Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024D1336

    Cinneadh (CBES) 2024/1336 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    ST/9148/2024/INIT

    IO L, 2024/1336, 15.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1336/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1336/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1336

    15.5.2024

    CINNEADH (CBES) 2024/1336 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Bealtaine 2024

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (1).

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 21 agus an 22 Márta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór an rochtain atá ag an Rúis ar ábhair agus teicneolaíochtaí íogaire atá ábhartha don láthair chatha a shrianadh a mhéid is féidir, lena n-áirítear trí dhíriú ar eintitis i dtríú tíortha lena gcumasaítear an teacht timpeall ar smachtbhannaí. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus ar an gCoimisiún smachtbhannaí breise a ullmhú i gcoinne na Bealarúise, na Cóiré Thuaidh agus na hIaráine. Thairis sin, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go leanfadh an tAontas Eorpach de bheith ag obair go dian le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun aon ghéarú breise a chosc, go háirithe sa Liobáin agus sa Mhuir Rua. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar na gníomhaithe uile, go háirithe an Iaráin, staonadh ó ghníomhartha géaraitheacha.

    (3)

    An 14 Aibreán 2024, sa ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais, cháin an tAontas go láidir ionsaithe ladrann agus diúracán na hIaráine ar Iosrael an 13 Aibreán 2024 mar ghéarú nach bhfacthas a leithéid cheana agus mar bhagairt ar an tslándáil réigiúnach.

    (4)

    Sna conclúidí uaithi an 17 Aibreán 2024, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir agus go neamhbhalbh, sna conclúidí uaithi an 17 Aibreán 2024, an t-ionsaí a rinne an Iaráin ar Iosrael agus d’athdhearbhaigh sí a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir Iosrael agus a tiomantas do shlándáil Iosrael agus do chobhsaíocht an réigiúin. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Iaráin agus ar a seachfhórsaí deireadh a chur leis na hionsaithe uile agus thathantaigh sí ar na páirtithe uile an-ghuaim a chur orthu féin agus staonadh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh cur leis an teannas sa réigiún. Anuas air sin, luadh sna conclúidí ón gComhairle Eorpach go ndéanfadh an tAontas bearta sriantacha breise i gcoinne na hIaráine, go háirithe i ndáil le haerárthaí gan foireann agus diúracáin. Ar deireadh, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí rannchuidiú leis an díghéarú agus leis an tslándáil sa réigiún.

    (5)

    Tá aerárthaí gan foireann a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na tíre sin, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun aerárthaí gan foireann a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta.

    (6)

    Is cúis mhór imní don Aontas na tuairiscí go bhféadfadh an Iaráin diúracáin a aistriú chuig an Rúis lena n-úsáid ina cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine.

    (7)

    Is ábhar mór imní é leathadh aerárthaí gan foireann agus diúracán agus teicneolaíochtaí gaolmhara a tháirgtear san Iaráin chuig grúpaí armtha neamhstáit sa Mheánoirthear agus níos faide i gcéin. D’aistrigh an Iaráin aerárthaí gan foireann agus diúracáin arna dtáirgeadh ag an Iaráin chuig grúpaí agus eintitis armtha, lena n-áirítear Hamas, Hezbollah, na Houthi agus mílístí sa tSiria agus san Iaráic, chomh maith le páirtithe coinbhleachta sa tSúdáin.

    (8)

    Tá clár diúracán na hIaráine, atá bunaithe ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha agus a bhaineann tairbhe as cumais taighde intíre, á reáchtáil ag Aireacht Cosanta agus Lóistíocht Fhórsaí Armtha na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, a bhfuil smachtbhannaí curtha ar an dá chomhlacht sin ag an Aontas. Áirítear ar chlár diúracán na hIaráine soláthar, forbairt, táirgeadh agus aistriú diúracáin.

    (9)

    Tá seanchaidreamh ag an Iaráin le grúpaí agus eintitis armtha sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, lena n-áirítear eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, mar shampla, sciathán míleata Hezbollah agus Hamas agus chuir sí diúracáin agus modhanna táirgthe a tháirgtear san Iaráin ar fáil dóibh.

    (10)

    Is sárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe é soláthar leanúnach arm agus ábhar gaolmhar na hIaráine do na Houthi.

    (11)

    Is ábhar mór imní iad na hionsaithe a rinne na Houthi ar na bealaí lárnacha loingseoireachta muirí sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua maidir le leasanna an Aontais agus na mBallstát. Le Cinneadh (CBES) 2024/632 (2) ón gComhairle, seoladh oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES). Is chun leasa an Aontais agus a Bhallstát é bearta a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála chun cosc a chur ar na Houthi rochtain bhreise a fháil ar airm a tháirgtear san Iaráin, mar shampla, diúracáin agus aerárthaí gan foireann.

    (12)

    I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar thacaíocht mhíleata na hIaráine i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine chomh maith le soláthar aerárthaí gan foireann agus diúracán na hIaráine do ghrúpaí armtha agus d’eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil, chomh maith le ceannasacht stát, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach maidir leis an Iaráin. Ba cheart na bearta sin a choinneáil faoi athbhreithniú agus ba cheart go bhféadfaí iad a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, nó go bhféadfaí iad a fhorlíonadh le bearta sriantacha eile, i bhfianaise forbairtí ar an láthair.

    (13)

    Go háirithe, ba cheart teideal Chinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú agus ba cheart srianta taistil agus bearta reo sócmhainní a fhorchur ar dhaoine atá freagrach as clár diúracán na hIaráine, a thacaíonn leis an gclár sin nó a bhfuil baint acu leis, nó a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, nó chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua; nó de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    (14)

    Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar chomhpháirteanna breise a d’fhéadfaí a úsáid i bhforbairt agus i dtáirgeadh aerárthaí gan foireann a onnmhairiú ón Aontas chuig an Iaráin.

    (15)

    Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

    (16)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua’.

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1):

    ‘1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine nádúrtha seo a leanas:

    (a)

    atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;

    (b)

    a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:

    (i)

    chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

    (ii)

    chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;

    (iii)

    chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,

    (c)

    a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha dá dtagraítear i bpointí (a) nó pointe (b), nó le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear de bhun Airteagal 3(1);

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn.’.

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(1):

    ‘1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí iad, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin:

    (a)

    atá freagrach as clár aerárthaí gan foireann nó diúracán na hIaráine, a thugann tacaíocht dó nó atá bainteach leis;

    (b)

    a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin na hIaráine nó teicneolaíochtaí gaolmhara, nó atá bainteach ar shlí eile lena n-aistriú:

    (i)

    chuig an Rúis chun tacú lena cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

    (ii)

    chuig grúpaí armtha agus eintitis armtha a bhfuil dochar á dhéanamh acu don tsíocháin agus don tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua;

    (iii)

    chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; nó,

    (c)

    a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) nó pointe (b);

    mar a liostaítear san Iarscríbhinn iad, déanfar iad a reo.’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Bealtaine 2024.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    V. VAN PETEGHEM


    (1)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2024/632 ón gComhairle an 19 Feabhra 2024 lena seoltar an oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (IO L, 2024/632, 20.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/632/oj


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1336/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top