Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1315

    Rialachán (AE) 2023/1315 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh agus Rialachán (AE) 2022/2473 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/4278

    IO L 167, 30.6.2023, p. 1–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1315/oj

    30.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 167/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/1315 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh agus Rialachán (AE) 2022/2473 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointí (a) agus (b) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Dá bharr sin, tá trédhearcacht na Státchabhrach fíor-riachtanach chun rialacha an Chonartha a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtaí as an trédhearcacht sin. I bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an trédhearcacht agus, go háirithe, leis na tairseacha foilseacháin i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (2) a ailíniú leis na tairseacha nua i ngach treoirlíne agus creat maidir le Státchabhair ón gCoimisiún a ndearnadh leasú orthu le déanaí, an tairseach nach mór an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III den Rialachán sin, maidir le dámhachtainí cabhrach aonair, os cionn na tairsí sin a fhoilsiú, ba cheart é a shocrú ag EUR 100 000. Ba cheart an tairseach sin a bheith EUR 10 000 le haghaidh tairbhithe atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus le haghaidh tairbhithe atá gníomhach san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe, seachas na tairbhithe sin a bhfuil feidhm ag Roinn 2a de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina leith, agus EUR 500 000 le haghaidh cabhair a bhfuil baint aici le táirgí airgeadais dá dtugtar tacaíocht ag an gciste InvestEU faoi Roinn 16. Maidir le cabhair aonair atá os cionn na dtairseacha sin, is gá an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta a dheonaítear an chabhair. Maidir le cabhair nach bhfuil os cionn na dtairseacha sin, féadfaidh foilsiú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9, (1), pointí (a) agus (b) den Rialachán sin tarlú tráth níos déanaí.

    (2)

    Chun toimhdeacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do chur chun feidhme na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a tugadh isteach leis an Rialachán seo, go háirithe le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach, is iomchuí síneadh 3 bliana a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 go dtí an 31 Nollaig 2026.

    (3)

    I gcás inarb iomchuí, ba cheart coigeartuithe ar thairseacha fógartha agus ar mhéideanna cabhrach a thabhairt isteach i Ranna de Rialachan (AE) Uimh. 651/2014 atá faoi athbhreithniú sonrach mar chuid den leasú reatha, bunaithe ar mheasúnú ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar chás-chleachtas an Choimisiúin. I bhfianaise thréimhse fhada chur i bhfeidhm an Rialacháin sin ó glacadh é in 2014, in éineacht leis na hardleibhéil bhoilscithe atá ann faoi láthair, is iomchuí tairseacha fógartha agus uasmhéideanna cabhrach a mhéadú freisin i Ranna de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 nach bhfuil faoi réir athbhreithniú sonrach. I ndáil leis sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí méadú ginearálta 10 % ar thairseacha fógartha agus ar mhéideanna cabhrach do na Ranna eile de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 agus, dá bhrí sin, nach mbeidh saobhadh iomaíochta ann atá contrártha leis an leas coiteann.

    (4)

    Tar éis ghlacadh na dtreoirlínte leasaithe maidir le Státchabhair réigiúnach don tréimhse amhail ó 1 Eanáir 2022 (3), ba cheart forálacha a bhaineann le cabhair réigiúnach i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a choigeartú chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na tacair rialacha éagsúla lena ndírítear ar na cuspóirí céanna. Ba cheart Chaibidil III, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a choigeartú freisin ionas go gcuirfí san áireamh inti athruithe sa mhargadh agus i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (4) agus chuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Maidir le cabhair oibriúcháin le haghaidh dídhaonrú a chosc agus a laghdú, ba cheart í a leathnú amach chuig limistéir atá tearc i ndaonra d’fhonn tacaíocht níos fearr a éascú i limistéir a bhfuil deacrachtaí daonra rompu. Chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 do thionscadail dá dtugtar cabhair faoi EUR 50 milliún arna ndéanamh ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) a éascú, ba cheart na tairseacha fógartha a choigeartú dá réir agus a shoiléiriú.

    (5)

    I gcomhréir le cuspóirí na Straitéise FBM le haghaidh Eoraip Inbhuanaithe Dhigiteach (6), féadfar Státchabhair le haghaidh sainchomhairleoireachta le FBManna a dheonú i bhfoirm dearbhán, mar shampla chun seirbhísí sainchomhairleoireachta glaise a chur chun cinn. Thairis sin, agus Státchabhair á deonú acu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh rialacha simplithe a chur i bhfeidhm ar FBManna d'fhonn an t-ualach riaracháin a laghdú agus rannpháirtíocht FBManna i nósanna imeachta tairisceana iomaíocha a éascú.

    (6)

    De réir an Teachtaireacht maidir le Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú (7) agus an Teachtaireacht maidir leis an straitéis Eorpach maidir le shonraí (8), is gá a áirithiú go gcuideoidh réitigh dhigiteacha leis an Eoraip a bealach féin a shaothrú chun claochlú digiteach a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe na ndaoine trí luachanna na hEorpa a urramú. Leagtar amach sa Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht (9) go dteastaíonn ón Eoraip taighde agus teicneolaíochtaí agus margadh aonair láidir a chuireann deireadh le bacainní agus le maorlathas. Aithnítear ann go gcuideoidh méadú ar an infheistíocht sa taighde, nuálaíocht, imscaradh agus bonneagar cothrom le dáta chun próisis táirgthe nua a fhorbairt agus poist a chruthú lena linn. Maidir leis sin, áirítear freisin le tionscadail taighde agus seirbhísí tacaíochta nuálaíochta táirgí digiteacha, próisis dhigiteacha nó seirbhísí digiteacha, in aon réimse, teicneolaíocht, tionscal nó earnáil, a fhorbairt nó a fheabhsú (lena n-áirítear tionscail dhigiteacha, bonneagair dhigiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha, amhail sár-ríomhaireacht, teicneolaíochtaí candamacha, teicneolaíochtaí blocshlabhra, intleacht shaorga, cibearshlándáil, mórshonraí agus néalteicneolaíochtaí, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin).

    (7)

    Chun dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal nuálach áirithe a bhaineann le tionscadail a bhfuil baint ag roinnt Ballstát leo, is iomchuí tairseacha fógartha níos airde agus déine cabhrach a thabhairt isteach le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha a bhfuil tairbhí trasteorann ag baint leo ó thaobh comhoibriú éifeachtach agus scaipeadh eolais de.

    (8)

    I bhfianaise bhlocdhíolúintí tiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (‘CLLD’), atá ainmnithe mar fhorbairt áitiúil LEADER faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta (‘CEN’) i Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún (10), is iomchuí, ar thaobh amháin, raon feidhme na blocdhíolúine reatha a leathnú do thionscadail CLLD faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 thar thionscadail a ainmnítear mar thionscadail LEADER agus, ar an taobh eile, an bhlocdhíolúine do thionscadail CEN faoi Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a scriosadh.

    (9)

    Is iomchuí coinníollacha comhoiriúnachta maidir le cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí a bhaineann le soláthar leictreachais, gáis nádúrtha nó teasa a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Ba cheart go mbeadh na bearta den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais nuair a cháilíonn siad mar idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna. Níor cheart go ndéanfadh bearta den sórt sin idirdhealú idir soláthraithe ná micrifhiontair agus ba cheart go mbeadh praghas miondíola os cionn an chostais mar thoradh orthu, ar leibhéal inar féidir iomaíocht éifeachtach a bheith ann idir miondíoltóirí.

    (10)

    Chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí an ardaithe ar phraghsanna fuinnimh tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle (11), cuirtear ar chumas na mBallstát, go heisceachtúil, bearta idirghabhála poiblí a chur i bhfeidhm, ar bhonn sealadach, maidir le socrú na bpraghsanna i leith sholáthar an leictreachais do FBManna, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le soláthar faoi bhun costais. Dá bhrí sin, is iomchuí freisin coinníollacha comhoiriúnachta maidir le cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Níor cheart do bhearta den sórt sin idirdhealú a dhéanamh idir FBManna nó soláthraithe ná níor cheart dóibh costais éagóracha a fhorchur orthu. Ba cheart, dá bhrí sin, soláthraithe a chúiteamh as costais a thabhaítear agus soláthar á dhéanamh ar phraghsanna rialáilte más rud é go gceanglaíonn an idirghabháil phoiblí orthu soláthar a dhéanamh faoi bhun an chostais. Chun méadú ar éileamh ar leictreachas, gás nádúrtha nó teas a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó leictreachas de thoradh na mbeart den sórt sin a sheachaint, , , níor cheart ach méid teoranta tomhaltais a chumhdach le praghsanna rialáilte agus níor cheart meánphraghas soláthairtí atá níos ísle ná na praghsanna a bhí ann roimh an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a bheith mar thoradh orthu.

    (11)

    Maidir le cabhair chun bonneagair thástála nó thurgnamhaíochta a thógáil nó a uasghrádú, tugtar aghaidh léi sin den chuid is mó ar an teip mhargaidh a eascraíonn as faisnéis neamhfhoirfe agus neamhshiméadrach nó as teipeanna comhordúcháin. Agus é contrártha le bonneagair thaighde, úsáidtear bonneagair thástála agus thurgnaimh le haghaidh gníomhaíochta eacnamaíocha den chuid is mó, agus go háirithe chun seirbhísí a sholáthar do ghnóthais. Baineann costais infheistíochta tosaigh arda le bonneagar tástála agus turgnamhaíocht úrscothach a thógáil nó a uasghrádú, agus, nuair a chuirtear bonn cliant neamhchinnte san áireamh leis, féadfaidh sé a bheith deacair rochtain a fháil ar mhaoiniú príobháideach. Ní mór rochtain ar bhonneagair tástála agus turgnamhaíochta arna gcistiú go poiblí a thabhairt ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí margaidh do roinnt úsáideoirí. Chun rochtain úsáideoirí ar bhonneagair thástála agus thurgnaimh a éascú, is féidir a dtáillí úsáideoirí a laghdú i gcomhréir le forálacha eile Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 nó Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún (12). Mura n-urramaítear na coinníollacha sin, féadfaidh Státchabhair d’úsáideoirí an bhonneagair a bheith mar chuid den bheart. Sna cásanna sin, ba cheart cabhair d’úsáideoirí ná le haghaidh na tógála ná an uasghrádaithe a dhíolmhú ón gceanglas fógra ach amháin má dheonaítear an chabhair do na húsáideoirí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Féadfaidh bonneagar tástála agus turgnamhaíochta ar leith a bheith i seilbh páirtithe iolracha agus féadfaidh siad é a oibriú, agus féadfaidh eintitis phoiblí agus gnóthais phoiblí an bonneagar a úsáid i gcomhar le chéile freisin. Tugtar bonneagair theicneolaíochta freisin ar bhonneagair thástála agus thurgnamhaíochta.

    (12)

    Is é is aidhm le cabhair le haghaidh braislí nuálaíochta dul i ngleic le teipeanna margaidh atá bainteach le fadhbanna comhordúcháin lena gcuirtear constaic roimh fhorbairt braislí nuálaíochta, nó lena gcuirtear teorainn leis na hidirghníomhaithe agus leis na sreafaí faisnéise laistigh de na braislí. Le Státchabhair, is féidir tacú le hinfheistíocht i mbonneagair oscailte agus chomhroinnte do bhraislí nuálaíochta, nó is féidir tacú le hoibriú braislí, d’fhonn comhar, líonrú agus foghlaim a fheabhsú. Níor cheart cabhair oibriúcháin do bhraislí nuálaíochta a cheadú, áfach, ach ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná 10 mbliana. Chun rochtain ar shaoráidí braislí nuálaíochta nó rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí na braisle nuálaíochta a éascú, feadfar rochtain a thairiscint ar phraghsanna laghdaithe i gcomhréir le forálacha eile de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013.

    (13)

    Déantar cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta a dhíriú den chuid is mó ar theipeanna margaidh a bhaineann le seachtrachtaí dearfacha (eisileadh faisnéise), le deacrachtaí comhordúcháin, agus ar bhonn níos lú, le faisnéis neamhshiméadrach. Maidir le FBManna, féadfar cabhair nuálaíochta den sórt sin a dheonú chun paitinní agus sócmhainní doláimhsithe eile a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint, chun pearsanra ardcháilithe a fháil ar iasacht, agus chun seirbhísí comhairleacha agus tacaíochtaí nuálaíochta a fháil, mar shampla, amhail na seirbhísí arna soláthar ag eagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais, bonneagair thaighde, bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta nó braislí nuálaíochta.

    (14)

    Is réamhriachtanas iad líonraí aisiompair chun líonraí rochtana fosaithe agus móibíleacha araon a imscaradh i limistéir nach bhfuil bonneagar den sórt sin iontu nó nach dócha go bhforbrófar bonneagar den sórt sin iontu go luath amach anseo. Státchabhair a dheonaítear chun tacú le himscaradh líonraí feidhmiúla aisiompair áirithe a théann chun tairbhe do líonraí fosaithe agus móibíleacha araon, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus ba cheart í a dhíolmhú faoi choinníollacha áirithe ón gceanglas fógra, ar mhaithe le laghdú na deighilte digití i limistéir ina dteipeann ar an margadh, agus ba cheart ag an am céanna teorainn a chur le rioscaí go saobhfaí an iomaíocht agus go mbrúfaí an infheistíocht phríobháideach amach.

    (15)

    I bhfianaise ghlacadh na dtreoirlínte leasaithe maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a cur chun cinn (13) don tréimhse amhail ó 2022, ba cheart forálacha eile a bhaineann le rochtain ar mhaoiniú do FBManna i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a ailíniú leis na treoirlínte leasaithe chun comhsheasmhacht a áirithiú. Maidir leis sin, tá FBManna i gcroílár gheilleagair na mBallstát, ó thaobh na fostaíochta agus an fhuinnimh agus an fháis eacnamaíoch de, agus dá bhrí sin tá siad lárnach freisin i bhforbairt eacnamaíoch agus athléimneacht an Aontais ina iomláine. Tugann siad réitigh nuálacha leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, úsáid neamhéifeachtúil acmhainní agus caillteanas an chomhtháthaithe shóisialta, agus cuidíonn siad leis an nuálaíocht sin a leathadh trí thacú leis an aistriú glas agus digiteach agus athléimneacht nó ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a neartú. Mar sin féin, chun bheith in ann fás agus a mianach iomlán a fhorbairt, is gá rochtain a bheith ag FBManna ar mhaoiniú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí margadh éifeachtúil um maoiniú riosca a spreagadh agus a chruthú ionas go bhféadfaidh FBManna an cistiú is gá a rochtain ag gach céim dá bhforbairt. Ar choinníoll nach bhfuil margadh den sórt sin bunaithe go hiomlán go fóill, le cabhair le haghaidh rochtana ar mhaoiniú le haghaidh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, tugtar aghaidh ar theipeanna margaidh nó ar bhacainní ábhartha eile lena gcuirtear cosc orthu an maoiniú a mhealladh atá de dhíth orthu chun iad féin a fhorbairt agus barr a gcumais a bhaint amach. Is minic nach mbíonn FBManna, agus FBManna óga nó atá in earnálacha nua nó ardteicneolaíochta go háirithe, in ann a n-acmhainneacht chreidmheasa a léiriú d’infheisteoirí. Deimhníodh leis an meastóireacht (14) ar na rialacha ábhartha a rinneadh in 2019 agus in 2020 go bhfuil na teipeanna margaidh sin nó bacainní ábhartha eile fós ann, agus is dócha go rachaidh an cás sin in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus iarmhairtí an cháis pholaitiúil agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair san Eoraip mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chun imscaradh na cabhrach sin a éascú a thuilleadh chun ionchais fáis FBManna agus, athléimneacht fhoriomlán gheilleagar an Aontais a áirithiú agus chun tuilleadh soiléireachta a sholáthar, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus raon feidhme na bhforálacha maidir le maoiniú riosca. Féadfaidh tionscadail atá incháilithe do thacaíocht ón gCiste Nuálaíochta a bheith incháilithe do rochtain níos incheadaithe ar mhaoiniú le haghaidh ‘fiontair nuálacha’.

    (16)

    Sa bhreis ar ghlacadh na dtreoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (15) is infheidhme ón 27 Eanáir 2022, ba cheart na forálacha eile i Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a bhaineann le réimse na cosanta comhshaoil, lena n-áirítear cosaint aeráide, agus le réimse an fhuinnimh a choigeartú chun comhsheasmhacht leis na rialacha éagsúla a áirithiú lena ndírítear ar na cuspóirí céanna. Ba cheart raon feidhme Chaibidil III, Roinn 7, de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a choigeartú chun athruithe ar an margadh agus ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus ar chuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh a chur san áireamh, chomh maith le bearta dá bhforáiltear i bplean REPowerEU an Choimisiúin (16) chun aghaidh a thabhairt ar thionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus chun aon éifeacht diúltach ar an aistriú glas luathaithe a mhaolú, lena n-áirítear na forálacha a tugadh isteach chun Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú in 2021 (17). Agus a mbearta Státchabhrach á ndearadh acu, is féidir leis na Ballstáit cabhair a chomhcheangal faoi fhorálacha difriúla de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014, ar choinníoll go gcomhlíontar gach coinníoll ábhartha leo, lena n-áirítear na coinníollacha sin a bhaineann le carnadh.

    (17)

    Maidir le cabhair infheistíochta a dhírítear ar éadáil nó ar léasú feithiclí astaíochtaí nialasacha nó feithiclí glana nó ar iarfheistiú feithiclí, lena ligtear do na feithiclí sin cáiliú mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha nó mar fheithiclí glana, rannchuireann an chabhair sin leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha agus le spriocanna uaillmhianacha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, go háirithe maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil iompair. I bhfianaise na taithí atá faighte ag an gCoimisiún maidir le bearta Státchabhrach lena dtacaítear leis an tsoghluaisteacht ghlan, is iomchuí coinníollacha comhoiriúnachta sonracha a thabhairt isteach chun a áirithiú go mbeidh an chabhair comhréireach agus nach ndéanfar iomaíocht a shaobhadh go míchuí léi trí éileamh a bhaint ó roghanna malartacha níos glaine. Maidir le raon feidhme na bhforálacha de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a bhaineann le cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe leictrigh agus bonneagar athbhreoslaithe hidrigine, ba cheart raon feidhme na bhforálacha sin a mhéadú chun go gcumhdófar bonneagar athbhreoslaithe lena soláthraítear hidrigin nach bhfuil in-athnuaite freisin, ar choinníoll gurb ann do bhealach follasach chun dícharbónú na hidrigine a sholáthraítear a bhaint amach. Thairis sin, ba cheart cabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a bheith ar fáil do bhonneagar nach bhfuil rochtain phoiblí air.

    (18)

    Is iomchuí a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 coinníollacha comhoiriúnachta sonracha maidir le cabhair le haghaidh hidrigine i gcomhréir le cuspóirí na straitéise hidrigine d’Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de (18), agus maidir le stóráil.

    (19)

    Forálacha Rialachán (AE) Uimh 651/2014 maidir le cabhair oibriúcháin le haghaidh cur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ba cheart na forálacha sin a leathnú chuig pobail fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). I ndáil le cabhair infheistíochta, ba cheart do phobail fuinnimh in-athnuaite, mar aon le cineálacha difriúla gnóthas, teacht faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014. Sa chomhthéacs sin, na pobail fuinnimh in-athnuaite agus saoránach mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), féadfaidh siad cáiliú mar FBManna a mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014.

    (20)

    Is iomchuí a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 coinníollacha comhoiriúnachta maidir le cabhair infheistíochta chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athchóiriú, agus le haghaidh réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Bithéagsúlachta go dtí 2030 (21), le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, le straitéis an Aontais maidir le oiriúnú don athrú aeráide (22) agus leis an Teachtaireacht maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (23). Ba cheart na coinníollacha sin a chur leis na forálacha atá cheana maidir cabhair le haghaidh leasúchán láithreáin éilithe. Dá bhrí sin ba cheart a mheas gur rud í cabhair infheistíochta sna limistéir sin atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, agus ba cheart í a dhíolmhú ó cheanglas fógra in Airteagal 108(3) den Chonradh, faoi coinníollacha áirithe. Go háirithe, is gá comhlíontacht a áirithiú leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’, faoinar cheart gurbh é údar an truaillithe a d’íocfadh as costas na mbeart lena ndéileáiltear leis an truailliú.

    (21)

    Forálacha Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh athchúrsáil dramhaíola agus athúsáid dramhaíola, ba cheart iad a oiriúnú agus a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh agus, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach (24), chun an t-aistriú a léiriú i dtreo bearta a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach. Trí amhábhair thánaisteacha (athúsáidte nó athchúrsáilte) nó amhábhair athshlánaithe nó bunábhair athshlánaithe a chur in ionad príomh-amhábhar nó príomh-bhunábhar, laghdófar brú ar acmhainní nádúrtha, cruthófar fás inbhuanaithe agus poist agus neartófar athléimneacht.

    (22)

    Is gá a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 coinníollacha comhoiriúnachta maidir le cabhair i bhfoirm cháin chomhshaoil nó laghduithe tobhaigh. Forchuirtear cánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifhioscacha chun na costais a mhéadú a bhaineann le hiompar atá díobhálach don chomhshaol, rud a dhíspreagann iompar den sórt sin agus a mhéadaíonn leibhéal na cosanta comhshaoil. I gcás nárbh fhéidir cánacha ná tobhaigh pharaifhioscacha a fhorfheidhmiú gan gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnóthais áirithe a chur i mbaol, trí chóireáil níos fabhraí a dheonú do roinnt gnóthas, d’fhéadfaí go mbainfí amach leibhéal ginearálta ranníocaíochta níos airde do na cánacha comhshaoil nó do thobhaigh pharaifhioscacha. Dá réir sin, in imthosca áirithe, is féidir le laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha cur go hindíreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil.

    (23)

    Is iomchuí na coinníollacha céanna maidir le cabhair a chur i bhfeidhm i bhfoirm laghduithe agus díolúintí i gcánacha comhshaoil ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile mura bhfuil feidhm ag rialacha speisialta. Dá bhrí sin, ba cheart go dtiocfadh cabhair i bhfoirm laghduithe cánach ar iascaireacht intíre agus ar oibreacha feirmeoireachta éisc arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1), pointe (f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (25) faoi raon feidhme Rialachán (AE) 651/2014, mar ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún (26) maidir leo.

    (24)

    Maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair, ba cheart na coinníollacha comhoiriúnachta a leagtar síos in Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a choigeartú chun an Comhaontú Glas don Eoraip agus cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh agus go háirithe an Plean Infheistíochta d'Eoraip Inbhuanaithe (SEIP) (27) a chur san áireamh, ar coinníollacha iad sin maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí i gcórais téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, go háirithe gás nádúrtha, chomh maith le hinfheistíochtaí i líonraí dáileacháin nó uasghráduithe orthu chomh maith.

