithiú gur féidir le híospartaigh na gcionta cibearfhoréigin a shainítear sa Treoir seo a gcearta a bhaint amach go héifeachtach maidir le hábhar mídhleathach a bhaineann le cionta den sórt sin a bhaint anuas, ba cheart do na Ballstáit comhar féinrialála idir soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha a chur chun cinn. Chun a áirithiú go mbraitear ábhar den sórt sin go luath agus go dtéitear i ngleic leis go héifeachtach agus go dtugtar cúnamh agus tacaíocht leordhóthanach d’íospartaigh na gcionta sin, ba cheart do na Ballstáit bunú na mbeart féinrialála atá ann cheana ar de chineál deonach iad, amhail cóid iompair, a éascú nó feasacht a mhúscailt ina leith. Ba cheart a áireamh le héascú den sórt sin bearta féinrialála chun rioscaí córasacha a bhrath, go háirithe chun sásraí atá ceaptha chun dul i ngleic leis an gcibearfhoréigean a threisiú agus chun feabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar fhostaithe soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a bhíonn ag gabháil do chosc an fhoréigin agus a sholáthraíonn cúnamh agus tacaíocht d’íospartaigh. D’fhéadfadh bearta féinrialála den sórt sin gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a chomhlánú, go háirithe faoi Rialachán (AE) 2022/2065.

    (87)

    D’fhéadfadh malartú dea-chleachtas agus comhairliúchán i gcásanna aonair, laistigh de shainorduithe Eurojust, an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, a bheith an-luachmhar chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

    (88)

    Ní féidir beartais a cheapadh chun dul i ngleic go leordhóthanach le foréigean in aghaidh na mban agus le foréigean teaghlaigh ach amháin ar bhonn sonraí dí-chomhiomlánaithe cuimsitheacha agus inchomparáide. Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fhorbairtí sna Ballstáit, iarrtar ar na Ballstáit freisin suirbhéanna a dhéanamh go rialta. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht chomhchuibhithe an Choimisiúin (Eurostat).

    (89)

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na sonraí a bhailítear chun críocha na Treorach seo teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach i ndáil le tacú le faireachán ar leitheadúlacht agus treochtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh agus i ndáil le straitéisí nua beartais a cheapadh sa réimse sin. Ba cheart do na Ballstáit sonraí riachtanacha a sholáthar don Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne ionas gur féidir na sonraí sin a chur i gcomparáid agus a anailísiú, agus ionas gur féidir measúnú a dhéanamh orthu, ar leibhéal an Aontais.

    (90)

    Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun na Treorach seo, lena n-áirítear malartú nó tarchur sonraí pearsanta ag na húdaráis inniúla, tá sí le déanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoracha 2002/58/CE (13) agus (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, déanfar í i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/794 (14), (AE) 2018/1725 (15) agus (AE) 2018/1727 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó aon rialacha eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

    (91)

    Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta, agus, dá bhrí sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit rialacha dlí choiriúil níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ar bun maidir le sainiú na gcionta coiriúla agus na bpionós i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban. Maidir le forálacha na Treorach seo i ndáil le cearta íospartach, is féidir leis na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun lena ngabhann caighdeáin níos airde, lena n-áirítear forálacha lena soláthraítear leibhéal níos airde cosanta agus tacaíochta d’íospartaigh.

    (92)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ar fud an Aontais ar bhonn rialacha íosta coiteanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart atá beartaithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (93)

    I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 22 Meitheamh 2022, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.

    (94)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

    (95)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 5 Aibreáin 2022,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL 1

    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    1.   Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Bunaítear leis rialacha íosta maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí an teacht i dtír ghnéasaigh ar mhná agus na coireachta ríomhairí;

    (b)

    cearta íospartaigh gach cineáil foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse ama iomchuí ina ndiaidh;

    (c)

    cosaint agus tacaíocht d’íospartaigh, cosc agus luath-idirghabháil.

    2.   Tá feidhm ag Caibidlí 3 go 7 maidir le híospartaigh uile chionta an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh, gan beann ar a n-inscne. Is ionann íospartaigh den sórt sin agus íospartaigh uile na ngníomhartha a dhéantar a choiriúlú faoi Chaibidil 2 agus íospartaigh aon ghníomhartha foréigin eile in aghaidh na mban nó aon ghníomhartha foréigin teaghlaigh eile, arna gcoiriúlú faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘foréigean in aghaidh na mban’ gach gníomh foréigin inscnebhunaithe atá dírithe ar bhean nó ar chailín toisc gur bean nó cailín í nó a dhéanann difear díréireach do mhná nó do chailíní, a mbíonn nó ar dócha go mbeidh mar thoradh air díobháil nó fulaingt fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí gníomhartha den sórt sin, comhéigean nó cailleadh treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach;

    (b)

    ciallaíonn ‘foréigean teaghlaigh’ gach gníomh foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a tharlaíonn sa teaghlach nó san aonad baile, gan beann ar cheangail bhitheolaíocha nó dhlíthiúla teaghlaigh, nó idir iarchéilí nó céilí reatha nó idir iarpháirtithe nó páirtithe reatha, cibé acu atá nó a bhí áit chónaithe á roinnt ag an gciontóir leis an íospartach;

    (c)

    ciallaíonn ‘íospartach’ aon duine, gan beann ar a n-inscne, a d’fhulaing díobháil arb é foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh is cúis go díreach léi, lena n-áirítear leanaí a d’fhulaing díobháil toisc go bhfaca siad foréigean teaghlaigh;

    (d)

    ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí óstála’ soláthraí seirbhíse óstála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g)(iii), de Rialachán (AE) 2022/2065;

    (e)

    ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí idirghabhálacha’ soláthraí seirbhíse idirghabhálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (g), de Rialachán (AE) 2022/2065;

    (f)

    ciallaíonn ‘leanbh’ aon duine atá faoi 18 mbliana d’aois;

    (g)

    ciallaíonn ‘cleithiúnaí’ leanbh de chuid an íospartaigh nó aon duine, seachas an ciontóir nó an duine atá faoi dhrochamhras, a chónaíonn sa teaghlach céanna leis an íospartach agus dá soláthraíonn an íospartach cúram agus tacaíocht;

    (h)

    ciallaíonn ‘údarás inniúil’ aon údarás poiblí atá ainmnithe faoin dlí náisiúnta mar údarás atá inniúil chun dualgas dá bhforáiltear sa Treoir seo a chomhlíonadh.

    CAIBIDIL 2

    CIONTA A BHAINEANN LE TEACHT I DTÍR GNÉASACH AR MHNÁ AGUS LEANAÍ AGUS COIREACHT RÍOMHAIRÍ

    Airteagal 3

    Ciorrú ball giniúna ban

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iompar intinneach seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

    (a)

    iomlán an labia majora, an labia minora nó an bhrillín nó aon chuid de a eisceadh nó a ionfhiobúlú nó aon chiorrú eile a dhéanamh air;

    (b)

    iallach a chur ar bhean nó cailín nó cur ina luí ar bhean nó cailín dul faoi aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe (a).

    Airteagal 4

    Pósadh éigeantais

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iompar intinneach seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

    (a)

    iallach a chur ar dhuine fásta nó ar leanbh pósadh;

    (b)

    duine fásta nó leanbh a mhealladh chuig críoch tíre seachas an tír ina bhfuil cónaí air nó uirthi chun iallach a chur ar an duine fásta sin nó ar an leanbh sin pósadh.

    Airteagal 5

    Comhroinnt neamhthoiliúil ábhair dhlúthphearsanta nó ábhair ionramháilte

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iompar intinneach seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

    (a)

    íomhánna, físeáin nó ábhar comhchosúil ina léirítear gníomhaíochtaí gáirsiúla nó baill dhlúthphearsanta duine eile a dhéanamh inrochtana don phobal, trí bhíthin teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (‘TFC’), gan toiliú an duine sin, i gcás inar dócha go ndéanfar, le hiompar den sórt sin, díobháil thromchúiseach don duine sin;

    (b)

    íomhánna, físeáin nó ábhar comhchosúil a tháirgeadh, a ionramháil nó a athrú agus a dhéanamh inrochtana ina dhiaidh sin don phobal, trí bhíthin TFC, lena dtugtar le tuiscint go bhfuil duine eile ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáirsiúla, gan toiliú an duine sin, i gcás inar dócha go ndéanfar, le hiompar den sórt sin, díobháil thromchúiseach don duine sin;

    (c)

    bagairt a dhéanamh an t-iompar dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) a dhéanamh chun iallach a chur ar dhuine gníomh áirithe a dhéanamh, géilleadh do ghníomh áirithe nó staonadh ó ghníomh áirithe.

    2.   Ní dhéanann mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo difear don oibleagáid na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 CAE a urramú agus tá feidhm aici gan dochar do phrionsabail bhunúsacha a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus le saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí, mar a chuirtear chun feidhme iad i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

    Airteagal 6

    Cibearstalcaireacht

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil an t-iompar intinneach arb é atá i gceist leis duine a chur faoi fhaireachas arís agus arís eile nó go leanúnach, gan toiliú an duine sin nó údarú dlíthiúil é sin a dhéanamh, trí bhíthin TFC, chun rianú nó faireachán a dhéanamh ar ghluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí an duine sin, i gcás inar dócha go ndéanfar, le hiompar den sórt sin, díobháil thromchúiseach don duine sin.

