Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2175

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2175 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ar bhealach níos mionsonraithe na ceanglais maidir le coinneáil riosca do thionscnóirí, d’urraitheoirí, d’iasachtóirí bunaidh, agus do sheirbhíseoirí

    C/2023/1563

    IO L, 2023/2175, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2175/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2175

    18.10.2023

    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2175 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Iúil 2023

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ar bhealach níos mionsonraithe na ceanglais maidir le coinneáil riosca do thionscnóirí, d’urraitheoirí, d’iasachtóirí bunaidh, agus do sheirbhíseoirí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE, Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 6(7), an tríú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun a áirithiú go dtuigfidh infheisteoirí agus maoirseoirí an chaoi a bhfuil cineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála coibhéiseach le ceann de na roghanna coinneála a leagtar amach in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2017/2402, ba cheart úsáid an chineáil coinneála sin agus na mionsonraí ina leith a nochtadh sa doiciméad tairisceana deiridh, sa réamheolaire tairisceana deiridh, san achoimre ar na hidirbhearta nó san fhorléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe.

    (2)

    Leagtar síos in Airteagal 6(3), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/2402 módúlachtaí éagsúla chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a leagtar síos in Airteagal 6(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh. Chun cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le coinneáil riosca a chomhchuibhiú agus chun coinneáil choibhéiseach glanleasa eacnamaíoch ábhartha in urrúsú a bhaint amach, is gá na módúlachtaí sin a shonrú a thuilleadh, lena n-áirítear comhlíonadh trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála. I gclár ABCP, maidir le saoráid leachtachta lena gcumhdaítear 100 % de riosca creidmheasa gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe, nó atá ina suíomh céadchaillteanais i ndáil leis an urrúsú, tá an tsaoráid sin coibhéiseach le glanleas eacnamaíoch a choinneáil san urrúsú. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas go gcomhlíonann cláir ABCP den sórt sin an ceanglas maidir le coinneáil riosca i gcomhréir le hAirteagal 6(3), pointí (a) agus (d), de Rialachán (AE) 2017/2402.

    (3)

    Sainmhínítear barrachas an raoin difríochta shintéisigh in Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2017/2402 mar mhéid atá ainmnithe go conarthach ag an tionscnóir chun caillteanais a ionsú. Dá réir sin, eascraíonn luach neamhchosanta as barrachas an raoin difríochta shintéisigh, ar cheart é a chur san áireamh agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha tráth an tionscanta á thomhas. Dá bhrí sin, ba cheart barrachas an raoin difríochta shintéisigh a aithint mar bhealach ina bhféadfadh tionscnóir an urrúsaithe shintéisigh an ceanglas maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh i gcás ina gcomhlíonann barrachas sin an raoin difríochta shintéisigh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 agus i gcás ina bhfuil barrachas sin an raoin difríochta shintéisigh faoi réir ceanglas caipitil i gcomhréir leis an rialáil stuamachta is infheidhme.

    (4)

    Is féidir raonta difríochta sintéiseacha a ainmniú ar dhá bhealach éagsúla. Bealach amháin is ea feabhsú creidmheasa a sholáthar don tráinse sinsearach nó don tráinse mezzanine. Bealach eile is ea feabhsú creidmheasa a sholáthar do gach tráinse, lena n-áirítear an tráinse céadchaillteanais. I gcás ina soláthraítear le barrachas an raoin difríochta shintéisigh feabhsú creidmheasa don tráinse sinsearach nó don tráinse mezzanine amháin, ní féidir é a láimhseáil mar thráinse céadchaillteanais. Dá bhrí sin, ba cheart don choinneálaí íosmhéid ar a laghad sna tráinsí uile a choinneáil chun Airteagal 6(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh. I gcás ina soláthraítear le barrachas an raoin difríochta shintéisigh feabhsú creidmheasa do na tráinsí uile, ba cheart an barrachas sin a bheith coibhéiseach le tráinse céadchaillteanais den urrúsú sintéiseach, agus, dá bhrí sin, measfar go gcomhlíonann sé Airteagal 6(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402.

    (5)

    Is gá an leas eacnamaíoch atá le coinneáil a shonrú i gcás ina n-áirítear méideanna urrúsaithe tarraingthe agus neamhtharraingthe leis na neamhchosaintí foluiteacha a bhaineann le hurrúsú. Toisc go gcinntear an riosca creidmheasa ar bhonn na méideanna tarraingthe, níor cheart ach na méideanna sin amháin a chur san áireamh agus an glanleas eacnamaíoch á thomhas.

    (6)

    Chun a áirithiú go leanfar den cheanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh i gcás ina bhfuil an glanleas eacnamaíoch á choinneáil ag an ngrúpa comhdhlúite agus nach dtagann coinneálaí an ghrúpa faoi raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite a thuilleadh, is gá a leagan síos gur cheart do cheann amháin nó níos mó de na heintitis eile a thagann faoi raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite neamhchosaint ar an urrúsú a ghlacadh.

    (7)

    Le hAirteagal 6(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 cuirtear toirmeasc ar fhálú nó díol an leasa eacnamaíoch choinnithe toisc go ndéanfadh sé sin neamhchosaint an choinneálaí ar riosca creidmheasa na suíomhanna nó neamhchosaintí coinnithe urrúsúcháin a bhaint. Dá bhrí sin, níor cheart fálú a cheadú ach amháin i gcás ina ndéanann sé an coinneálaí a fhálú i gcoinne rioscaí seachas riosca creidmheasa na suíomhanna nó neamhchosaintí coinnithe urrúsúcháin. Ba cheart fálú a cheadú freisin, áfach, i gcás ina ndéantar é roimh an urrúsú mar ghné dhlisteanach stuama den deonú creidmheasa nó den bhainistiú riosca, agus nach gcruthaíonn sé idirdhealú chun tairbhe an choinneálaí idir riosca creidmheasa na suíomhanna nó neasmhchosaintí urrúsúcháin coinnithe agus riosca creidmheasa na suíomhanna nó neamhchosaintí urrúsúcháin arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí. Ina theannta sin, i gcás urrúsuithe ina ngeallann an coinneálaí níos mó ná an glanleas eacnamaíoch ábhartha íosta de 5 % a choinneáil, níor cheart fálú a thoirmeasc maidir le haon leas coinnithe de bhreis ar an gcéatadán sin, ar choinníoll go nochtar na himthosca sin sa doiciméad tairisceana deiridh, sa réamheolaire tairisceana deiridh, san achoimre ar na hidirbhearta nó san fhorléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe.