    (25)

    Maidir le hinfheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh, ba cheart a áireamh le raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 blocdhíolúintí chun tacú le hinfheistíochtaí nach bhfuil lonnaithe i limistéir fóirithinte. Thairis sin, is gá coinníollacha comhlíontachta an Rialacháin sin a choigeartú chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur san áireamh agus chun comhlíontacht a áirithiú le spriocanna aeráide 2030 agus 2050, ar coinníollacha iad maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí bonneagair fuinnimh le haghaidh gás nádúrtha.

    (26)

    Mar gheall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le tionscadail a chistiú sa tionscal cosanta, ina n-eascraíonn an t-éileamh ar fad beagnach as na Ballstáit, a rialaíonn freisin aimsiú iomlán na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcosaint, lena n-áirítear onnmhairí, tá feidhmiú na hearnála cosanta uathúil agus dá bharr sin ní leantar na gnáthrialacha ná na gnáthmhúnlaí gnó lena rialaítear margaí níos traidisiúnta. I bhfianaise shainiúlachtaí na hearnála agus rialacha an Chiste Eorpaigh Cosantaa bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosantaa bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), ina socraítear uasrátaí cistithe ní chun an cistiú poiblí foriomlán a theorannú ach chun comhchistiú ó na Ballstáit a mhealladh, ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais arna n-íoc ag na Ballstáit leis na tionscadail chomhchistithe sin a mheas, faoi choinníollacha áirithe, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus a dhíolmhú ón gceanglas maidir le fógra a thabhairt. Go háirithe, is féidir comhchistiú den sórt sin a dhearbhú a bheith comhoiriúnach thar fhéidearthachtaí na bhforálacha ginearálta maidir le cabhair le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha, ar choinníoll go n-íocann tairbhithe praghas margaidh as aon úsáid chun críche feidhmeanna neamhchosanta na gceart nó na bhfréamhshamhlacha maoine intleachtúla a thagann as an tionscadal. Sna cásanna sin, níor cheart é a bheith riachtanach, sa bhreis air sin, athmheasúnú a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta arna measúnú cheana ar an leibhéal trasnáisiúnta le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha i gcomhréir le rialacha an Chiste Eorpaigh Cosanta nó an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta ón gCoimisiún sula roghnófar tionscadal taighde agus forbartha. Ar deireadh, ba cheart Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a leasú ionas go bhféadfaidh teaglamaí a bheith ann de chistiú Aontais arna bhainistiú go lárnach agus de Státchabhair suas leis na costais tionscadail iomlána.

    (27)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 651/2014 agus (AE) Uimh. 2022/2473 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    scéimeanna faoi Ranna 1 (cé is moite d’Airteagal 15), 2 (cé is moite d’Airteagail 19c agus 19d), 3, 4, 7 (cé is moite d’Airteagal 44) agus 10 de Chaibidil III den Rialachán seo, má théann an meánbhuiséad bliantúil Státchabhrach in aghaidh an Bhallstáit thar EUR 150 milliún, ó 6 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm, chomh maith le cabhair a chuirtear chun feidhme i bhfoirm táirgí airgeadais faoi Roinn 16 de Chaibidil III, má théann an meánbhuiséad bliantúil Státchabhrach in aghaidh an Bhallstáit thar EUR 200 milliún, ó 6 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm. Maidir le cabhair faoi Roinn 16 de Chaibidil III den Rialachán seo, is amhlaidh, maidir le ranníocaíochtaí ó Bhallstát le hurrann na mBallstát den ráthaíocht AE dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ar ranníocaíochtaí iad a chuirtear i leataobh le haghaidh táirge airgeadais ar leith, nach gcuirfear ach na ranníocaíochtaí sin san áireamh agus measúnú á dhéanamh féachaint ar mó ná EUR 200 milliún an meánbhuiséad bliantúil Státchabhrach atá ag an mBallstát sin maidir leis an táirge airgeadais. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfar le feidhm a bheith ag an Rialachán seo go ceann thréimhse níos faide maidir le haon cheann de na scéimeanna cabhrach sin tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra don Choimisiún faoi, laistigh de 20 lá oibre ón uair a tháinig an scéim i bhfeidhm. I gcás inar fhadaigh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo thar na 6 mhí thosaigh a mhéid a bhaineann le scéimeanna den sórt sin cheana, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na scéimeanna sin a fhadú go dtí deireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll gur chuir an Ballstát lena mbaineann tuarascáil meastóireachta isteach i gcomhréir leis an bplean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún;

    (*1)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).’;"

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    ‘(a)

    cabhair a dheonaítear san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe, laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) cé is moite den mhéid a leanas:

    oiliúint cabhair;

    cabhair chun go mbeidh FBManna in ann maoiniú a rochtain;

    cabhair sa réimse taighde agus forbartha;

    cabhair nuálaíochta do FBManna;

    cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas;

    cúnamh faoi choinne infheistíocht réigiúnach in réigiúin is forimeallaí;

    scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnacha;

    cabhair le haghaidh tionscadail a bhaineann leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (‘CLLD’);

    cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh;

    ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh, cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil faoi Airteagal 15(1), pointe (f), agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle (*3);

    cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, ach amháin oibríochtaí a liostaítear in Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún (*4);

    maidir le cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 19c;

    maidir le cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dá dtagraítear in Airteagal 19d;

    (b)

    cabhair a dheonaítear in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta, cé is moite de chabhair infheistíochta réigiúnaí sna réigiúin is forimeallaí, scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí, cabhair le haghaidh sainchomhairleoireachta i bhfabhar FBManna, cabhair um maoiniú riosca, cabhair le haghaidh taighde agus forbartha, cabhair nuálaíochta do FBManna, cabhair chomhshaoil, cabhair oiliúna, cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas, cabhair do thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (CLLD), cabhair do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh, cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó Chiste InvestEU, cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 19c agus cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dá dtagraítear in Airteagal 19d;

    (*2)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1)."

    (*3)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51)."

    (*4)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45).’;"

    (c)

    cuirtear an mhír 6 seo a leanas isteach:

    ‘6.   Ní bheidh feidhm ag Caibidil III, Roinn 7, den Rialachán seo maidir le bearta státchabhrach chun fuinneamh núicléach a tháirgeadh.’

    ;

    (2)

    Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    i bpointe (18), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    ‘(a)

    I gcás cuideachta faoi dhliteanas teoranta (seachas FBM atá ann le níos lú ná 3 bliana nó, chun críocha incháilitheacht le haghaidh chabhair um maoiniú riosca, FBM a chomhlíonann an coinníoll in Airteagal 21(3), pointe (b), agus a cháilíonn d’infheistíochtaí maoinithe riosca tar éis dícheall cuí arna dhéanamh ag an idirghabhálaí airgeadais roghnaithe), i gcás ina bhfuil níos mó ná leath dá scairchaipiteal suibscríofa tar éis imeacht de dheasca caillteanais charntha. Is é sin an cás ina bhfuil méid carnach diúltach arb ionann é agus níos mó ná leath an scairchaipitil suibscríofa ann de thoradh caillteanais charntha a asbhaint as na cúlchistí (agus as na gnéithe uile a mheastar a bheith mar chuid de chistí dílse na cuideachta). Chun críocha na forála seo, tagraíonn ‘cuideachta faoi dhliteanas teoranta’ do na cineálacha cuideachta go háirithe a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) agus i gcás inarb ábhartha, áirítear le ‘scairchaipiteal’ aon scairbhiseach atá ann.

    (b)

    I gcás cuideachta ina bhfuil dliteanas neamhtheoranta ar roinnt dá baill ar a laghad as fiachas na cuideachta (seachas FBM atá ann le níos lú ná 3 bliana nó, chun críocha incháilitheacht le haghaidh chabhair um maoiniú riosca, FBM a chomhlíonann an coinníoll in Airteagal 21(3), pointe (b) agus a cháilíonn d’infheistíochtaí maoinithe riosca tar éis dícheall cuí arna dhéanamh ag an idirghabhálaí airgeadais roghnaithe), i gcás ina bhfuil níos mó ná leath dhá caipiteal mar a léirítear i gcuntais na cuideachta é tar éis imeacht de dheasca caillteanais charntha. Chun críocha na forála seo, tagraíonn ‘cuideachta a bhfuil dliteanas neamhtheoranta ag roinnt de na comhaltaí ar a laghad i leith fhiachas na cuideachta’ go háirithe do na cineálacha cuideachta a luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2013/34/AE.

    (*5)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).’;"

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

    ‘(20)

    ciallaíonn ‘méid cabhrach coigeartaithe’ an méid uasta cabhrach incheadaithe le haghaidh tionscadal mórinfheistíochta arna ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

    méid cabhrach coigeartaithe = R × (A + 0.50 × B + 0 × C)

    i gcás inarb amhlaidh: R agus an uasdéine cabhrach is infheidhme sa limistéar lena mbaineann gan an uasdéine cabhrach mhéadaithe le haghaidh FBManna san áireamh; A agus an chuid de na costais incháilithe atá cothrom le EUR 55 mhilliún; B agus an chuid de na costais incháilithe idir EUR 55 mhilliún agus EUR 110 mhilliún, agus inarb amhlaidh C agus an chuid de na costais incháilithe os cionn EUR 110 mhilliún;’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (27):

    ‘(27)

    ciallaíonn ‘limistéir fhóirithinte’ limistéir arna n-ainmniú i mapa den chabhair réigiúnach arna formheas i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointí (a) agus (c) den Chonradh agus atá i bhfeidhm ag am dáfa na cabhrach;’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (32):

    ‘(32)

    ciallaíonn ‘glanmhéadú ar líon na bhfostaithe’ glanmhéadú ar líon na bhfostaithe sa bhunaíocht lena mbaineann i gcomparáid leis an meán thar thréimhse ar leith tar éis aon chaillteanais phost sa tréimhse sin a bhaint de líon na bpost cruthaithe sa tréimhse sin. Is gá líon na ndaoine arna bhfostú go lánaimseartha, go páirtaimseartha agus go séasúrach a chur san áireamh lena gcodáin aonad oibrithe bliantúil;’;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (34):

    ‘(34)

    ciallaíonn ‘idirghabhálaí airgeadais’ aon institiúid airgeadais beag beann ar a cineál agus ar a húinéireacht, lena n-áirítear cistí de chistí, cistí infheistíochta príobháideacha, cistí infheistíochta poiblí, bainc, institiúidí micreamhaoiniúcháin agus cumainn ráthaíochta;’;

    (f)

    cuirtear pointí (39a) agus (39b) seo a leanas isteach:

    ‘(39a)

    ciallaíonn ‘ar neamhthuilleamaí’ nach bhfuil difear idir coinníollacha an idirbhirt idir na páirtithe conarthacha agus na coinníollacha a shonrófaí idir gnóthais neamhspleácha, agus nach bhfuil aon ghné claonpháirteachais sna coinníollacha sin. Aon idirbheart a thagann as nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, meastar go bhfuil sé de réir phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách;

    (39b)

    ciallaíonn ‘scríofa’ aon chineál doiciméid scríofa, lena n-áirítear doiciméid leictreonacha, ar choinníoll go n-aithnítear go bhfuil ríomhdhoiciméid den sórt sin coibhéiseach faoi na nósanna imeachta riaracháin agus faoin reachtaíocht riaracháin is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann;’;

    (g)

    scriostar pointe (40);

    (h)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (42) agus (43):

    ‘(42)

    ciallaíonn ‘cabhair oibriúcháin réigiúnach’ cabhair chun caiteachas reatha gnóthais a laghdú lena n-áirítear catagóirí amhail costais foirne, ábhair, seirbhísí conraithe, cumarsáid, fuinneamh, cothabháil, cíos, riarachán, ach lena n-eisiatar muirir dhímheasa agus costais an mhaoinithe a bhaineann le hinfheistíocht a thairbhigh de chabhair infheistíochta;

    (43)

    ciallaíonn ‘an earnáil cruach’ táirgeadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    (a)

    muciarann agus fearó-chóimhiotail:

     

    muciarann le haghaidh déanamh cruacha, teilgcheárta agus muciarainn eile, spiegeleisen agus fearómhangainéis ardcharbóin, gan fearó-chóimhiotail eile a bheith san áireamh;

    (b)

    amhtháirgí agus táirgí leathchríochnaithe iarainn, gnáthchruach nó cruach speisialta:

     

    cruach leachtach teilgthe nó gan a bheith teilgthe in uingí, lena n-áirítear uingí chun táirgí leathchríochnaithe a ghaibhniú: blúmáin, billéid agus leaca; barraí leatháin agus barraí stánphláta; cornaí leathana teo-rollta, cé is moite de tháirgeadh cruach leachtaí le haghaidh teilgin ó theilgcheártaí beaga agus meánmhéide;

    (c)

    táirgí teo críochnaithe iarainn, gnáthchruach nó cruach speisialta:

     

    ráillí, trasnáin, lioscáin, plátaí máis, giarsaí, ranna troma atá 80 mm nó níos mó, bratphíleáil, barraí agus ranna de níos lú ná 80 mm agus leatagáin atá níos lú ná 150 mm, slat sreinge, feadáin dioscaí agus cearnóga, fonsa agus stiall the-rollta (lena n-áirítear stiall feadáin), leathán te-rollta (brataithe nó neamhbhrataithe), plátaí agus leatháin 3 mm nó níos mó ar tiús, plátaí uilíocha atá 150 mm nó níos mó, cé is moite de shreang agus táirgí sreinge, barraí calabarithe agus teilgean iarainn;

    (d)

    táirgí fuara críochnaithe:

     

    stánphláta, tearnphláta, dúphláta, leatháin ghalbhánaithe, leatháin bhrataithe eile, leatháin fhuar-rollta, leatháin leictreacha agus stiall le haghaidh stánphláta, pláta fuar-rollta agus i stiall;

    (e)

    feadáin:

     

    feadáin chruaiche gan uaim a bhfuil trastomhas níos mó 406.4 mm acu;’;

    (i)

    cuirtear pointe (43a) seo a leanas isteach:

    ‘(43a)

    ciallaíonn ‘lignít’ lignít C ísealaicme nó ortailignít agus lignít B ísealaicme nó meitilignít a shainmhínítear sa chóras códúcháin idirnáisiúnta do ghual arna bhunú ag Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip;’;

    (j)

    scriostar pointe (44);

    (k)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (45):

    ‘(45)

    ciallaíonn ‘earnáil iompair’ iompar paisinéirí d’aerárthaí, iompar muirí, iompar de bhóthar nó ar iarnród agus ar uiscebhealaigh intíre nó seirbhísí iompair lastais ar fruiliú nó ar luaíocht; go sonrach, ciallaíonn an ‘earnáil iompair’ na gníomhaíochtaí seo a leanas i dtéarmaí aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE Ath. 2) arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6):

    (a)

    NACE 49: Iompar ar thalamh agus iompar trí phíblínte, lena n-eisiatar NACE 49.32 Oibriú tacsaithe, 49.39 oibriú teilifeiricí, feithiclí cáblacha, ardaitheoirí sciála agus cáblacha mura páirt de chórais idirthurais uirbeacha nó fho-uirbeacha iad, 49.42 Seirbhísí athlonnaithe, 49.5 Iompar trí phíblíne;

    (b)

    NACE 50: Iompar uisce;

    (c)

    NACE 51: Aeriompar, cé is moite de NACE 51.22 eadhon Iompar spáis;

    (*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).’;"

    (l)

    cuirtear an pointe (47a) seo a leanas isteach:

    ‘(47a)

    ciallaíonn ‘críochnú na hinfheistíochta’ an tráth a mheasann na húdaráis náisiúnta an infheistíocht a bheith críochnaithe nó, ina éagmais sin, 3 bliana i ndiaidh thús na n-oibreacha;’;

    (m)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (49), (50) agus (51):

    ‘(49)

    ciallaíonn ‘infheistíocht tosaigh’ ceann amháin de na nithe a leanas:

    (a)

    infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

    bunú bunaíochta nuaí;

    síneadh le hacmhainneacht bunaíochta atá ann cheana;

    éagsúlú aschuir bunaíochta ionas go bhfuil táirgí nó seirbhísí ann nár táirgeadh roimhe sin sa bhunaíocht; nó

    athrú bunúsach ar phróiseas táirgthe foriomlán an táirge nó na dtáirgí nó athrú bunúsach ar sholáthar na seirbhíse nó na seirbhísí lena mbaineann, athrú arna dhéanamh leis an infheistíocht sa bhunaíocht;

    (b)

    éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í. Éadáil scaireanna de chuid gnóthais, ní rud í a cháilíonn inti féin mar infheistíocht tosaigh.

    Is amhlaidh dá réir nach ionann infheistíocht athsholáthair agus infheistíocht tosaigh.

    (50)

    ciallaíonn ‘an ghníomhaíocht chéanna nó chomhchosúil’ gníomhaíocht san aicmiú céanna (cód uimhriúil ceithre dhigit) den aicmiú staidrimh NACE Ath. 2 de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha (NACE Ath. 2);

    (51)

    ciallaíonn ‘infheistíocht tosaigh lena gcruthaítear gníomhaíocht eacnamaíoch nua’:

    (a)

    infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann le ceann amháin de na nithe seo a leanas nó an dá cheann:

    bunú bunaíochta nuaí;

    éagsúlú ar ghníomhaíocht bunaíochta, ar choinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach cosúil í le gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht; nó

    (b)

    éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í, ar choinníoll nach ionann an ghníomhaíocht nua a bheidh le déanamh leis na sócmhainní arna n-éadáil a úsáid agus gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht ná nach cosúil í le gníomhaíocht a rinneadh cheana féin sa bhunaíocht roimh an éadáil.

    Ní cháilíonn éadáil aonair scaireanna gnóthais mar infheistíocht tosaigh lena gcruthaítear gníomhaíocht eacnamaíoch nua;’;

    (n)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (72) agus (73):

    ‘(72)

    ciallaíonn ‘infheisteoir príobháideach neamhspleách’ infheisteoir atá príobháideach agus neamhspleách mar a shainmhínítear sa phointe seo é. Ciallaíonn infheisteoirí ‘príobháideacha’ infheisteoirí a shaothraíonn leas tráchtála amháin, a úsáideann a n-acmhainní féin agus a sheasann an riosca iomlán i leith a n-infheistíochta, gan beann ar a struchtúr úinéireachta, agus áireofar leo, go sonrach: institiúidí creidmheasa a dhéanann infheistíocht ar a riosca féin agus óna n-acmhainní féin, dearlaicí agus fondúireachtaí príobháideacha, oifigí teaghlaigh agus aingil ghnó, infheisteoirí corparáideacha, gnóthais árachais, cistí pinsin, institiúidí acadúla, mar aon le daoine nádúrtha a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch nó nach ndéanann. Maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid airgeadais idirnáisiúnta ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó ina eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil ar thug Ballstát nó eintiteas Ballstáit sainordú dó ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil chun gníomhaíochtaí forbartha nó chur chun cinn a dhéanamh (banc náisiúnta le haghaidh spreagadh nó institiúid eile le haghaidh spreagadh), ní mheasfar mar infheisteoirí príobháideacha iad chun críoch an tsainmhínithe seo. Ciallaíonn infheisteoir ‘neamhspleách’ infheisteoir nach scairshealbhóir é sa ghnóthas incháilithe ina ndéanann an t-infheisteoir sin an infheistíocht. I gcomhthéacs infheistíochtaí leantacha, tá infheisteoir fós ‘neamhspleách’ má mheastar gur infheisteoir neamhspleách é i mbabhta infheistíochta roimhe sin. Ar chruthú cuideachta nuaí, meastar aon infheisteoir príobháideach, lena n-áirítear na bunaitheoirí, den chuideachta nua sin, a bheith neamhspleách ón gcuideachta sin;

    (73)

    ciallaíonn ‘duine nádúrtha’ chun críocha Airteagal 21a agus 23 duine seachas eintiteas dlítheanach agus nach gnóthas é nó í chun críocha Airteagal 107(1) den Chonradh;’;

    (o)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (79):

    ‘(79)

    Ciallaíonn ‘eintiteas iontaoibhe’ an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, institiúid airgeadais idirnáisiúnta ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir, nó ina eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil ar thug Ballstát nó eintiteas Ballstáit sainordú dó ar an leibhéal lárnach, réigiúnach nó áitiúil chun gníomhaíochtaí forbartha nó chur chun cinn a dhéanamh (banc le haghaidh spreagadh nó institiúid eile le haghaidh spreagadh). Is féidir an t-eintiteas iontaoibhe a roghnú nó a cheapadh go díreach i gcomhréir le forálacha Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7) nó i gcomhréir le hAirteagal 38(4), pointe (b)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8) nó i gcomhréir le hAirteagal 59(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), cibé acu is infheidhme;

    (*7)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)."

    (*8)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)."

    (*9)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).’;"

    (p)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 80:

    ‘(80)

    ciallaíonn ‘fiontar nuálach’ fiontar a shásaíonn ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is féidir leis a léiriú, trí bhíthin meastóireachta arna déanamh ag saineolaí seachtrach go bhforbróidh sé, sa todhchaí intuartha, táirgí, seirbhísí nó próisis atá nua nó a bhfuil feabhas suntasach orthu i gcomparáid leis an úrscothacht ina thionscal agus a bhfuil riosca teipthe teicneolaíochta nó tionsclaíochta ag baint leo;

    (b)

    is ionann a chostais taighde agus forbartha agus 10 % ar a laghad dá chostais oibriúcháin iomlána in 1 bhliain amháin ar a laghad de na 3 bliana roimh dheonú na cabhrach, nó i gcás fiontair nuathionscanta gan aon stair airgeadais, san iniúchadh ar a thréimhse fhioscach reatha mar a dheimhníonn iniúchóir seachtrach é;

    (c)

    le linn na 3 bliana roimh dheonú na cabhrach: (i) dhámh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach marc cáilíochta Shéala Barr Feabhais uirthi i gcomhréir le clár oibre Fhís 2020 2018-2020 arna ghlacadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017)7124 (*10) ón gCoimisiún nó le hAirteagal 2(23) agus Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11); nó (ii) fuair sí infheistíocht ó Chiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, amhail infheistíocht i gcomhthéacs an Chláir Luasaire dá dtagraítear in Airteagal 48(7) de Rialachán (AE) 2021/695;

    (d)

    le linn na 3 bliana roimh dheonú na cabhrach: (i) bhí sé rannpháirteach in aon ghníomhaíocht de thionscnamh spáis ‘CASSINI’ an Choimisiúin (amhail an Luasaire Gnó nó an Comhar Gnó) (*12); nó (iii) fuair sé infheistíocht ó Shaoráid Chistiúcháin Síl agus Fáis CASSINI, nó ó Threoirthionscnamh Cothromais Spáis InnovFin; nó (iii) bronnadh Duais CASSINI air; nó (iv) deonaíodh cistiú dó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/695 sa réimse spástaighde agus mar thoradh air sin tháinig gnólacht nuathionscanta ar an saol; (v) nó deonaíodh cistiú dó mar thairbhí de ghníomhaíocht taighde agus forbartha faoin gCiste Eorpach Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*13); nó (vi) deonaíodh cistiú dó faoin gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*14);

    (*10)  Commission Implementing Decision C(2017)7124 of 27 October2017 on the adoption of the work programme for 2018-2020 within the framework of the Specific Programme Implementing Horizon 2020-the Framework Programme for Research and Innovation (2014-2020) and on the financing of the work programme for 2018 [Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017)7124 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2017 maidir le clár oibre le haghaidh 2018-2020 a ghlacadh laistigh de chreat an Chláir Shonraigh lena gcuirtear Fís 2020 chun feidhme-an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus maidir le maoiniú an chláir oibre le haghaidh 2018]."