    Airteagal 7

    Cibirchiapadh

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an t-iompar intinneach seo a leanas inphionóis mar chion coiriúil:

    (a)

    gabháil d’iompar bagrach, arís agus arís eile nó go leanúnach, atá dírithe ar dhuine, ar a laghad i gcás ina mbaineann bagairtí chun cionta coiriúla a dhéanamh le hiompar den sórt sin, trí bhíthin TFC, i gcás inar dócha go mbeidh iompar den sórt sin ina chúis le heagla thromchúiseach a bheith ar an duine sin maidir lena shábháilteacht nó sábháilteacht féin nó le sábháilteacht cleithiúnaithe;

    (b)

    gabháil d’iompar bagrach nó maslach atá inrochtana go poiblí, i gcomhar le daoine eile, trí bhíthin TFC, ar iompar é atá dírithe ar dhuine, i gcás inar dócha go ndéanfar, le hiompar den sórt sin, díobháil thromchúiseach shíceolaíoch don duine sin;

    (c)

    íomhá, físeán nó ábhar comhchosúil eile ina léirítear baill ghiniúna a sheoladh chuig duine gan iarraidh, trí bhíthin TFC, i gcás inar dócha go ndéanfar, le hiompar den sórt sin, díobháil thromchúiseach shíceolaíoch don duine sin;

    (d)

    ábhar a dhéanamh inrochtana don phobal, trí bhíthin TFC, ina bhfuil sonraí pearsanta duine, gan toiliú an duine sin, chun daoine eile a ghríosú chun díobháil fhisiciúil shíceolaíoch nó díobháil thromchúiseach shíceolaíoch a dhéanamh don duine sin.

    Airteagal 8

    An cibirghríosú chun foréigin nó fuatha

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil foréigean nó fuath a ghríosú go hintinneach i gcoinne grúpa daoine nó ball de ghrúpa den sórt sin, arna shainiú trí thagairt d’inscne, trí ábhar ina bhfuil gríosú den sórt sin a scaipeadh go poiblí trí bhíthin TFC.

    2.   Chun críocha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan ach iompar a phionósú, ar iompar é a dhéantar ar bhealach ar dócha go gcuirfear isteach ar an mbeartas poiblí nó atá bagrach, drochídeach nó maslach.

    Airteagal 9

    Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil duine a ghríosú le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 agus Airteagal 7, an chéad mhír, pointe (b), a dhéanamh.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil cabhrú agus neartú le haon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3, an chéad mhír, pointe (a), agus Airteagail 4 go 8 a dhéanamh.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 4 a dhéanamh.

    Airteagal 10

    Pionóis

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 9 inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 inphionóis le huastéarma príosúnachta 5 bliana ar a laghad.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 4 inphionóis le huastéarma príosúnachta 3 bliana ar a laghad.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 5 agus Airteagal 6, Airteagal 7, an chéad mhír, pointí (a), (b) agus (d), agus Airteagal 8 inphionóis le huastéarma príosúnachta bliana amháin ar a laghad.

    Airteagal 11

    Imthosca géaraitheacha

    A mhéid nach bhfuil na himthosca seo a leanas mar chuid de na heilimintí a chomhdhéanann na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, i ndáil leis na cionta coiriúla ábhartha dá dtagraítear sna hAirteagail sin, gur féidir ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a mheas mar imthoisc ghéaraitheach:

    (a)

    rinneadh an cion, nó cion coiriúil eile arb é foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh é, arís agus arís eile;

    (b)

    rinneadh an cion i gcoinne duine a d’fhág imthosca ar leith go raibh an duine sin leochaileach, amhail staid spleáchais nó míchumas fisiciúil, meabhrach, intleachta nó céadfach;

    (c)

    rinneadh an cion i gcoinne linbh;

    (d)

    rinneadh an cion i láthair linbh;

    (e)

    rinne beirt nó níos mó ag gníomhú le chéile an cion;

    (f)

    bhí leibhéil fhoircneacha foréigin ann roimh an gcion nó bhí siad ag gabháil leis;

    (g)

    rinneadh an cion trí arm a úsáid nó le bagairt a dhéanamh arm a úsáid;

    (h)

    rinneadh an cion le forneart nó bagairtí forneart a úsáid, nó trí bhíthin comhéigin;

    (i)

    ba é an t-iompar ba chúis le bás an íospartaigh nó le díobháil thromchúiseach fhisiciúil nó shíceolaíoch a rinneadh don íospartach;

    (j)

    ciontaíodh an ciontóir cheana i gcionta den chineál céanna;

    (k)

    rinneadh an cion i gcoinne iarchéile nó céile reatha nó i gcoinne iarpháirtí nó páirtí reatha;

    (l)

    is ball den teaghlach nó duine atá ag comhchónaí leis an íospartach a rinne an cion;

    (m)

    rinneadh an cion trí mhí-úsáid a bhaint as post aitheanta iontaobhais, údaráis nó tionchair;

    (n)

    rinneadh an cion i gcoinne duine toisc gurbh ionadaí poiblí, iriseoir nó cosantóir chearta an duine an duine sin;

    (o)

    is í an intinn a bhí i gceist leis an gcion ná ‘onóir’ mar a thugtar air a chaomhnú nó a athbhunú i gcás duine, teaghlaigh, pobail nó grúpa comhchosúil eile;

    (p)

    is í an intinn a bhí i gceist leis an gcion pionós a chur ar an íospartach as gnéaschlaonadh, inscne, dath, reiligiún, bunús sóisialta nó creideamh polaitiúil an íospartaigh.

    Airteagal 12

    Dlínse

    1.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse féin a bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 9 a shuí sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    déantar an cion ina iomláine nó go páirteach laistigh dá chríoch; nó

    (b)

    is náisiúnach dá chuid é nó í an ciontóir.

    2.   Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcinneann sé a dhlínse a leathnú chuig na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 9 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    déantar an cion in aghaidh duine dá náisiúnaigh nó in aghaidh duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ar a chríoch; nó

    (b)

    tá gnáthchónaí ar an gciontóir ina chríoch.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar ar a ndlínse arna bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 5 go 9 cásanna ina ndéantar an cion coiriúil trí bhíthin TFC arna rochtain óna gcríoch féin, cibé acu atá an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha bunaithe ar a gcríoch nó nach bhfuil.

    4.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, áiritheoidh gach Ballstát nach mbeidh a dhlínse arna bhunú ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 faoi réir an choinníll go bhfuil an t-iompar dá dtagraítear sna hAirteagail sin inphionóis mar chion coiriúil sa Stát ina ndearnadh é.

    5.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh feidhmiú a ndlínse faoi réir an choinníll nach féidir ionchúiseamh a thionscnamh ach amháin tar éis don íospartach tuairisc a thabhairt san áit ina ndearnadh an cion coiriúil, nó tar éis don Stát ina bhfuil an áit ina ndearnadh an cion coiriúil cáineadh a dhéanamh.

    Airteagal 13

    Tréimhsí teorann

    1.   Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 9, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theorann chun go bhféadfar na cionta sin a imscrúdú, a ionchúiseamh, a chur chun trialach agus breithniú a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse leordhóthanach ama ón tráth a dhéantar na cionta coiriúla sin ionas go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na cionta coiriúla sin. Beidh an tréimhse theorann i gcomhréir le tromchúis an chiona choiriúil lena mbaineann.

    2.   I gcás inar leanbh an t-íospartach, tosóidh an tréimhse theorann le haghaidh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 3 ar a luaithe a thúisce a bheidh 18 mbliana d’aois slánaithe ag an íospartach.

    CAIBIDIL 3

    ÍOSPARTAIGH A CHOSAINT AGUS ROCHTAIN AR CHEARTAS

    Airteagal 14

    Foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh a thuairisciú

    1.   Sa bhreis ar chearta íospartach agus gearán á dhéanamh acu faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le híospartaigh gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a thuairisciú do na húdaráis inniúla trí bhealaí inrochtana, so-úsáidte, slána agus atá ar fáil go héasca. Áireofar leis sin, ar a laghad le haghaidh na gcibearchoireanna dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8 den Treoir seo, an fhéidearthacht tuairisciú a dhéanamh ar líne nó trí TFC eile atá inrochtana agus slán, gan dochar do rialacha náisiúnta nós imeachta maidir le tuairisciú ar líne a chur ar bhonn foirmiúil.

    Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar leis an bhféidearthacht tuairisciú a dhéanamh ar líne nó trí TFC eile atá inrochtana agus slán an fhéidearthacht fianaise a thíolacadh trí na modhanna a leagtar amach sa chéad fhomhír, gan dochar do rialacha náisiúnta nós imeachta maidir le tíolacadh fianaise a chur ar bhonn foirmiúil.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar chúnamh dlíthiúil i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2012/29/AE. Féadfaidh na Ballstáit cúnamh dlíthiúil a leathnú chuig íospartaigh a thuairiscíonn cionta coiriúla, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil a fhios aige nó aici nó a bhfuil amhras air nó uirthi, de mheon macánta, go bhfuil gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh tar éis tarlú, nó go bhfuiltear ag súil le gníomhartha foréigin, chun gníomhartha den sórt sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla gan eagla a bheith air nó uirthi faoi iarmhairtí diúltacha.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gairmithe cúraim sláinte atá faoi réir oibleagáidí rúndachta in ann tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcás ina mbíonn forais réasúnacha acu lena chreidiúint go bhfuil garbhaol ann go ndéanfar díobháil thromchúiseach fhisiciúil do dhuine mar thoradh ar fhoréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar leanbh an t-íospartach, gan dochar do rialacha maidir le pribhléid ghairmiúil dlí nó, i gcás ina bhforáiltear dó sin faoin dlí náisiúnta, maidir leis an bpribhléid chléireach-aithríoch nó prionsabail choibhéiseacha, go mbeidh gairmithe atá faoi réir oibleagáidí rúndachta faoin dlí náisiúnta in ann tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu lena chreidiúint go ndearnadh díobháil thromchúiseach fhisiciúil don leanbh mar thoradh ar fhoréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh.

