This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D04882
Council Decision of 22 July 2024 replacing an alternate member of the Management Board of the European Centre for the Development of Vocational Training (Cedefop) for Latvia
Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta mhalartaigh de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
Cinneadh ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta mhalartaigh de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
ST/11930/2024/INIT
IO C, C/2024/4882, 31.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4882/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4882 |
31.7.2024 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Iúil 2024
lena ndéantar duine a chur in ionad comhalta mhalartaigh de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Laitvia
(C/2024/4882)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027. |
|
(2) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh i gcatagóir ionadaithe eagraíochtaí na bhfostóirí tagtha chun bheith folamh anois mar gheall ar Inese STEPIŅA a bheith éirithe as oifig. |
|
(3) |
Tá iarrthóir ainmnithe ag eagraíocht na bhfostóirí BusinessEurope don suíochán folamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Sintija SĒJĒJA ina comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna in ionad Inese STEPIŅA ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 31 Márta 2027.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 30, 31.1.2019, lch. 90.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4882/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)