    (*11)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).’"

    (*12)  Tionscnamh CASSINI, rud a céadfhógraíodh in ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ (COM(2020) 103 final an 10.3.2020), bailiúchán is ea é de ghníomhaíochtaí coincréiteacha a bhfuil sé mar aidhm aige éascaíocht a dhéanamh do rochtain ar chaipiteal riosca le haghaidh FBManna atá gníomhach in earnáil an spáis chun a bhforbairt a chistiú."

    (*13)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149)."

    (*14)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).’;"

    (q)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (81):

    ‘(81)

    ciallaíonn ‘ardán trádála malartach’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (22) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15) i gcas inar FBManna a eisíonn 50 % ar a laghad de na hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála;

    (*15)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).’;"

    (r)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (85) agus phointe (86):

    ‘(85)

    ciallaíonn ‘taighde tionsclaíoch’ an taighde beartaithe nó an t-imscrúdú criticiúil a bhfuil sé mar aidhm leis faisnéis nua nó scileanna nua a fháil chun táirgí nua, próisis nua nó seirbhísí nua a fhorbairt nó a dhírítear ar fheabhas suntasach a chur ar tháirgí ar phróis nó ar sheirbhísí, lena n-áirítear táirgí, próisis agus seirbhísí digiteacha, in aon réimse, teicneolaíocht, tionscal nó earnáil (lena n-áirítear tionscail agus teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an tsár-ríomhaireacht, teicneolaíochtaí candamacha, teicneolaíochtaí blocshlabhra, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, mórshonraí agus néalteicneolaíochtaí, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin).

    Is éard atá i gceist le taighde tionsclaíoch comhpháirteanna de chórais chasta a chruthú, agus féadfar fréamhshamhlacha a thógáil i dtimpeallacht saotharlainne nó i dtimpeallacht ina bhfuil comhéadain ionsamhlaithe le córais atá ann cheana chomh maith le línte píolótacha, nuair is gá sin don taighde tionsclaíoch agus go háirithe do bhailíochtú cineálach teicneolaíochta;

    (86)

    ciallaíonn ‘forbairt thurgnamhach’ faisnéis agus scileanna eolaíochta, teicneolaíochta agus gnó agus aon fhaisnéis nó scileanna ábhartha eile a éadáil, a chomhcheangal, a mhúnlú agus a úsáid agus é mar aidhm leis táirgí, próisis nó seirbhísí nua nó feabhsaithe a fhorbairt lena n-áirítear táirgí digiteacha, próisis dhigiteacha agus seirbhísí digiteacha, in aon réimse, teicneolaíocht, tionscal nó earnáil (lena n-áirítear tionscail dhigiteacha agus teicneolaíochtaí digiteacha, amhail sár-ríomhaireacht, teicneolaíochtaí candamacha, teicneolaíochtaí blocshlabhra, intleacht shaorga, cibearshlándáil, mórshonraí agus néalteicneolaíochtaí nó imeall-theicneolaíochtaí, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin). D’fhéadfadh sé go gcuimseofaí leis sin freisin, mar shampla, gníomhaíochtaí atá dírithe ar shainmhíniú coincheapúil, pleanáil agus doiciméadú táirgí, próiseas nó seirbhísí nua.

    Féadfar a áireamh le forbairt thurgnamhach táirgí, próisis nó seirbhísí nua nó feabhsaithe a fhréamhshamhlú, a léiriú, a phíolótú, a thástáil agus a bhailíochtú i dtimpeallachtaí in ionannas le coinníollacha oibriúcháin réadúla inarb é an príomhchuspóir feabhsúcháin bhreise teicniúla a dhéanamh ar tháirgí, ar phróisis nó ar sheirbhísí nach bhfuil socraithe go substaintiúil. Féadfar a áireamh leis sin forbairt fréamhshamhla nó píolóta inúsáidte ó thaobh tráchtála de ar gá gurb é an táirge tráchtála deiridh é nó í agus atá róchostasach le táirgeadh chun é nó í a úsáid chun críocha taispeána agus bailíochtaithe amháin.

    Ní áirítear i bhforbairt thurgnamhach gnáth-athruithe ná athruithe tréimhsiúla ar tháirgí, línte táirgthe, próisis mhonaraíochta, seirbhísí agus oibríochtaí eile atá ar siúl, agus atá ann cheana, fiú más feabhsuithe iad na hathruithe sin;’;

    (s)

    scriostar pointe (89);

    (t)

    cuirtear pointe (90a) seo a leanas isteach:

    ‘(90a)

    Tagraíonn ‘feidhmeanna neamhchosanta’ chun críocha Airteagal 25e d’fheidhmeanna i dtáirgí seachas táirgí a bhaineann le cosaint a liostaítear san Iarscríbhinn da ghabhann le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*16).

    (*16)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 6 Bealtaine 2009 lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).’;"

    (u)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (92):

    ‘(92)

    ciallaíonn ‘braislí nuálaíochta’ struchtúir nó grúpaí eagraithe de pháirtithe neamhspleácha (amhail cuideachtaí nuathionscanta nuálacha, fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra, chomh maith le heagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais, bonneagair thaighde, bonneagair thástála agus thurgnaimh, Moil Nuálaíochta Digití, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus gníomhaithe eacnamaíocha eile nach iad) a cheaptar chun gníomhaíocht nuálach agus bealaí nua comhair a spreagadh, amhail trí mhodhanna digiteacha, trí chomhroinnt saoráidí agus malartú eolais a roinnt agus/nó a chur chun cinn agus trí chur go héifeachtach le haistriú eolais, líonrú, scaipeadh faisnéise agus comhar idir na gnóthais agus na heagraíochtaí eile sa bhraisle. Maidir le Moil Nuálaíochta Digití (lena n-airítear Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha arna maoiniú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach a bhainistítear go lárnach agus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*17)) is eintitis iad a bhfuil sé mar aidhm acu úsáid leathan teicneolaíochtaí digiteacha a spreagadh, amhail intleacht shaorga, néalríomhaireacht, imeall-ríomhaireacht agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus cibearshlándáil ag an tionsclaíocht (FBManna go háirithe) agus ag eagraíochtaí san earnáil phoiblí. Féadfaidh Moil Nuálaíochta Digití cáiliú mar bhraisle nuálaíochta leo féin chun críocha an Rialacháin seo.

    (*17)  Rialachán (AE)) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena leagtar síos an clár don Eoraip dhigiteach agus lena n-aaisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).’;"

    (v)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (94) go (97):

    ‘(94)

    Ciallaíonn ‘seirbhísí comhairleacha nuálaíochta’ sainchomhairleoireacht, cúnamh nó oiliúint i réimse aistriú eolais, éadáil, chosaint nó shaothrú sócmhainní doláimhsithe nó úsáid caighdeán agus rialachán lena leabaítear iad, mar aon le sainchomhairleoireacht, cúnamh nó oiliúint maidir le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha (lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha agus réitigh dhigiteacha) a thabhairt isteach nó a úsáid;

    (95)

    Ciallaíonn ‘seirbhísí tacaíochta nuálaíochta’ spás oifige, bainc sonraí, seirbhísí stórála néalríomhaireachta agus sonraí, leabharlanna, taighde margaidh, saotharlanna, lipéadú ar ardcháilíocht, tástáil, turgnamhaíocht, agus deimhniú nó seirbhísí eile a sholáthar, lena n-áirítear na seirbhísí sin arna soláthar ag eagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais, bonneagair taighde, bonneagair thástála agus thurgnaimh nó braislí nuálaíochta, chun críche táirgí, próisis nó seirbhísí atá níos éifeachtaí nó níos aire ó thaobh teicneolaíocht de a fhorbairt, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha (lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha);

    (96)

    Ciallaíonn ‘nuálaíocht eagraíochtúil’ modh eagrúcháin nua a chur chun feidhme ar leibhéal an ghnóthais (ar leibhéal grúpa san earnáil tionsclaíochta ar leith san LEE), eagrú san ionad oibre nó caidreamh seachtrach, lena n-áirítear, mar shampla, trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha nó nuálacha. Eisiatar ón sainmhíniú seo athruithe a bhunaítear ar mhodhanna eagraíochtúla atá in úsáid cheana féin sa ghnóthas, athruithe ar straitéis bainistíochta, cumaisc agus éadálacha, scor de phróiseas a úsáid, athsholáthar caipitil simplí nó síneadh caipitil simplí, athruithe mar thoradh ar athruithe ar phraghsanna fachtóirí, saincheapadh, logánú, athruithe tráthrialta, séasúracha agus timthriallacha eile agus trádáil táirgí nua nó táirgí a bhfuil feabhas suntasach orthu;

    (97)

    ciallaíonn ‘nuálaíocht próisis’ modh táirgthe nó seachadta nua nó modh atá feabhsaithe go suntasach a chur chun feidhme (lena n-áirítear athruithe suntasacha i dteicnící, i dtrealamh nó i mbogearraí) ar leibhéal an ghnóthais (ar leibhéal grúpa san earnáil tionsclaíochta ar leith in LEE), lena n-áirítear, mar shampla, trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nó réitigh dhigiteacha núíosacha nó nuálacha. Eisiatar ón sainmhíniú seo mionathruithe nó mionfheabhsúcháin, méaduithe ar chumais táirgthe nó seirbhíse trí chórais mhonaraíochta nó córais lóistíochtúla a chur leo atá an-chosúil leo siúd atá in úsáid cheana féin, scor de phróiseas a úsáid, athsholáthar caipitil simplí nó síneadh caipitil simplí, athruithe mar thoradh ar athruithe ar phraghsanna fachtóirí, saincheapadh, logánú, athruithe tráthrialta, séasúracha agus timthriallacha eile agus trádáil táirgí nua nó táirgí a bhfuil feabhas suntasach orthu;’;

    (w)

    cuirtear pointe (98a) seo a leanas isteach:

    ‘(98a)

    Ciallaíonn ‘bonneagar tástála agus turgnamhaíochta’ saoráidí, trealamh, cumais agus acmhainní, amhail binsí tástála, línte píolótacha, taispeántóirí, saoráidí tástála nó saotharlanna beo, agus seirbhísí tacaíochta gaolmhara a úsáideann gnóthais go príomha, go háirithe FBManna, a iarrann tacaíocht a fháil do thástáil agus do thurgnamhaíocht, chun táirgí, próisis agus seirbhísí nua nó feabhsaithe a fhorbairt, agus chun teicneolaíochtaí a thástáil agus a mhéadú, chun dul chun cinn a dhéanamh trí thaighde tionsclaíoch agus trí fhorbairt thurgnamhach. Is féidir le roinnt úsáideoirí rochtain a fháil ar bhonneagair tástála agus turgnamhaíochta a mhaoinítear go poiblí agus ní mór an rochtain sin a thabhairt ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí an mhargaidh. Tugtar bonneagair theicneolaíochta freisin uaireanta ar bhonneagair thástála agus thurgnamhaíochta (*18);

    (*18)  Féach Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, ‘Technology Infrastructures’ [Bonneagair Theicneolaíochta], SWD(2019) 158 final, 8.4.2019.’;"

    (x)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (101) agus phointe (102):

    ‘(101)

    ciallaíonn ‘cosaint an chomhshaoil’ aon bheart nó gníomhaíocht a cheaptar chun truailliú, tionchair chomhshaoil dhiúltacha nó dochar eile do thimpeallachtaí fisiceacha (lena n-áirítear d’aer, d’uisce agus d’ithir), d’éiceachórais nó d’acmhainní nádúrtha a laghdú nó a chosc ar dochar é arna dhéanamh de dheasca gníomhaíocht dhaonna, lena n-áirítear chun maolú don athrú aeráide, chun an riosca a laghdú go mbeidh dochar den sórt sin ann, chun bithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú nó chun dul i dtreo úsáid níos éifeachtúla d’acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear bearta coigiltis fuinnimh agus úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus teicnící eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleán eile a laghdú, agus chun aistriú chuig samhlacha an gheilleagair chiorclaigh chun úsáid príomhábhar a laghdú agus chun éifeachtúlachtaí a mhéadú. Cumhdaítear leis freisin gníomhaíochtaí lena neartaítear acmhainneacht oiriúnaitheachta agus lena n-íoslaghdaítear leochaileacht i leith tionchair aeráide;

    (102)

    ciallaíonn ‘caighdeán an Aontais’:

    (a)

    caighdeán Aontais éigeantach lena socraítear na leibhéil atá le baint amach ag gnóthais aonair i dtéarmaí comhshaoil, seachas caighdeáin nó spriocanna a shocraítear ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair; nó

    (b)

    an oibleagáid na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), mar a shainmhínítear i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19), agus a áirithiú nach mbeidh leibhéil astaíochtaí os cionn na leibhéal sin a bhainfí amach agus BAT á chur i bhfeidhm; i gcás inar sainíodh leibhéil astaíochtaí atá bainteach le BAT i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Threoir 2010/75/AE nó faoi threoracha eile is infheidhme, beidh na leibhéil sin infheidhme chun críche an Rialacháin seo; i gcás ina sloinntear na leibhéil sin mar raon, an teorainn dá mbaintear BAT amach den chéad uair le haghaidh an ghnóthais lena mbaineann, is í an teorainn sin a bheidh infheidhme;

    (*19)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).’;"

    (y)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (102a), (102b) agus (102c):

    ‘(102a)

    ciallaíonn ‘bonneagar athluchtaithe’ bonneagar fosaithe nó móibíleach lena soláthraítear leictreachas d’fheithiclí nó do threalamh móibíleach críochfoirt nó do threalamh móibíleach láimhseála ar an talamh;

    (102b)

    ciallaíonn ‘bonneagar athbhreoslaithe’ bonneagar fosaithe nó móibíleach lena soláthraítear hidrigin d’fheithiclí nó do threalamh móibíleach críochfoirt nó do threalamh móibíleach láimhseála ar an talamh;

    (102c)

    ciallaíonn ‘hidrigin in-athnuaite’ hidrigin a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí iompair leachtacha agus gásacha in-athnuaite i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20);

    (*20)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).’;"

    (z)

    cuirtear pointí (102d) go (102j) seo a leanas isteach:

    ‘(102d)

    ciallaíonn ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2018/2001;

    (102e)

    ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíor-am, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

    (102f)

    ciallaíonn ‘feithicil ghlan’:

    (a)

    maidir le feithiclí bóthair saothair éadroim: feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(a) de Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*21);

    (b)

    maidir le feithiclí bóthair saothair throm:

    go dtí an 31 Nollaig 2025, feithiclí tromshaothair astaíochtaí ísle mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*22);

    go dtí an 31 Nollaig 2025, feithicil ghlan mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4)(b) de Threoir 2009/33/CE agus nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/1242;

    (c)

    maidir le soithí uiscebhealaí intíre:

    soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí a bhfuil inneall hibrideach nó débhreosla aige a dhíorthaíonn 50 % ar a laghad dá chuid fuinnimh ó bhreoslaí astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 nó de chumhacht inluchtaithe dá ghnáthoibríocht;

    soitheach intíre le haghaidh iompar lastais ag a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2 in aghaidh an chiliméadair tona (g CO2/tkm), arna ríomh (nó arna meas i gcás soithí nua) agus an Táscaire Oibriúcháin ar Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEOI) de chuid na hEagraíochtaí Muirí Idirnáisiúnta á úsáid, atá 50 % níos ísle ná an meánluach tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 a chinntear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

    (d)

    maidir le soithí muirí:

    soitheach mara agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí, iompar lastais, oibriúcháin calafoirt nó gníomhaíochtaí cúnta (i) a bhfuil inneall hibrideach nó débhreosla aige a dhíorthaíonn 25 % ar a laghad dá chuid fuinnimh ó bhreoslaí astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 nó de chumhacht inluchtaithe dá ghnáthoibríocht ar muir agus ag calafoirt, nó (ii) a bhfuil luach Innéacs Éifeachtúlachta Fuinnimh Dearaidh (EEDI) na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta aige atá 10 % faoi bhun na gceanglas EEDI is infheidhme an 1 Aibreán 2022 agus gur féidir an soitheach a rith ar bhreoslaí astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2 nó ar bhreoslaí ó fhoinsí in-athnuaite;

    soitheach mara agus cósta le haghaidh iompar lastais a úsáidtear go heisiach chun seirbhísí cósta agus gearrthurais a oibriú, a dheartar chun aistriú córa iompair lastais a chumasú ar de thalamh a iompraítear chun farraige faoi láthair é, agus ag a bhfuil astaíochtaí díreacha (sceithphíopa) CO2, arna ríomh agus EEDI á úsáid, atá 50 % níos ísle ná an meánluach tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 a chinntear d’fheithiclí tromshaothair (foghrúpa feithiclí 5-LH) mar a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1242;

    (e)

    maidir le rothstoc iarnróid: rothstoc ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha sceithphíopa CO2 nuair a oibrítear é ar rian a bhfuil an bonneagar is gá air, agus a úsáideann gnáth-inneall i gcás nach bhfuil bonneagar den sórt sin ar fáil (mód déach);

    (102g)

    ciallaíonn ‘feithicil astaíochtaí nialasacha’:

    (a)

    maidir le feithiclí ag a bhfuil dhá agus trí roth agus cuadrothair: feithicil a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*23) ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 arna ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24 agus in Iarscríbhinn V den Rialachán sin;

    (b)

    maidir le feithiclí bóthair saothair éadroim: feithicil de chatagóir M1, M2 nó N1 ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha sceithphíopa CO2 mar a chinntear i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (*24);

    (c)

    maidir le feithiclí bóthair saothair throm: feithicil tromshaothair astaíochtaí nialasacha a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (5), de Threoir 2009/33/CE;

    (d)

    maidir le soithí uiscebhealaí intíre: soitheach intíre le haghaidh iompar paisinéirí nó iompar lastais ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa/sceitheadh) CO2;

    (e)

    maidir le soithí muirí: soitheach mara agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó iompar lastais, le haghaidh oibriúcháin calafoirt nó le haghaidh gníomhaíochtaí cúnta a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha CO2 (sceithphíopa) aige;

    (f)

    maidir le rothstoc iarnróid: rothstoc ag a bhfuil astaíochtaí nialasacha díreacha (sceithphíopa) CO2;

    (102h)

    ciallaíonn ‘feithicil’ aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    feithicil bhóthair de chatagóir M1, M2, N1, M3, N2, N3, nó L;

    (b)

    soitheach intíre nó mara agus cósta le haghaidh iompar paisinéirí nó iompar lastais;

    (c)

    rothstoc;

    (d)

    aerárthaí;

    (102i)

    ciallaíonn ‘trealamh móibíleach láimhseála ar an talamh’ trealamh móibíleach a úsáidtear i ngníomhaíochtaí seirbhíse atá teagmhasach d’iompar aeir nó muirí;

    (102j)

    ciallaíonn ‘trealamh críochfoirt móibíleach’ trealamh móibíleach a úsáidtear chun earraí agus aonaid luchtaithe idirmhódúla a luchtú, a dhíluchtú agus a thrasloingsiú, agus chun lastas a bhogadh laistigh de limistéar críochfoirt;

    (*21)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5)."

    (*22)  Rialachán (AE) Uimh. 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí tromshaothair nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) Uimh. 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202)."

    (*23)  Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52)."