    6.   I gcás ina dtuairiscíonn leanaí gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh do na húdaráis inniúla, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nósanna imeachta tuairiscithe sábháilte, rúnda, deartha agus inrochtana ar bhealach atá oiriúnach do leanaí agus deartha agus inrochtana i dteanga atá oiriúnach do leanaí, i gcomhréir le haois agus aibíocht an linbh.

    Áiritheoidh na Ballstáit go gcuideoidh gairmithe atá oilte chun oibriú le leanaí le nósanna imeachta tuairiscithe chun a áirithiú gur chun leas an linbh iad.

    Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil baint ag sealbhóir na freagrachta tuismitheora le gníomh foréigin, nach mbeidh cumas an linbh an gníomh a thuairisciú coinníollach ar thoiliú shealbhóir na freagrachta tuismitheora agus go ndéanfaidh na húdaráis inniúla na bearta is gá chun sábháilteacht an linbh a chosaint sula gcuirfear an duine sin ar an eolas faoin tuairisciú.

    Airteagal 15

    Imscrúdú agus ionchúiseamh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le daoine, aonaid nó seirbhísí a dhéanann gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go mbeidh saineolas leordhóthanach acu ar na hábhair sin agus go mbeidh uirlisí imscrúdaitheacha éifeachtacha ar fáil dóibh chun gníomhartha den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach, go háirithe chun fianaise leictreonach a bhailiú, a anailísiú agus a dhaingniú i gcásanna cibearchoireachta dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh arna dtuairisciú a phróiseáil agus a aistriú gan mhoill chuig na húdaráis inniúla chun críoch imscrúdaithe agus ionchúisimh agus chun bearta cosanta a ghlacadh de bhun Airteagal 19, i gcás inar gá.

    3.   I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag na húdaráis inniúla a bheith in amhras go bhféadfadh sé go ndearnadh cion coiriúil, déanfaidh siad, gan moill mhíchuí, imscrúdú éifeachtach, tar éis gearán a fháil nó ar a dtionscnamh féin, ar ghníomhartha foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh. Áiritheoidh siad go gcomhdófar taifead oifigiúil agus caomhnóidh siad taifead de thorthaí ábhartha agus d’fhianaise ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    4.   Chun cuidiú le fianaise a dhaingniú go deonach, go háirithe i gcásanna foréigin ghnéasaigh, díreoidh na húdaráis inniúla íospartaigh, gan moill mhíchuí, chuig gairmithe cúraim sláinte ábhartha nó chuig na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 25, 26 agus 27 atá speisialaithe chun cuidiú le fianaise a dhaingniú. Cuirfear íospartaigh ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le fianaise den sórt sin a bhailiú a luaithe is féidir.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh imscrúduithe ar ghníomhartha éignithe nó ionchúiseamh gníomhartha éignithe ag brath ar íospartach nó ar ionadaí an íospartaigh a bheith ag tuairisciú an ghnímh, nó ar ghearán ó íospartach nó ó ionadaí an íospartaigh, agus nach scoirfear d’imeachtaí coiriúla toisc gur tarraingíodh siar an tuairisc nó an gearán agus dá thoisc sin amháin.

    Airteagal 16

    Measúnú aonair chun riachtanais chosanta íospartach a shainaithint

    1.   De bhreis ar na ceanglais don mheasúnú aonair a leagtar amach in Airteagal 22 de Threoir 2012/29/AE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, ar a laghad maidir le híospartaigh foréigin ghnéasaigh agus foréigin teaghlaigh, na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh.

    2.   Ag an gcéim is luaithe is féidir, amhail tráth a thagann an t-íospartach i dteagmháil leis na húdaráis inniúla den chéad uair nó a luaithe is féidir tar éis don íospartach teacht i dteagmháil leo den chéad uair, déanfar riachtanais shonracha chosanta an íospartaigh a shainaithint trí bhíthin measúnú aonair, i gcás inarb iomchuí i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile.

    3.   Díreofar sa mheasúnú aonair dá dtagraítear i mír 2 ar an riosca a eascraíonn ón gciontóir nó ón duine atá faoi dhrochamhras. Féadfar aon cheann de na nithe seo a leanas a áireamh sa riosca sin:

    (a)

    an riosca go dtarlóidh foréigean arís agus arís eile;

    (b)

    an riosca go ndéanfar díobháil choirp nó shíceolaíoch;

    (c)

    úsáid fhéideartha arm agus rochtain orthu;

    (d)

    an fíoras go gcónaíonn an ciontóir nó an duine atá faoi dhrochamhras leis an íospartach;

    (e)

    mí-úsáid drugaí nó alcóil ag an gciontóir nó ag an duine atá faoi dhrochamhras;

    (f)

    mí-úsáid leanaí;

    (g)

    saincheisteanna meabhairshláinte; nó

    (h)

    iompar stalcaireachta.

    4.   Cuirfear san áireamh sa mheasúnú aonair dá dtagraítear i mír 2 imthosca aonair an íospartaigh, lena n-áirítear an bhfuil idirdhealú á dhéanamh ar an íospartach bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d’aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt (‘idirdhealú trasnach’), agus, dá bhrí sin, an bhfuil baol méadaithe foréigin ann don íospartach, agus cuntas féin agus measúnú féin an íospartaigh ar an gcás. Déanfar é chun leas an íospartaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngá le híospairt thánaisteach nó athíospairt a sheachaint.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla bearta cosanta leordhóthanacha, agus aird chuí á tabhairt ar an measúnú aonair dá dtagraítear i mír 2. Féadfar na nithe a leanas a áireamh ar bhearta den sórt sin:

    (a)

    bearta faoi Airteagail 23 agus 24 de Threoir 2012/29/AE;

    (b)

    orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta a dheonú de bhun Airteagal 19 den Treoir seo;

    (c)

    bearta seachas na bearta sin dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo chun iompar an chiontóra nó an duine atá faoi dhrochamhras a bhainistiú, go háirithe faoi Airteagal 37 den Treoir seo.

    6.   I gcás inarb iomchuí, déanfar an measúnú aonair dá dtagraítear i mír 2 i gcomhar le húdaráis inniúla ábhartha eile, ag brath ar chéim na n-imeachtaí, agus le seirbhísí tacaíochta ábhartha, amhail ionaid cosanta íospartach, seirbhísí speisialaithe, seirbhísí sóisialta, gairmithe cúraim sláinte, ionaid dídine, sainseirbhísí tacaíochta agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

    7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar an measúnú aonair dá dtagraítear i mír 2 go tráthrialta agus, i gcás inarb ábhartha, déanfaidh siad bearta cosanta nua nó tabharfaidh siad bearta cosanta leanúnacha cothrom le dáta i gcomhréir le mír 5, chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar staid reatha an íospartaigh leo.

    8.   Toimhdeofar go bhfuil riachtanais shonracha chosanta ag cleithiúnaithe gan dul faoi mheasúnú aonair dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má tá comharthaí ann nach bhfuil riachtanais shonracha chosanta acu.

    Airteagal 17

    Measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta íospartach

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus an measúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 16 á chur san áireamh, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar riachtanais tacaíochta aonair an íospartaigh dá bhforáiltear faoi Chaibidil 4. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar riachtanais tacaíochta aonair na gcleithiúnaithe dá bhforáiltear faoi Chaibidil 4, ach amháin má tá comharthaí ann nach bhfuil riachtanais shonracha tacaíochta acu.

    2.   Tá feidhm ag Airteagal 16(4), (6) agus (7) maidir leis an measúnú aonair ar riachtanais tacaíochta íospartach faoi mhír 1 den Airteagal seo.

    Airteagal 18

    Atreorú chuig seirbhísí tacaíochta

    1.   I gcás ina sainaithnítear sna measúnuithe dá dtagraítear in Airteagail 16 agus 17 riachtanais shonracha tacaíochta nó riachtanais shonracha chosanta nó i gcás ina n-iarrann an t-íospartach tacaíocht, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh seirbhísí tacaíochta, amhail sainseirbhísí tacaíochta, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, i dteagmháil le híospartaigh chun tacaíocht a thairiscint, agus aird chuí á tabhairt ar a sábháilteacht. Féadfaidh na Ballstáit teagmháil den sórt sin a chur faoi réir thoiliú an íospartaigh.

    2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla freagra ar iarraidh an íospartaigh ar chosaint agus ar thacaíocht gan moill mhíchuí agus ar bhealach comhordaithe.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá, gur féidir leis na húdaráis inniúla íospartaigh ar leanaí iad a atreorú chuig seirbhísí tacaíochta, i gcás inar gá gan toiliú roimh ré ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora.

    4.   I gcás inar gá chun a áirithiú go bhfaighidh an t-íospartach tacaíocht agus cosaint iomchuí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla sonraí pearsanta ábhartha a bhaineann leis an íospartach agus le staid an íospartaigh a tharchur chuig na seirbhísí tacaíochta ábhartha. Déanfar sonraí den sórt sin a tharchur ar bhealach rúnda. Féadfaidh na Ballstáit tarchur sonraí den sórt sin a chur faoi réir thoiliú an íospartaigh.

    5.   Stórálfaidh seirbhísí tacaíochta sonraí pearsanta chomh fada agus is gá chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar agus, in aon chás, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis na teagmhála deireanaí idir an tseirbhís tacaíochta agus an t-íospartach.

