Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024L0884

    Treoir (AE) 2024/884 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/83/2023/REV/1

    IO L, 2024/884, 19.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/884/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/884/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/884

    19.3.2024

    TREOIR (AE) 2024/884 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Márta 2024

    lena leasaítear Treoir 2012/19/AE maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i bhfeidhm an 13 Lúnasa 2012, agus tháinig sí in ionad Threoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (2)

    Áiríodh painéil fhótavoltacha, nár tháinig faoi raon feidhme Threoir 2002/96/CE, i raon feidhme Threoir 2012/19/AE amhail ón 13 Lúnasa 2012, trí bhíthin iad a áireamh i gcatagóir 4 d’Iarscríbhinní I agus II, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2012/19/AE.

    (3)

    Foráiltear le hAirteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE go bhfuil na Ballstáit le háirithiú go seasfaidh táirgeoirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh (TLL) na costais a bhaineann le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha a bhíonn ann mar gheall ar tháirgí a cuireadh ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005.

    (4)

    An 25 Eanáir 2022, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt’), ina breithiúnas i gCás C-181/20 (5), go raibh Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE neamhbhailí a mhéid a bhaineann sé le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012, mar gheall ar éifeacht chúlghabhálach gan údar maith. Dhearbhaigh an Chúirt, sular glacadh Treoir 2012/19/AE, gur fhág reachtas an Aontais go raibh sé de rogha ag na Ballstáit, na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha a bheith le híoc ag sealbhóirí dramhaíola reatha nó sealbhóirí dramhaíola a bhí ann roimhe seo, nó ag táirgeoir nó dáileoir na bpainéal fótavoltach, de bhun Airteagal 14 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Dá éis sin, bhunaigh reachtas an Aontais riail, in Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE, faoina bhfuil na costais sin le seasamh ag táirgeoirí i ngach Ballstát, lena n-áirítear i ndáil le táirgí a bhí curtha ar an margadh cheana ag na táirgeoirí tráth a raibh Treoir 2008/98/CE i bhfeidhm. Dhearbhaigh an Chúirt nár mhór a mheas go raibh feidhm chúlghabhálach ag an riail sin, agus go bhféadfadh sí, dá bhrí sin, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a shárú, agus go ndéanann an aisghníomhaíocht sin neamhbhailí é a mhéid a bhaineann le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2012/19/AE.

    (5)

    Dhearbhaigh an Chúirt freisin ina breithiúnas nár shárú ar dhlí an Aontais é reachtaíocht a ghlacadh a bhí contrártha le treoir ón Aontas sular glacadh an treoir sin, ós rud é nach féidir a mheas go bhfuil baint amach an toraidh a fhorordaítear leis an treoir i mbaol tromchúiseach sula bhfuil an treoir ina cuid de dhlíchóras an Aontais.

    (6)

    Tugtar le tuiscint go díreach le breithiúnas na Cúirte gur cheart Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige maidir le dramhaíl ó phainéil fhótavoltacha ó úsáideoirí seachas ó theaghlaigh phríobháideacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012. Thairis sin, i bhfianaise na mbreithnithe a leagadh amach i mbreithiúnas na Cúirte, is gá Treoir 2012/19/AE a leasú freisin i ndáil le maoiniú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha ó theaghlaigh phríobháideacha a bhfuil feidhm ag Airteagal 12 de Threoir 2012/19/AE ina leith, agus i ndáil le TLL eile, maidir le dramhaíl ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha araon, ar dramhaíl í atá inchomparáide leis an seasamh atá ag painéil fhótavoltacha.

    (7)

    Le hAirteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2012/19/AE, leathnaítear raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach sin go dtí gach TLL amhail ón 15 Lúnasa 2018. Mar atá i gcás painéil fhótavoltacha, ní dhearnadh TLL nár tháinig faoi raon feidhme Threoir 2012/19/AE de bhun Airteagal 2(1), pointe (a), de ach a tháinig faoina raon feidhme ón 15 Lúnasa 2018 de bhun Airteagal 2(1), pointe (b), de (‘TLL raon feidhme oscailte’) a áireamh roimhe seo chomh maith faoi raon feidhme Threoir 2002/96/CE. Dá bhrí sin, sular glacadh Treoir 2012/19/AE, de bhun Airteagal 14 de Threoir 2008/98/CE, fágadh de rogha ag na Ballstáit na costais a bhaineann le bainistiú dramhaíola ón TLL sin a bheith le híoc ag sealbhóirí dramhaíola reatha nó sealbhóirí dramhaíola a bhí ann roimhe seo nó ag táirgeoir nó dáileoir an trealaimh sin. Dá bhrí sin, dá gcuirfí Airteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE i bhfeidhm maidir le TLL raon feidhme oscailte, ar na cúiseanna a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte, bheadh sé contrártha le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Thairis sin, ós rud é nach n-áirítear TLL raon feidhme oscailte i dTreoir 2012/19/AE ach amháin ón 15 Lúnasa 2018, ba cheart Airteagal 13(1) a leasú ionas nach mbeidh feidhm aige maidir le TLL raon feidhme oscailte a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018.