    (8)

    Chun a áirithiú go leanfar den ghlanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil, ba cheart do choinneálaithe a áirithiú nach bhfuil aon sásra leabaithe sa struchtúr urrúsúcháin trína dtiocfaidh laghdú níos tapa ar an nglanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe, arna thomhas tráth an tionscanta, ná ar an leas arna aistriú. Ar an gcúis chéanna, níor cheart tosaíocht a thabhairt don ghlanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe i dtéarmaí sreafaí airgid sa chaoi go dtairbheodh sé go fabhrach de bheith aisíoctha nó amúchta ar bhealach a laghdódh an glanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe sin chuig leibhéal faoi bhun 5 % de luach ainmniúil leanúnach na dtráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig na hinfheisteoirí nó de luach ainmniúil leanúnach na neamhchosaintí urrúsaithe, nó chuig leibhéal faoi bhun an ghlanluacha 5 % i gcás neamhchosaintí neamhthuillmheacha a bhaineann le hurrúsuithe traidisiúnta NPE. Thairis sin, an feabhsú creidmheasa a sholáthraítear don infheisteoir a bhfuil neamhchosaint ar shuíomh urrúsúcháin á glacadh aige, níor cheart laghdú a theacht ar an bhfeabhsú creidmheasa sin a bheadh díréireach leis an ráta aisíocaíochta maidir leis na neamhchosaintí foluiteacha. Níor cheart an ceanglas sin cosc a chur ar an gcoinneálaí luach saothair a fháil ar bhonn tosaíochta i leith seirbhísí a thugann sé d’eintiteas sainchuspóireach an urrúsaithe, ar choinníoll go socraítear méid an luacha saothair ar bhonn neamhthuilleamaí agus nach mbaineann struchtúr an luacha saothair sin an bonn den cheanglas maidir le coinneáil.

    (9)

    I gcás ina bhfuil leas an phríomhoibleagáideora agus an infheisteora ailínithe go hiomlán le chéile, lena n-áirítear an cás go gcuimsíonn an t-urrúsú go heisiach bannaí faoi chumhdach nó ionstraimí fiachais eile arna n-eisiúint go díreach ag an bpríomhoibleagadóir, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an eintiteas a dhéanann na hionstraimí sin a urrúsú aon bheart eile a dhéanamh chun an ceanglas maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh.

    (10)

    Déantar foráil in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le heisceachtaí áirithe ón toirmeasc ar ath-urrúsuithe. Toisc go mbaineann na ceanglais maidir le coinneáil le dhá leibhéal na n-idirbheart i dtaca le hath-urrúsú, is gá an bealach a shonrú ina gcomhlíonfaidh na hidirbhearta sin an ceanglas maidir le coinneáil. Mar riail ghinearálta, ba cheart na chéad urrúsuithe neamhchosaintí agus an dara leibhéal ‘athphacáistithe’ den idirbheart a láimhseáil mar urrúsuithe ar leithligh ar mhaithe leis an gceanglas maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh. Ba cheart oibleagáid a bheith ann, dá bhrí sin, glanleas eacnamaíoch ábhartha gach ceann de na leibhéil sin a choinneáil. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin maidir le hidirbhearta a bhfuil níos mó ná urrúsú foluiteach amháin acu, amhail cláir páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) seachas na cláir sin dá dtagraítear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/2402. D’fhéadfadh sé, áfach, go ndéanfadh tionscnóir an urrúsaithe, agus é ag gníomhú mar choinneálaí, suíomhanna a urrúsú a bhí coinnithe aige de bhreis ar an gceanglas íosta maidir le coinneáil ar an gcéad leibhéal d’urrúsú. Sa chás sin, níor cheart a cheangal ar an tionscnóir sin leas breise a choinneáil ar leibhéal an ath-urrúsaithe, ar choinníoll nach gcuirtear aon neamhchosaint ná suíomh eile le comhthiomsú foluiteach an ath-urrúsaithe. Sna cásanna sin, níor cheart an t-ath-urrúsú a mheas ach amháin mar an dara céim den idirbheart céanna, nach n-athrófaí bonn eacnamaíoch an urrúsaithe go mór dá bharr. Dá bhrí sin, ba cheart gur leor an choinneáil bhunaidh ar leibhéal an urrúsaithe chun cuspóir an cheanglais maidir le coinneáil riosca a chomhlíonadh. Ar deireadh, má dhéanann tionscnóir an urrúsaithe suíomh urrúsaithe a atráinsiú ina dtráinsí tadhlacha, agus an méid sin amháin, níor cheart a mheas gur ath-urrúsú é sin chun críocha an cheanglais maidir le coinneáil.

    (11)

    Is cuid lárnach den chreat um choinneáil riosca iad na ceanglais maidir le roghnú sócmhainní a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402. Dá mbeadh tionscnóirí in ann an chuid is fearr de na sócmhainní a roghnú chun punanna ag a bhfuil cáilíocht chreidmheasa níos measa a urrúsú, agus go háirithe i ngan fhios do na hinfheisteoirí nó na hinfheisteoirí ionchasacha, dhéanfaí an bonn a bhaint go géar ó chuspóir agus ó éifeachtacht na coinneála riosca i dtaca le leasanna na dtionscnóirí agus na n-infheisteoirí a ailíniú. Sa chás sin, cé go mbeadh an tionscnóir ag baint úsáid as an urrúsú chun fáil réidh le sócmhainní a bhfuil riosca ag baint leo, is ar míthreoir a bheadh infheisteoirí agus iad ag ceapadh gur fianaise ar ailíniú cuí leasanna é sciar den riosca a bheith coinnithe ag an tionscnóir. Chun cás mar sin a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus slándáil, is gá critéir a leagan síos a bhféadfaidh tionscnóirí brath orthu chun comhlíonadh Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402 a áirithiú. Thairis sin, ba cheart critéir a sholáthar chun ‘sócmhainní inchomparáide’ a chinneadh. I gcás urrúsuithe nach féidir an chomparáid dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402 a dhéanamh ina leith toisc gur aistríodh na sócmhainní inchomparáide go léir chuig an eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin (SSPE), ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad ceanglais na míre sin, ar choinníoll go nochtar sa doiciméad tairisceana deiridh, sa réamheolaire tairisceana deiridh, san achoimre ar na hidirbhearta nó san fhorléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe nárbh fhéidir an chomparáid sin a dhéanamh.