    Airteagal 19

    Orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil baol láithreach ann do shláinte nó sábháilteacht an íospartaigh nó na gcleithiúnaithe, go dtabharfar an chumhacht do na húdaráis inniúla orduithe a eisiúint, gan moill mhíchuí, atá dírithe ar chiontóir nó ar dhuine atá faoi dhrochamhras maidir le gníomh foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo lena n-ordaítear don chiontóir nó don duine atá faoi dhrochamhras áit chónaithe an íospartaigh nó na gcleithiúnaithe a fhágáil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama agus lena gcuirtear toirmeasc ar an gciontóir nó ar an duine atá faoi dhrochamhras dul isteach san áit chónaithe sin, nó teacht níos gaire ná achar forordaithe ón áit chónaithe sin, nó dul isteach in áit oibre an íospartaigh nó teagmháil a dhéanamh leis an íospartach nó leis na cleithiúnaithe ar bhealach ar bith.

    Beidh éifeacht láithreach ag orduithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus ní bheidh siad ag brath ar íospartach a bheith ag tuairisciú an chiona choiriúil nó ar thionscnamh measúnaithe aonair de bhun Airteagal 16.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an chumhacht do na húdaráis inniúla orduithe sriantacha nó orduithe cosanta a eisiúint chun cosaint a sholáthar chomh fada agus is gá d’íospartaigh i gcoinne aon ghníomhartha foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo.

    3.   I gcás inar duine fásta an t-íospartach, féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go n-eiseofar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha agus orduithe cosanta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 arna iarraidh sin don íospartach.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha maidir le sábháilteacht an íospartaigh, go gcuirfidh na húdaráis inniúla íospartaigh ar an eolas faoin bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta agus faoin bhféidearthacht aitheantas trasteorann a lorg d’orduithe cosanta de bhun Threoir 2011/99/AE (17) nó Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 (18) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    5.   Beidh aon sáruithe ar orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta faoi réir pionóis choiriúla nó neamhchoiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina dtarlaíonn sárú den sórt sin, go ndéanfar athbhreithniú ar an measúnú aonair dá dtagraítear in Airteagal 16 a mheas i gcomhréir le mír 7 den Airteagal sin, i gcás inar gá.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis d’íospartaigh fógra a fháil, gan moill mhíchuí, nuair a sháraítear ordú urchoisc éigeandála, ordú sriantach nó ordú cosanta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a sábháilteacht.

    7.   Leis an Airteagal seo, ní chuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a gcórais náisiúnta a mhodhnú a mhéid a bhaineann le horduithe urchoisc éigeandála agus orduithe cosanta a cháiliú mar orduithe a thagann faoin dlí coiriúil, faoin dlí sibhialta nó faoin dlí riaracháin.

    Airteagal 20

    Cosaint do shaol príobháideach an íospartaigh

    Áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí coiriúla, nach gceadófar fianaise maidir le hiompar gnéasach an íospartaigh roimhe seo ná maidir le gnéithe eile de shaol príobháideach an íospartaigh a bhaineann leis sin ach amháin nuair atá an fhianaise sin ábhartha agus riachtanach.

    Airteagal 21

    Treoirlínte d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis ionchúisimh

    Féadfaidh na Ballstáit treoirlínte a eisiúint i leith cásanna a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh do na húdaráis inniúla atá ag gníomhú in imeachtaí coiriúla, lena n-áirítear treoirlínte ionchúisimh. Beidh na treoirlínte sin íogair ó thaobh inscne de agus beidh siad de chineál comhairleach agus féadfar treoir a áireamh iontu i dtaobh conas an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    a áirithiú go ndéanfar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus gach cineál foréigin teaghlaigh a shainaithint i gceart;

    (b)

    fianaise ábhartha a bhailiú agus a chaomhnú, lena n-áirítear fianaise ar líne;

    (c)

    na measúnuithe aonair faoi Airteagail 16 agus 17 a dhéanamh, lena n-áirítear an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe den sórt sin;

    (d)

    cásanna a láimhseáil a bhféadfadh sé gur ghá orduithe urchoisc éigeandála, orduithe sriantacha nó orduithe cosanta a eisiúint nó a chur i bhfeidhm ina leith;

    (e)

    caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma, inscne agus míchumais de agus ar bhealach atá íogair do leanaí agus ceart an linbh chun éisteacht a fháil agus leas an linbh a áirithiú;

    (f)

    a áirithiú go gcaithfear le híospartaigh ar bhealach measúil agus go ndéanfar imeachtaí ar bhealach lena seachnaítear íospairt thánaisteach nó athíospairt;

    (g)

    freastal ar chosaint fheabhsaithe agus ar riachtanais tacaíochta ábhartha uile na n-íospartach a ndéantar idirdhealú trasnach orthu dá bhforáiltear in Airteagal 33(1).

    (h)

    steiréitíopaí inscne a shainaithint agus a sheachaint

    (i)

    feasacht a mhúscailt faoi gach grúpa íospartach i gcomhthéacs an fhoréigin teaghlaigh;

    (j)

    íospartaigh a atreorú chuig sainseirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear seirbhísí leighis, chun a áirithiú go gcaithfear go hiomchuí le híospartaigh agus go ndéanfar cásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a láimhseáil go hiomchuí gan moill mhíchuí; agus

    (k)

    a áirithiú go gcosnófar príobháideachas agus faisnéis rúnda na n-íospartach.

    Chun a áirithiú go ndéanfar na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad mhír a thabhairt cothrom le dáta go hiomchuí, déanfar athbhreithniú orthu i gcás inar gá, ag féachaint don chaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

    Airteagal 22

    Ról na gcomhlachtaí náisiúnta, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais

    1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh agus déanfaidh siad na socruithe is gá chun go mbeidh comhlachtaí den sórt sin in ann na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    tuarascálacha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le haon saincheist a bhaineann le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh, lena n-áirítear dea-chleachtais atá ann cheana a bhailiú; agus

    (b)

    faisnéis atá ar fáil a mhalartú le comhlachtaí ábhartha Eorpacha amhail an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.

    Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.

    2.   Féadfaidh na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a bheith ina gcuid de chomhlachtaí comhionannais arna gcur ar bun de bhun Threoracha 2004/113/CE, 2006/54/CE agus 2010/41/AE.

    Airteagal 23

    Bearta chun ábhar áirithe ar líne a bhaint anuas

    1.   Gan dochar do Rialachán (AE) 2022/2065, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar ábhar ar líne atá inrochtana go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b), agus Airteagail 7 agus 8 den Treoir seo a bhaint anuas go pras nó go ndéanfar rochtain ar ábhar den sórt sin a dhíchumasú.

    Áireofar ar bhearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an deis a bheith ag na húdaráis inniúla orduithe dlí ceangailteacha a eisiúint chun ábhar den sórt sin a bhaint anuas nó chun rochtain ar ábhar den sórt sin a dhíchumasú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar le horduithe den sórt sin, ar a laghad, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2065.

    2.   Díreofar orduithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 chuig soláthraithe seirbhísí óstála.

    I gcás nach bhfuil sé indéanta ábhar a bhaint anuas, féadfaidh na húdaráis inniúla orduithe chun rochtain ar an ábhar lena mbaineann a dhíchumasú a dhíriú freisin chuig soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha seachas soláthraithe seirbhísí óstála a bhfuil an cumas teicniúil agus oibríochtúil acu gníomhaíocht a dhéanamh maidir leis an ábhar lena mbaineann.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfoirceanntar imeachtaí coiriúla maidir le cion dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) nó (b), Airteagal 7 nó Airteagal 8 gan cinneadh go ndearnadh cion, go n-urscaoilfear orduithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus go gcuirfear seolaithe orduithe den sórt sin ar an eolas faoi sin.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na horduithe agus na bearta eile dá dtagraítear i mír 1 de réir nósanna imeachta trédhearcacha agus go mbeidh siad faoi réir coimircí leormhaithe, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh na horduithe agus na bearta eile sin teoranta dá bhfuil riachtanach agus comhréireach agus go dtabharfar aird chuí ar chearta agus leasanna na bpáirtithe ábhartha uile lena mbaineann, lena n-áirítear a gcearta bunúsacha i gcomhréir leis an gCairt.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí óstála, soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha eile agus soláthraithe ábhair a ndéanann ordú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 difear dóibh leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil. Áireofar le ceart den sórt sin an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne ordú den sórt sin os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúil a d’eisigh an t-ordú.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála nó aon soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha eile lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, na soláthraithe ábhair ábhartha a ndéanann ordú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 difear dóibh a chur ar an eolas faoi na cúiseanna ar baineadh anuas an t-ábhar nó ar díchumasaíodh an rochtain air de bhun na n-orduithe nó na mbeart eile dá dtagraítear i mír 1 agus faoin bhféidearthacht rochtain a fháil ar shásamh breithiúnach.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear, le hábhar a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú de bhun na n-orduithe nó na mbeart eile dá dtagraítear i mír 1, cosc ar na húdaráis inniúla an fhianaise is gá a fháil nó a dhaingniú, gan moill mhíchuí, chun cion dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) nó (b), Airteagal 7 nó Airteagal 8 a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    Airteagal 24

    Cúiteamh ó chiontóirí

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag íospartaigh cúiteamh iomlán a éileamh ó chiontóirí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, as damáistí a eascraíonn as cionta foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh.

    2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh íospartaigh in ann cinneadh a fháil maidir le cúiteamh le linn imeachtaí coiriúla.

    CAIBIDIL 4

    TACAÍOCHT D’ÍOSPARTAIGH

    Airteagal 25

    Saintacaíocht d’íospartaigh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 9(3) de Threoir 2012/29/AE ar fáil d’íospartaigh, gan beann ar ghearán foirmiúil a bheith déanta acu.

    I gcás nach soláthraítear sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír mar chuid chomhtháite de sheirbhísí ginearálta tacaíochta d’íospartaigh, déanfar seirbhísí ginearálta agus sainseirbhísí tacaíochta a chomhordú.