    (*24)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).’;"

    (aa)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (103):

    ‘(103)

    ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*25);

    (*25)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’;"

    (bb)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (103a):

    ‘(103a)

    ciallaíonn ‘fuinneamh príomha’ fuinneamh in-athnuaite agus neamh-in-athnuaite nach ndeachaigh faoi phróiseas tiontaithe nó claochlaithe’;

    (cc)

    scriostar pointe (103b);

    (dd)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (103d):

    ‘(103d)

    ciallaíonn ‘ullmhacht chliste’ acmhainn na bhfoirgneamh nó na n-aonad foirgnimh chun a n-oibriú a oiriúnú do riachtanais an áititheora, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán a bharrfheabhsú, agus chun a n-oibriú a oiriúnú mar fhreagairt do chomharthaí ón eangach’;

    (ee)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (103e):

    ‘(103e)

    ciallaíonn ‘cuideachta mheánchaipitlithe bheag’ gnóthas nach FBM é agus nach mó ná 499 a líon fostaithe, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3 go 6 d’Iarscríbhinn I, nach mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 100 milliún nó nach mó a chlár comhardaithe bliantúil ná EUR 86 mhilliún; measfar gur gnóthas amháin iad roinnt eintiteas má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I. Chun Airteagal críoch chur i bhfeidhm Airteagal 56e(10) agus Airteagal 56f a, ciallaíonn ‘cuideachta mheánchaipitlithe bheag’ gnóthas nach FBM é agus a bhfuil suas le 499 bhfostaí fostaithe aige;’;

    (ff)

    cuirtear an pointe (103f) seo a leanas isteach:

    ‘(103f)

    ciallaíonn ‘coigilteas fuinnimh’ coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5) de Threoir 2012/27/AE;’;

    (gg)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (105):

    ‘(105)

    ciallaíonn ‘ciste éifeachtúlachta fuinnimh’ nó ‘EEF’ meán infheistíochta speisialta a bhunaítear chun críche infheistíochta i dtionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú. Is bainisteoir cistí éifeachtúlachta fuinnimh a bhainistíonn EEFanna;’;

    (hh)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (108):

    ‘(108)

    ciallaíonn ‘comhghiniúint’ nó teas agus cumhacht in éineacht nó ‘CHP’ comhghiniúint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (30), de Threoir 2012/27/AE;’;

    (ii)

    cuirtear pointí (108a) agus (108b) seo a leanas isteach:

    ‘(108a)

    ciallaíonn ‘comhghiniúint bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh’ comhghiniúint ina n-úsáidtear 100 % fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite mar ionchur le haghaidh táirgeadh teasa agus cumhachta;

    (108b)

    ciallaíonn ‘teaschaidéal’ meaisín, gléas nó gaireas a aistríonn teas ó thimpeallacht nádúrtha amhail ón aer, ón uisce nó ón talamh go foirgnimh nó go feidhmeanna tionsclaíocha trí shreabhadh nádúrtha an teasa a aisiompú ionas go sreabhfaidh sé ó theocht níos ísle go teocht níos airde. I gcás teaschaidéil in-aisiompaithe, féadfaidh sé freisin teas a aistriú ón bhfoirgneamh go dtí an timpeallacht nádúrtha;’;

    (jj)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (109):

    ‘(109)

    ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ nó ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de Threoir (AE) 2018/2001, chomh maith leis an sciar i dtéarmaí luach calrach an fhuinnimh arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i ngléasraí hibrideacha ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh traidisiúnta agus lena n-áirítear leictreachas in-athnuaite a úsáidtear chun córais stórála a líonadh atá nasctha taobh thiar den mhéadar (arna suiteáil in éineacht nó mar fhorlíontán leis an tsuiteáil in-athnuaite), ach eisiatar uaidh fuinneamh arna tháirgeadh de thoradh chórais stórála;’;

    (kk)

    cuirtear pointe (109a) seo a leanas isteach:

    ‘(109a)

    ciallaíonn ‘pobal fuinnimh in-athnuaite’ pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16) de Threoir (AE) 2018/2001’;

    (ll)

    scriostar pointí (110) go (113);

    (mm)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (114):

    ‘(114)

    ciallaíonn ‘teicneolaíocht nuálach’ teicneolaíocht nua agus a cháiligh le déanaí i gcomparáid leis an úrscothacht sa tionscadal, teicneolaíocht a bhfuil riosca teipthe teicneolaíochta nó tionsclaíochta ag baint léi agus nach optamú ná méadú í ar theicneolaíocht atá ann cheana;’;

    (nn)

    cuirtear pointí (114a) agus (114b) seo a leanas isteach:

    ‘(114a)

    ciallaíonn ‘tionscadail taisealbhaidh’ tionscadail taisealbhaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*26);

    (114b)

    ciallaíonn ‘conradh le haghaidh difríochta’ ionstraim chabhrach a thugann teidlíocht don tairbhí íocaíocht a fháil atá comhionann leis an difear idir praghas seasta ‘ceangail’ agus praghas tagartha – amhail praghas an mhargaidh, in aghaidh an aonaid aschuir;

    (*26)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).’;"

    (oo)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (115) agus (116):

    ‘(115)

    ciallaíonn ‘cothromú’ i gcás leictreachais cothromú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2019/943;

    (116)

    ciallaíonn ‘freagrachtaí cothromaithe caighdeánacha’ freagrachtaí cothromaithe neamh-idirdhealaitheacha ar fud teicneolaíochtaí nach ndíolmhaítear aon ghineadóir ó fhreagracht cothromaithe leo mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/943;’;

    (pp)

    cuirtear pointe (116a) seo a leanas isteach:

    ‘(116a)

    ciallaíonn ‘páirtí freagrach cothromúcháin (PFC)’ páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (14) de Rialachán (AE) 2019/943;’;

    (qq)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (117):

    ‘(117)

    ciallaíonn ‘bithmhais’ an cion in-bhithdhíghrádaithe de tháirgí, de dhramhaíl agus d’iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/2001;’;

    (rr)

    cuirtear pointí (117a) go (117d) seo a leanas isteach:

    ‘(117a)

    ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33) de Threoir (AE) 2018/2001;

    (117b)

    ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28) de Threoir (AE) 2018/2001;

    (117c)

    ciallaíonn ‘bithleachtanna’ bithleachtanna mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32) de Threoir (AE) 2018/2001;

    (117d)

    ciallaíonn ‘breoslaí bithmhaise’ breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27) de Threoir (AE) 2018/2001;’;

    (ss)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (118) agus phointe (119):

    ‘(118)

    ciallaíonn ‘bearna cistiúcháin’ an glanchostas breise a chinntear leis an difríocht idir ioncaim eacnamaíocha agus costais (lena n-áirítear an infheistíocht agus an oibríocht) an tionscadail dá dtugtar cabhair agus ioncaim eacnamaíocha agus costais an tionscadail mhalartaigh a ndéanfadh tairbhí na cabhrach ar bhonn inchreidte in éagmais cabhrach. Chun an bearna cistiúcháin a chinneadh, ní mór don Bhallstát, le haghaidh an cháis fhíorasaigh agus an cháis fhrithfhíorasaigh, na príomhchostais agus na príomhioncaim uile, meánchostas ualaithe measta caipitil (‘WACC’) na dtairbhithe lena lascaineofaí sreafaí airgid amach anseo, agus an glanluach láithreach (‘NPV’) le haghaidh na gcásanna fíorasacha agus frithfhíorasacha, a chainníochtú le linn shaolré an tionscadail. Is féidir an gnáth-ghlanchostas breise a mheas mar an difríocht idir an glanluach láithreach le haghaidh an cháis fhíorasaigh agus an cháis fhrithfhíorasaigh le linn shaolré an tionscadail thagartha.

    (119)

    ciallaíonn ‘cáin chomhshaoil nó tobhach paraifhioscach’ cáin nó tobhach a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn cánach sonrach, táirgí nó seirbhísí a bhfuil éifeacht shoiléir dhiúltach acu ar an gcomhshaol nó cáin lena ndéantar iarracht muirear a ghearradh ar ghníomhaíochtaí, ar earraí nó ar sheirbhísí áirithe ionas go bhféadfaidh na costais chomhshaoil a chur san áireamh ina bpraghas nó ionas go gcuirfear táirgeoirí agus tomhaltóirí i dtreo gníomhaíochtaí lena dtugtar urraim níos fearr ar an gcomhshaol;’;

    (tt)

    scriostar pointe (121);

    (uu)

    cuirtear pointí (121a) go (121d) seo a leanas isteach:

    ‘(121a)

    ciallaíonn ‘leigheas’ gníomhaíochtaí bainistíochta comhshaoil, amhail baint nó díthocsainiú éilleán nó cothaithigh bharraíochta as an ithir agus as an uisce arb é is aidhm dóibh foinsí díghrádaithe a bhaint;

    (121b)

    ciallaíonn ‘athshlánú’ gníomhaíochtaí bainistíochta comhshaoil a bhfuil sé mar aidhm dóibh leibhéal feidhmiúlachta éiceachórais a thabhairt ar ais ar láithreáin dhíghrádaithe, agus an sprioc atá ann soláthar athnuaite agus leanúnach na seirbhísí éiceachórais seachas bithéagsúlacht agus sláine éiceachórais thagartha nádúrtha nó leathnádúrtha ainmnithe;

    (121c)

    ciallaíonn ‘éiceachóras’ éiceachóras mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*27);

    (121d)

    ciallaíonn ‘bithéagsúlacht’ bithéagsúlacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) 2020/852;

    (*27)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).’;"

    (vv)

    cuirtear isteach na pointí (123a) go (123d) seo a leanas:

    ‘(123a)

    ciallaíonn ‘truailleán’ truailleán mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2020/852;

    (123b)

    ciallaíonn ‘truailliú’ truailliú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir 2010/75/AE;

    (123c)

    ciallaíonn ‘réiteach dúlrabhunaithe’ gníomhaíocht chun éiceachórais nádúrtha nó mhodhnaithe talún, fionnuisce, chósta agus mhuirí a chosaint, a chaomhnú, a athbhunú, a úsáid go hinbhuanaithe agus a bhainistiú, lena dtugtar aghaidh go héifeachtach agus go hoiriúnach ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, agus dea-bhail an duine, seirbhísí éiceachórais, athléimneacht agus tairbhí bithéagsúlachta á gcur ar fáil ag an am céanna;

    (123d)

    ciallaíonn ‘athchóiriú’ an próiseas ina dtugtar cúnamh le haghaidh téarnamh éiceachórais mar bhealach chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus athléimneacht éiceachórais a mhéadú, go háirithe i leith an athraithe aeráide. Áirítear le hathchóiriú éiceachóras bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar dháil éiceachórais agus chun éiceachóras a athchruthú nó a athbhunú i gcás inar cailleadh an dáil sin agus chun feabhas a chur ar athléimneacht agus oiriúnú éiceachóras don athrú aeráide;’;

    (ww)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 124:

    ‘(124)

    ciallaíonn ‘téamh agus fuarú ceantair atá tíosach ar fhuinneamh’ téamh agus fuarú ceantair atá tíosach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (41), de Threoir 2012/27/AE;’;

    (xx)

    cuirtear pointí (124a) agus (124b) a leanas isteach:

    ‘(124a)

    ciallaíonn ‘téamh ceantair’ agus ‘fuarú ceantair’ téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19) de Threoir 2010/31/AE;

    (124b)

    ciallaíonn ‘córais téimh agus fuaraithe ceantair’ saoráidí giniúna téimh agus/nó fuaraithe, an líonra stórála agus dáileacháin theirmigh, atá comhdhéanta den líonra príomhúil – tarchur – agus den líonra tánaisteach píblínte araon, lena soláthraítear téamh nó fuarú do thomhaltóirí. Léirmhíneofar tagairtí do théamh ceantair mar chórais téimh agus/nó fuaraithe ceantair, ag brath ar cé acu a sholáthraíonn na líonraí teas agus fuarú i gcomhpháirt nó a sholáthraíonn siad ar leithligh iad;’;

    (yy)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (126), (127) agus (128):

    ‘(126)

    ciallaíonn ‘athúsáid’ athúsáid mar a shainmhínítear i bpointe (13), d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*28);

    (127)

    ciallaíonn ‘ullmhú le haghaidh athúsáide’ ullmhú le haghaidh athúsáide mar a shainmhínítear i bpointe (16), d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

    (128)

    ciallaíonn ‘athchúrsáil’ athchúrsáil mar a shainmhínítear i bpointe (17), d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;’;

    (*28)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).’;"

    (zz)

    cuirtear pointí (128a) go (128i) seo a leanas isteach:

    ‘(128a)

    ciallaíonn ‘éifeachtúlacht acmhainní’ laghdú a dhéanamh ar chainníocht ionchur a bhfuil gá leo chun aonad aschuir a tháirgeadh nó ionadaíocht a dhéanamh ar phríomhionchuir le hionchuir thánaisteacha;

    (128b)

    ‘ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE

    (128c)

    ciallaíonn ‘fuíollteas’ fuíollteas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9) de Threoir (AE) 2018/2001;’;

    (128d)

    ciallaíonn ‘cóireáil’ cóireáil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (14) de Threoir 2008/98/CE agus cóireáil táirgí, ábhar nó substaintí eile;

    (128e)

    ciallaíonn ‘aisghabháil’ aisghabháil mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15) de Threoir 2008/98/CE agus aisghabháil táirgí, ábhar nó substaintí eile;

    (128f)

    ciallaíonn ‘diúscairt’ diúscairt mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19) de Threoir 2008/98/CE;

    (128g)

    ciallaíonn ‘táirgí, ábhair agus substaintí eile’ ábhair, táirgí agus substaintí seachas dramhaíl, lena n-áirítear seachtháirgí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE, fuíll talmhaíochta agus foraoiseachta, fuíolluisce, uisce báistí agus uisce a ritheann chun srutha, mianraí, cothaithigh, gáis iarmharacha ó phróisis táirgthe, agus táirgí iomarcacha, codanna iomarcacha agus ábhair iomarcacha;

    (128h)

    ciallaíonn ‘táirgí iomarcacha, codanna iomarcacha agus ábhair iomarcacha’ táirgí, codanna nó ábhair nach bhfuil gá ag a n-úsáideoir leo a thuilleadh nó nach bhfuil úsáideach dá n-úsáideoir a thuilleadh ach atá oiriúnach lena n-athúsáid;

    (128i)

    ciallaíonn ‘bailiú ar leithligh’ bailiú ar leithligh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11) de Threoir 2008/98/CE;’;

    (aaa)

    scriostar pointe (129);

    (bbb)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (130):

    ‘(130)

    ciallaíonn ‘bonneagar fuinnimh’ aon trealamh fisiciúil nó saoráid fhisiciúil lonnaithe laistigh den Aontais nó lena nasctar an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    leictreachas:

    (i)

    córais tarchurtha agus dáileacháin i gcás ina gciallaíonn ‘traschur’ iompar leictreachais ar talamh agus amach ón gcósta ar an gcóras idirnasctha an-ardvoltais agus ardvoltais d’fhonn é a sheachadadh do thomhaltóirí deiridh nó do dháileoirí ach nach n-áirítear soláthar leis agus i gcás ina gciallaíonn ‘dáileachán’ iompar leictreachais ar talamh agus amach ón gcósta ar chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d’fhonn é a sheachadadh do thomhaltóirí ach nach n-áirítear soláthar leis;

    (ii)

    aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil na gcóras dá dtagraítear i bpointí (i), lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe ar gach leibhéal voltais agus gach fostáisiún;

    (iii)

    comhpháirteanna lán-chomhtháite den líonra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (51), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*29);

    (iv)

    eangacha leictreachais cliste, eadhon córais agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, trí ardáin oibríochtúla dhigiteacha, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite ar leibhéal tarchurtha agus dáileacháin araon, arb é is aidhm dóibh líonra tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cliste, acmhainneacht mhéadaithe chun foirmeacha nua giniúna, stórála agus tomhaltais a chomhtháthú agus samhlacha gnó agus struchtúir mhargaidh nua a éascú;

    (v)

    eangacha leictreachais amach ón gcósta, a chiallaíonn aon trealamh nó suiteáil tarchuir leictreachais nó bonneagar dáilte mar a shainmhínítear i bpointe (i), ag a bhfuil défheidhmiúlacht: leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta a idirnascadh agus a tharchur ó na láithreáin ghiniúna amach ón gcósta chuig dhá thír nó níos mó. Áirítear leis seo freisin eangacha cliste agus aon trealamh nó suiteáil amach ón gcósta atá in aice leo agus atá riachtanach chun oibriú go sábháilte, go slán agus go héifeachtúil, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe, agus fostáisiúin riachtanacha más rud é go n-áirithítear leo idir-inoibritheacht na teicneolaíochta freisin, agus i measc comhoiriúnacht comhéadain eile idir teicneolaíochtaí éagsúla;

    (b)

    gás (gás nádúrtha, bithghás - lena n-áirítear bithmheatán – agus/nó gás in-athnuaite nach de bhunadh bitheolaíoch iad):

    (i)

    píblínte tarchurtha agus dáileacháin le haghaidh iompar gáis ar cuid de líonra iad, cé is moite de phíblínte ardbhrú a úsáidtear le haghaidh dáileadh réamhtheachtach gáis nádúrtha;

    (ii)

    saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (i);

    (iii)

    saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh gás leachtaithe nó comhbhrúite;

    (iv)

    aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

    (v)

    eangacha gáis chliste, a chiallaíonn aon cheann den trealamh nó suiteáil a leanas arb é is aidhm dóibh comhtháthú gás in-athnuaite agus ísealcharbóin (lena n-áirítear hidrigin nó gáis nach de bhunadh bitheolaíoch iad) sa líonra a chumasú agus a éascú: córais dhigiteacha agus comhpháirteanna lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, córais rialaithe agus teicneolaíochtaí braite chun gur féidir faireachán, méadrú, rialú cáilíochta agus bainistíocht a dhéanamh ar tháirgeadh, tarchur, dáileadh agus ídiú gáis laistigh de líonra gáis. Ina theannta sin, féadfar a áireamh ar na tionscadail sin trealamh chun sreabha cúltreo a chumasú ón leibhéal dáileacháin go dtí an leibhéal tarchurtha agus uasghrádaithe gaolmhara is gá ar an líonra atá ann cheana;

    (c)

    hidrigin:

    (i)

    píblínte tarchurtha, le haghaidh iompar ardbhrú hidrigine, agus píblínte dáileacháin le haghaidh dháileadh áitiúil hidrigine lena dtugtar rochtain d’ilúsáideoirí líonra ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

    (ii)

    saoráidí stórála, a chiallaíonn saoráidí a úsáidtear chun hidrigin ar íonacht ardghráid a stocáil, lena n-áirítear an chuid de chríochfort hidrigine a úsáidtear chun críche stórála ach gan an chuid a úsáidtear chun críche oibríochtaí táirgthe san áireamh, agus lena n-áirítear saoráidí a fhorchoimeádtar go heisiach le haghaidh oibreoirí líonra hidrigine agus a bhfeidhmeanna á ndéanamh acu. Áirítear le saoráidí stórála hidrigine saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte hidrigine ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (i);

    (iii)

    saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe nó dí-chomhbhrúite le haghaidh hidrigine nó hidrigin atá leabaithe i substaintí ceimiceacha eile d’fhonn an hidrigin a instealladh isteach san eangach le haghaidh gáis nó atá tiomnaithe do hidrigin;

    (iv)

    críochfoirt, a chiallaíonn suiteálacha a úsáidtear chun hidrigin leachtach a tharchur chuig hidrigin ghásach lena hinstealladh sa líonra hidrigine. Áirítear le críochfoirt trealamh breise agus stóráil shealadach is gá le haghaidh an phróisis tarchuir agus le haghaidh instealladh dá éis sin sa líonra hidrigine, ach gan aon chuid den chríochfort a úsáidtear chun críche stórála san áireamh;

    (v)

    idirnascairí, a chiallaíonn líonra hidrigine (nó cuid de) a thrasnaíonn nó a luíonn le teorainn idir Ballstáit, nó idir Ballstát agus tríú tír suas le críocha na mBallstát nó le farraige theorann an Bhallstáit sin;

    (vi)

    aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú sábháilte, slán agus éifeachtúil an chórais hidrigine nó atá riachtanach chun acmhainneacht dhéthreoch a chumasú, lena n-áirítear stáisiúin chomhbhrúiteora;

    Féadfaidh aon cheann de na sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (iv) a bheith ina shócmhainn nuathógtha nó ina shócmhainn a tiontaíodh ó ghás nádúrtha go hidrigin, nó ina theaglaim den dá rud. Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) go (vi) agus atá faoi réir rochtain thríú páirtí, cáileoidh siad mar bhonneagar fuinnimh;

    (d)

    dé-ocsaíd charbóin:

    (i)

    píblínte, seachas líonra píblínte réamhtheachtach, a úsáidtear chun dé-ocsaíd charbóin a iompar ó níos mó ná foinse amháin, eadhon suiteálacha tionsclaíocha (lena n-áirítear gléasraí cumhachta) a tháirgeann gás dé-ocsaíde carbóin ó dhóchán nó ó imoibrithe ceimiceacha eile lena ngabhann comhdhúile iontaise nó neamh-iontaise a bhfuil carbón iontu, chun críche stóráil gheolaíoch bhuan na dé-ocsaíde carbóin de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*30) nó chun críche úsáid dé-ocsaíde carbóin mar bhunábhar nó chun táirgeacht próiseas bitheolaíoch a fheabhsú;

    (ii)

    saoráidí chun dé-ocsaíd charbóin a leachtú agus a stóráil go maolánach ag féachaint dá hiompar nó dá stóráil. Ní áirítear leis sin bonneagar laistigh d’fhoirmíocht gheolaíoch a úsáidtear chun críche stóráil gheolaíoch bhuan na dé-ocsaíde carbóin de bhun Airteagal 3 de Threoir 2009/31/CE agus saoráidí dromchla agus insteallta a bhaineann leis sin;

    (iii)

    aon trealamh nó suiteáil atá riachtanach i gcomhair fheidhmiú cuí, slán agus éifeachtúil an chórais i dtrácht, lena n-áirítear córais chosanta, faireacháin agus rialaithe. D’fhéadfaí a áireamh anseo sócmhainní tiomnaithe móibíleacha chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil, ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní móibíleacha sin sainmhíniú na feithicle glaine;

    Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (i) (ii) agus (iii) agus atá faoi réir rochtain tríú páirtí, cáileoidh siad mar bhonneagar fuinnimh;

    (e)

    bonneagar a úsáidtear chun fuinneamh teirmeach i bhfoirm gaile, uisce te nó leachtanna fuaraithe ó tháirgeoirí iomadúla nó ó úsáideoirí iomadúla a tharchur nó a dháileadh, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite nó fuíollteas a úsáid ó fheidhmeanna tionsclaíochta;

    (f)

    Tionscadail Leasa Choitinn, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*31) agus tionscadal leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 171 den Chonradh;

    (g)

    catagóirí eile bonneagair lena gcumasaítear ceangal fisiciúil nó gan sreang fuinnimh inbhuanaithe nó saor ó charbón idir táirgeoirí agus úsáideoirí ó phointí iomadúla rochtana agus imeachta agus ar bonneagar é ar a bhfuil rochtain oscailte do thríú páirtithe nach le gnóthais úinéir nó bhainisteoir an bhonneagair iad;

    Sócmhainní a liostaítear faoi phointí (a) go (g) a thógtar le haghaidh úsáideora aitheanta ex ante amháin nó grúpa úsáideoirí ex ante agus a cuireadh in oiriúint dá riachtanais (‘bonneagar tiomnaithe’), ní cháileoidh siad mar bhonneagar fuinnimh.

    (*29)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach do leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125)."

    (*30)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114)."

    (*31)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair tras-Eorpaigh fuinnimh (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).’;"

    (ccc)

    cuirtear isteach na pointí (130a) go (130d) seo a leanas:

    ‘(130a)

    ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ (DSO) oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29) de Threoir (AE) 2019/944;

    (130b)

    ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ (TSO) oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) de Threoir (AE) 2019/944;

    (130c)

    ciallaíonn ‘stóráil leictreachais’ úsáid deiridh leictreachais a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach;

    (130d)

    ciallaíonn ‘stóráil theirmeach’ úsáid deiridh fuinnimh theirmigh a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreach nó teirmeach a thiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, fuinneamh den sórt sin a thiontú nó a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh teirmeach lena úsáid chríochnaitheach (i.e. téamh nó fuarú);’;

    (ddd)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (131):

    ‘(131)

    ciallaíonn ‘reachtaíocht margaidh fuinnimh inmheánaigh’ Rialachán (AE) Uimh. 2019/944, Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*32), Rialachán (AE) 2019/943 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*33);

    (*32)  Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94)."