    (12)

    I gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i leith an choinneálaí, nó i gcás nach féidir leis an gcoinneálaí leanúint de ghníomhú sa cháil sin ar chúiseanna nach bhfuil neart aige orthu ná nach bhfuil neart ag a scairshealbhóirí orthu, ba cheart eintiteas dlíthiúil eile a chomhlíonann Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402 a bheith in ann an glanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe atá fágtha a choinneáil, ionas go mbeidh ailíniú leasanna ann fós.

    (13)

    De bhun Airteagal 6(1), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, seirbhíseoirí atá in ann saineolas a léiriú maidir le neamhchosaintí a sheirbhísiú ar de chineál comhchosúil iad leis na neamhchosaintí urrúsaithe sin, is iad na seirbhíseoirí sin amháin a fhéadfaidh gníomhú mar choinneálaithe in urrúsú traidisiúnta NPE. Is iomchuí, dá bhrí sin, na critéir a leagan amach ar cheart do sheirbhíseoirí iad a chomhlíonadh le go mbeidís in ann a léiriú go bhfuil an saineolas is gá acu maidir le neamhchosaintí a sheirbhísiú atá comhchosúil leis na neamhchosaintí atá urrúsaithe.

    (14)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 (2) ón gCoimisiún, forlíontar na forálacha maidir le coinneáil riosca a leagtar síos in Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta. Le Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trí Chuid a Cúig, agus dá bhrí sin, Airteagal 405 den Rialachán sin a scriosadh. Na ceanglais maidir le coinneáil riosca a leagadh síos in Airteagal 405 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar síos anois iad in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402. Is iomchuí, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 a aisghairm, gan dochar d’Airteagal 43(6) de Rialachán (AE) 2017/2402.

    (15)

    Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a forbraíodh i ndlúthchomhar leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde, agus a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

    (16)

    Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘cineál sintéiseach coinneála’ glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil trí ionstraimí díorthacha a úsáid;

    (b)

    ciallaíonn ‘cineál teagmhasach coinneála’ glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil trí thacaíocht chreidmheasa a úsáid lena n-áiritheofar forfheidhmiú láithreach na coinneála, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí ráthaíochtaí, litreacha creidmheasa, nó cineálacha comhchosúla tacaíochta creidmheasa.

    Airteagal 2

    Coinneálaithe glanleasa eacnamaíoch ábhartha

    1.   An ceanglas a leagtar síos in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, ina sonraítear nach ndéanfar an glanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe a dheighilt idir cineálacha éagsúla coinneálaithe, déanfaidh aon cheann de na páirtithe seo a leanas an ceanglas sin a chomhlíonadh:

    (a)

    an tionscnóir nó na tionscnóirí;

    (b)

    an t-urraitheoir nó na hurraitheoirí;

    (c)

    an t-iasachtóir bunaidh nó na hiasachtóirí bunaidh;

    (d)

    an seirbhíseoir nó na seirbhíseoirí in urrúsú traidisiúnta NPE, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an ceanglas maidir le saineolas a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán seo.

    2.   I gcás ina bhfuil níos mó ná tionscnóir amháin incháilithe an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh, comhlíonfaidh gach tionscnóir an ceanglas sin ar bhonn pro rata faoi threoir na neamhchosaintí urrúsaithe a bhfuil sé ina thionscnóir ina leith.

    3.   I gcás ina bhfuil níos mó ná iasachtóir bunaidh amháin incháilithe an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh, comhlíonfaidh gach iasachtóir bunaidh an ceanglas sin ar bhonn pro rata faoi threoir na neamhchosaintí urrúsaithe a bhfuil sé ina iasachtóir bunaidh ina leith.

    4.   De mhaolú ar mhíreanna 2 agus 3, féadfaidh tionscnóir aonair nó iasachtóir bunaidh aonair an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh ina iomláine ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh tar éis an clár páipéar tráchtála sócmhainn-bhunaithe (ABCP) nó aon urrúsú eile a bhunú agus tá sé á bhainistiú aige;

    (b)

    tá an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh tar éis an clár ABCP nó aon urrúsú eile a bhunú agus tá níos mó ná 50 % de na neamhchosaintí urrúsaithe iomlána ranníoctha aige, arna dtomhas de réir an luacha ainmniúil tráth an tionscanta.

    5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná urraitheoir amháin incháilithe an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh, déanfaidh ceann de na hurraitheoirí seo a leanas an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh:

    (a)

    an t-urraitheoir is mó a bhfuil a leas eacnamaíoch ailínithe le leas an infheisteora, mar a chomhaontaíonn gach urraitheoir lena mbaineann ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n-áirítear na critéir uile seo a leanas:

    (i)

    struchtúr táillí an idirbhirt;

    (ii)

    rannpháirtíocht an urraitheora i mbunú agus i mbainistiú an chláir ABCP nó urrúsaithe eile; agus

    (iii)

    an neamhchosaint ar riosca creidmheasa na n-urrúsuithe; nó

    (b)

    gach urraitheoir i gcomhréir le líon iomlán na n-urraitheoirí.

    6.   I gcás ina bhfuil níos mó ná seirbhíseoir amháin incháilithe an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh, déanfaidh ceann de na hurraitheoirí seo a leanas an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh:

    (a)

    an seirbhíseoir is mó a bhfuil príomhleas eacnamaíoch aige i réiteach rathúil neamhchosaintí an urrúsaithe thraidisiúnta NPE, mar a chomhaontaíonn na seirbhíseoirí uile lena mbaineann ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n-áirítear struchtúr táillí an idirbhirt agus a bhfuil d’acmhainní agus de shaineolas ar fáil don seirbhíseoir chun próiseas réitigh na neamhchosaintí a bhainistiú; nó

    (b)

    gach seirbhíseoir ar bhonn pro rata faoi threoir na neamhchosaintí urrúsaithe a bhainistíonn sé, a ríomhfar mar shuim ghlanluach na neamhchosaintí urrúsaithe a cháilíonn mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha agus mar shuim luach ainmniúil na neamhchosaintí tuillmheacha urrúsaithe.

