This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1451
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1451 of 13 July 2023 amending Implementing Regulation (EU) 2020/2002 as regards disease notification and the information to be submitted by the Member States for the approval and reporting of compulsory and optional eradication programmes and in applications for disease-free status (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1451 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus an fhaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit chun cláir éigeantacha agus roghnacha dhíothaithe a fhormheas agus a thuairisciú agus in iarratais ar stádas saor ó ghalar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1451 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus an fhaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit chun cláir éigeantacha agus roghnacha dhíothaithe a fhormheas agus a thuairisciú agus in iarratais ar stádas saor ó ghalar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4630
IO L 179, 14.7.2023, p. 48–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn V roinn 1 pointe 6 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn V roinn 4 pointe 6 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VI roinn 6 pointe 1-7 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VI roinn 6 pointe 10 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VI teideal | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VII roinn 1 pointe 9 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VII roinn 4 pointe 5 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | iarscríbhinn VII roinn 4 pointe 6 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | airteagal 10 mír 1 Téacs | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Cur le | airteagal 10 mír 3 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | airteagal 11 mír 1 Téacs | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Athchur | airteagal 7 | 17/07/2023 | |
Modifies | 32020R2002 | Scriosadh | airteagal 8 mír 2 | 17/07/2023 |
14.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 179/48 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1451 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt i leith galair agus an fhaisnéis atá le cur isteach ag na Ballstáit chun cláir éigeantacha agus roghnacha dhíothaithe a fhormheas agus a thuairisciú agus in iarratais ar stádas saor ó ghalar
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 23, 35 agus 40 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó daoine, lena n-áirítear forálacha maidir le fógra a thabhairt agus tuairisciú i leith galair, cláir faireachais an Aontais, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar. |
(2) |
Forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) agus leagtar síos ann rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ainmhithe atá ag teacht chun cinn. |
(3) |
Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach san Aontas na forálacha maidir le fógra a thabhairt agus tuairisciú i leith galair, maidir le cláir faireachais an Aontais, maidir le cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le faisnéis, formáidí agus ceanglais nós imeachta le haghaidh na gclár faireachais, na gclár díothaithe agus maidir le stádas saor ó ghalar i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (3). |
(4) |
Maidir leis an taithí a fuarthas trí fhaisnéis a chur isteach maidir le toradh na gclár díothaithe formheasta, agus maidir le hiarratais ar stádas saor ó ghalar sa tréimhse ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, agus go háirithe i bhfianaise na sonraí atá ar fáil cheana féin sa Chóras Faisnéise Galar Ainmhithe ríomhairithe (ADIS) dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/429, léirítear nach bhfuil gnéithe áirithe den fhaisnéis a éilíonn an Rialachán Cur Chun Feidhme sin riachtanach don Choimisiún faoi láthair chun measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar stádas saor ó ghalar. Níor cheart gá a bheith leis na heilimintí sin, chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir. |
(5) |
Tá an fhaisnéis atá le cur ar fáil maidir le torthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe le fáil san ADIS. Ba cheart na dréachtchláir dhíothaithe a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas a chur isteach go leictreonach freisin tríd an ADIS, chun an comhleanúnachas a áirithiú. |
(6) |
Thairis sin, léiríodh tríd an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, gur gá forálacha áirithe d’Iarscríbhinn V, VI agus d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis a shoiléiriú, chun a áirithiú gur léir go bhféadfaidh feidhm a bheith ag raon feidhme críochach cláir dhíothaithe fhormheasta maidir le hainmhithe uisceacha, agus ag formheas an stádais saor ó ghalar i gcás na n-ainmhithe sin, ar leibhéal an Bhallstáit, ar leibhéal an chreasa nó na deighleoige. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir. |
(7) |
Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le roinnt maoluithe atá ábhartha chun clár díothaithe a thíolacadh le haghaidh galar de chatagóir B nó de chatagóir C d’ainmhithe uisceacha i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. Faoi láthair, ní dhéantar tagairt ach do mhaolú amháin den sórt sin san Iarscríbhinn sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú chun a áirithiú go ndéanfar tagairt do na maoluithe ábhartha uile i Roinn 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: ‘Airteagal 7 Tuairisciú ón Aontas ar thorthaí bliantúla chur chun feidhme na gclár formheasta díothaithe 1. Faoin 30 Aibreán gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ar thorthaí chur chun feidhme a gclár díothaithe formheasta leanúnach. 2. Sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh gach bliana, lena gcumhdófar an bhliain féilire roimhe sin, beidh an fhaisnéis a shonraítear in:
3. Déanfar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh go leictreonach tríd an ADIS.’; |
(2) |
Ii Airteagal 8, scriostar mír (2); |
(3) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(4). |
In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh i mír 1: ‘Agus iarratas á dhéanamh ag na Ballstáit chuig an gCoimisiún ar aitheantas don stádas saor ó ghalar i gcomhréir le Ranna 1 agus 2 de Chaibidil 4 de Chuid II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, cé is moite den fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe sin i dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, déanfaidh siad an fhaisnéis ábhartha a áireamh ina n-iarratais, faisnéis a shonraítear in:’; |
(5). |
Leasaítear Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalar a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V, VI agus VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn V:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).’;’