    (8)

    Mar fhoráil atá ar aon dul le hAirteagal 13(1) de Threoir 2012/19/AE, a bhfuil feidhm aici i leith úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha, forchuirtear le hAirteagal 12(1) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(3) di, maoiniú na gcostas chun DTLL ó theaghlaigh phríobháideacha a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a chur ar tháirgeoirí maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh ar dháta is déanaí ná an 13 Lúnasa 2005. Ar na cúiseanna a leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte, a mhéid atá feidhm ag na forálacha sin maidir le maoiniú na gcostas bainistithe dramhaíola sin do phainéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012 agus maidir le TLL raon feidhme oscailte a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018, bheadh feidhm chúlghabhálach acu freisin ar shlí atá contrártha do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 12 de Threoir 2012/19/AE a leasú ar shlí nach mbeadh feidhm aige maidir le painéil fhótavoltacha a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 13 Lúnasa 2012 ná maidir le TLL raon feidhme oscailte a cuireadh ar an margadh idir an 13 Lúnasa 2005 agus an 15 Lúnasa 2018.

    (9)

    Le Treoir 2012/19/AE forlíontar Treoir 2008/98/CE, atá ar cheann de na gníomhartha reachtacha ginearálta bainistithe dramhaíola san Aontas. Tá feidhm ag Airteagail 8 agus 14 de Threoir 2008/98/CE dá bhrí sin maidir le bainistiú dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha agus bainistiú dramhaíola ó TLL raon feidhme oscailte don tréimhse nuair nach dtagann painéil fhótavoltacha agus TLL raon feidhme oscailte faoi raon feidhme Threoir 2012/19/AE de bhua na leasuithe ar Airteagail 12 agus 13 den Treoir sin leis an Treoir seo.

    (10)

    Foráiltear le hAirteagal 14(4) agus Airteagal 15(2) de Threoir 2012/19/AE go ndéanfar TLL a chuirtear ar an margadh a mharcáil i gcomhréir, agus gur fearr go ndéanfaí é le caighdeán Eorpach EN 50419, a ghlac Cenelec i mí an Mhárta 2006. Rinneadh athbhreithniú ar an gcaighdeán sin chun na tagairtí atá ann do Threoir 2012/19/AE a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt don chaighdeán sna hairteagail sin a thabhairt cothrom le dáta chun tagairt a dhéanamh don leagan athbhreithnithe de chaighdeán Eorpach EN 50419, caighdeán a ghlac Cenelec i mí Iúil 2022.

    (11)

    Foráiltear le hAirteagal 15(2) de Threoir 2012/19/AE, chun gur féidir an dáta ar ar cuireadh TLL ar an margadh a chinneadh go soiléir, go bhfuil na Ballstáit le háirithiú go sonrófar i marc ar an TLL gur cuireadh an TLL ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005. Mar thoradh ar na leasuithe ar Airteagail 12 agus 13, ba cheart Airteagal 15(2) a leasú maidir le painéil fhótavoltacha agus TLL raon feidhme oscailte, ionas go soiléirítear ann nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid marcála ach ón 13 Lúnasa 2012 i ndáil le painéil fhótavoltacha agus ón 15 Lúnasa 2018 i ndáil le TLL raon feidhme oscailte.

    (12)

    Chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a chaomhnú in athbhreithnithe ar Threoir 2012/19/AE a bheidh ann amach anseo, tá sé tábhachtach aird áirithe a thabhairt ar ghlacadh aon fhorálacha a chosc a bhféadfadh éifeachtaí cúlghabhálacha gan údar maith a bheith acu. Ina theannta sin, tá sé riachtanach soiléireacht agus intuarthacht a thabhairt do tháirgeoirí TLL, maidir leis na dálaí oibriúcháin a bhí i bhfeidhm nuair a cuireadh a dtáirgí ar an margadh. Leis an gcur chuige sin, cuidítear leis an riosca a sheachaint go dtabhófaí costais dhothuartha a bhaineann le bainistiú DTLL sa todhchaí. Thairis sin, tá sé tábhachtach leis na hathbhreithnithe sin go n-urramófaí ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

    (13)

    I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur le fógra a mbeart trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. Maidir leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur.