    7.   Ní mheasfar gur chun neamhchosaintí a urrúsú dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, agus chun na críche sin amháin, a bunaíodh eintiteas nó a oibríonn sé, i gcás ina bhfuil feidhm ag an méid seo a leanas ina iomláine:

    (a)

    tá straitéis ag an eintiteas agus tá d’acmhainneacht aige oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh atá comhsheasmhach le samhail ghnó níos leithne lena mbaineann tacaíocht ábhartha ó chaipiteal, ó shócmhainní, ó tháillí nó ó fhoinsí eile ioncaim, agus de bhua na tacaíochta sin, níl an t-eintiteas ag brath ar na neamhchosaintí atá le hurrúsú, ar aon leas a choinnítear nó a bheartaítear a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2017/2402, ná ar aon ioncam comhfhreagrach ó neamhchosaintí agus ó leasanna den sórt sin, mar an t-aon fhoinse ioncaim nó an phríomhfhoinse ioncaim atá aige;

    (b)

    tá an taithí is gá ag comhaltaí an chomhlachta bainistíochta a chuirfeadh ar a chumas don eintiteas an straitéis ghnó bhunaithe a shaothrú, chomh maith le socruithe leordhóthanacha maidir le rialachas corparáideach.

    Airteagal 3

    An ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála

    1.   Chun an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh ar bhealach atá coibhéiseach le ceann de na roghanna a leagtar amach in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2017/2402 trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála, is gá na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    an méid a choinneofar, beidh sé cothrom, ar a laghad, leis an méid a cheanglaítear faoin rogha dá gcomhfhreagraíonn an cineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála;

    (b)

    tá sé nochta ag an gcoinneálaí go sainráite sa doiciméad tairisceana deiridh, sa réamheolaire tairisceana deiridh, san achoimre ar na hidirbhearta nó san fhorléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe, go gcoinneoidh sé glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú ar bhonn leanúnach trí chineál sintéiseach nó teagmhasach.

    Chun críocha phointe (b), nochtfaidh an coinneálaí sa doiciméad tairisceana deiridh, sa réamheolaire tairisceana deiridh, san achoimre ar na hidirbhearta nó san fhorléargas ar phríomhghnéithe an urrúsaithe na mionsonraí uile maidir leis an gcineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála is infheidhme, lena n-áirítear an mhodheolaíocht a úsáideadh chun an glanleas ábhartha coinnithe a chinneadh agus míniú ar cé acu rogha a leagtar amach in Airteagal 6(3), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/2402 atá coibhéiseach leis an gcoinneáil.

    2.   I gcás ina gcoinníonn eintiteas, cé is moite d’institiúid mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus cé is moite de ghnóthas árachais nó athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointí (1) agus (4), de Threoir 2009/138/CE, leas eacnamaíoch trí chineál sintéiseach nó teagmhasach coinneála, déanfar an leas coinnithe sin a chomhthaobhú go hiomlán in airgead tirim agus a shealbhú faoi shocruithe dá dtagraítear in Airteagal 16(9) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

    Airteagal 4

    Coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig infheisteoirí

    An choinneáil dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402 (slisne ingearach) trí bhíthin aon cheann de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    coinneáil nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na tráinsí arna ndíol nó arna n-aistriú chuig infheisteoirí;

    (b)

    neamhchosaint a choinneáil lena nochtar a sealbhóir do riosca creidmheasa gach tráinse eisithe d’idirbheart urrúsaithe ar bhonn pro rata nach lú ná 5 % de luach ainmniúil iomlán gach ceann de na tráinsí eisithe;

    (c)

    céatadán nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe a choinneáil, ar choinníoll go rangaítear an riosca creidmheasa coinnithe ar comhchéim leis an riosca creidmheasa a urrúsaíodh i ndáil leis na neamhchosaintí céanna, nó ar chéim níos ísle ná é;

    (d)

    saoráid leachtachta a sholáthar, i gcomhthéacs cláir ABCP, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

    (i)

    cumhdófar leis an tsaoráid leachtachta 100 % de sciar an riosca creidmheasa a bhaineann le neamhchosaintí urrúsaithe an idirbhirt urrúsaithe atá á chistiú ag an gclár ABCP;

    (ii)

    cumhdófar leis an tsaoráid leachtachta an riosca creidmheasa ar feadh an mhéid ama atá ag an gcoinneálaí chun an glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil;

    (iii)

    is é an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh san idirbheart urrúsaithe a sholáthróidh an tsaoráid leachtachta;

    (iv)

    tugadh rochtain do na hinfheisteoirí ar fhaisnéis laistigh den nochtadh tosaigh a chuirfidh ar a gcumas dóibh a fhíorú go gcomhlíonfar pointí (i), (ii) agus (iii).

    Airteagal 5

    Leas an tionscnóra a choinneáil in urrúsú imrothlach nó in urrúsú neamhchosaintí imrothlacha

    Maidir le coinneáil leas an tionscnóra de chéatadán nach lú ná 5 % de luach ainmniúil gach ceann de na neamhchosaintí urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2017/2402, ní mheasfar an choinneáil sin a bheith á comhlíonadh ach amháin i gcás ina rangaítear riosca creidmheasa coinnithe na neamhchosaintí sin ar comhchéim leis an riosca creidmheasa a urrúsaíodh i ndáil leis na neamhchosaintí céanna, nó ar chéim níos ísle ná é.

    Airteagal 6

    Coinneáil neamhchosaintí arna roghnú go randamach, agus iad coibhéiseach le céatadán nach lú ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe

    1.   Maidir leis an gcomhthiomsú de 100 neamhchosaint a d’fhéadfadh a bheith urrúsaithe, as a bhfuil neamhchosaintí neamhurrúsaithe coinnithe agus neamhchosaintí urrúsaithe coinnithe le roghnú go randamach, dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402, beidh an comhthiomsú sin éagsúil go leor chun comhchruinniú iomarcach den leas coinnithe a sheachaint.