    Soláthrófar an méid seo a leanas le sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

    (a)

    faisnéis agus tacaíocht maidir le haon nithe praiticiúla ábhartha a eascraíonn de thoradh na coire, lena n-áirítear maidir le rochtain ar thithíocht, ar oideachas, ar chúram leanaí, ar oiliúint, ar thacaíocht airgeadais agus ar chúnamh chun fanacht i bhfostaíocht nó chun fostaíocht a fháil;

    (b)

    faisnéis maidir le rochtain ar chomhairle dlí, lena n-áirítear an fhéidearthacht cúnamh dlí a fháil, i gcás ina bhfuil sí ar fáil;

    (c)

    faisnéis maidir le seirbhísí a sholáthraíonn scrúduithe leighis agus fóiréinseacha agus, i gcás inarb iomchuí, atreorú chuig seirbhísí den sórt sin, lena bhféadfaí seirbhísí cuimsitheacha cúraim sláinte a áireamh, agus faisnéis maidir le comhairleoireacht shíceasóisialta, lena n-áirítear cúram tráma, agus, i gcás inarb iomchuí, atreorú chuig na seirbhísí sin;

    (d)

    tacaíocht d’íospartaigh cibearchoireanna dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8, lena n-áirítear maidir le conas an cibearchoir a dhoiciméadú agus faisnéis maidir le leigheasanna breithiúnacha agus leigheasanna chun ábhar ar líne a bhaineann leis an gcoir a bhaint anuas;

    (e)

    faisnéis maidir le seirbhísí tacaíochta do mhná, ionaid éigeandála um éigniú, ionaid dídine agus ionaid atreorúcháin d’fhoréigean gnéasach agus, i gcás inarb iomchuí, atreorú chuig na seirbhísí sin; agus

    (f)

    faisnéis maidir le sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh atá i mbaol méadaithe foréigin, lena bhféadfaí seirbhísí athshlánaithe agus lánpháirtithe shocheacnamaíoch a áireamh tar éis teacht i dtír gnéasach agus, i gcás inarb iomchuí, atreorú chuig na seirbhísí sin.

    2.   Déanfar sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar go pearsanta, beidh siad saincheaptha do riachtanais na n-íospartach agus beidh siad inrochtana go héasca agus ar fáil go héasca, lena n-áirítear ar líne nó trí mhodhanna leormhaithe eile, amhail TFC.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha chun na sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

    I gcás ina soláthraíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh na Ballstáit cistiú leormhaith dóibh, agus cion na sainseirbhísí tacaíochta atá á soláthar cheana ag údaráis phoiblí á chur san áireamh.

    4.   Soláthróidh na Ballstáit na seirbhísí cosanta agus sainseirbhísí tacaíochta is gá chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar riachtanais iomadúla íospartach trí na seirbhísí sin a sholáthar, lena n-áirítear na seirbhísí sin arna soláthar ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag an áitreabh céanna, trí sheirbhísí den sórt sin a chomhordú trí phointe teagmhála, nó trí rochtain ar sheirbhísí den sórt sin a éascú trí rochtain ilfhreastail ar líne.

    Áireofar ar a laghad ar na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír cúram leighis tosaigh agus atreorú chuig cúram leighis breise, mar a sholáthraítear sa chóras náisiúnta cúraim sláinte, chomh maith le seirbhísí sóisialta, tacaíocht shíceasóisialta, seirbhísí dlí agus seirbhísí póilíneachta, nó faisnéis maidir le seirbhísí den sórt sin agus treorú chucu.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar treoirlínte agus prótacail le haghaidh gairmithe cúraim sláinte agus gairmithe seirbhísí sóisialta maidir le híospartaigh a shainaithint agus tacaíocht iomchuí a sholáthar dóibh, lena n-áirítear maidir le híospartaigh a atreorú chuig na seirbhísí tacaíochta ábhartha agus íospairt thánaisteach a sheachaint.

    Le treoirlínte agus prótacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar conas aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha íospartach atá i mbaol méadaithe foréigin den sórt sin mar thoradh ar idirdhealú a rinneadh orthu bunaithe ar theaglaim de ghnéas agus d’aon fhoras nó forais eile idirdhealaithe.

    Déanfar treoirlínte agus prótacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorbairt ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne agus tráma de agus ar bhealach atá íogair do leanaí i gcomhar le soláthraithe sainseirbhísí tacaíochta agus déanfar athbhreithniú orthu agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfar cothrom le dáta iad chun athruithe ar an dlí agus ar an gcleachtas a léiriú.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar treoirlínte agus prótacail le haghaidh seirbhísí cúraim sláinte a dhéanann cúram leighis tosaigh maidir le híospartaigh a shainaithint agus tacaíocht iomchuí a sholáthar dóibh.

    Le treoirlínte agus prótacail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cumhdófar caomhnú agus doiciméadú fianaise agus tarchur breise fianaise chuig ionaid fhóiréinseacha inniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    7.   Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go leanfaidh sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de bheith lánoibríochtúil d’íospartaigh le linn géarchéimeanna, amhail géarchéimeanna sláinte nó staideanna éigeandála eile.

    8.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sainseirbhísí tacaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil d’íospartaigh roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus ar feadh tréimhse iomchuí ina ndiaidh.

    Airteagal 26

    Saintacaíocht d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh

    1.   Déanfaidh na Ballstáit ionaid éigeandála um éigniú nó ionaid atreorúcháin d’fhoréigean gnéasach a chur ar bun atá feistithe go hiomchuí agus inrochtana go héasca, a fhéadfaidh a bheith mar chuid den chóras náisiúnta cúraim sláinte, chun tacaíocht éifeachtach a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú cliniciúil ar éigniú, lena n-áirítear cúnamh a thabhairt maidir le fianaise a choimeád slán agus a dhoiciméadú.

    Cuirfear ar fáil, le hionaid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tacaíocht atá íogair ó thaobh tráma de agus, i gcás inar gá, atreorú chuig tacaíocht agus comhairleoireacht tráma speisialaithe d’íospartaigh, tar éis don chion a bheith déanta.

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar scrúduithe leighis agus fóiréinseacha. Féadfar na scrúduithe sin a sholáthar sna hionaid dá dtagraítear sa mhír seo nó trí atreorú chuig ionaid nó aonaid speisialaithe; Áiritheoidh na Ballstáit comhordú idir na hionaid atreorúcháin agus na hionaid leighis agus fhóiréinseacha inniúla.

    I gcás inar leanbh an t-íospartach, déanfar na seirbhísí dá dtagraítear sa mhír seo a sholáthar ar bhealach atá oiriúnach do leanaí.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rochtain thráthúil a bheith ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh ar sheirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    3.   Beidh na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar fáil saor in aisce, gan dochar do na seirbhísí sin a sholáthraítear faoin gcóras náisiúnta cúraim sláinte, agus beidh siad inrochtana gach lá den tseachtain. Féadfaidh siad a bheith mar chuid de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 25.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh geografach leordhóthanach agus acmhainneacht leordhóthanach ag na seirbhísí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fud an Bhallstáit.

    5.   Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus (7) maidir le tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh foréigin ghnéasaigh faoin Airteagal seo.

    Airteagal 27

    Saintacaíocht d’íospartaigh ciorraithe ball giniúna ban

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit tacaíocht éifeachtach, oiriúnach ó thaobh aoise agus inrochtana go héasca d’íospartaigh ciorraithe ball giniúna ban, lena n-áirítear trí chúram gínéiceolaíoch, gnéaseolaíoch, síceolaíoch agus tráma agus comhairleoireacht gínéiceolaíoch, gnéaseolaíoch, síceolaíoch agus tráma a sholáthar atá saincheaptha do riachtanais shonracha íospartach den sórt sin, tar éis don chion a bheith déanta agus chomh fada agus is gá ina dhiaidh sin. Áireofar leis an tacaíocht sin faisnéis a sholáthar maidir le haonaid in ospidéil phoiblí a dhéanann máinliacht athchruthaitheach ball giniúna agus brillín.

    Féadfaidh na hionaid atreorúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26 nó aon ionad sláinte tiomnaithe eile tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar.

    2.   Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus (7) agus ag Airteagal 26(3) maidir le tacaíocht a sholáthar d’íospartaigh ciorraithe ball giniúna ban faoin Airteagal seo.

    Airteagal 28

    Saintacaíocht d’íospartaigh an chiaptha ghnéasaigh ag an obair

    I gcásanna gnéaschiaptha ag an obair ar cion coiriúil iad faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh seirbhísí comhairleoireachta ar fáil d’íospartaigh agus d’fhostóirí. Áireofar ar na seirbhísí sin faisnéis maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar chásanna gnéaschiaptha den sórt sin, lena n-áirítear maidir leis na leigheasanna atá ar fáil chun an ciontóir a bhaint den áit oibre.

    Airteagal 29

    Línte cabhrach d’íospartaigh

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh línte cabhracha teileafóin ar fud an stáit ar fáil, saor in aisce, 24 uair an chloig sa lá agus 7 lá na seachtaine, chun faisnéis agus comhairle a sholáthar d’ íospartaigh.

    Féadfaidh sainseirbhísí tacaíochta línte cabhrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a oibriú, i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta.

    Soláthrófar faisnéis agus comhairle dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar bhonn rúnda nó le haird chuí ar anaithnideacht an íospartaigh.

    Moltar do na Ballstáit línte cabhrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar freisin trí TFC slán inrochtana eile, lena n-áirítear feidhmchláir ar líne.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo inrochtana d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí thacaíocht a sholáthar i dteanga atá éasca a thuiscint. Beidh rochtain ar na seirbhísí sin i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).

    3.   Déanfaidh na Ballstáit gach iarracht chun a áirithiú go soláthrófar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 i dteanga is féidir le híospartaigh a thuiscint, lena n-áirítear trí bhíthin ateangaireacht teileafóin.