    (14)

    Bíonn drochthionchair shuntasacha ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol ann mar thoradh ar chóireáil lochtach dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha agus dramhaíola ó TLL raon feidhme oscailte. Tá sé tábhachtach a áirithiú dá bhrí sin go ndéanfar dramhaíl ó phainéil fhótavoltacha a chóireáil go cuí agus go ndéanfar aisghabháil dramhaíola ó phainéil fhótavoltacha a uasmhéadú. Gan dochar do na hathruithe ar na hoibleagáidí airgeadais is gá chun bailiú agus cóireáil painéal fótavoltach dramhaíola a cuireadh ar an margadh roimh an 13 Lúnasa 2012 agus bailiú agus cóireáil dramhaíola ó gach TLL raon feidhme oscailte a cuireadh ar an margadh roimh an 15 Lúnasa 2018 a tugadh isteach leis an Treoir seo a chumhdach, tá sé tábhachtach do Bhallstáit a áirithiú go ndéantar DTLL gaolmhar a bhainistiú ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil. D’fhéadfadh na Ballstáit táirgeoirí a spreagadh, trína scéimeanna freagrachta táirgeoirí leathnaithe aonair nó comhchoiteanna chun dramhaíl stairiúil ghaolmhar ó na painéil fhótavoltacha agus ó TLL raon feidhme oscailte a bhailiú agus a chóireáil i gceart.

    (15)

    Agus Treoir 2012/19/AE á hathbhreithniú, agus ag díriú ar a heasnaimh, tá sé ríthábhachtach a áirithiú nach n-aistreofaí na costais a bhaineann le DTLL a bhainistiú go díréireach chuig tomhaltóirí ná saoránaigh. Áirítear leis sin an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur san áireamh, prionsabal lena ndírítear ar fhorálacha féideartha a bhaineann le spriocanna bailithe DTLL agus le cloí le hord na réiteach dramhaíola mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

    (16)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

    TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Threoir 2012/19/AE

    Leasaítear Treoir 2012/19/AE mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 24a

    Athbhreithniú

    1.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú ar an Treoir seo agus, i gcás gurb iomchuí, tíolacfaidh sé togra reachtach ina leith sin, a mbeidh measúnú críochnúil ar an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil ag gabháil leis.

    2.   Sa mheasúnú tionchair dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh an Coimisiún go háirithe an bhfuil gá leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    forálacha lena n-áirithítear go sonrach go gcloítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus nach bhfuil aon éifeacht chúlghabhálach gan údar maith in aon Bhallstát;

    (b)

    forálacha lena n-áirithítear cur chun feidhme ord na réiteach dramhaíola arna leagan síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE.

    (c)

    forálacha lena n-áirithítear nach gcuirfear costais dhíréireacha ar shaoránaigh agus ar thomhaltóirí, i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’;

    (d)

    forálacha lena n-áirithítear cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán na Treorach seo, go háirithe maidir le spriocanna bailithe dóthanacha, agus maidir le trádáil neamhdhleathach DTLL a chosc;

    (e)

    catagóir nua TLL ‘painéil fhótavoltacha’ a chruthú faoin Treoir seo arb é is aidhm di painéil fhótavoltacha a dhícheangal ó chatagóir 4 TLL atá ann cheana, ‘trealamh mór’, dá dtagraítear in Iarscríbhinní III agus IV, agus na spriocanna bailithe a ríomh ar bhonn painéil fhótavoltacha dramhaíola atá ar fáil lena mbailiú bunaithe ar a saolré tuartha, seachas ar chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;

    (f)

    sásra a bhunú chun a áirithiú, i gcás chliseadh nó leachtú an táirgeora, go gcumhdófar ó thaobh airgeadais de na costais amach anseo ó thaobh bailiú, cóireáil, aisghabháil agus diúscairt dramhaíola atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó phainéil fhótavoltacha ó theaghlaigh phríobháideacha agus ó úsáideoirí araon seachas teaghlaigh phríobháideacha.’

    ;

    (2)

    leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh táirgeoirí an maoiniú, ar a laghad, do bhailiú, cóireáil, aisghabháil agus diúscairt DTLL ó theaghlaigh phríobháideacha ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, ar DTLL é arna thaisceadh i saoráidí bailithe arna mbunú faoi Airteagal 5(2) mar a leanas:

    (a)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), seachas painéil fhótavoltacha, inar cuireadh an TLL sin ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005;

    (b)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar phainéil fhótavoltacha i gcás inar cuireadh na painéil fhótavoltacha sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012; agus

    (c)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (a) i gcás inar cuireadh an TLL sin ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.’