    2.   Agus na neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 1 á roghnú, cuirfidh na coinneálaithe tosca cainníochtúla agus cáilíochtúla san áireamh atá iomchuí maidir le cineál na neamhchosaintí urrúsaithe chun a áirithiú go mbeidh idirdhealú randamach ann idir na neamhchosaintí neamhurrúsaithe coinnithe agus na neamhchosaintí urrúsaithe coinnithe. Chun na críche sin, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfidh na coinneálaithe na tosca seo a leanas san áireamh agus neamhchosaintí á roghnú acu:

    (a)

    tráth tionscanta na hiasachta (bliain/seanré);

    (b)

    cineál na neamhchosaintí urrúsaithe;

    (c)

    an suíomh tíreolaíoch;

    (d)

    an dáta tionscanta;

    (e)

    an dáta aibíochta;

    (f)

    an cóimheas iasachta/luacha;

    (g)

    cineál na comhthaobhachta;

    (h)

    an earnáil tionscail;

    (i)

    iarmhéid na hiasachta gan íoc;

    (j)

    aon toisc eile a mheasann an coinneálaí a bheith ábhartha.

    3.   Ní roghnóidh coinneálaithe neamhchosaintí aonair éagsúla ag pointí éagsúla ama, seachas i gcás ina bhféadfadh gá a bheith leis sin chun an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh i ndáil le hurrúsú ina mbíonn na neamhchosaintí urrúsaithe ag luainiú le himeacht ama, i ngeall ar neamhchosaintí nua a bheith curtha leis an urrúsú nó i ngeall ar athruithe ar leibhéal na neamhchosaintí urrúsaithe aonair.

    4.   I gcás inarb é an coinneálaí seirbhíseoir an urrúsaithe, ní thiocfaidh meath, mar thoradh ar an roghnú a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar na caighdeáin seirbhísithe a chuirfidh an coinneálaí i bhfeidhm maidir leis na neamhchosaintí aistrithe i gcoibhneas leis na neamhchosaintí coinnithe.

    Airteagal 7

    Coinneáil an tráinse céadchaillteanais

    1.   Déanfar coinneáil an tráinse céadchaillteanais dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    suíomhanna laistigh den chlár comhardaithe nó lasmuigh den chlár comhardaithe a bheith acu;

    (b)

    neamhchosaint a shealbhú trí bhíthin cineál teagmhasach coinneála nó saoráid leachtachta a sholáthar i gcomhthéacs cláir ABCP, lena gcomhlíonfar gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (i)

    cumhdaítear leis an neamhchosaint 5 % ar a laghad de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe;

    (ii)

    is suíomh céadchaillteanais é an neamhchosaint i ndáil leis an urrúsú;

    (iii)

    cumhdaítear leis an neamhchosaint an riosca creidmheasa ar feadh thréimhse iomlán an ghealltanais maidir le coinneáil;

    (iv)

    is é an coinneálaí a chuirfidh an neamhchosaint ar fáil;

    (v)

    tugadh rochtain do na hinfheisteoirí, laistigh den nochtadh tosaigh, ar an bhfaisnéis uile is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar pointí (i) go (iv);

    (c)

    rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh, mar a shainmhínítear in Airteagal 242, pointe (9), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, má oibríonn an rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh sin mar shuíomh ‘céadchaillteanais’ nach lú é ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe.

    2.   I gcás inar mó an tráinse céadchaillteanais ná 5 % de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe, féadfaidh an coinneálaí a roghnú gan ach cuid pro rata den tráinse céadchaillteanais sin a choinneáil, ar choinníoll go bhfuil an chuid sin coibhéiseach le 5 % ar a laghad de luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe.

    Airteagal 8

    Coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais nach lú ná 5 % de gach neamhchosaint urrúsaithe

    1.   Maidir le coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais ar leibhéal gach neamhchosanta urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/2402, ní mheasfar an choinneáil sin a bheith á comhlíonadh ach amháin i gcás ina bhfuil an riosca creidmheasa coinnithe ar chéim níos ísle ná an riosca creidmheasa a urrúsaíodh i ndáil leis na neamhchosaintí céanna.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar coinneáil neamhchosanta céadchaillteanais ar leibhéal gach neamhchosanta urrúsaithe dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (e) de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh freisin tríd an tionscnóir nó an t-iasachtóir bunaidh na neamhchosaintí foluiteacha a dhíol ar luach lascainithe i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní lú méid na lascaine ná 5 % de luach ainmniúil gach neamhchosanta;

    (b)

    níl méid an díola lascainithe in-aisíoctha leis an tionscnóir ná leis an iasachtóir bunaidh ach amháin mura ndéantar an méid díola lascainithe sin a ionsú trí chaillteanais atá bainteach leis an riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí urrúsaithe.

    Airteagal 9

    Cur i bhfeidhm na roghanna coinneála maidir le hurrúsuithe traidisiúnta NPE

    1.   I gcás urrúsuithe NPE dá dtagraítear in Airteagal 6(3a) de Rialachán (AE) 2017/2402, chun feidhm a bheith ag Airteagal 4, pointe (a), agus Airteagail 5 go 8 den Rialachán seo maidir le sciar na neamhchosaintí neamhthuillmheacha sa chomhthiomsú neamhchosaintí foluiteacha a bhaineann le hurrúsú, tuigfear aon tagairt do luach ainmniúil na neamhchosaintí urrúsaithe a bheith ina tagairt do ghlanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha.

    2.   Chun críocha Airteagal 6 den Rialachán seo, déanfar glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha coinnithe a ríomh trí úsáid a bhaint as an méid céanna den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a chuirfí i bhfeidhm dá ndéanfaí na neamhchosaintí neamhthuillmheacha coinnithe a urrúsú.

    3.   Chun críocha Airteagal 4, pointe (a), agus Airteagail 5 agus 8 den Rialachán seo, déanfar glanluach na coda coinnithe de na neamhchosaintí neamhthuillmheacha a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcéatadán céanna den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a bhfuil feidhm aige maidir leis an gcuid neamhchoinnithe.