    4.   Beidh feidhm ag Airteagal 25(3) agus (7) maidir le línte cabhrach agus tacaíocht a sholáthar trí TFC faoin Airteagal seo.

    5.   Moltar do na Ballstáit a áirithiú gur féidir teacht ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban tríd an uimhir chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, eadhon ‘116 016’, sa bhreis ar aon uimhir náisiúnta nó uimhreacha náisiúnta atá ann cheana.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear úsáideoirí deiridh ar an eolas go leordhóthanach faoi línte cabhrach a bheith ann agus faoin uimhir atá ar na línte cabhrach, lena n-áirítear trí fheachtais rialta múscailte feasachta.

    Airteagal 30

    Ionaid dídine agus cóiríocht eatramhach eile

    1.   Leis na hionaid dídine agus leis an gcóiríocht eatramhach iomchuí eile dá bhforáiltear in Airteagal 9(3), pointe (a), de Threoir 2012/29/AE (‘ionaid dídine agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile’), tabharfar aghaidh go sonrach ar riachtanais íospartach foréigin teaghlaigh agus íospartach foréigin ghnéasaigh, lena n-áirítear riachtanais íospartach atá i mbaol méadaithe foréigin. Tabharfaidh siad cúnamh d’íospartaigh agus iad ag téarnamh trí dhálaí maireachtála atá sábháilte, inrochtana go héasca, leordhóthanach agus iomchuí a sholáthar d’fhonn filleadh ar mhaireachtáil neamhspleách agus trí fhaisnéis a sholáthar maidir le seirbhísí tacaíochta agus atreoruithe, lena n-áirítear chuig cúram leighis breise.

    2.   Déanfar na hionaid dídine agus an chóiríocht eatramhach iomchuí eile a sholáthar i líon leordhóthanach agus beidh siad inrochtana go héasca agus beidh siad feistithe chun freastal ar riachtanais shonracha na mban, lena n-áirítear trí ionaid dídine do mhná amháin ina bhfuil spás do leanaí a sholáthar, agus trí chearta agus riachtanais leanaí, lena n-áirítear íospartaigh ar leanaí iad, a áirithiú.

    3.   Beidh na hionaid dídine agus an chóiríocht eatramhach iomchuí eile ar fáil d’íospartaigh agus do chleithiúnaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois, gan beann ar a náisiúntacht, a saoránacht, a n-áit chónaithe nó a stádas cónaithe.

    4.   Tá feidhm ag Airteagal 25(3) agus (7) maidir le hionaid dídine agus cóiríocht eatramhach iomchuí eile.

    Airteagal 31

    Tacaíocht d’íospartaigh ar leanaí iad

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar tacaíocht leordhóthanach shonrach do leanbh a luaithe a bheidh forais réasúnacha ag na húdaráis inniúla lena chreidiúint go bhféadfadh sé go raibh an leanbh sin faoi réir foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh nó go bhféadfadh sé go bhfaca an leanbh sin é.

    Beidh tacaíocht do leanaí speisialaithe agus iomchuí don aois, do riachtanais forbartha agus do staid aonair an linbh, agus leas an linbh á urramú ag an am céanna.

    2.   I gcás íospartaigh ar leanaí iad, soláthrófar dóibh cúram leighis agus tacaíocht mhothúchánach, shíceasóisialta, shíceolaíoch agus oideachasúil atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus atá saincheaptha do riachtanais forbartha agus staid aonair an linbh, agus aon tacaíocht iomchuí eile atá saincheaptha, go háirithe, do chásanna foréigin teaghlaigh.

    3.   I gcás inar gá foráil a dhéanamh maidir le cóiríocht eatramhach, déanfar leanaí, tar éis dóibh éisteacht a fháil maidir lena dtuairimí faoin ábhar, agus a n-aois agus a n-aibíocht á gcur san áireamh, a chur mar thosaíocht in éineacht le baill teaghlaigh eile, go háirithe le tuismitheoir neamhfhoréigneach nó sealbhóir freagrachta tuismitheora neamhfhoréigneach, i dtithíocht bhuan nó shealadach atá feistithe le seirbhísí tacaíochta.

    Beidh prionsabal leas an linbh ina ghné chinntitheach agus measúnú á dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cóiríocht eatramhach.

    Airteagal 32

    Sábháilteacht leanaí

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla ábhartha ar fhaisnéis maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh lena mbaineann leanaí, a mhéid is gá chun gur féidir an fhaisnéis sin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar leas an linbh faoi chuimsiú imeachtaí sibhialta a bhaineann le leanaí den sórt sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit áiteanna sábháilte a bhunú agus a chothabháil lena gceadaítear teagmháil shábháilte idir leanbh agus sealbhóir freagrachta tuismitheora ar ciontóir foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh nó duine atá faoi dhrochamhras maidir le foréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh é nó í, a mhéid atá cearta rochtana ag sealbhóir na freagrachta tuismitheora sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gairmithe oilte maoirseacht, de réir mar is iomchuí, chun leas an linbh.

    Airteagal 33

    Tacaíocht spriocdhírithe d’íospartaigh a bhfuil riachtanais thrasnacha acu agus do ghrúpaí i mbaol

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar tacaíocht shonrach d’íospartaigh a ndéantar idirdhealú trasnach orthu atá i mbaol méadaithe foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh.

    2.   Beidh acmhainneacht leordhóthanach ag na seirbhísí tacaíochta dá dtagraítear in Airteagail 25 go 30 chun freastal ar íospartaigh faoi mhíchumas, agus a riachtanais shonracha, lena n-áirítear cúnamh pearsanta, á gcur san áireamh.

    3.   Beidh seirbhísí tacaíochta ar fáil do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh iad, i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 de Threoir 2012/29/AE.

    Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir íospartaigh a iarrann amhlaidh a choimeád ar leithligh ó dhaoine den ghnéas eile i saoráidí coinneála do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir nósanna imeachta um fhilleadh nó gur féidir iad a chur i gcóiríocht ar leithligh in ionaid ghlactha d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le daoine tarluithe foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh in institiúidí agus in ionaid ghlactha agus choinneála a thuairisciú don fhoireann ábhartha agus go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go dtabharfaidh na baill foirne sin nó na húdaráis inniúla aghaidh go leordhóthanach agus go pras ar thuairisciú den sórt sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 16, 17 agus 18.

    CAIBIDIL 5

    COSC AGUS LUATH-IDIRGHABHÁIL

    Airteagal 34

    Bearta coisctheacha

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc trí chur chuige cuimsitheach ilsrathach a ghlacadh.

    2.   Áireofar ar bhearta coisctheacha feachtais nó cláir múscailte feasachta spriocdhírithe a sheoladh nó tacú leo, ar feachtais nó cláir iad atá dírithe ar dhaoine ó aois óg.

    Féadfar a áireamh ar fheachtais nó cláir dá dtagraítear sa chéad fhomhír cláir thaighde agus oideachais chun feasacht agus tuiscint a mhéadú i measc an phobail i gcoitinne maidir leis na léirithe éagsúla agus na bunchúiseanna le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh, an gá atá le cosc agus, i gcás inarb iomchuí, iarmhairtí foréigin den sórt sin, go háirithe ar leanaí.

    I gcás inarb ábhartha, féadfar cláir dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhorbairt i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, le sainseirbhísí, leis na comhpháirtithe sóisialta, leis na pobail a ndéantar difear dóibh agus le geallsealbhóirí eile.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le bearta coisctheacha, cearta íospartach, rochtain ar cheartas agus ar dhlíodóir, agus na bearta cosanta agus tacaíochta atá ar fáil, lena n-áirítear cóir leighis, a chur ar fáil ar bhealach inrochtana don phobal i gcoitinne, agus na teangacha is forleithne a labhraítear ar a gcríoch á gcur san áireamh.

    4.   Díreofar bearta spriocdhírithe ar ghrúpaí a bhfuil baol méadaithe ag baint leo, amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 33(1).

    Déanfar faisnéis do leanaí a fhoirmliú nó a oiriúnú ar bhealach atá oiriúnach do leanaí. Cuirfear faisnéis i láthair i bhformáidí atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

    5.   Beidh sé d’aidhm ag bearta coisctheacha, go háirithe, cur i gcoinne steiréitíopaí díobhálacha inscne, comhionannas inscne, urraim fhrithpháirteach agus an ceart chun sláine an duine a chur chun cinn, agus gach duine, go háirithe fir agus buachaillí, a spreagadh chun gníomhú mar eiseamláirí dearfacha chun tacú le hathruithe comhfhreagracha iompraíochta ar fud na sochaí ina hiomláine i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo.

    6.   Beidh sé d’aidhm ag bearta coisctheacha díriú ar an éileamh ar íospartaigh teacht i dtír ghnéasaigh agus an t-éileamh sin a laghdú.

    7.   Le bearta coisctheacha, forbrófar nó méadófar íogaireacht maidir le cleachtais dhíobhálacha an chiorraithe ball giniúna ban agus an phósta éigeantais, agus líon na ndaoine atá i mbaol na gcleachtas sin, nó a ndéanann na cleachtais sin difear dóibh, sa Bhallstát lena mbaineann á chur san áireamh.

    8.   Le bearta coisctheacha, tabharfar aghaidh go sonrach ar na cibearchoireanna dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar ar bhearta coisctheacha den sórt sin scileanna litearthachta digití a fhorbairt, lena n-áirítear rannpháirtíocht chriticiúil leis an saol digiteach agus an smaointeoireacht chriticiúil chun a chur ar chumas úsáideoirí cásanna cibearfhoréigin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, chun tacaíocht a lorg agus chun a dhéanamh a chosc.