    (*33)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar ghréasáin tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).;’;"

    (eee)

    cuirtear pointí (131a) agus (131b) seo a leanas isteach:

    ‘(131a)

    ciallaíonn ‘gabháil agus stóráil carbóin’ nó ‘CCS’ tacar teicneolaíochtaí trínar féidir an CO2 a ghabháil a astaítear ó ghléasraí tionsclaíochta, lena n-áirítear astaíochtaí próiseas-bhunúsach, nó chun é a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach, lena iompar chuig suíomh stórála agus lena instealladh i bhfoirmíochtaí geolaíochta oiriúnacha faoi thalamh chun críche stóráil bhuan na dé-ocsaíde carbóin;

    (131b)

    ciallaíonn ‘gabháil agus úsáid carbóin’ nó ‘CCU’ tacar teicneolaíochtaí trínar féidir CO2 a ghabháil a astaítear ó ghléasraí tionsclaíochta, lena n-áirítear astaíochtaí próiseas-bhunúsach, nó chun é a ghabháil go díreach ón aer comhthimpeallach agus lena iompar chuig suíomh úsáidte ídithe CO2chun CO2sin a úsáid go hiomlán;’;

    (fff)

    scriostar pointe (134);

    (ggg)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (137):

    ‘(137)

    ciallaíonn ‘bonneagar leathanbhanda’ líonra leathanbhanda gan aon chomhpháirt ghníomhach agus cuimsíonn sé an bonneagar fisiceach, lena n-áirítear duchtanna, cuaillí, crainn, túir, snáithín dorcha, caibinéid agus cáblaí (lena n-áirítear cáblaí snáithín dorcha agus copair);’;

    (hhh)

    cuirtear na pointí (137a), (137b) agus (137c) seo a leanas isteach:

    ‘(137a)

    ciallaíonn ‘líonra aisiompair’ an chuid de líonra leathanbhanda a cheanglaíonn an líonra rochtana agus cnámh droma an líonra agus nach soláthraíonn rochtain dhíreach d’úsáideoirí deiridh. Is é sin an chuid den líonra ina ndéantar trácht na n-úsáideoirí deiridh a chomhiomlánú;

    (137b)

    ciallaíonn ‘líonra cnámh droma’ an croí-líonra a nascann líonraí aisiompair ó limistéir nó réigiúin éagsúla le chéile;

    (137c)

    ciallaíonn ‘líonra rochtana’ an chuid den líonra leathanbhanda a nascann an líonra aisiompair le háitreabh nó le gairis na n-úsáideoirí deiridh;’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (139):

    ‘(139)

    ciallaíonn ‘rochtain mhórdhíola’ rochtain a chuireann ar a chumas don oibreoir saoráidí oibreora eile a úsáid. Áireofar sa rochtain mhórdhíola, ar bhonn na bhforbairtí teicneolaíochta reatha, na táirgí rochtana a leanas ar a laghad: (i) i gcás líonraí FTTx: rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda, díchuachadh agus rochtain srutha giotán; (ii) i gcás líonraí cáblaí: rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda agus rochtain ar sheirbhísí gníomhacha; (iii) i gcás líonraí fosaithe gan sreang: rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda agus rochtain ar sheirbhísí gníomhacha; (iv) i gcás líonraí móibíleacha: rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda agus rochtain ar sheirbhísí gníomhacha (seirbhísí fánaíochta ar a laghad); (v) i gcás ardáin satailíte: rochtain ar sheirbhísí gníomhacha; (vi) i gcás líonraí aisiompair: rochtain ar an mbonneagar leathanbhanda agus rochtain ar sheirbhísí gníomhacha.’;

    (jjj)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (139a):

    ‘(139a)

    ciallaíonn ‘áitribh in-nasctha’ áitribh úsáideoirí deiridh ar féidir le soláthraí, arna hiarraidh sin d’úsáideoirí deiridh agus laistigh de 4 seachtaine ó dháta na hiarrata, seirbhísí leathanbhanda a sholáthar (gan beann ar cé acu atá na háitribh sin nasctha leis an líonra cheana féin nó nach bhfuil). Sa chás sin, níor cheart an praghas a ghearrtar as seirbhísí leathanbhanda a sholáthar ag áitribh úsáideoirí deiridh a bheith níos mó ná na gnáth-tháillí nasctha, níor cheart aon chostas breise ná eisceachtúil a bheith ann i gcomparáid leis an ngnáthchleachtas tráchtála agus in aon chás, níor cheart é a bheith níos mó ná an gnáthphraghas sa Bhallstát lena mbaineann. Ní mór don údarás inniúil náisiúnta an praghas sin a chinneadh;’;

    (kkk)

    cuirtear na pointí (139d), (139e) agus (139f) seo a leanas isteach:

    ‘(139d)

    is éard is ‘buaic-am’ ann an tráth den lá, a mhaireann 1 uair an chloig amháin go tipiciúil, a dtarlaíonn an t-ualach uasta ar an líonra lena linn de ghnáth;

    (139e)

    ciallaíonn‘dálaí buaic-ama’ na dálaí a bhfuil coinne leo a bhfeidhmeoidh an líonra fúthu tráth ‘buaic-ama’;

    (139f)

    ciallaíonn ‘tréimhse ama ábhartha’ tréimhse ama a úsáidtear le haghaidh infheistíochtaí príobháideacha beartaithe agus comhfhreagraíonn sé leis an achar ama a mheasann an Ballstát sin chun an líonra Státchistithe beartaithe a imscaradh, ag tosú ag uair foilsithe an chomhairliúcháin phoiblí maidir leis an idirghabháil Stáit atá beartaithe go dtí teacht i bhfeidhm an líonra, (i.e. tús an tsoláthair seirbhísí mórdhíola agus/nó seirbhísí miondíola ar an líonra Státchistithe). Ní féidir an tréimhse ama ábhartha a bheith níos giorra ná 2 bhliain;’;

    (lll)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (157):

    ‘(157)

    ciallaíonn ‘bonneagar calafoirt’ bonneagar agus saoráidí chun seirbhísí calafoirt a bhaineann le hiompar a sholáthar, mar shampla beartanna feistithe a úsáidtear chun longa a mhúráil, ballaí cé, droichid bordála paisinéirí agus rampaí pontúin ar snámh i limistéir taoide, imchuacha inmheánacha, aislíonadh agus míntíriúchán talún, bonneagar le haghaidh dramhaíl a ghineann longa agus iarmhar lastais a bhailiú agus bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcalafoirt ag soláthar feithiclí, trealamh móibíleach críochfoirt agus trealamh móibíleach láimhseála ar an talamh le leictreachas, hidrigin, amóinia agus meatánól;’;

    (mmm)

    scriostar pointe (161);

    (3)

    in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (e):

    ‘(a)

    maidir le cabhair infheistíochta réigiúnaí: maidir le infheistíocht ag a bhfuil costais incháilithe EUR 110 milliún nó níos mó, na méideanna cabhrach in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta mar a leagtar amach a leanas:

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 10 %: EUR 8.25 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 15 %: EUR 12.38 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 20 %: EUR 16.5 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 25 %: EUR 20.63 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 30 %: EUR 24.75 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 35 %: EUR 28.88 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 40 %: EUR 33 mhilliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 50 %: EUR 41.25 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 60 %: EUR 49.5 milliún;

    i gcásanna uasdéine cabhrach réigiúnaí de 70 %: EUR 57.75 milliún;

    (b)

    i gcás cabhair réigiúnach um fhorbairt uirbeach, EUR 22 mhilliún mar a leagtar síos in Airteagal 16(3);

    (c)

    i gcás cabhair infheistíochta do FBManna: EUR 8.25 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

    (d)

    maidir le cabhair um shainchomhairleoireacht i bhfabhar FBManna: EUR 2.2 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (e)

    maidir le cabhair do FBManna le haghaidh rannpháirtíocht in aontaí: EUR 2.2 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;’;

    (b)

    cuirtear na pointí (ea) agus (eb) seo a leanas isteach:

    ‘(ea)

    maidir le cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 19c: EUR 200 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire. I gcás micrifhiontair atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, EUR 25 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire a bheidh sa teorainn sin, agus i gcás micrifhiontair atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, EUR 30 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire;

    (eb)

    maidir le cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dá dtagraítear in Airteagal 19d: EUR 2 mhilliún in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire. I gcás FBManna atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, EUR 250 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire a bheidh sa teorainn sin, agus i gcás FBManna atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, EUR 300 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana féilire. Cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí talmhaíochta, beidh sí ag brath ar gan a bheith curtha ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán chuig táirgeoirí príomhúla;’;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) go (sa):

    ‘(f)

    maidir le cabhair do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh: maidir le cabhair faoi Airteagal 20, EUR 2.2 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; maidir le cabhair faoi Airteagal 20a, na méideanna a leagtar síos in Airteagal 20a(2) in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (g)

    i gcás cabhair um maoiniú riosca: EUR 16.5 milliún in aghaidh an ghnóthais incháilithe mar a leagtar síos in Airteagal 21(8) agus Airteagal 21d(2);

    (h)

    maidir le cabhair do ghnólachtaí nuathionscanta: na méideanna a leagtar síos in aghaidh an ghnóthais in Airteagal 22(3), (4), (5) agus (7);

    (i)

    maidir le cabhair le haghaidh taighde agus forbartha:

    (i)

    más taighde bunúsach den chuid is mó atá sa tionscadal: EUR 55 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; is é sin an cás ina dtabhaítear níos mó ná leath de chostais incháilithe an tionscadail trí ghníomhaíochtaí a thagann faoi chatagóir an taighde bhunúsaigh;

    (ii)

    más taighde tionsclaíoch den chuid is mó atá sa tionscadal: EUR 35 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; is é sin an cás ina dtabhaítear níos mó ná leath de chostais cháilithe an tionscadail trí ghníomhaíochtaí a thagann faoin earnáil taighde tionscail nó laistigh de na hearnálacha taighde tionscail agus taighde bhunúsaigh le chéile;

    (iii)

    más forbairt thurgnamhach den chuid is mó atá sa tionscadal: EUR 25 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; is é sin an cás ina dtabhaítear níos mó ná leath de chostais incháilithe an tionscadail trí ghníomhaíochtaí a thagann faoi chatagóir na forbartha turgnamhaí;

    (iv)

    más tionscadal Eureka an tionscadal, más rud é go gcuireann Comhghnóthas arna bhunú ar bhonn Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh chun feidhme é, nó más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25(6), pointe (d), déantar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (i) go (iii) a dhúbailt;

    (v)

    má deonaítear an chabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, d’uireasa modheolaíocht aitheanta chun an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, agus ina bhforáiltear leis an mbeart sin i gcás go mbeidh toradh rathúil ar an tionscadal, arna shainiú sin ar bhonn hipitéis réasúnach agus iontaofa, déanfar na hairleacain a aisíoc le ráta úis arb ionann é ar a laghad agus an ráta lascaine is infheidhme tráth an deontais, déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) a mhéadú 50 %;

    (vi)

    cabhair do staidéir indéantachta mar ullmhúchán do ghníomhaíochtaí taighde: EUR 8,25 milliún in aghaidh an tionscadail;

    (vii)

    maidir le cabhair do FBManna le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha ar dámhadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais dóibh agus a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25a, an méid dá dtagraítear in Airteagal 25a;

    (viii)

    maidir le cabhair do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25b, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25b;

    (ix)

    maidir le cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha a chuirtear chun feidhme faoi Airteagal 25c, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25c;

    (x)

    maidir le cabhair do Chur le chéile, na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 25d;’;

    (xi)

    maidir le cabhair a bhaineann le cómhaoiniú tionscadal arna dtacú ag an gCiste Eorpach Cosanta nó ag an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta faoi Airteagal 25e: EUR 80 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (j)

    i gcás cabhair infheistíochta do bhonneagair thaighde: EUR 35 mhilliún in aghaidh an bhonneagair;

    (ja)

    maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta: EUR 25 mhilliún in aghaidh an bhonneagair;

    (k)

    maidir le cabhair do bhraislí nuálaíochta: EUR 10 mhilliún in aghaidh na braisle;

    (l)

    Cabhair nuálaíochta le haghaidh FBManna: EUR 10 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (m)

    maidir le cabhair le haghaidh nuálaíocht próiseas agus eagraíochta: EUR 12.5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (n)

    i gcás cabhair oiliúna: EUR 3 mhilliún in aghaidh an tionscadail;

    (o)

    maidir le cabhair um earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste: EUR 5.5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;

    (p)

    maidir le cabhair um fhostú oibrithe faoi mhíchumas i bhfoirm fóirdheontais phá: EUR 11 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;

    (q)

    maidir le cabhair um chúiteamh na gcostas breise a bhaineann le fostú oibrithe faoi mhíchumas: EUR 11 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh ana bliana;

    (r)

    maidir le cabhair um chúiteamh chostais an chúnaimh a thugtar d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste: EUR 5.5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;

    (s)

    maidir le cabhair infheistíochta um chosaint an chomhshaoil, mura sonraítear a mhalairt: EUR 30 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

    (sa)

    maidir le cabhair le haghaidh bonneagar tiomnaithe agus stóráil thiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 36(4): EUR 25 mhilliún in aghaidh an tionscadail;’;

    (d)

    cuirtear na pointí (sb) go (sf) seo a leanas isteach:

    ‘(sb)

    maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe dá dtagraítear in Airteagal 36a(1) agus (2): EUR 30 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail agus, i gcás scéimeanna, meánbhuiséad bliantúil suas le EUR 300 milliún;

    (sc)

    maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh feabhsúcháin chomhcheangailte ar fheidhmíocht fuinnimh agus ar fheidhmíocht comhshaoil foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 38a(7) agus in Airteagal 39(2a): EUR 30 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (sd)

    maidir le cabhair le haghaidh conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 38b a éascú: EUR 30 milliún de mhaoiniú ainmniúil iomlán amuigh in aghaidh an tairbhí;

    (se)

    maidir le cabhair infheistíochta do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh i bhfoirm ionstraimí airgeadais: na méideanna a leagtar amach in Airteagal 39(5);

    (sf)

    maidir le cabhair i bhfoirm laghdú ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh dá dtagraítear in Airteagal 44a: EUR 50 milliún in aghaidh scéime in aghaidh na bliana;’;

    (e)

    scriostar pointí (t) agus (u);

    (f)

    cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (v) go (y):

    ‘(v)

    maidir le cabhair oibriúcháin chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 42, agus maidir le cabhair oibriúcháin chun fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus ó hidrigin in-athnuaite i suiteálacha ar scála beag a chur chun cinn agus chun pobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 43: EUR 30 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; suim bhuiséid na scéimeanna ar fad a thagann faoi Airteagal 42 agus suim bhuiséid na scéimeanna ar fad a thagann faoi Airteagal 43, níor cheart go mbeidís níos mó ná EUR 300 milliún in aghaidh na bliana;

    (w)

    maidir le cabhair le haghaidh córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair dá dtagraítear in Airteagal 46: EUR 50 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    (x)

    maidir le cabhair le haghaidh bonneagair fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 48: EUR 70 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail;

    ‘(y)

    maidir le cabhair le haghaidh imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm deontais: EUR 100 milliún de chostais iomlána in aghaidh an tionscadail; maidir le cabhair do líonraí leathanbhanda fhosaithe a dhámhtar i bhfoirm ionstraime airgeadais, ní mór nach rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a thugtar d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail thar EUR 150 milliún;’;

    (g)

    cuirtear isteach an pointe (yd) seo a leanas:

    ‘(yd)

    maidir le cabhair le haghaidh imscaradh líonraí aisiompair a dhámhtar i bhfoirm deontais: EUR 100 milliún de chostais iomlána in aghaidh an tionscadail; maidir le cabhair le haghaidh imscaradh líonraí aisiompair ar cabhair í a dhámhtar i bhfoirm ionstraim airgeadais, ní mór nach rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a thugtar d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail thar EUR 150 milliún;’;

    (h)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (z) go (cc):

    ‘(z)

    i gcás cabhair infheistíochta do chaomhnú cultúir agus oidhreachta: EUR 165 mhilliún in aghaidh an tionscadail; cabhair oibriúcháin do chaomhnú cultúir agus oidhreachta: EUR 82.5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;

    (aa)

    maidir le scéimeanna cabhrach do shaothair chlosamhairc: EUR 55 mhilliún in aghaidh scéime in aghaidh na bliana;

    (bb)

    i gcás cabhair infheistíochta don spórt agus do bhonneagair áineasa ilfheidhmeacha: EUR 33 mhilliún nó na costais iomlána os cionn EUR 110 mhilliún in aghaidh an tionscadail; cabhair oibriúcháin do bhonneagar spóirt: EUR 2.2 milliún in aghaidh an bhonneagair in aghaidh na bliana;

    (cc)

    i gcás cabhair infheistíochta do bhonneagair áitiúla: EUR 11 mhilliún nó na costais iomlána os cionn EUR 22 mhilliún don bhonneagar céanna;’;

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (ee) agus (ff):

    ‘(ee)

    maidir le cabhair do chalafoirt mhuirí: costais incháilithe EUR 143 mhilliún in aghaidh an tionscadail (nó EUR 165 mhilliún in aghaidh an tionscadail i gcalafort muirí a áirítear i bplean oibre Chonair an Chroíghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*34)); a mhéid a bhaineann le dreidireacht, sainmhínítear tionscadal mar gach dreidireacht a dhéantar laistigh d’aon bhliain féilire amháin;

    (ff)

    maidir le cabhair do chalafoirt intíre: costais incháilithe EUR 44 mhilliún in aghaidh an tionscadail (nó EUR 55 mhilliún in aghaidh an tionscadail i gcalafort intíre a áirítear i bplean oibre Chonair an Chroíghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013); a mhéid a bhaineann le dreidireacht, sainmhínítear tionscadal mar gach dreidireacht a dhéantar laistigh d’aon bhliain féilire amháin;

    (*34)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).’;"

    (j)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (hh):

    ‘(hh)

    maidir le cabhair do FBManna le haghaidh costais a thabhaítear trí pháirt a ghlacadh i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’): maidir le cabhair faoi Airteagal 19a, EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail; maidir le cabhair faoi Airteagal 19b, na méideanna a leagtar síos in Airteagal 19b(2) in aghaidh an tionscadail;’;

    (4)

    Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    ‘(f)

    cabhair arb éard atá inti bearta um maoiniú riosca má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 21 agus 21d;’;

    (b)

    i mír 2, cuirtear an pointe (ga) seo a leanas isteach:

    ‘(ga)

    ‘cabhair le haghaidh FBManna i bhfoirm táillí rochtana laghdaithe nó rochtain shaor in aise ar sheirbhísí comhairleacha nuálaíochta agus ar sheirbhísí tacaíochta nuálaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (94) agus (95) faoi seach, arna dtairiscint mar shampla ag eagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais, ag bonneagair thaighde, ag bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta nó braislí nuálaíochta bunaithe ar scéim cabhrach ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    is féidir an buntáiste arb ionann é agus táillí laghdaithe nó rochtain shaor in aisce a chainníochtú agus a léiriú;

    (ii)

    na lascainí iomlána nó páirteacha praghsanna ar sheirbhísí agus na rialacha arb i gcomhréir leo a fhéadfaidh FBManna cur isteach ar lascainithe agus a fhéadfar FBManna a roghnú lena n-aghaidh agus a fhéadfar lascainí a bhronnadh ar FBManna, cuirtear iad sin ar fáil go poiblí (trí mheán suíomhanna gréasáin nó modhanna oiriúnacha eile) sula dtosóidh an soláthraí seirbhíse ag tairiscint na lascainí;

    (iii)

    coimeádfaidh an soláthraí seirbhísí taifid de mhéideanna na cabhrach arna ndeonú do gach FBM i bhfoirm lascainí praghsanna chun a áirithiú go gcomhlíontar leis na huasteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 28(3) agus (4). Coimeádfar taifid den sórt sin go ceann 10 mbliana ón dáta a dheonaigh an soláthraí seirbhíse an chabhair dheireanach;’

    (c)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    ‘(l)

    cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil III, Roinn 16.’;

    (d)

    i mír 2, cuirtear pointí (m) agus (n) seo a leanas isteach:

    ‘(m)

    cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19c;

    (n)

    cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19d.’;

    (5)

    Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

    (a)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    cabhair le haghaidh rochtain ar mhaoiniú do FBManna, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in Airteagail 21, 21d agus 22;’;

    (b)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):

    ‘(l)

    cabhair do FBManna atá rannpháirteach i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) nó a bhaineann tairbhe astu, má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagail 19a nó19b;’;

    (c)

    i mír 5, cuirtear pointí (m) go (q) seo a leanas isteach:

    ‘(m)

    cabhair chun damáiste don chomhshaol a leigheas agus chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú i gcás inar mó na costais leighis nó athshlánaithe ná an méadú ar luach na talún nó na réadmhaoine agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45;

    (n)

    cabhair chun bithéagsúlacht a chosaint agus chun réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú an athraithe aeráide a chur chun cinn i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 45.

    (o)

    cabhair le haghaidh fuinneamh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn faoi Airteagail 41, 42 agus 43 i gcás ina ndámhtar cabhair go huathoibríoch i gcomhréir le cuspóir agus critéir neamh-idirdhealaitheacha agus gan tuilleadh feidhmiú discréide ag an mBallstát agus glacadh leis an mbeart agus tá sé i bhfeidhm sular thosaigh obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair;

    (p)

    cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19c;

    (q)

    cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19d.’;

    (6)

    in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Chun críocha déine cabhrach agus costais incháilithe a ríomh, déanfar na figiúirí uile a úsáid sula mbainfear aon cháin nó aon mhuirear eile. Ní chuirfear san áireamh, áfach, chun déine cabhrach agus costais incháilithe a ríomh, cáin bhreisluacha a mhuirearófar ar chostais nó ar chaiteachais incháilithe atá inaisíoctha faoin dlí cánach náisiúnta is infheidhme. Beidh fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus cothrom le dáta ann le tacú leis na costais incháilithe. Féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir le roghanna costais simplithe, ar choinníoll go maoinítear oibríocht go páirteach ar a laghad trí chiste de chuid an Aontais lena gceadaítear úsáid na roghanna costais simplithe sin agus gurb incháilithe í an chatagóir costas i gcomhréir leis an bhforáil maidir le díolúine ábhartha. I gcás den sórt sin, is infheidhme na roghanna costais simplithe arna gcur ar fáil sna rialacha ábhartha lena rialaítear ciste an Aontais. Ina theannta sin, le haghaidh tionscadal arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta mar a d’fhormheas an Chomhairle faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*35), féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh freisin i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe, ar choinníoll go n-úsáidtear na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó Rialachán (AE) 2021/1060. Chomh maith leis sin, maidir le cabhair faoi Airteagail 25a agus 25b, is féidir costais indíreacha a ríomh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa mhír 3 faoi seach d’Airteagail 25a agus 25b.

    (*35)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 leag síos an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).’;"

    (7)

    Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Maidir le cistiú ón Aontas arna bhainistiú go lárnach ag na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí, na comhghnóthais nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais ar cistiú é nach bhfuil faoi smacht díreach nó indíreach an Bhallstáit, sa chás ina ndéantar an cistiú sin a chomhcheangal le Státchabhair, ní dhéanfar ach an Státchabhair sin a mheas chun a chinneadh cé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéine cabhrach nó uasmhéideanna cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme i ndlí an Aontais. De mhaolú ar an méid sin, féadfaidh an cistiú poiblí iomlán le haghaidh tionscadal lena dtacaíonn an Ciste Eorpach Cosanta a bheith suas le huaschostas incháilithe an tionscadail, gan beann ar an uasráta cistiúcháin is infheidhme faoin gciste seo, ar choinníoll go n-urramaítear na tairseacha maidir le fógraí a thabhairt agus an uasdéine cabhrach nó na uasmhéideanna cabhrach faoi Rialachán seo.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi Airteagail 19b, 20a, 21, 21a, 22 nó 23, faoi Airteagal 56e(5), pointe (a)(ii), (iii) nó (iv), faoi Airteagal 56e(10) agus faoi Airteagal 56f aici a charnadh le haon Státchabhair eile a bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta aici. Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta aici a charnadh le haon Státchabhair eile nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta aici, suas leis an tairseach maoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis ar leith leis seo nó le rialachán blocdhíolúine eile nó cinneadh eile arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Cabhair nach bhfuil aon chostas incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo aici, féadfar í a charnadh le cabhair eile nach bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta aici arna ndeonú chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas faoi Airteagal 107(3), pointe (b) den Chonradh arna fhormheas i gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Féadfar cabhair nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi Airteagal 56e(5), pointe (a)(ii), (iii) nó (iv), faoi Airteagal 56e(10) agus faoi Airteagal 56f aici a charnadh le cabhair eile nach bhfuil aon chostais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi na hAirteagail sin aici.’