    4.   I gcás inar comhaontaíodh an lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 6(3a), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 ar leibhéal chomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha neamhthuillmheacha nó ar leibhéal an fho-chomhthiomsaithe, déanfar glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe aonair a áirítear sa chomhthiomsú nó san fho-chomhthiomsú a ríomh, de réir mar is infheidhme, trí sciar comhfhreagrach den lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha a chur i bhfeidhm maidir le gach ceann de na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe i gcomhréir lena luach ainmniúil nó, i gcás inarb infheidhme, lena luach gan íoc tráth an tionscanta.

    5.   I gcás ina n-áirítear sa lascaine praghais ceannaigh neamh-in-aisíoctha an difríocht idir méid ainmniúil tráinse amháin nó roinnt tráinsí d’urrúsú NPE arna fhrithghealladh ag an tionscnóir lena dhíol ina dhiaidh sin, agus an praghas ar a ndíoltar an tráinse nó na tráinsí sin den chéad uair le tríú páirtithe neamhghaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 6(3a), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, cuirfear an difríocht sin san áireamh agus glanluach na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe aonair á ríomh trí sciar comhfhreagrach den difríocht a chur i bhfeidhm maidir le gach ceann de na neamhchosaintí neamhthuillmheacha urrúsaithe i gcomhréir lena luach ainmniúil.

    Airteagal 10

    Leibhéal na coinneála a thomhas

    1.   Agus leibhéal coinneála an ghlanleasa eacnamaíoch á thomhas, cuirfear na critéir seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    is éard a bheidh sa tionscnamh an tráth a urrúsaíodh na neamhchosaintí den chéad uair, mar atá, ceann de na dátaí seo a leanas:

    (i)

    dáta eisiúna na n-urrús;

    (ii)

    dáta sínithe an chomhaontaithe maidir le cosaint creidmheasa;

    (iii)

    dáta an chomhaontaithe maidir le lascaine praghais ceannaigh in-aisíoctha;

    (b)

    i gcás ina bhfuil ríomh leibhéal na coinneála bunaithe ar luachanna ainmniúla, ní chuirfear praghas éadála na sócmhainní san áireamh chun an ríomh sin a dhéanamh;

    (c)

    maidir le bailiúcháin na muirear airgeadais agus ioncam eile ó tháillí arna bhfáil i leith na neamhchosaintí urrúsaithe in urrúsú traidisiúnta glan ó chostais agus caiteachas (barrachas an raoin difríochta thraidisiúnta), ní chuirfear iad sin san áireamh agus glanleas eacnamaíoch an choinneálaí á thomhas;

    (d)

    i gcás ina ngníomhaíonn an tionscnóir mar choinneálaí an urrúsaithe agus ina gcuireann sé an rogha choinneála dá dtagraítear in Airteagal 6(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/2402 i bhfeidhm, agus, maidir le luach neamhchosanta bharrachas an raoin difríochta shintéisigh lena gcuirtear feabhsú creidmheasa ar fáil do thráinsí uile an urrúsaithe shintéisigh agus a fheidhmíonn mar chosaint céadchaillteanais, i gcás ina bhfuil an luach sin faoi réir ceanglais chaipitil i gcomhréir leis an rialachán stuamachta is infheidhme maidir leis an tionscnóir, féadfaidh an tionscnóir luach neamhchosanta bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a chur san áireamh agus an glanleas eacnamaíoch ábhartha á ríomh aige i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo trí luach neamhchosanta bharrachas an raoin difríochta shintéisigh a láimhseáil mar choinneáil an tráinse céadchaillteanais, anuas ar aon choinneáil iarbhír i dtaca leis an tráinse céadchaillteanais;

    (e)

    an rogha choinneála agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun an glanleas eacnamaíoch a ríomh, ní athrófar iad le linn saolré urrúsaithe, ach amháin i gcás ina n-éilítear athrú mar gheall ar chúinsí eisceachtúla agus nach n-úsáidtear an t-athrú sin mar bhealach chun méid an leasa choinnithe a laghdú.

    2.   Ní cheanglófar ar an gcoinneálaí a leas coinnithe a athshlánú ná a athchoigeartú go leanúnach go 5 % ar a laghad nuair a réadaítear caillteanais ar a neamhchosaintí coinnithe nó nuair a leithdháiltear iad ar a shuíomhanna coinnithe.

    Airteagal 11

    Tomhas an ghlanleasa eacnamaíoch ábhartha atá le coinneáil i gcás neamhchosaintí i bhfoirm méideanna tarraingthe agus neamhtharraingthe de shaoráidí creidmheasa

    Maidir le ríomh an ghlanleasa eacnamaíoch atá le coinneáil le haghaidh saoráidí creidmheasa, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, is ar mhéideanna atá tarraingthe, réadaithe nó faighte cheana féin a bheidh an ríomh sin bunaithe agus orthu sin amháin, agus déanfar é a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar na méideanna sin.

    Airteagal 12

    Toirmeasc ar fhálú nó díol an leasa choinnithe

    1.   An oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 maidir le glanleas eacnamaíoch ábhartha san urrúsú a choinneáil ar bhonn leanúnach, ní mheasfar í a bheith á comhlíonadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas, agus tábhacht eacnamaíoch an idirbhirt á cur san áireamh:

    (a)

    níl an glanleas eacnamaíoch ábhartha coinnithe faoi réir aon mhaolaithe riosca creidmheasa ná aon fhálaithe maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin coinnithe ná na neamhchosaintí coinnithe,

    (b)

    ní dhéanfaidh an coinneálaí na cearta, na tairbhí ná na hoibleagáidí uile a eascraíonn as an nglanleas eacnamaíoch coinnithe, nó cuid díobh, a dhíol, a aistriú ná a thabhairt suas ar shlí eile.

    De mhaolú ar phointe (a), féadfaidh an coinneálaí an glanleas eacnamaíoch a fhálú i gcás nach ndéantar an fálú in aghaidh riosca creidmheasa na suíomhanna urrúsúcháin coinnithe ná riosca creidmheasa na neamhchosaintí coinnithe.