    ;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

    ‘3.   Beidh gach táirgeoir freagrach as maoiniú na n-oibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis an dramhaíl óna tháirgí féin. Féadfaidh an táirgeoir a roghnú an oibleagáid sin a chomhlíonadh ina aonar nó trí dhul isteach i gcomhscéim.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Maidir leis an bhfreagracht as maoiniú na gcostas bainistithe DTLL ó tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), seachas painéil fhótavoltacha, a cuireadh ar an margadh an 13 Lúnasa 2005 nó roimhe sin (‘dramhaíl stairiúil’), déanfaidh córas amháin nó níos mó lena rannchuidíonn na táirgeoirí uile atá ar an margadh go comhréireach nuair a tharlaíonn na costais seo faoi seach, e.g. i gcomhréir lena sciar faoi seach den mhargadh de réir an chineáil trealaimh, déanfaidh córas mar sin é a íoc.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh táirgeoirí maoiniú na gcostas chun DTLL a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar shlí atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de ó úsáideoirí seachas teaghlaigh phríobháideacha mar a leanas:

    (a)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), seachas painéil fhótavoltacha inar cuireadh an TLL sin ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005;

    (b)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar phainéil fhótavoltacha i gcás inar cuireadh na painéil fhótavoltacha sin ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012; agus

    (c)

    i gcás DTLL a bhíonn ann mar gheall ar TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (a), i gcás inar cuireadh an TLL sin ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.

    I gcás dramhaíl stairiúil ó TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), seachas painéil fhótavoltacha, a bhfuil táirgí nua coibhéiseacha nó táirgí a bhfuil an fheidhm chéanna acu á gcur ina n-ionad, déanfaidh táirgeoirí na dtáirgí sin foráil do mhaoiniú na gcostas agus iad á soláthar acu. Féadfaidh na Ballstáit, mar mhodh malartach, foráil a dhéanamh go gcuirfear an fhreagracht ar úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad, go páirteach nó go hiomlán, as an maoiniú sin.

    I gcás dramhaíl stairiúil eile ó TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1) pointe (a), seachas painéil fhótavoltacha, déanfaidh úsáideoirí nach teaghlaigh phríobháideacha iad foráil do mhaoiniú na gcostas.’

    ;

    (4)

    in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   D’fhonn diúscairt DTLL mar dhramhaíl chathrach neamhshórtáilte a íoslaghdú agus chun a bhailiú ar leithligh a éascú, áiritheoidh na Ballstáit go marcálfaidh táirgeoirí TLL a chuirtear ar an margadh go hiomchuí leis an tsiombail a thaispeántar in Iarscríbhinn IX — agus is fearr go marcálfaí é i gcomhréir leis an gcaighdeán Eorpach EN 50419:2022. I gcásanna eisceachtúla, ina mbíonn gá leis seo mar gheall ar mhéid nó ar fheidhm an táirge, déanfar an tsiombail a phriontáil ar an bpacáistiú, ar na treoracha úsáide agus ar bharánta an TLL.’

    ;

    (5)

    in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Chun gur féidir an dáta ar ar cuireadh TLL ar an margadh a chinneadh go soiléir, áiritheoidh na Ballstáit go sonrófar i marc ar an TLL gur cuireadh an trealamh leictreach agus leictreonach ar an margadh tar éis an 13 Lúnasa 2005. Is fearr go gcuirfear caighdeán Eorpach EN 50419:2022 i bhfeidhm chun na críche sin.

    I gcás painéil fhótavoltacha, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin maidir le painéil fhótavoltacha a chuirfear ar an margadh ón 13 Lúnasa 2012.

    I gcás TLL dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (a), ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin maidir leis an TLL a chuirtear ar an margadh ón 15 Lúnasa 2018.’

    .

    Airteagal 2

    Trasuí

    1.   Tabharfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh, faoin 9 Deireadh Fómhair 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

    Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 4

    Seolaithe

    Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

    Arna déanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. LAHBIB


    (1)   IO C 184, 25.5.2023, lch. 102.

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2024.

    (3)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).

    (4)  Treoir 2002/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 37, 13.2.2003, lch. 24).

    (5)  Breithiúnas ón gCúirt (an Mór-Dhlísheomra) an 25 Eanáir 2022 VYSOČINA WIND a.s. v Česká republika – Ministerstvo životního prostředí C-181/20, ECLI:EU:C:2022:51.

    (6)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

    (7)   IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/884/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top