    ;

    (8)

    Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar an méid seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana (*36) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

    (a)

    an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II nó nasc lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis sin;

    (b)

    téacs iomlán gach birt chabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc lena dtugtar rochtain ar an téacs iomlán;

    (c)

    an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III faoi gach dámhachtain cabhrach aonair os cionn EUR 100 000, nó i gcás cabhair a bhaineann le táirgí airgeadais arna dtacú ag ciste InvestEU faoi Roinn 16 ar gach dámhachtain cabhrach aonair atá os cionn EUR 500 000, nó i gcás tairbhithe atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta nó in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, seachas iad sin a bhfuil feidhm ag Roinn 2a maidir leo, gach dámhachtain cabhrach aonair os cionn EUR 10 000.

    A mhéid a bhaineann le cabhair a dheonaítear do thionscadail Comhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20, cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar shuíomh gréasáin an Bhallstáit ina bhfuil an tÚdarás Bainistíochta lena mbaineann lonnaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*37), nó in Airteagal 45 de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*38), cibé acu is infheidhme. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go dtabharfaidh gach ceann díobh ar na suíomhanna gréasáin faoi seach an fhaisnéis a bhaineann leis na bearta cabhrach laistigh dá gcríoch.

    Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí foilsithe a leagtar síos sa chéad fhomhír maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) faoi Airteagal 19b.

    2.   I gcás scéimeanna atá i bhfoirm buntáistí cánach, agus i gcás scéimeanna a chumhdaítear le hAirteagail 16, 21a agus 22 (*39), measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach faoi mhéideanna cabhrach aonair sna raonta seo a leanas (in EUR milliún):

     

    0,01-0,1 (i gcás an iascaigh agus an dobharshaothraithe amháin chomh maith le táirgeadh príomhúil talmhaíochta);

     

    0,1-0,5;

     

    0,5-1;

     

    1-2;

     

    2-5;

     

    5-10;

     

    10-30; agus

     

    30 agus níos mó ná sin.

    (*36)  Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach, ar fáil ag: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en."

    (*37)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259)."

    (*38)  Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lch. 94)."

    (*39)  I gcás scéimeanna faoi Airteagail 16, 21a agus 22 den Rialachán reatha, féadfar an ceanglas chun faisnéis a fhoilsiú faoi gach dámhachtain aonair os cionn EUR 100 000 a tharscaoileadh i dtaca le FBManna nach ndearna aon díol tráchtála in aon mhargadh.’;"

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4

    ‘4.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a eagrú ar bhealach caighdeánaithe agus beidh rochtain chaighdeánaithe uirthi, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, agus beifear in ann feidhmeanna cuardaigh agus íoslódála a úsáid go héifeachtach léi. Déanfar í a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón dáta a deonaíodh an chabhair, nó maidir le cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, déanfar an fhaisnéis a fhoilsiú laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta atá an dearbhú cánach dlite, agus beidh sí ar fáil go ceann 10 mbliana ar a laghad ón dáta a deonaíodh an chabhair. Maidir le cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, mura bhfuil aon cheanglas foirmiúil ann maidir le dearbhú bliantúil, measfar gurb é 31 Nollaig na bliana ar deonaíodh an chabhair ina leith an dáta deonaithe chun críocha na míre seo.’

    ;

    (9)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11, (1), an abairt dheireanach:

    ‘Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail Chomhair Chríochaigh Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 20a, ná maidir le tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) dá dtagraítear in Airteagal 19b.’;

    (10)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

    ‘Airteagal 13

    Raon feidhme na cabhrach réigiúnaí

    Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    cabhair in earnáil na cruach, in earnáil na ligníte ná in earnáil an ghuail;

    (b)

    cabhair don earnáil iompair chomh maith leis an mbonneagar lena mbaineann; cabhair chun fuinneamh a ghiniúint, a stóráil, a tharchur agus a dháileadh agus le haghaidh bonneagar fuinnimh, cé is moite de chabhair infheistíochta réigiúnaí sna réigiúin is forimeallaí agus scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí; agus cabhair san earnáil leathanbhanda cé is moite de scéimeanna cabhrach oibriúcháin réigiúnaí;

    (c)

    cabhair réigiúnach i bhfoirm scéimeanna a dhírítear ar líon teoranta d’earnálacha sonracha gníomhaíochta eacnamaíche; scéimeanna a dhírítear ar ghníomhaíochta turasóireachta nó ar phróiseáil agus margaíocht táirgí talmhaíochta, ní mheastar go ndírítear iad ar earnálacha sonracha gníomhaíochta eacnamaíche;

    (d)

    cabhair oibriúcháin réigiúnach arna dheonú do ghnóthais a dtagann a bpríomhghníomhaíochtaí faoi Roinn K ‘Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais’ de NACE Ath. 2 nó ar ghnóthais a dhéanann gníomhaíochtaí ionghrúpa a dtagann a bpríomhghníomhaíochtaí faoi aicme 70.10 ‘Gníomhaíochtaí ceannoifigí’ nó aicme 70.22 ‘Gníomhaíochtaí sainchomhairliúcháin gnó agus bainistíochta eile’ de NACE Ath. 2.’;

    (11)

    Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   I limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh, d’fhéadfaí go ndámhfaí an chabhair le haghaidh aon chineáil infheistíochta tosaigh gan beann ar mhéid an tairbhí. I limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, d’fhéadfaí go ndámhfaí an chabhair ar FBManna le haghaidh aon chineáil infheistíochta tosaigh agus ar fhiontair mhóra le haghaidh infheistíochta tosaigh amháin a chruthaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch nua sa limistéar lena mbaineann.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna (4) go (7):

    ‘4.   Is é a bheidh i gcostais incháilithe ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

    (a)

    costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe; nó

    (b)

    costais phá mheasta na fostaíochta arna cruthú de thoradh infheistíocht tosaigh, arna ríomh thar 2 bhliain; nó

    (c)

    teaglaim de chuid de na costais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus nach mó iad na méid phointe (a) ná phointe (b), cibé acu is airde.

    5.   Coimeádfar an infheistíocht sa limistéar lena mbaineann go ceann 5 bliana ar a laghad nó go ceann 3 bliana le haghaidh FBManna, tar éis chríochnú na hinfheistíochta. Ní chuirfear cosc leis sin ar ghléasra ná trealamh a athsholáthar a théann as dáta nó a bhristear sa tréimhse sin, ar choinníoll go gcoimeádtar an ghníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar lena mbaineann go ceann na híostréimhse.

    6.   Sócmhainní nua a bheidh sna sócmhainní arna n-éadáil seachas FBManna agus éadáil bunaíochta.

    Féadfar costas a bhaineann le léas sócmhainní inláimhsithe a chur san áireamh faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le talamh agus foirgnimh, ní mór don léas leanúint ar aghaidh go ceann 5 bliana ar a laghad tar éis dáta críochnaithe tuartha na hinfheistíochta d’fhiontair móra, agus 3 bliana do FBManna;

    (b)

    maidir le gléasra nó innealra, ní mór don léas a bheith i bhfoirm léasaithe airgeadais agus ní mór oibleagáid a bheith mar chuid de do thairbhí na cabhrach an tsócmhainn a cheannach ar dhul in éag théarma an léasa.

    I gcás infheistíocht tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe 49(b) nó pointe 51(b), ní chuirfear san áireamh i bprionsabal léi ach amháin na costais a bhaineann leis na sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir. Má thagann ball teaghlaigh an bhunúinéara nó fostaí amháin nó níos mó i gceannas ar fhiontar beag áfach, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll go gceannófar na sócmhainní ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir. Déanfar an t-idirbheart faoi dhálaí an mhargaidh. Má tá infheistíocht bhreise atá incháilithe i gcomhair cabhair réigiúnach ag gabháil le héadáil sócmhainní bunaíochta, ba cheart costais incháilithe na hinfheistíochta breise sin a chur le costas éadála shócmhainní na bunaíochta. Má tá cabhair deonaithe cheana féin chun sócmhainní a éadáil sula gceannaítear iad, asbhainfear costais na sócmhainní sin as na costais incháilithe a bhaineann le héadáil bunaíochta.

    7.   Maidir le cabhair arna deonú d’fhiontair mhóra le haghaidh athrú bunúsach sa phróiseas táirgeachta, beidh na costais incháilithe níos mó ná dímheas na sócmhainní atá nasctha leis an ngníomhaíocht atá le nuachóiriú i rith na 3 bliana fhioscacha roimhe sin. Maidir le cabhair arna deonú d’fhiontair mhóra nó do FBManna le haghaidh éagsúlú bunaíochta atá ann cheana, beidh na costais incháilithe 200 % ar a laghad níos mó ná luach de réir na leabhar na sócmhainní athúsáidte, mar a cláraíodh sa bhliain fhioscach roimh thús na n-oibreacha.’

    ;

    (c)

    leasaítear mír 8 mar a leanas:

    (i)

    sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    is gá iad a áireamh i sócmhainní an ghnóthais a fhaigheann an chabhair agus is gá baint a bheith acu leis an tionscadal dá ndeonaítear an chabhair go ceann 5 bliana ar a laghad (3 bliana i gcás FBManna).’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Maidir le fiontair mhóra, ní bheidh costas sócmhainní doláimhsithe incháilithe ach suas le 50 % de na costais infheistíochta incháilithe iomlána le haghaidh na hinfheistíochta tosaigh. ‘Maidir le FBManna, beidh 100 % de chostas na sócmhainní doláimhsithe incháilithe.’;

    (d)

    i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

    ‘(a)

    beidh mar thoradh ar an tionscadal infheistíochta glanmhéadú ar líon na bhfostaithe sa bhunaíocht lena mbaineann i gcomparáid leis an meán i rith na 12 mhí roimhe sin tar éis aon chaillteanais post sa tréimhse sin a bhaint de líon na bpost arna gcruthú sa tréimhse sin, ar méadú é arna léiriú in aonaid oibrithe bliantúla;

    (b)

    líonfar gach post laistigh de 3 bliana ó chríochnú na hinfheistíochta;’;

    (e)

    scriostar míreanna 10 agus 11;

    (f)

    i mír 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘12.   Ní bheidh an déine cabhrach níos mó na an uasdéine cabhrach a bhunaítear sa mhapa den chabhair réigiúnach, i bhfeidhm an tráth a dheonaítear an chabhair sa limistéar lena mbaineann.’

    ;

    (g)

    i mír 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    ‘13.   Aon infheistíocht tosaigh a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chosúil a thosaigh an tairbhí céanna (ar leibhéal grúpa) laistigh de thréimhse 3 bliana ó dháta tosaigh oibreacha ar infheistíocht eile dá dtugtar cabhair sa réigiún leibhéal 3 céanna den Ainmníocht Aonad Críochach maidir le Staidreamh, measfar go mbeidh an infheistíocht sin mar chuid de thionscadal infheistíochta aonair’;

    (h)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 14 agus 15:

    ‘14.   Soláthróidh tairbhí na cabhrach ranníocaíocht airgeadais ar fiú 25 % ar a laghad de na costais incháilithe í trína acmhainní dílse nó trí mhaoiniú seachtrach, i bhfoirm atá saor ó aon tacaíocht phoiblí. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le ranníocaíocht dhílis 25 % maidir le cabhair infheistíochta arna deonú le haghaidh infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí a mhéid atá ranníocaíocht níos ísle riachtanach chun an uasdéine cabhrach a chur san áireamh go hiomlán.

    15.   I gcás infheistíocht tosaigh atá ceangailte le tionscadail chomhair chríochaigh Eorpaigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, nó le Rialachán (AE) 2021/1059, beidh feidhm ag déine cabhrach an limistéir a bhfuil an infheistíocht tosaigh lonnaithe ann maidir le gach tairbhí atá ag glacadh páirt sa tionscadal. Más rud é go bhfuil an infheistíocht tosaigh lonnaithe in dá cheann nó níos mó de limistéir fhóirithinte, beidh an uasdéine cabhrach ar an gceann is infheidhme sa limistéar fóirithinte ina dtabhaítear an méid is airde de chostais incháilithe. I limistéir fóirithinte atá incháilithe do chabhair faoi Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh, ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le fiontair mhóra ach amháin má chruthaítear gníomhaíocht eacnamaíoch nua leis an infheistíocht tosaigh.’

    ;

    (12)

    Leasaítear Airteagal 15 mar seo a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    déantar na costais iompair bhreise a ríomh ar bhonn aistear na n-earraí laistigh de theorainn náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann agus úsáid á baint as an modh iompair lena mbaineann na costais is lú don tairbhí. Féadfaidh an Ballstát caighdeáin chomhshaoil atá le comhlíonadh de réir an mhodha iompair a roghnaíodh a fhorchur, agus má fhorchuirtear caighdeáin den sórt sin ar an tairbhí, féadfaidh sé ríomh na gcostas breise iompair a bhunú ar an gcostas is lú chun na caighdeáin chomhshaoil sin a chomhlíonadh.’;

    (b)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    ‘3.   I limistéar inar tearc nó inar fíorthearc an daonra, cuirfear cosc leis na scéimeanna cabhrach oibriúchán réigiúnaí ar dhídhaonrú nó laghdófar dídhaonrú leo faoi na coinníollacha seo a leanas:’;

    (13)

    Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Ní rachaidh an infheistíocht iomlán i dtionscadal forbartha uirbí faoi aon bheart cabhrach forbartha uirbí thar EUR 22 mhilliún.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Déanfaidh an chabhair forbartha uirbí infheistíocht bhreise a ghiaráil ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 pointe (72) ar leibhéal na gcistí forbartha uirbí, chun méid comhiomlán a bhaint amach ag sroicheadh 20 % ar a laghad den mhaoiniú foriomlán a chuirtear ar fáil do thionscadal forbartha uirbí.’

    ;

    (14)

    Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2.   Is é a bheidh i gcostais incháilithe ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

    (a)

    costais na hinfheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, lena n-áirítear costais aonuaire neamhamúchta nasctha go díreach leis an infheistíocht agus a suiteáil tosaigh;

    (b)

    costais phá mheasta na fostaíochta arna cruthú mar thoradh díreach ar an tionscadal infheistíochta, arna ríomh thar 2 bhliain;

    (c)

    teaglaim de chuid de na costais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) agus nach mó iad na méid phointe (a) ná phointe (b), cibé acu is airde.

    3.   Chun go measfar í mar chostas incháilithe chun críocha an Airteagail seo, beidh an méid seo a leanas in infheistíocht:

    (a)

    infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann le bunú bunaíochta nuaí; síneadh ar bhunaíocht atá ann cheana; éagsúlú aschuir bunaíochta ionas go bhfuil táirgí nó seirbhísí ann nár táirgeadh roimhe sin sa bhunaíocht nó nár soláthraíodh ón mbunaíocht; nó athrú bunúsach ar phróiseas táirgthe foriomlán an táirge nó na dtáirgí nó athrú bunúsach ar sholáthar na seirbhíse nó na seirbhísí lena mbaineann, athrú arna dhéanamh leis an infheistíocht sa bhunaíocht; nó

    (b)

    éadáil sócmhainní ar le bunaíocht iad a dúnadh nó a dhúnfaí murar ceannaíodh í. Ní cháilíonn éadáil aonair scaireanna gnóthais mar infheistíocht. Déanfar an t-idirbheart faoi dhálaí an mhargaidh. Ní chuirfear san áireamh i bprionsabal ach na costais a bhaineann leis na sócmhainní a cheannach ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir. Má dhéanann ball teaghlaigh an bhunúinéara nó fostaí fiontar beag a tháthcheangal áfach, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll go gceannófar na sócmhainní ó thríú páirtithe nach bhfuil bainteach leis an gceannaitheoir.

    Dá réir sin ní infheistíocht í infheistíocht ionaid dé réir bhrí na míre seo.’;

    (b)

    cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

    ‘3a.   Féadfar costas a bhaineann le léas sócmhainní inláimhsithe a chur san áireamh faoi na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le talamh agus foirgnimh, ní mór don léas leanúint ar aghaidh go ceann 3 bliana ar a laghad tar éis dháta críochnaithe na hinfheistíochta a bhfuil coinne leis;

    (b)

    maidir le gléasra nó innealra, ní mór don léas a bheith i bhfoirm léasú airgeadais agus ní mór oibleagáid a bheith mar chuid de do thairbhí na cabhrach an tsócmhainn a cheannach ar dhul in éag théarma an léasa.’;

    (c)

    leasaítear mír 4 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    beidh siad in-amúchta;’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

    ‘(d)

    cuirfear san áireamh iad i sócmhainní an ghnóthais a fhaigheann an chabhair go ceann 3 bliana ar a laghad.’;

    (15)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 9d agus 19b:

    ‘Airteagal 19a

    Cabhair do na costais arna dtabhú ag FBManna atá rannpháirteach i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’)

    1.   Cabhair do na costais arna dtabhú ag FBManna atá rannpháirteach i dtionscadail CLLD a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó le Rialachán (AE) 2021/1060, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Beidh na costais seo a leanas, a leagtar amach in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 nó in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, cibé acu is infheidhme, incháilithe do thionscadail CLLD:

    (a)

    costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn straitéis CLLD a ullmhú agus a chur chun feidhme;

    (b)

    na costais a bhaineann le cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;

    (c)

    ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair;

    (d)

    costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme na straitéise CLLD a bhainistiú;

    (e)

    na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm na straitéise CLLD chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

    3.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí tacaíochta dá bhforáiltear sna Rialacháin Chiste-shonracha lena dtacaítear le CLLD.

    Airteagal 19b

    Méideanna teoranta cabhrach do FBManna a thairbhíonn de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’)

    1.   Maidir le cabhair do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 19a(1), nó maidir le cabhair do ghnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Méid iomlán na cabhrach faoin Airteagal seo a dheonófar in aghaidh an tionscadail, ní rachaidh sé thar EUR 200 000.’;

    (16)

    cuirtear isteach Airteagail 19c agus 19d mar a leanas:

    ‘Airteagal 19c

    Cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar

    1.   Cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna lena laghdaítear na praghsanna a chuireann soláthraithe i bhfeidhm maidir le micrifhiontair in aghaidh an aonaid leictreachais, gáis nó teasa;

    (b)

    íocaíochtaí a dhéantar le micrifhiontair, bíodh sin go díreach nó trí sholáthraithe, in aghaidh an aonaid tomhaltais leictreachais, gáis nó teasa lena gcúitítear cuid de chostais an tomhaltais sin.

    2.   Maidir leis na bearta de bhun mhír 1:

    (a)

    ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir soláthraithe ná idir micrifhiontair;

    (b)

    déanfaidh siad foráil go bhfuil gach soláthróir i dteideal tairiscintí a chur ar fáil chun leictreachas, gás nó teas a sholáthar do mhicrifhiontair ar an mbonn céanna;

    (c)

    déanfaidh siad foráil maidir le sásra lena n-áirithítear, má dheonaítear í trí sholáthróir, go gcuirfear an chabhair ar aghaidh a mhéid is féidir don tairbhí deiridh; agus

    (d)

    is é a bheidh mar thoradh orthu praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú.

    3.   Beidh an méid cabhrach comhionann leis an íocaíocht a deonaíodh nó, i gcás idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna, ní rachaidh sé thar an difríocht idir praghas an mhargaidh a chaithfí a íoc as an leictreachas, gás agus/nó teas iomlán a thomhlaíonn tairbhí, agus an praghas atá le híoc as an tomhaltas sin tar éis na hidirghabhála poiblí.

    Airteagal 19d

    Cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le soláthar leictreachais, gáis nó teasa a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó leictreachas chun maolú a dhéanamh ar thionchar na méaduithe ar phraghsanna de bharr chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    1.   Cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar, a mhéid a bhfuil sé tairgthe ó ghás nádúrtha nó leictreachas, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna lena laghdaítear na praghsanna a chuireann soláthraithe i bhfeidhm in aghaidh an aonaid leictreachais, gáis nó teasa;

    (b)

    íocaíochtaí a dheonaítear do FBManna, bíodh sin go díreach nó trí sholáthraithe, in aghaidh an aonaid tomhaltais leictreachais, gáis nó teasa lena gcúitítear cuid de chostais an tomhaltais sin.

    2.   Maidir leis na bearta de bhun mhír 1:

    (a)

    beidh siad teoranta d’uasmhéid 70 % de thomhaltas leictreachais, gáis nó teasa an tairbhí a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó leictreachas thar an tréimhse a chumhdaítear leis an mbeart cabhrach;

    (b)

    ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir soláthraithe ná idir FBManna;

    (c)

    déanfaidh sid foráil maidir le cúiteamh do sholáthraithe, má cheanglaítear orthu leis an idirghabháil phoiblí soláthar a dhéanamh faoi bhun an chostais;

    (d)

    déanfaidh siad foráil go bhfuil gach soláthróir i dteideal tairiscintí a chur ar fáil chun leictreachas, gás nó teas a sholáthar ar an mbonn céanna;

    (e)

    déanfaidh siad foráil maidir le sásra lena n-áirithítear, má dheonaítear í trí sholáthróir, go gcuirfear an chabhair ar aghaidh a mhéid is féidir don tairbhí deiridh; agus

    (f)

    is é an toradh a bheidh orthu meánphraghas aonaid soláthairtí atá cothrom ar a laghad leis an meánphraghas in aghaidh an aonaid leictreachais, gáis nó teasa do chustaiméirí deiridh sa Bhallstát lena mbaineann le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2021.

    3.   Maidir le híocaíochtaí a dhéanfar le soláthróirí as soláthairtí a sholáthraítear do FBManna, mar a fhorchuirtear le hidirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna faoi bhun chostas an tsoláthróra, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar iad ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll:

    (a)

    go gcomhlíonann an idirghabháil phoiblí i socrú praghsanna na ceanglais a leagtar amach i mír 2; agus

    (b)

    nach rachaidh an íocaíocht chúitimh thar an difríocht idir an praghas a d’fhéadfadh an soláthróir a bheith ag súil leis agus praghsanna soláthair margadhbhunaithe á gcur i bhfeidhm gan an idirghabháil agus an praghas arna shocrú faoi bhun an chostais ag an idirghabháil phoiblí.

    4.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cabhair arna deonú do chostas leictreachais, gáis nó teasa a thomhlaítear le linn tréimhse ina gceadaítear go sainráite idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna chun tairbhe FBManna a fhaigheann soláthairtí gáis, leictreachais nó teasa, de bhun reachtaíochta tánaistí bunaithe ar Airteagal 122 den Chonradh. Deonófar cabhair tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse sin.