    Cothóidh na Ballstáit comhar ildisciplíneach agus comhar le geallsealbhóirí, lena n-áirítear i measc soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha agus údaráis inniúla, chun bearta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na cibearchoireanna dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8.

    9.   Gan dochar d’Airteagal 26 de Threoir 2006/54/CE, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar chiapadh gnéasach ag an obair, i gcás inar cion coiriúil é faoin dlí náisiúnta, i mbeartais náisiúnta ábhartha. Leis na beartais náisiúnta sin, féadfar na bearta spriocdhírithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a shainaithint agus a bhunú le haghaidh na n-earnálacha ina bhfuil na hoibrithe is neamhchosanta.

    Airteagal 35

    Bearta sonracha chun éigniú a chosc agus chun ról lárnach an toilithe i gcaidreamh gnéis a chur chun cinn

    1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun athruithe a chur chun cinn i bpatrúin iompraíochta atá fréamhaithe sa chaidreamh cumhachta a bhí éagothrom go stairiúil idir mná agus fir nó bunaithe ar róil steiréitíopacha do mhná agus d’fhir, go háirithe i gcomhthéacs caidreamh gnéis, gnéis agus toilithe.

    Beidh bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus an neamh-idirdhealaithe agus ar chearta bunúsacha agus tabharfar aghaidh leo, go háirithe, ar ról lárnach an toilithe i gcaidreamh gnéis, nach mór a thabhairt go deonach mar thoradh ar shaorthoil an duine.

    Áireofar ar bhearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír feachtais nó cláir múscailte feasachta, ábhar oideachais toilithe a chur ar fáil agus a dháileadh agus scaipeadh forleathan faisnéise faoi bhearta chun éigniú a chosc.

    Déanfar bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur chun cinn nó a chur chun feidhme ar bhonn rialta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe eagraíochtaí ban.

    2.   Beidh sé d’aidhm ag feachtais nó cláir múscailte feasachta dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, go háirithe, cur leis an eolas go meastar gur cion coiriúil é gnéas neamhthoiliúil.

    3.   Le hábhar oideachais toilithe dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, cuirfear chun cinn an tuiscint nach mór toiliú a thabhairt go deonach mar thoradh ar shaorthoil duine, ar urraim fhrithpháirteach, agus ar an gceart chun sláine gnéis agus chun neamhspleáchais coirp. Déanfar ábhar den sórt sin a oiriúnú do chumas athraitheach na ndaoine a bhfuil sé dírithe chucu.

    4.   Scaipfear faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo go forleathan d’fhonn an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi na bearta atá ann cheana chun éigniú a chosc, lena n-áirítear infhaighteacht na gclár idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 37.

    Airteagal 36

    Oiliúint agus faisnéis do ghairmithe

    1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oifigigh ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh, amhail póilíní agus foireann na cúirte, oiliúint ghinearálta agus sainoiliúint agus faisnéis spriocdhírithe ar leibhéal is iomchuí dá dteagmháil le híospartaigh chun a chur ar a gcumas cásanna d’fhoréigean in aghaidh na mban nó d’fhoréigean teaghlaigh a shainaithint, a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu agus chun caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma agus inscne de agus ar bhealach atá íogair do leanaí.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit oiliúint a chur chun cinn nó a thairiscint do ghairmithe cúraim sláinte, do sheirbhísí sóisialta agus do bhaill foirne oideachais ar dócha go mbeidh teagmháil acu le híospartaigh chun a chur ar a gcumas cásanna d’fhoréigean in aghaidh na mban nó d’fhoréigean teaghlaigh a shainaithint agus íospartaigh a dhíriú chuig sainseirbhísí tacaíochta.

    3.   Gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna ná do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go soláthrófar oiliúint ghinearálta agus sainoiliúint araon do bhreithiúna agus d’ionchúisitheoirí a bhfuil baint acu le himeachtaí coiriúla agus imscrúduithe i ndáil le cuspóirí na Treorach seo agus atá iomchuí d’fheidhmeanna na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí sin. Beidh oiliúint den sórt sin bunaithe ar chearta an duine, beidh sí íospartach-lárnach agus beidh sí íogair ó thaobh inscne agus míchumais de agus íogair do leanaí.

    4.   Gan dochar do neamhspleáchas ghairm an dlí, molfaidh na Ballstáit dóibh siúd atá freagrach as oiliúint a chur ar dhlíodóirí oiliúint ghinearálta agus sainoiliúint araon a chur ar fáil chun feasacht dlíodóirí ar riachtanais íospartach a mhéadú agus chun caitheamh le híospartaigh ar bhealach atá íogair ó thaobh tráma agus inscne de agus ar bhealach atá íogair do leanaí.

    5.   Gheobhaidh gairmithe sláinte ábhartha, lena n-áirítear péidiatraiceoirí, gínéiceolaithe, obstatraithe, cnáimhseacha agus baill foirne cúraim sláinte a bhfuil baint acu le tacaíocht shíceolaíoch, oiliúint spriocdhírithe chun iarmhairtí fisiciúla, síceolaíocha agus gnéasacha ciorraithe ball giniúna ban a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ar bhealach atá íogair ó thaobh an chultúir de.

    6.   Daoine a bhfuil feidhmeanna maoirseachta acu san áit oibre, sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, cuirfear oiliúint orthu i dtaobh conas gnéaschiapadh ag an obair a aithint, a chosc agus conas aghaidh a thabhairt air, i gcás inar cion coiriúil é faoin dlí náisiúnta. Gheobhaidh na daoine agus na fostóirí sin faisnéis spriocdhírithe maidir le héifeachtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh ar an obair agus maidir leis an mbaol foréigin tríú páirtí.

    7.   Áireofar leis na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 5 oiliúint maidir le comhar comhordaithe ildisciplíneach ionas gur féidir déileáil go cuimsitheach agus go hiomchuí le hatreoruithe i gcásanna foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh.

    8.   Gan difear a dhéanamh do shaoirse na meán ná d’iolrachas na meán, spreagfaidh na Ballstáit bunú gníomhaíochtaí oiliúna do na meáin ag eagraíochtaí de ghairmithe na meán, ag comhlachtaí féinrialála sna meáin agus ag ionadaithe tionscail nó ag eagraíochtaí ábhartha neamhspleácha eile, agus tacóidh siad leis an mbunú sin, chun léirithe steiréitipiciúla ban agus fear, íomhánna gnéasaíocha na mban, agus lasadh íospartach sna meáin a chomhrac, arb é is aidhm dóibh baol an fhoréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh a laghdú.

    Féadfaidh eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn le híospartaigh, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí eile gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar.

    9.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiliúint iomchuí ar na húdaráis atá inniúil chun tuairiscí ar chionta a fháil ó íospartaigh chun tuairisciú cionta den sórt sin a éascú agus chun cuidiú leis an tuairisciú sin agus chun íospairt thánaisteach a sheachaint.

    10.   Déanfar gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo a chomhlánú le hobair leantach iomchuí, lena n-áirítear maidir leis na cibearchoireanna dá dtagraítear in Airteagail 5 go 8, agus beidh siad bunaithe ar shainiúlachtaí an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin oiliúint i dtaobh conas riachtanais shonracha chosanta agus tacaíochta na n-íospartach a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ar íospartaigh iad a bhfuil baol méadaithe foréigin rompu mar gheall ar idirdhealú trasnach a bheith déanta orthu.

    11.   Cuirfear na bearta faoi mhíreanna 1 go 9 chun feidhme gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna, d’fhéineagrú na ngairmeacha rialáilte agus do dhifríochtaí in eagrú na mbreithiúna ar fud an Aontais.

    Airteagal 37

    Cláir idirghabhála

    1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbunófar cláir idirghabhála spriocdhírithe chun an riosca go ndéanfar foréigean in aghaidh ban nó foréigean teaghlaigh, nó go ndéanfar athchiontú, a chosc agus a íoslaghdú.

    2.   Cuirfear na cláir idirghabhála dá dtagraítear i mír 1 ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht daoine a bhfuil cion foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh déanta acu agus féadfar na cláir sin a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht daoine eile a mheastar a bheith i mbaol cionta den sórt sin a dhéanamh. Féadfar a áireamh leis sin daoine a bhraitheann gur gá a bheith rannpháirteach, mar shampla toisc go bhfuil eagla orthu go bhféadfaidís aon chion foréigin in aghaidh na mban nó foréigin teaghlaigh a dhéanamh.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go spreagfar ciontóir éignithe chun páirt a ghlacadh i gclár idirghabhála dá dtagraítear i mír 1.

    CAIBIDIL 6

    COMHORDÚ AGUS COMHAR

    Airteagal 38

    Beartais chomhordaithe agus comhlacht comhordúcháin

    1.   Déanfaidh na Ballstáit beartais chuimsitheacha chomhordaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar fud an stáit ina gcuimsítear gach beart ábhartha chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus gach cineál foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit comhlacht oifigiúil amháin nó níos mó a ainmniú nó a bhunú chun comhordú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus ar bhearta chun gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo a chosc agus a chomhrac.

    3.   Déanfaidh an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 an bailiú sonraí dá dtagraítear in Airteagal 44 a chomhordú agus déanfaidh sé nó siad anailís ar thorthaí bailithe den sórt sin agus scaipfidh sé nó siad torthaí bailithe den sórt sin.

    4.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar beartais a chomhordú ar an leibhéal lárnach agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil, i gcomhréir le dáileadh na n-inniúlachtaí sa Bhallstát lena mbaineann.

    Airteagal 39

    Pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac

    1.   Faoin 14 Meitheamh 2029, glacfaidh na Ballstáit, i gcomhairle le sainseirbhísí tacaíochta, i gcás inarb ábhartha, pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac.