    2.   Féadfaidh an coinneálaí neamhchosaintí coinnithe nó suíomhanna urrúsúcháin a úsáid mar chomhthaobhacht chun críoch cistithe urraithe lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, socruithe cistiúcháin lena mbaineann díol, aistriú nó tabhairt suas eile na gceart, na dtairbhí nó na n-oibleagáidí uile, nó cuid díobh, a eascraíonn as an nglanleas eacnamaíoch coinnithe, ar choinníoll nach n-aistrítear, leis an úsáid sin mar chomhthaobhacht, an neamhchosaint ar riosca creidmheasa na neamhchosaintí coinnithe sin ná an neamhchosaint ar riosca creidmheasa na suíomhanna urrúsúcháin sin chuig tríú páirtí.

    3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (b), maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás dhócmhainneacht an choinneálaí;

    (b)

    i gcás nach féidir leis an gcoinneálaí, ar chúiseanna dlíthiúla nach bhfuil neart aige orthu agus nach bhfuil neart ag a scairshealbhóirí orthu, leanúint de ghníomhú mar choinneálaí;

    (c)

    i gcás coinneáil ar bhonn comhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 14.

    Airteagal 13

    Idirbhearta nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le coinneáil ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2017/2402

    Ar na hidirbhearta nach bhfuil feidhm ag an gceanglas maidir le coinneáil ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2017/2402, áireofar suíomhanna urrúsúcháin sa phunann trádála comhghaoil, ar ionstraimí tagartha iad dá dtagraítear in Airteagal 338(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó atá incháilithe dá gcur san áireamh sa phunann trádála comhghaoil.

    Airteagal 14

    Coinneáil ar bhonn comhdhlúite

    Cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Threoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), máthairinstitiúidí, nó cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, atá bunaithe san Aontas agus a chomhlíonann na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2017/2402 ar bhonn a staide comhdhlúite i gcomhréir le mír 4 den Airteagal sin, áiritheoidh siad, i gcás nach n-áirítear an coinneálaí a thuilleadh i raon feidhme na maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, go ndéanfaidh ceann amháin nó níos mó de na heintitis eile a áirítear i raon feidhme na maoirseachta an ceanglas maidir le coinneáil a chomhlíonadh.

    Airteagal 15

    Ceanglais maidir le sreafaí airgid agus caillteanais a leithdháileadh ar an leas coinnithe agus maidir leis na táillí is iníoctha leis an gcoinneálaí

    1.   Ní úsáidfidh na coinneálaithe socruithe ná sásraí leabaithe san urrúsú, a dtiocfadh laghdú níos tapa dá mbua ar an leas coinnithe tráth an tionscanta ná ar an leas arna aistriú. Agus sreafaí airgid á leithdháileadh, ní thabharfar tosaíocht don leas coinnithe sa chaoi go dtairbheodh sé go fabhrach de bheith aisíoctha nó amúchta roimh an leas arna aistriú.

    Ceadófar amúchadh an leasa choinnithe trí leithdháileadh sreafaí airgid i gcomhréir leis an gcéad fhomhír nó trí leithdháileadh caillteanas a dhéanfaidh, i ndáiríre, an leibhéal coinneála a laghdú le himeacht ama.

    2.   Chun críocha mhír 1, socruithe maidir le haon táillí atá iníoctha leis an gcoinneálaí ar bhonn tosaíochta chun luach saothair a thabhairt dó as aon seirbhís a cuireadh ar fáil don urrúsú, bíodh na táillí sin seasta nó bídís ag brath ar mhéid nó ar fheidhmíocht na sócmhainní urrúsaithe nó ar fhorbairt tagarmharcanna margaidh ábhartha, ní mheasfar iad a bheith comhsheasmhach leis na ceanglais maidir leis an leas coinnithe a leagtar síos sa mhír sin ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    socrófar méid na dtáillí ar bhonn neamhthuilleamaí, ag féachaint d’idirbhearta inchomparáide sa mhargadh;

    (b)

    beidh na táillí struchtúrtha mar chomaoin as an tseirbhís a sholáthar agus ní chruthófar leo éileamh fabhrach sna sreafaí airgid urrúsúcháin lena laghdófaí go héifeachtach an leas coinnithe níos tapa ná an leas arna aistriú.

    Chun críocha phointe (a), in éagmais idirbhearta inchomparáide sa mhargadh ábhartha, comhlíonfaidh méid na dtáillí an ceanglas go socrófaí na táillí sin ar bhonn neamhthuilleamaí i gcás ina ndéantar na táillí sin a shocrú faoi threoir táillí is iníoctha in idirbhearta comhchosúla i margaí eile, nó i gcás ina ndéantar iad a shocrú trí úsáid a bhaint as méadracht luachála lena gcuirtear san áireamh mar is iomchuí cineál an urrúsaithe agus an tseirbhís atá á soláthar.

    Ní mheasfar na coinníollacha sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a bheith á gcomhlíonadh i gcás ina bhfuil na táillí ráthaithe nó iníoctha ag an tús in aon fhoirm, go hiomlán nó go páirteach, sula gcuirtear an tseirbhís ar fáil tar éis an idirbheart a chur i gcrích, agus i gcás inarb ísle an glanleas eacnamaíoch ábhartha iarbhír tar éis asbhaint na dtáillí ná an glanleas eacnamaíoch íosta a cheanglaítear faoin rogha choinneála a roghnaíodh as na roghanna a leagtar síos in Airteagal 6(3), pointí (a) go (e), de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Airteagal 16

    Comhlíonadh an cheanglais maidir le coinneáil in urrúsuithe ionstraimí fiachais arna n-eisiúint go díreach

    I gcás ina ndéanann eintiteas ionstraimí fiachais arna n-eisiúint go díreach a urrúsú, lena n-áirítear bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus nach bhfuil i neamhchosaintí foluiteacha an urrúsaithe ach amháin na hionstraimí fiachais sin arna n-eisiúint go díreach, measfar go gcomhlíontar an ceanglas maidir le coinneáil in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Airteagal 17

    Ceanglas maidir le coinneáil in ath-urrúsuithe

    1.   I gcás ath-urrúsuithe a cheadaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/2402, coinneoidh coinneálaí an glanleas eacnamaíoch ábhartha i ndáil le gach ceann de leibhéil na n-idirbheart.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh sé d’oibleagáid ar thionscnóir ath-urrúsaithe glanleas eacnamaíoch ábhartha a choinneáil ar leibhéal idirbhirt an ath-urrúsaithe i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is é tionscnóir an ath-urrúsaithe tionscnóir agus coinneálaí an urrúsaithe fholuitigh freisin;

    (b)

    tá an t-ath-urrúsú bunaithe ar chomhthiomsú neamhchosaintí nach bhfuil ann ach neamhchosaintí nó suíomhanna arna gcoinneáil ag an tionscnóir san urrúsú foluiteach de bhreis ar an nglanleas eacnamaíoch íosta a cheanglaítear roimh dháta tionscanta an ath-urrúsaithe;

    (c)

    níl aon neamhréir aibíochta ann idir na suíomhanna nó neamhchosaintí urrúsaithe foluiteacha agus an t-ath-urrúsú.