    5.   Beidh an méid cabhrach comhionann leis an íocaíocht a deonaíodh don FBM nó don soláthróir nó, i gcás idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna, ní rachaidh sé thar an difríocht idir praghas an mhargaidh a chaithfí a íoc as an bhfuinneamh iomlán a thomhlaíonn tairbhí, agus an praghas atá le híoc as an tomhaltas sin tar éis na hidirghabhála poiblí.’;

    (17)

    in Airteagal 20a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Ní rachaidh an méid iomlán cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear do ghnóthas in aghaidh an tionscadail thar EUR 22 000.’

    ;

    (18)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

    ‘Airteagal 21

    Cabhair maoinithe riosca

    1.   Beidh scéimeanna um chabhair maoinithe riosca i bhfabhar FBManna comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Cuirfidh na Ballstáit an beart maoinithe riosca chun feidhme, go díreach nó trí mheán eintiteas iontaoibhe, trí idirghabhálaithe airgeadais amháin nó níos mó. Soláthróidh na Ballstáit nó eintitis iontaoibhe ranníocaíocht phoiblí d'idirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir le míreanna 9 go 13; agus d'idirghabhálaithe airgeadais i gcomhréir le míreanna 14 go 17, déanfaidh idirghabhálaithe airgeadais infheistíochtaí maoinithe riosca i gcomhréir le míreanna 4 go 8, i ngnóthais incháilithe a chomhlíonann mír 3. Ní dhéanfaidh na Ballstáit ná eintitis iontaoibhe infheistíocht dhíreach sna gnóthais incháilithe gan idirghabhálaí airgeadais a bheith páirteach.

    3.   Is éard a bheidh i ngnóthais incháilithe gnóthais ar FBManna neamhliostaithe iad agus a chomhlíonann, tráth na hinfheistíochta airgeadais riosca tosaigh, ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní raibh siad ag oibriú in aon mhargadh;

    (b)

    bhí siad ag feidhmiú in aon mhargadh ar feadh aon cheann de na tréimhse a leanas

    (i)

    níos lú ná 10 mbliana tar éis a gcláraithe; nó

    (ii)

    níos lú ná 7 mbliana tar éis a gcéad díol tráchtála.

    I gcás inar cuireadh ceann de na tréimhsí incháilitheachta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) i bhfeidhm maidir le gnóthas ar leith, ní féidir ach an tréimhse sin a chur i bhfeidhm freisin ar aon chabhair um mhaoiniú riosca don ghnóthas céanna ina dhiaidh sin. I gcás gnóthais a fuair gnóthas eile nó a bunaíodh trí chumasc, cuimseofar sa tréimhse incháilitheachta a chuirfear i bhfeidhm oibríochtaí an ghnóthais a fuarthas nó oibríochtaí na ngnóthas cumaiscthe, faoi seach, cé is moite de na gnóthais sin arna bhfáil nó arna gcumascú arb ionann a láimhdeachas agus níos lú ná 10 % de láimhdeachas an ghnóthais éadála sa bhliain airgeadais roimh an éadáil nó, i gcás gnóthas a bunaíodh trí chumasc, níos lú ná 10 % den láimhdeachas comhcheangailte a bhí ag na gnóthais atá ag cumasc sa bhliain airgeadais roimh an gcumasc. Maidir leis an tréimhse incháilitheachta dá dtagraítear i bpointe (i), má chuirtear i bhfeidhm í, maidir le gnóthais nach bhfuil faoi réir clárúcháin, meastar go gcuirtear tús leis an tréimhse incháilitheachta an uair a thosaíonn an gnóthas a ghníomhaíocht eacnamaíoch nó an uair a thagann sé faoi dhliteanas cánach maidir lena gníomhaíocht eacnamaíoch, cibé acu is túisce;

    (c)

    tá infheistíocht tosaigh maoinithe riosca uathu ar mó é ná 50 % dá meánláimhdeachas bliantúil sna 5 bliana roimhe sin, bunaithe ar phlean gnó arna ullmhú i bhfianaise gníomhaíocht eacnamaíoch nua. De mhaolú ar an gcéad abairt, beidh an tairseach sin teoranta do 30 % i ndáil leis na hinfheistíochtaí seo a leanas, a mheasfar a bheith ina n-infheistíochtaí tosaigh i ngníomhaíocht eacnamaíoch nua:

    (i)

    infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas suntasach ar fheidhmíocht chomhshaoil na gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 36(2);

    (ii)

    infheistíochtaí eile atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/852;

    (iii)

    infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh acmhainneacht a mhéadú maidir le hamhábhar criticiúil a liostaítear in Iarscríbhinn IV a eastóscadh, a dheighilt, a scagadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil.

    4.   Féadfar go gcumhdófar freisin leis an infheistíocht maoinithe riosca infheistíochtaí leantacha arna ndéanamh i ngnóthais incháilithe, lena n-áirítear iad sin a dhéantar tar éis na tréimhse incháilitheachta a luaitear i mír 3, pointe (b), má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    ní rachfar thar mhéid iomlán an mhaoinithe riosca dá dtagraítear i mír 8;

    (b)

    foráladh sa phlean gnó don fhéidearthacht go mbeadh infheistíochtaí leantacha ann;

    (c)

    níl nascadh déanta idir an gnóthas a fhaigheann na hinfheistíochtaí leantacha, de réir bhrí Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I, le gnóthas eile seachas an t-idirghabhálaí airgeadais nó an t-infheisteoir príobháideach neamhspleách a sholáthraíonn maoiniú riosca faoin mbeart, ach amháin más FBM é an t-eintiteas nua.

    5.   Féadfaidh infheistíochtaí maoinithe riosca i ngnóthais incháilithe a bheith i bhfoirm infheistíochtaí cothromais, infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí ráthaíochta, nó meascán díobh sin.

    6.   I gcás ina soláthraítear ráthaíochtaí, ní bheidh an ráthaíocht níos mó ná 80 % den iasacht bhunúsach leis an ngnóthas incháilithe.

    7.   Maidir le hinfheistíochtaí maoinithe riosca i bhfoirm infheistíochtaí cothromas agus infheistíochtaí cuasachothromais i ngnóthais incháilithe, ní fhéadfar go gcumhdófar caipiteal ionadaíochta le beart maoinithe riosca ach amháin má chomhcheanglaítear an t-athsholáthar caipitil le caipiteal nua arb ionann é agus 50 % ar a laghad de gach babhta infheistíochta sna gnóthais incháilithe.

    8.   Ní rachaidh méid iomlán na hinfheistíochtaí maoinithe riosca gan íoc dá dtagraítear i mír 5 thar EUR 16.5 milliún in aghaidh an ghnóthais incháilithe faoi aon bheart maoinithe riosca. Chun an t-uasmhéid infheistíochta maoinithe riosca sin a ríomh, ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    i gcás iasachtaí agus infheistíochtaí arna struchtúrú mar fhiacha, méid ainmniúil na hionstraime gan íoc;

    (b)

    i gcás ráthaíochtaí, méid ainmniúil na hiasachta bunúsaí gan íoc.

    9.   Féadfaidh ceann de na foirmeacha seo a leanas a bheith ag an ranníocaíocht phoiblí arna soláthar d’idirghabhálaithe:

    (a)

    cothromas nó cuasachothromas, nó dearlaic airgeadais chun infheistíocht maoinithe riosca a sholáthar do ghnóthais incháilithe go díreach nó go hindíreach;

    (b)

    iasachtaí chun infheistíocht maoinithe riosca a sholáthar do ghnóthais incháilithe go díreach nó go hindíreach;

    (c)

    ráthaíochtaí chun caillteanais a chumhdach ó infheistíocht maoinithe riosca do ghnóthais incháilithe go díreach nó go hindíreach.

    10.   Maidir le socruithe roinnte riosca-luaíochta idir, ar thaobh amháin, an Ballstát (nó idir a eintiteas iontaoibhe) agus, ar an taobh eile, infheisteoirí príobháideacha, idirghabhálaithe airgeadais nó bainisteoirí ciste, beidh siad leordhóthanach agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    maidir le cabhair um maoiniú riosca i bhfoirmeacha nach ráthaíochtaí iad, tabharfar tosaíocht do thorthaí tosaíochta ó bhrabúis (comhroinnt brabúis neamhshiméadrach nó dreasachtaí ar an taobh thuas) seachas don chosaint in aghaidh caillteanais fhéideartha (cosaint ar an taobh thíos);

    (b)

    i gcás chomhroinnt caillteanas neamhshiméadrach idir infheisteoirí poiblí agus infheisteoirí príobháideacha, cuirfear uasteorainn ar an gcéad chaillteanas arna ghlacadh ag an infheisteoir poiblí chuige féin arb ionann í agus 25 % den infheistíocht maoinithe riosca;

    (c)

    maidir le cabhair um maoiniú riosca i bhfoirm ráthaíochtaí, beidh teorainn 80 % ar an ráta ráthaíochta agus cuirfear uasteorainn ar chaillteanais iomlána arna nglacadh ag an mBallstát arb ionann í agus 25 % den phunann bhunúsach faoi ráthaíocht. Féadfar ráthaíochtaí lena gcumhdaítear caillteanais ionchasacha na punainne bunúsaí faoi ráthaíocht a sholáthar saor in aisce, agus na ráthaíochtaí sin amháin. Má chuimsítear cumhdach caillteanas neamhionchasach leis an ráthaíocht, íocfaidh an t-idirghabhálaí airgeadais préimh ráthaíochta atá i gcomhréir leis an margadh le haghaidh na coda den ráthaíocht lena gcumhdaítear caillteanais neamhionchasacha.

    11.   I gcás gurb i bhfoirm cothromais nó cuasachothromais dá dtagraítear i mír 9, pointe (a) atá an ranníocaíocht phoiblí arna soláthar don idirghabhálaí airgeadais, ní fhéadfar níos mó ná 30 % de ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána agus de chaipiteal geallta neamhghlaoite an idirghabhálaí airgeadais a úsáid chun críocha bainistíochta leachtachta.

    12.   Maidir le bearta maoinithe riosca a dhírítear ar infheistíochtaí maoinithe riosca a sholáthar i bhfoirm cothromais, cuasachothromais nó iasachtaí d’eintitis incháilithe, déanfar an ranníocaíocht phoiblí arna soláthar don idirghabhálaí airgeadais a ghiaráil le haghaidh maoiniú breise ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais nó na n-eintiteas incháilithe, chun ráta rannpháirtíochta príobháidí comhiomlán a bhaint amach a shásóidh na híostairseacha seo a leanas:

    (a)

    10 % den infheistíocht maoinithe riosca arna soláthar do na gnóthais incháilithe dá dtagraítear i mír 3, pointe (a);

    (b)

    40 % den infheistíocht maoinithe riosca arna soláthar do na gnóthais incháilithe dá dtagraítear i mír 3, pointe (b);

    (c)

    60 % den infheistíocht maoinithe riosca arna soláthar do na gnóthais incháilithe dá dtagraítear i mír 3, pointe (c) agus maidir le hinfheistíocht maoinithe riosca leantach i ngnóthais incháilithe tar éis na tréimhse incháilitheachta dá dtagraítear i mír 3, pointe (b).

    Maidir le maoiniú arna sholáthar ag infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha a thairbhíonn de chabhair maoinithe riosca i bhfoirm dreasachtaí cánach i gcomhréir le hAirteagal 21a, ní chuirfear san áireamh é chun críocha na rátaí rannpháirtíochta poiblí comhiomlána a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a bhaint amach.

    Laghdófar na rátaí rannpháirtíochta príobháideacha a luadh sa chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), chuig 20 % faoi phointe (b) agus 30 % faoi phointe (c) maidir le hinfheistíochtaí: arna ndéanamh i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an infheistíocht maoinithe riosca i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh; nó a fhaigheann tacaíocht ar bhonn phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit arna fhormheas ag an Comhairle; nó a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697 nó faoi Chlár Spáis an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*40); nó a fhaigheann tacaíocht ó chistí de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdaítear le Rialachán (AE) 1303/2013, Rialachán (AE) 2021/1060 nó Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*41).

    13.   I gcás ina gcuirtear beart maoinithe riosca chun feidhme trí idirghabhálaí airgeadais lena ndírítear ar ghnóthais incháilithe ag céimeanna forbartha éagsúla dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4, bainfidh an t-idirghabhálaí airgeadais ráta rannpháirtíochta príobháideach amach arb ionann é ar a laghad agus an meán ualaithe bunaithe ar mhéid na n-infheistíochtaí aonair sa phunann bhunúsach agus ar toradh é ar chur i bhfeidhm na n-íosrátaí rannpháirtíochta maidir leis na hinfheistíochtaí sin dá dtagraítear i mír 12, mura rud é go mbaintear amach an rannpháirtíocht is gá ó na hinfheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar leibhéal na ngnóthas incháilithe.

    14.   Roghnófar idirghabhálaithe airgeadais agus bainisteoirí cistí trí nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le dlíthe an Aontais agus na dlíthe náisiúnta is infheidhme. Féadfar go n-éileoidh Ballstáit go gcomhlíonfaidh idirghabhálaithe airgeadais incháilithe agus bainisteoirí cistí incháilithe critéir oibiachtúla réamhshainithe a mbeidh cineál na n-infheistíochtaí ina bhonn cirt leo. Bunófar an nós imeachta ar chritéir oibiachtúla a nascfar le taithí, saineolas, agus acmhainneacht oibríochtúil agus airgeadais, agus comhlíonfaidh sé na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    áiritheofar leis go mbunófar idirghabhálaithe airgeadais incháilithe agus bainisteoirí cistí incháilithe i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme;

    (b)

    ní idirdhealófar ann idir idirghabhálaithe airgeadais agus bainisteoirí cistí ar bhonn a n-áit bhunaíochta nó a n-ionchorprú in aon Bhallstát;

    (c)

    díreofar leis ar shocruithe comhroinnte riosca-luaíochta leormhaithe a bhunú dá dtagraítear i mír 10, agus cinntí dírithe ar bhrabús dá dtagraítear i mír 15.

    15.   Maidir leis na hidirghabhálaithe airgeadais a fhaigheann an ranníocaíocht phoiblí, áiritheofar le bearta maoinithe riosca go déanann siad cinntí dírithe ar bhrabús nuair a sholáthraíonn siad infheistíochtaí maoinithe riosca do ghnóthais incháilithe. Comhlíontar an oibleagáid sin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    forálfaidh an Ballstát, nó an t-eintiteas a gcuirtear cur chun feidhme an bhearta de chúram air, do nós imeachta díchill chuí chun straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála de chun críche an beart maoinithe riosca a chur chun feidhme, lena n-áirítear beartas éagsúlaithe riosca iomchuí a dhíreofar ar inmharthanacht eacnamaíoch agus scála éifeachtúil a bhaint amach i dtéarmaí mhéid agus raon feidhme críochach phunann ábhair na n-infheistíochtaí;

    (b)

    bunófar infheistíocht maoinithe riosca arna soláthar do na gnóthais incháilithe ar phlean gnó inmharthana ina mbeidh mionsonraí an táirge, díolacháin agus forbairt brabúsachta, agus ina léireofar inmharthanacht airgeadais ex ante;

    (c)

    beidh straitéis scoir shoiléir agus réalaíoch ann le haghaidh gach infheistíocht cothromais agus cuasachothromais.

    16.   Ba cheart idirghabhálaithe airgeadais a bhainistiú ar bhonn tráchtála. Comhlíontar an ceanglas sin i gcás ina gcomhlíonann an t-idirghabhálaí airgeadais, agus ag brath ar chineál an bhirt maoinithe riosca, an bainisteoir cistí, na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    beidh oibleagáid orthu faoin dlí nó faoi chonradh gníomhú i gcomhréir le dea-chleachtais agus le dícheall bainisteora phroifisiúnta a ghníomhaíonn de mheon macánta agus a sheachnaíonn coinbhleachtaí leasa; beidh feidhm ag maoirseacht rialála, i gcás inarb ábhartha;

    (b)

    beidh a luach saothair i gcomhréir le cleachtais mhargaidh. Toimhdítear go gcomhlíontar an ceanglas sin fad is a roghnaítear iad trí nós imeachta roghnúchán oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le mír 14;

    (c)

    roinnfidh siad cuid de na rioscaí infheistíochtaí trína n-acmhainní dílse a chomh-infheistiú nó trí íocaíocht nasctha le feidhmíocht a fháil, chun a áirithiú go n-ailíneofar a leasanna go buan le leasanna an Bhallstáit nó a eintitis iontaoibhe;

    (d)

    leagfaidh siad amach straitéis infheistíochta, critéir agus uainiú beartaithe d’infheistíochtaí;

    (e)

    ceadófar d’infheisteoirí ionadaíocht a bheith acu i gcomhlachtaí rialachais an chiste infheistíochta, amhail an bord maoirseachta nó an coiste comhairleach, más ann dóibh.

    17.   I mbeart maoinithe riosca i gcas ina soláthraítear infheistíocht maoinithe riosca do ghnóthais incháilithe i bhfoirm ráthaíochtaí, iasachtaí nó infheistíochtaí cuasachothromais arna struchtúrú mar fhiachas, déanfaidh an t-idirghabhálaí infheistíochtaí maoinithe riosca i ngnóthais incháilithe nach ndéanfaí, nó a dhéanfaí ar bhealach srianta nó ar bhealach difriúil, in éagmais na cabhrach. Beidh an t-idirghabhálaí airgeadais in ann a thaispeáint go n-oibríonn sé sásra lena n-áirithítear go gcuirtear na tairbhí uile ar aghaidh a mhéid is féidir do na gnóthais incháilithe i bhfoirm mhéideanna maoiniúcháin níos airde, phunann a bhfuil riosca níos mó leo, ceanglais chomhthaobhachta níos ísle, phréimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle.

    18.   Maidir le bearta maoinithe riosca lena soláthraítear infheistíochtaí maoinithe riosca do FBManna nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, beidh na bearta sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    ar leibhéal na FBManna, comhlíonann an chabhair na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún (*42), Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún (*43) nó Rialachán (AE) Uimh. 717/2014*****, cibé acu is infheidhme;

    (b)

    comhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos san Airteagal seo, cé is moite de na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 3, 4, 8, 12 agus/nó 13;

    (c)

    maidir le bearta maoinithe riosca lena soláthraítear infheistíochtaí maoinithe riosca d’eintitis incháilithe i bhfoirm cothromais, cuasachothromais nó iasachtaí, déanfar maoiniú breise ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar leibhéal na n-idirghabhálaithe airgeadais nó FBManna a ghiaráil leis an mbeart, chun ráta rannpháirtíochta príobháidí comhiomlán a bhaint amach arb ionann é ar a laghad agus 60 % den mhaoiniú riosca arna sholáthar do FBManna.

    Laghdófar an ráta rannpháirtíochta príobháideach a luadh sa chéad fhomhír, pointe (c), chuig 30 % maidir le hinfheistíochtaí: arna ndéanamh i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an infheistíocht maoinithe riosca i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh; nó a fhaigheann tacaíocht ar bhonn phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit arna fhormheas ag an gComhairle; nó a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697 nó faoi Chlár Spáis an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696 nó ó Chistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach arna cumhdach ag Rialachán (AE) 1303/2013 nó Rialachán (AE) 2021/1060 nó Rialachán (AE) 2021/2115’.

    (*40)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69)."

    (*41)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá á maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1)."

    (*42)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1)."

    (*43)  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9)."

    (19)

    cuirtear Airteagal 21a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 21a

    Cabhair um maoiniú riosca do FBManna i bhfoirm dreasachtaí cánach d’infheisteoirí príobháideacha ar daoine nádúrtha iad

    1.   Maidir le scéimeanna um chabhair maoinithe riosca i bhfabhar FBManna i bhfoirm dreasachtaí cánach d’infheisteoirí príobháideacha ar daoine dlítheanacha iad a sholáthraíonn maoiniú riosca do ghnóthais incháilithe go díreach nó go hindíreach, beidh na scéimeanna sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is gnóthais incháilithe iad sin a chomhlíonann na critéir a leagtar síos le hAirteagal 21(3). An infheistíocht maoinithe riosca iomlán arna soláthar faoi Airteagal 21 agus faoin Airteagal seo do gach eintiteas incháilithe, ní rachaidh sí thar an uasmhéid a leagtar síos in Airteagal 21(8).

    3.   I gcás ina soláthraíonn an t-infheisteoir príobháideach neamhspleách maoiniú riosca go hindíreach trí idirghabhálaí airgeadais, beidh an infheistíocht incháilithe i bhfoirm éadáil scaireanna nó rannpháirtíochtaí san idirghabhálaí airgeadais, agus soláthróidh an t-idirghabhálaí airgeadais sin infheistíochtaí maoinithe riosca do ghnóthais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 21(5) go (8). Ní dheonófar aon dreasacht chánach i leith na seirbhísí arna soláthar ag an idirghabhálaí airgeadais ná a bhainisteoirí.

    4.   I gcás ina soláthraíonn an t-infheisteoir príobháideach neamhspleách maoiniú riosca don ghnóthas incháilithe go díreach, ní bheidh ach éadáil gnáthscaireanna lánriosca arna n-eisiúint ag gnóthas incháilithe ina hinfheistíocht incháilithe. Coimeádfar na scaireanna sin go ceann ar 3 bliana a laghad. Ní chumhdófar athsholáthar caipitil ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21(7). Maidir leis na foirmeacha féideartha dreasachtaí cánach, féadfar caillteanais arna n-eascairt as diúscairt scaireanna a fhritháireamh in aghaidh cáin ioncaim. I gcás faoiseamh cánach ar dhíbhinní, féadfaidh aon díbhinn arna fáil i leith scaireanna cáilitheacha a bheith díolmhaithe (go hiomlán nó go páirteach) ó cháin ioncaim. Féadfar aon bhrabús ar dhíolachán scaireanna cáilitheacha a bheith díolmhaithe (go hiomlán nó go páirteach) ó cháin ghnóthachan caipitiúil nó ó dhliteanas cánach i ndáil leis an mbrabús sin a iarchur má infheistítear i scaireanna cáilitheacha nua laistigh de 1 bhliain amháin é.

    5.   I gcás ina soláthraíonn infheisteoir príobháideach neamhspleách maoiniú riosca go díreach chuig an ngnóthas incháilithe, chun rannpháirtíocht leordhóthanach ón infheisteoir príobháideach neamhspleách sin a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 21(12), ní rachaidh an faoiseamh cánach, arna chomhaireamh amhail an t-uasmhéid faoisimh cánach carnach ó gach dreasacht cánach le chéile, thar na huastairseacha seo a leanas:

    (a)

    50 % den infheistíocht incháilithe arna déanamh ag an infheisteoir príobháideach neamhspleách sna gnóthais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (a);

    (b)

    35 % den infheistíocht incháilithe arna déanamh ag an infheisteoir príobháideach neamhspleách sna gnóthais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (b);

    (c)

    20 % den infheistíocht incháilithe arna déanamh ag an infheisteoir príobháideach neamhspleách sna gnóthais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (c), nó infheistíocht incháilithe leantach i ngnóthas incháilithe tar éis na tréimhse incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (b).

