Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1908

    Cinneadh (CBES) 2024/1908 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 4 Iúil 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/615 (EUTM Somalia/2/2024)

    ST/11020/2024/INIT

    IO L, 2024/1908, 8.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1908/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1908/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1908

    8.7.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1908 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 4 Iúil 2024

    maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/615 (EUTM Somalia/2/2024)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2010/96/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2010 maidir le misean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (1), agus go háirithe Airteagal 5 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 15 Feabhra 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/96/CBES, lenar bunaíodh misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia).

    (2)

    De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh 2010/96/CBES, tá an Coiste Polaitiúil agus Slándála chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUTM Somalia a fheidhmiú, agus údaraíonn an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear cinntí maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUTM Somalia..

    (3)

    An 14 Márta 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/615 (2), lena gceaptar an Briogáidire-Ghinearál Fulvio POLI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Somalia ón 23 Márta 2023.

    (4)

    An 17 Bealtaine 2024, mhol údaráis mhíleata na hIodáile an Briogáidire-Ghinearál Giuseppe ZIZZARI a cheapadh i gcomharbas ar an mBriogáidire-Ghinearál Fulvio POLI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Somalia (‘an ceapachán molta’).

    (5)

    An 4 Meitheamh 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an Briogáidire-Ghinearál Giuseppe ZIZZARI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Somalia amhail ón 11 Iúil 2024.

    (6)

    Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál Giuseppe ZIZZARI a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM Somalia.

    (7)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/615 a aisghairm,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar an Briogáidire-Ghinearál Giuseppe ZIZZARI mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar mhisean míleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia) ón 11 Iúil 2024.

    Airteagal 2

    Leis seo, aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/615.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Iúil 2024.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Iúil 2024.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    An tUachtarán

    D. PRONK


    (1)   IO L 44, 19.2.2010, lch. 16.

    (2)   IO L 80, 20.3.2023, lch. 94.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1908/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top