    3.   Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, i gcás ina ndéanann tionscnóir an urrúsaithe tráinse eisithe a atráinsiú ina dtráinsí tadhlacha, ní ath-urrúsú a bheidh sa mhéid sin.

    Airteagal 18

    Sócmhainní arna n-aistriú chuig SSPE

    1.   Chun críocha Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, sócmhainní a shealbhaítear ar chlár comhardaithe an tionscnóra a chomhlíonann na critéir incháilitheachta de réir dhoiciméadacht an urrúsaithe, measfar iad a bheith inchomparáide leis na sócmhainní atá le haistriú chuig SSPE i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas tráth a roghnófar na sócmhainní:

    (a)

    is trí thosca comhchosúla a chinntear feidhmíocht ionchasach na sócmhainní atá le sealbhú fós ar an gclár comhardaithe agus na sócmhainní atá le haistriú;

    (b)

    ar bhonn tásc, lena n-áirítear feidhmíocht roimhe seo agus na samhlacha is infheidhme, is féidir coinne réasúnta a bheith leis nach mbeidh feidhmíocht na sócmhainní atá le sealbhú fós ar an gclár comhardaithe i bhfad níos fearr le linn na tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402 ná feidhmíocht na sócmhainní atá le haistriú.

    2.   Sa mheasúnú ar cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an tionscnóir Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402, cuirfear san áireamh an ndearna an tionscnóir aon ghníomhaíocht chun an tAirteagal sin a chomhlíonadh, agus go háirithe cé acu a chuir nó nár chuir an tionscnóir aon bheartas, nós imeachta nó rialú inmheánach i bhfeidhm chun cosc a chur ar roghnú córasach nó roghnú d’aon ghnó, chun críoch urrúsaithe, sócmhainní a raibh a meáncháilíocht chreidmheasa níos measa ná meáncháilíocht sócmhainní inchomparáide arna gcoinneáil ar a chlár comhardaithe.

    3.   Measfar go mbeidh Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2017/2402 á chomhlíonadh ag tionscnóir más rud é, tar éis an urrúsaithe, nach bhfuil aon neamhchosaintí fágtha ar chlár comhardaithe an tionscnóra atá inchomparáide leis na neamhchosaintí urrúsaithe, seachas na neamhchosaintí a bhfuil gealltanas conarthach déanta ag an tionscnóir cheana iad a urrúsú, agus ar choinníoll gur cuireadh an méid sin in iúl go soiléir do na hinfheisteoirí.

    Airteagal 19

    Ceanglas saineolais ar sheirbhíseoir urrúsuithe traidisiúnta NPE

    1.   I gcás urrúsuithe traidisiúnta NPE, measfar go mbeidh saineolas ag seirbhíseoirí maidir le neamhchosaintí ar de chineál comhchosúil iad leis na neamhchosaintí atá urrúsaithe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le comhaltaí chomhlacht bainistíochta an tseirbhíseora agus an fhoireann shinsearach atá freagrach as neamhchosaintí den chineál céanna leis na neamhchosaintí urrúsaithe, seachas comhaltaí an chomhlachta bainistíochta, tá eolas agus scileanna leordhóthanacha acu maidir le neamhchosaintí den chineál sin a sheirbhísiú;

    (b)

    bhí seirbhísiú neamhchosaintí den chineál céanna leis na neamhchosaintí urrúsaithe ina chuid de ghnó an tseirbhíseora, nó de ghnó a ghrúpa chomhdhlúite chun críoch cuntasaíochta nó stuamachta ar feadh 5 bliana ar a laghad roimh dháta an urrúsaithe;

    (c)

    comhlíontar gach ceann de na pointí seo a leanas:

    (i)

    tá taithí ghairmiúil ábhartha 5 bliana ar a laghad ag beirt ar a laghad de chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an tseirbhíseora, is é sin, taithí phearsanta ar neamhchosaintí a sheirbhísiú ar den chineál céanna iad leis na neamhchosaintí urrúsaithe;

    (ii)

    tá taithí ghairmiúil ábhartha 5 bliana ar a laghad ag na baill foirne shinsearacha — seachas comhaltaí an chomhlachta bainistíochta — atá freagrach as an seirbhísiú a dhéanann an seirbhíseoir ar neamhchosaintí neamhthuillmheacha a bhainistiú, is é sin, taithí phearsanta ar neamhchosaintí den sórt sin a sheirbhísiú;

    (iii)

    maidir le feidhm seirbhísithe an tseirbhíseora, tugtar tacaíocht di trí sheirbhíseoir cúltaca a chomhlíonann pointe (b).

    2.   Nochtfaidh agus cruthóidh na seirbhíseoirí a dtaithí ghairmiúil ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun é a chur ar a gcumas d’infheisteoirí institiúideacha a n-oibleagáidí maidir le dícheall cuí a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2017/2402 a chomhlíonadh, agus na ceanglais is infheidhme maidir le rúndacht á n-urramú acu san am céanna.

    Airteagal 20

    Aisghairm

    Déantar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 a aisghairm, gan dochar d’Airteagal 43(6) de Rialachán (AE) 2017/2402.

    Airteagal 21

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Iúil 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 347, 28.12.2017, lch. 35.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 625/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na riachtanais a bhaineann leis an tionscnóir, leis an urraitheoir, leis an iasachtóir bunaidh agus le hinstitiúidí tionscnóra i dtaca le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa aistrithe (IO L 174, 13.6.2014, lch. 16).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 347, 28.12.2017, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, p. 12).

    (6)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

    (7)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

    (8)  Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2175/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top