    2.   Féadfar a áireamh sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, a gcuspóirí agus sásraí faireacháin, na hacmhainní is gá chun tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí den sórt sin a bhaint amach agus an chaoi a bhfuil na hacmhainní sin le leithdháileadh.

    3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar athbhreithniú ar na pleananna gníomhaíochta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus go dtabharfar cothrom le dáta iad chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith ábhartha.

    Airteagal 40

    Comhordú agus comhar ilghníomhaireachta

    1.   Cuirfidh na Ballstáit sásraí iomchuí i bhfeidhm, agus aird chuí á tabhairt ar an dlí náisiúnta nó ar an gcleachtas náisiúnta, chun comhordú éifeachtach na n-údarás ábhartha, na ngníomhaireachtaí ábhartha agus na gcomhlachtaí ábhartha a áirithiú agus chun comhar éifeachtach a áirithiú ina measc, lena n-áirítear ombudóirí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, údaráis forfheidhmithe dlí, na húdaráis bhreithiúnacha, gan dochar do neamhspleáchas na mbreithiúna, seirbhísí tacaíochta, go háirithe sainseirbhísí tacaíochta do mhná, chomh maith le heagraíochtaí neamhrialtasacha, seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear údaráis cosanta leanaí nó leasa leanaí, soláthraithe oideachais agus cúraim sláinte, na comhpháirtithe sóisialta, gan dochar dá neamhspleáchas, agus eagraíochtaí agus eintitis ábhartha eile, chun íospartaigh a chosaint ar fhoréigean in aghaidh na mban agus ar fhoréigean teaghlaigh agus chun tacú leo.

    2.   Bainfidh na sásraí comhordaithe agus comhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe, a mhéid is ábhartha, leis na measúnuithe aonair faoi Airteagail 16 agus 17, le soláthar beart cosanta agus tacaíochta faoi Airteagal 19 agus faoi Chaibidil 4, leis na treoirlínte de chineál comhairleach faoi Airteagal 21, agus leis na gníomhaíochtaí oiliúna do ghairmithe dá dtagraítear in Airteagal 36.

    Airteagal 41

    Comhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha

    Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus reáchtálfaidh siad comhairliúcháin rialta leo, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn le híospartaigh, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: tacaíocht leordhóthanach a sholáthar d’íospartaigh; tionscnaimh ceaptha beartas; feachtais faisnéise agus múscailte feasachta; cláir thaighde agus oideachais; oiliúint; agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart chun tacú le híospartaigh agus chun iad a chosaint.

    Airteagal 42

    Comhar idir soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha

    Spreagfaidh na Ballstáit comhar féinrialála idir soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha, amhail cóid iompair a bhunú.

    Déanfaidh na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir le bearta féinrialála arna nglacadh ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha ábhartha i dtaca leis an Treoir seo, go háirithe bearta chun sásraí arna gcur chun feidhme ag soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha den sórt sin a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar ábhar ar líne dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus chun feabhas a chur ar oiliúint fostaithe a mhéid a bhaineann leis na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a chosc maidir le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na gcionta dá bhforáiltear sa Treoir seo.

    Airteagal 43

    Comhar ar leibhéal an Aontais

    Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí chun comhar a éascú idir a chéile agus ar leibhéal an Aontais chun cur chun feidhme na Treorach seo a fheabhsú. Mar chuid de chomhar den sórt sin, beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

    (a)

    dea-chleachtais a mhalartú le chéile trí líonraí seanbhunaithe a oibríonn ar ábhair atá ábhartha d’fhoréigean in aghaidh na mban agus d’fhoréigean teaghlaigh, agus le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, laistigh dá sainorduithe faoi seach; agus

    (b)

    i gcás inar gá, dul i gcomhairle le chéile i gcásanna aonair, lena n-áirítear trí Eurojust agus tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, laistigh dá sainorduithe faoi seach.

    Airteagal 44

    Bailiú sonraí agus taighde

    1.   Beidh córas i bhfeidhm ag na Ballstáit chun staidreamh maidir le foréigean in aghaidh ban nó foréigean teaghlaigh a bhailiú, a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh

    2.   Áireofar sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1, ar a laghad, na sonraí seo a leanas atá ann cheana, atá ar fáil ar leibhéal lárnach, dí-chomhiomlánaithe de réir inscne, de réir aoisghrúpa an íospartaigh agus an chiontóra (leanbh/duine fásta) agus, i gcás inar féidir agus inarb ábhartha, de réir an ghaoil idir an t-íospartach agus an ciontóir agus de réir an chineáil ciona:

    (a)

    líon bliantúil na gcionta tuairiscithe agus na gciontuithe foréigin in aghaidh na mban nó an fhoréigin teaghlaigh, a fuarthas ó fhoinsí náisiúnta riaracháin;

    (b)

    líon na n-íospartach a maraíodh mar gheall ar fhoréigean in aghaidh na mban nó foréigean teaghlaigh;

    (c)

    líon agus acmhainn na n-ionad dídine in aghaidh an Bhallstáit; agus

    (d)

    líon na nglaonna chuig línte cabhrach náisiúnta.

    3.   Féachfaidh na Ballstáit le suirbhéanna daonrabhunaithe a dhéanamh go tráthrialta chun measúnú a dhéanamh ar fhorleithne gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo agus ar threochtaí maidir leo.

    Tarchuirfidh na Ballstáit sonraí a thagann as suirbhéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír chuig an gCoimisiún (Eurostat) a luaithe a bheidh siad ar fáil.

    4.   Chun inchomparáideacht agus caighdeánú sonraí riaracháin ar fud an Aontais a áirithiú, féachfaidh na Ballstáit le sonraí riaracháin a bhailiú ar bhonn dí-chomhiomlánuithe coiteanna arna bhforbairt i gcomhar agus i gcomhréir leis na caighdeáin arna bhforbairt ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne de bhun mhír 5. Tarchuirfidh siad na sonraí sin chuig an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne ar bhonn bliantúil. Ní bheidh sonraí pearsanta sna sonraí arna dtarchur.

    5.   Tacóidh an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne leis na Ballstáit agus na sonraí á mbailiú dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear trí chaighdeáin choiteanna a bhunú agus na ceanglais a leagtar amach i mír 2 á gcur san áireamh.

    6.   Cuirfidh na Ballstáit an staidreamh arna bhailiú de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal ar bhealach atá inrochtana go héasca. Ní bheidh sonraí pearsanta sa staidreamh sin.

    7.   Go dtí deireadh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 ar a laghad, tacóidh an Coimisiún le taighde ar bhunchúiseanna, éifeachtaí, minicíocht agus rátaí ciontaithe na gcineálacha foréigin a chumhdaítear leis an Treoir seo nó déanfaidh sé taighde orthu.

    CAIBIDIL 7

    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 45

    Tuairisciú agus athbhreithniú

    1.   Faoin 14 Meitheamh 2032, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le feidhmiú na Treorach seo is gá don Choimisiún chun tuarascáil a tharraingt suas maidir leis an meastóireacht ar an Treoir seo.

    2.   Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar na Treorach seo agus ar cibé ar baineadh amach an cuspóir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac ar fud an Aontais agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, go háirithe, ar cibé acu is gá nó nach gá raon feidhme na Treorach seo a leathnú agus cionta nua a thabhairt isteach. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más gá.

    3.   Faoin 14 Meitheamh 2032, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil gá le bearta breise ar leibhéal an Aontais chun dul i ngleic go héifeachtach le gnéaschiapadh agus foréigean san áit oibre, agus na coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme, creat dlíthiúil an Aontais i réimse na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha agus an creat dlíthiúil maidir le sábháilteacht agus sláinte cheirde á gcur san áireamh.

    Airteagal 46

    Caidreamh le gníomhartha eile de chuid an Aontais

    1.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na ngníomhartha dlí seo a leanas:

    (a)

    Treoir 2011/36/AE;

    (b)

    Treoir 2011/93/AE;

    (c)

    Treoir 2011/99/AE;

    (d)

    Treoir 2012/29/AE;

    (e)

    Rialachán (AE) Uimh. 606/2013;

    (f)

    Rialachán (AE) 2022/2065.

    2.   Tá feidhm ag na bearta sonracha dá bhforáiltear i gCaibidlí 3, 4 agus 5 den Treoir seo arb iad an cosc, íospartaigh a chosaint agus tacaíocht d’íospartaigh sa bhreis ar na bearta a leagtar síos i dTreoracha 2011/36/AE, 2011/93/AE agus 2012/29/AE.

    Airteagal 47

    Saoirse an phreasa agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin eile

    Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chórais dliteanais speisialta a bhaineann le prionsabail bhunúsacha maidir le saoirse an phreasa agus leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh i meáin chosanta atá ann sna Ballstáit amhail ón 13 Meitheamh 2024, ar choinníoll gur féidir córais den sórt sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir iomlán leis an gCairt.

    Airteagal 48

    Clásal neamh-chúlchéimnithe

    Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo ina fhoras chun údar cuí a thabhairt le laghdú ar leibhéal na cosanta d’íospartaigh. Ní dochar an toirmeasc sin ar laghdú den sórt sin ar an leibhéal cosanta do cheart na mBallstát socruithe reachtacha nó rialála a leagan síos, i bhfianaise imthosca atá ag athrú, seachas na cinn atá i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2024, ar choinníoll go gcomhlíontar na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

    Airteagal 49

    Trasuí

    1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 14 Meitheamh 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar na tagairtí sin.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 50

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 51

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna déanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 93.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Bealtaine 2024.

    (3)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

    (4)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

    (5)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).

    (6)  Treoir 2008/115/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.)

    (7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (8)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (9)  Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).

    (10)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).

    (11)  Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (13)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

    (14)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

    (15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

    (16)  Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

    (17)  Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2).

    (18)  Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lch. 4).

    (19)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top