    Féadfar na tairseacha faoisimh cánach le haghaidh na n-infheistíochtaí díreacha a luaitear sa chéad fhomhír a mhéadú suas go dtí 65 % faoi phointe (a), suas go dtí 50 % faoi phointe (b) agus suas go dtí 35 % faoi phointe (c) maidir le hinfheistíochtaí: arna ndéanamh i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an infheistíocht maoinithe riosca i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh; nó a fhaigheann tacaíocht ar bhonn phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit arna fhormheas ag an gComhairle; nó a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697 nó faoi Chlár Spáis an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696; nó a fhaigheann tacaíocht ó chistí de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdaítear le Rialachán (AE) 1303/2013, le Rialachán (AE) 2021/1060 nó le Rialachán (AE) 2021/2115.

    6.   I gcás ina soláthraíonn infheisteoir príobháideach neamhspleách maoiniú riosca go hindíreach trí idirghabhálaí airgeadais, agus i gcomhréir le hAirteagal 21(12), ní rachaidh an faoiseamh cánach, arna chomhaireamh amhail an t-uasmhéid faoisimh cánach carnach ó gach dreasacht cánach le chéile, thar 30 % den infheistíocht incháilithe arna déanamh ag an infheisteoir príobháideach neamhspleách i ngnóthas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(3). D’fhéadfaí go n-ardófaí an tairseach faoisimh cánach sin go dtí 50 % maidir le hinfheistíochtaí: arna ndéanamh i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an infheistíocht maoinithe riosca i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (a) den Chonradh; nó a fhaigheann tacaíocht ar bhonn phlean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit arna fhormheas ag an gComhairle; nó a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/697 nó faoi Chlár Spáis an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696; nó a fhaigheann tacaíocht ó chistí de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte a chumhdaítear le Rialachán (AE) 1303/2013, le Rialachán (AE) 2021/1060 nó le Rialachán (AE) 2021/2115.’;

    (20)

    Leasaítear Airteagal 22 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Is é a bheidh i ngnóthais incháilithe aon fhiontar beag neamhliostaithe suas le 5 bliana tar éis a chlárúcháin, a chomhlíonann na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    níor ghabh sé gníomhaíocht gnóthais eile de láimh, murab ionann láimhdeachas na gníomhaíochta a gabhadh de láimh agus níos lú ná 10 % de láimhdeachas gnóthais incháilithe sa bhliain airgeadais roimh ghabháil na gníomhaíochta;

    (b)

    ní dhearna sé a bhrabúis a dháileadh go fóill;

    (c)

    níl gnóthas eile faighte aige ná níor foirmíodh é trí chumasc, ach amháin má tá láimhdeachas an ghnóthais a fuarthas níos lú ná 10 % de láimhdeachas an ghnóthais incháilithe sa bhliain airgeadais roimh an éadáil nó má tá láimhdeachas an ghnóthais a bunaíodh trí chumasc níos lú ná 10 % níos airde ná an láimhdeachas comhcheangailte a bhí ag na gnóthais atá ag cumasc sa bhliain airgeadais roimh an gcumasc.

    Maidir le gnóthais incháilithe nach bhfuil faoi réir clárúcháin, cuirfear tús le tréimhse incháilitheachta 5 bliana ón uair a thosaíonn an gnóthas a ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ón uair a thagann sé faoi dhliteanas cánach maidir lena gníomhaíocht eacnamaíoch, cibé acu is luaithe.

    De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (c), measfar fiontair arna bhfoirmiú trí chumasc idir gnóthais atá incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo a bheith ina bhfiontair incháilithe suas le 5 bliana ó dháta clárúcháin na ngnóthas atá ag cumasc.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Beidh cabhair nuathionscanta i bhfoirm:

    (a)

    iasachtaí le rátaí úis nach bhfuil i gcomhréir le coinníollacha margaidh, le fad 10 mbliana agus suas le huasmhéid ainmniúil EUR 1.1 milliún, nó EUR 1.65 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, nó EUR 2.2 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh. Maidir le hiasachtaí a bhfuil fad idir 5 bliana agus 10 mbliana leo, d’fhéadfaí go n-athrófaí na huasmhéideanna trí na méideanna thuas a iolrú faoin gcóimheas idir 10 mbliana agus fad iarbhír na hiasachta. Maidir le hiasachtaí a bhfuil fad níos lú ná 5 bliana leo, beidh an t-uasmhéid mar a chéile is atá maidir le hiasachtaí a bhfuil fad 5 bliana leo;

    (b)

    ráthaíochtaí le préimheanna nach bhfuil i gcomhréir le coinníollacha margaidh, le fad 10 mbliana agus suas le huasmhéid EUR 1.65 milliún de mhéid ráthaithe, nó EUR 2.48 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, nó EUR 3.3 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh. Maidir le ráthaíochtaí a bhfuil fad idir 5 bliana agus 10 mbliana leo, d’fhéadfaí go n-athrófaí an t-uasmhéid ráthaithe trí na méideanna thuas a iolrú faoin gcóimheas idir 10 mbliana agus fad iarbhír na ráthaíochta. Maidir le ráthaíochtaí a bhfuil fad níos lú ná 5 bliana leo, beidh an t-uasmhéid ráthaithe mar a chéile is atá maidir le ráthaíochtaí a bhfuil fad 5 bliana leo. Ní rachaidh an ráthaíocht thar 80 % den bhun-iasacht;

    (c)

    deontais, lena n-áirítear infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, rátaí úis agus laghduithe le préimh ráthaíochta suas le huasmhéid EUR 0.5 milliún de choibhéis olldeontais nó EUR 0.75 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, nó EUR 1 mhilliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fhóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh;

    (d)

    dreasachtaí cánach le gnóthais incháilithe suas le huasmhéid EUR 0.5 milliún de choibhéis olldeontais nó EUR 0.75 milliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, nó EUR 1 mhilliún le haghaidh gnóthas arna mbunú i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh.’;

    (c)

    cuirtear an mhír 6 agus 7 seo a leanas isteach:

    ‘6.   I gcás ina gcuirtear chun feidhme scéim cabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta trí idirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó, beidh feidhm leis na coinníollacha ag a bhfuil feidhm maidir le hidirghabhálaithe airgeadais a leagtar síos in Airteagal 21(10), (14), (15), (16) agus (17).

    ‘7.   Sa bhreis ar na méideanna a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5, féadfaidh scéimeanna cabhrach le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta a bheith i bhfoirm aistriú maoine intleachtúla (IP) nó i bhfoirm deontais de na cearta rochtana gaolmhara, bíodh sin saor in aisce nó faoi bhun luach an mhargaidh. Déanfar an t-aistriú nó an deontas ó eagraíocht taighde agus scaipthe eolais, de réir bhrí Airteagal 2, pointe (83), a d’fhorbair an MI bunúsach trí ghníomhaíocht neamhspleách taighde agus forbartha dá cuid féin nó trí ghníomhaíocht taighde agus forbartha chomhoibríoch, chuig gnóthas incháilithe de réir bhrí mhír 2. Comhlíonfaidh an t-aistriú nó an deontas na coinníollacha a leanas:

    (a)

    is é is cuspóir d’aistriú MI nó do dheonú ceart rochtana gaolmhar táirge nó seirbhís nua a thabhairt chuig an margadh; agus

    (b)

    socraítear luach MI ag a luach margaidh, arb é sin an cás má shocraítear é de réir ceann de na modhanna seo a leanas:

    (i)

    bunaíodh an méid trí bhíthin nós imeachta iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

    (ii)

    deimhnítear le luacháil shaineolach neamhspleách go bhfuil an méid cothrom ar a laghad leis an bpraghas margaidh;

    (iii)

    i gcásanna ina bhfuil ceart an chéad diúltú ag an ngnóthas incháilithe a mhéid a bhaineann le MI arna giniúint i gcomhar leis an eagraíocht taighde agus scaipthe eolais, i gcás ina ngníomhaíonn an eagraíocht taighde agus scaipthe eolais ceart cómhalartach chun tairiscintí a bhfuil buntáiste eacnamaíoch níos mó leo a iarraidh ar thríú páirtithe ionas go mbeidh ar an ngnóthas incháilithe comhoibríoch a tairiscint a mheaitseáil dá réir.

    Luach aon ranníocaíochta, idir ranníocaíochtaí airgeadais agus ranníocaíochtaí neamhairgeadais, ón ngnóthas incháilithe le costais ghníomhaíochtaí na heagraíochta taighde agus scaipthe eolais, ar gníomhaíochtaí iad a raibh MI lena mbaineann mar thoradh orthu, féadfar an luach sin a bhaint ó luach an MI dá dtagraítear sa phointe seo.

    (c)

    ní bheidh méid cabhrach an aistrithe MI nó deonú na gceart rochtana lena mbaineann faoin mír seo níos mó ná EUR 1 mhilliún. Comhfhreagraíonn an méid cabhrach do luach MI dá dtagraítear i bpointe (b), lúide an asbhaint thuasluaite dá dtagraítear san abairt dheireanach de phointe (b) agus lúide aon luach saothair atá dlite ón tairbhí don MI sin. Féadfaidh luach na tréimhse imscrúdaithe dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith níos mó ná EUR 1 mhilliún, agus sa chás sin féadfaidh an gnóthas incháilithe an méid breise sin a chumhdach le cistí dílse nó le modhanna eile.’;

    (21)

    in Airteagal 23(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Féadfaidh an beart cabhrach a bheith i bhfoirm dreasachtaí cabhrach d’infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha ar daoine dlítheanacha iad maidir lena n-infheistíochtaí maoinithe riosca arna ndéanamh i ngnóthais incháilithe trí ardán trádála malartach faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21a(2) agus (5).’;

    (22)

    Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

    ‘2.   Is iad seo a leanas na costais incháilithe:

    (a)

    costais le haghaidh scagtha agus dícheall cuí foirmiúil arna dhéanamh ag bainisteoirí idirghabhálaithe airgeadais nó ag infheisteoirí chun gnóthais incháilithe a shainaithint de bhun Airteagal 21, 21a agus 22;

    (b)

    na costais le haghaidh taighde infheistíochta, a shainmhínítear in Airteagal 36(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 (*44) ón gCoimisiún, i ngnóthas incháilithe aonair de bhun Airteagail 21, 21a agus 22 ar choinníoll go scaiptear an taighde sin go poiblí, agus, má scaipeadh é ar chliaint an tsoláthraí taighde infheistíochta sular scaipeadh go poiblí é, go scaipfear é go poiblí san fhoirm chéanna agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an chéad scaipthe ar chliaint.

    3.   Comhlíonfaidh taighde infheistíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 36 agus 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565.

    (*44)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais eagraíochtúla agus na coinníollacha oibriúcháin do ghnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).’;"

    (b)

    cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

    ‘4.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 50 % de na costais incháilithe.’

    ;

    (23)

    Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:

    (a)

    i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e)

    forchostais bhreise agus speansais oibriúcháin eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthairtí agus táirgí cosúla eile arna dtabhú mar thoradh díreach ar an tionscadal; gan dochar d’Airteagal 7(1), an tríú habairt, féadfar na costais tionscadail taighde agus forbartha sin a ríomh go malartach ar bhonn cur chuige costais simplithe i bhfoirm ráta comhréidh suas le 20 %, a chuirtear i bhfeidhm maidir le costais tionscadail taighde agus forbartha incháilithe iomlána dá dtagraítear i bpointe (a) go (d). Sa chás sin, bunófar costais an tionscadail taighde agus forbartha a úsáidtear chun na costais dhíreacha agus indíreacha a ríomh ar bhonn ghnáthchleachtas cuntasaíochta agus ní bheidh iontu ach costais tionscadail taighde agus forbartha incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d).’;

    (b)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Féadfar na déiní cabhrach le haghaidh taighde tionsclaíoch agus forbartha turgnamhaí a mhéadú go dtí uasdéine cabhrach 80 % de na costais incháilithe i gcomhréir le pointí (a) go (d), i gcás nár cheart pointí (b), (c) agus (d) a chomhcheangal le chéile:

    (a)

    faoi 10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide agus 20 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga;

    (b)

    faoi 15 phointe céatadáin má chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    tá comhoibriú éifeachtach i gceist leis an tionscadal:

    idir gnóthais ar FBM ceann amháin díobh ar a laghad, nó a dhéantar in dhá Bhallstát ar a laghad, nó i mBallstát agus i bPáirtí Conarthach de Chomhaontú LEE, agus nach seasfaidh aon ghnóthas aonair níos mó ná 70 % de na costais incháilithe, nó

    idir gnóthas agus eagraíocht taighde agus scaipthe eolais amháin nó níos mó, i gcás ina n-íocfaidh na heagraíochtaí sin 10 % ar a laghad de na costais incháilithe agus go mbeidh sé de cheart acu a gcuid torthaí taighde féin a fhoilsiú;

    (ii)

    scaiptear torthaí an tionscadail go forleathan trí mheán comhdhálacha, foilseacháin, lárstórais rochtana oscailte, nó bogearraí saor in aisce nó bogearraí foinse oscailte;

    (iii)

    geallann an tairbhí ceadúnais a chur ar fáil, ar bhonn tráthúil, le haghaidh torthaí taighde ó thionscadail taighde agus forbartha dá dtugtar cabhair, atá faoi chosaint cearta maoine intleachtúla, ar phraghas an mhargaidh agus ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach le húsáid ag páirtithe leasmhara sa LEE;

    (iv)

    déantar tionscadal taighde agus forbartha i réigiún fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3)(a) den Chonradh;

    (c)

    faoi 5 phointe céatadáin má dhéantar an tionscadal taighde agus forbartha i réigiún fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3)(c) den Chonradh;

    (d)

    de réir 25 phointe céatadáin más rud é, maidir leis an tionscadal taighde agus forbartha:

    (i)

    roghnaigh Ballstát é tar éis glao oscailte chun bheith ina chuid de thionscadal arna cheapadh go comhpháirteach ag trí Bhallstát nó ag trí pháirtí chonarthacha ar a laghad i gComhaontú LEE; agus

    (ii)

    baineann sé le comhoibriú éifeachtach idir gnóthais in dhá Bhallstát ar a laghad nó páirtithe conarthacha i gComhaontú LEE nuair is FBM an tairbhí, nó i dtrí Bhallstát nó i dtrí pháirtí chonarthacha i gComhaontú LEE ar a laghad nuair is fiontar mór an tairbhí; agus

    (iii)

    má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin den dá choinníoll seo a leanas:

    déantar torthaí an tionscadail taighde agus forbartha a scaipeadh go forleathan i dtrí Bhallstát ar a laghad nó i dtrí pháirtí chonarthacha i gComhaontú LEE trí chomhdhálacha, foilsiú, lárstórais rochtana oscailte, nó bogearraí foinse oscailte nó saor in aisce; nó

    geallann an tairbhí na torthaí taighde a scaipeadh go forleathan, lena n-áirítear i gcás ina ngeallann an tairbhí, ar bhonn tráthúil, ceadúnais a chur ar fáil le haghaidh torthaí taighde ó thionscadail taighde agus forbartha dá dtugtar cabhair, atá faoi chosaint chearta maoine intleachtúla, ar phraghas margaidh agus ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach le húsáid ag páirtithe leasmhara sa LEE.’;

    (24)

    cuirtear an tAirteagal 25e seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 25e

    Cabhair a bhaineann le cómhaoiniú tionscadal arna dtacú ag an gCiste Eorpach Cosanta nó ag an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

    1.   Maidir le cabhair a sholáthraítear do thionscadal taighde agus forbartha arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach Cosanta nó ag an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta agus a ndéantar meastóireacht, rangú agus roghnú air i gcomhréir le rialacha an Chiste Eorpaigh Cosanta nó an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh i gcostais incháilithe an tionscadail dá dtugtar cabhair na costais sin a shainítear a bheith incháilithe faoi rialacha an Chiste Eorpaigh Cosanta nó an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta.

    3.   Féadfaidh maoiniú poiblí iomlán suas le 100 % de chostais incháilithe an tionscadail a shroicheadh, rud a chiallaíonn gur féidir le státchabhair costais an tionscadail nach gcumhdaítear le cistiú ón Aontas a chumhdach.

    4   I gcás ina sáraíonn an déine cabhrach a fhaigheann an tairbhí an uasdéine cabhrach a d'fhéadfadh an tairbhí a fháil faoi Airteagal 25, míreanna 5 go 7, is gá don tairbhí praghas margaidh a íoc leis an údarás deonúcháin chun feidhmeanna neamhchosanta na gceart maoine intleachtúla nó fréamhshamhlacha mar thoradh ar an tionscadal seo a úsáid. In aon chás, ní sháróidh an t-uasmhéid atá le híoc leis an údarás deonúcháin as an úsáid sin an difríocht idir an chabhair a fuair an tairbhí agus uasmhéid na cabhrach a d’fhéadfadh an tairbhí a fháil agus an uasdéine cabhrach á chur i bhfeidhm maidir leis an tairbhí sin faoi Airteagal 25, (5) agus (7).’;

    (25)

    Leasaítear Airteagal 26 mar seo a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:

    ‘6.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 50 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 60 % faoi réir ar a laghad dhá Bhallstát a chuireann an cistiú poiblí ar fáil, nó le haghaidh bonneagar taighde a ndéanfar meastóireacht air agus a roghnófar ar leibhéal an Aontais.’

    (26)

    cuirtear an tAirteagal 26a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 26a

    Cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta

    1.   Maidir le cabhair chun bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta a thógáil nó a uasghrádú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Beidh an praghas a ghearrfar ar oibriú nó ar úsáid an bhonneagair comhfhreagrach do phraghas margaidh nó beidh sé ina léiriú ar a gcostais móide corrlach in éagmais praghais margaidh.

    3.   Beidh rochtain ar an mbonneagar ar oscailt do roinnt úsáideoirí agus deonófar í ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach. Féadfar rochtain tosaíochta faoi choinníollacha níos fabhraí a dheonú do ghnóthais a mhaoinigh 10 % ar a laghad de chostais infheistíochta an bhonneagair. Chun an róchúiteamh a sheachaint, beidh an rochtain sin comhréireach le ranníocaíocht an ghnóthais leis na costais infheistíochta agus cuirfear na coinníollacha sin ar fáil go poiblí.

    4.   Is éard a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe.

    5.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 25 % de na costais incháilithe.

    6.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le huasdéine cabhrach 40 %, 50 % agus 60 % de na costais infheistíochta incháilithe a bhaineann le fiontair mhóra, mheánmhéide agus bheaga faoi seach mar a leanas:

    a)

    10 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide agus 20 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga;

    b)

    10 bpointe céatadáin breise le haghaidh bhonneagair thástála agus thurgnaimh trasteorann atá faoi réir dhá Bhallstát ar a laghad ag tabhairt an mhaoinithe phoiblí nó le haghaidh bhonneagair tástála agus turgnaimh a ndearnadh meastóireacht orthu agus a roghnaíodh ar leibhéal an Aontais;

    c)

    5 phointe céatadáin breise le haghaidh bhonneagair thástála agus thurgnaimh a bhfuil 80 % ar a laghad dá n-acmhainneacht bhliantúil leithdháilte chuig FBManna.’;

    (27)

    Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Is féidir cabhair infheistíochta a dheonú ar úinéir braisle nuálaíochta. Is féidir cabhair oibriúcháin a dheonú ar oibreoir braisle nuálaíochta. Is féidir leis an oibreoir, i gcás ina bhfuil sé difriúil ón úinéir, pearsantacht dhlítheanach a bheith aige nó bheith ina chuibhreannas gnóthas gan pearsantacht dhlítheanach ar leithligh. I ngach cás is gá do gach gnóthas cuntas a choinneáil ar leithligh ar chostais agus ar ioncaim gach gníomhaíochta (úinéireacht, oibriú agus úsáid na braisle) de réir na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.’

    ;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Beidh na táillí chun saoráidí braislí a úsáid agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí braisle comhfhreagrach leis an bpraghas margaidh nó léiriú a bheidh iontu ar a gcostais agus corrlach réasúnta san áireamh.’

    ;

    (28)

    Leasaítear Airteagal 28 mar seo a leanas:

    (a)

    i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    costais le haghaidh seirbhísí comhairleacha agus tacaíochtaí nuálaíochta, lena n-áirítear na seirbhísí sin arna soláthar ag eagraíochtaí taighde agus scaipthe eolais, bonneagair thaighde, bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta nó braislí nuálaíochta’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   I gcás áirithe cabhrach le haghaidh seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta nuálaíochta, is féidir an déine cabhrach a mhéadú suas le 100 % de na costais incháilithe ar choinníoll nach rachaidh méid iomlán na cabhrach le haghaidh seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta nuálaíochta thar EUR 220 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana.’

    ;

    (29)

    Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus mhír 1:

    ‘Airteagal 36

    Cabhair infheistíochta um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear dícharbónú

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cabhair chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a bhaint, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.’;

    (b)

    cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le bearta a leagtar rialacha níos sonraí síos lena n-aghaidh in Airteagal 36a agus 36b agus in Airteagail 38 go 48. Ní bheidh feidhm ach oiread ag an Airteagal seo maidir le hinfheistíochtaí i dtrealamh, in innealra agus i dtáirgeadh tionsclaíoch saoráidí a n-úsáidtear breosla iontaise iontu, lena n-áirítear iad sin a n-úsáidtear gás nádúrtha iontu. Tá sé seo gan dochar don fhéidearthacht chun cabhair a dheonú le haghaidh suiteáil comhpháirteanna forlíontán a fheabhsaíonn leibhéal na cosanta comhshaoil atá ag trealamh, innealra agus saoráidí táirgthe tionsclaíoch atá ann cheana, agus sa chás sin ní bheidh síneadh le hacmhainneacht táirgeachta agus ídiú níos airde breoslaí iontaise mar thoradh ar an infheistíocht.’

    ;

    (c)

    cuirtear an mhír 1b seo a leanas isteach:

    ‘1b.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hinfheistíochtaí i dtrealamh agus in innealra ina n-úsáidtear hidrigin nó i mbonneagar ina n-iompraítear hidrigin a mhéid a cháilíonn an hidrigin a úsáidtear nó a iompraítear mar hidrigin in-athnuaite. Beidh feidhm aige freisin maidir le hinfheistíochtaí i dtrealamh agus in innealra ina n-úsáidtear breoslaí a dhíorthaítear ó hidrigin, ar breoslaí iad a fhaigheann luach fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite seachas bithmhais agus a táirgeadh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.

    Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i suiteálacha, i dtrealamh agus in innealra a tháirgeann nó a úsáideann hidrigin, agus sa bhonneagar tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (130) an líne dheireanach, ina n-iompraítear hidrigin a thairgtear ó leictreachas agus nach gcáilíonn mar hidrigin in-athnuaite, a mhéid is féidir a léiriú go mbaineann an hidrigin bunaithe ar leictreachas a thairgtear, a úsáidtear nó a iompraítear amach coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré 70 % ar a laghad i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise 94g CO2eq/MJ. Chun coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa saolré a chinneadh faoin bhfomhír seo, déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá nasctha le táirgeadh leictreachais a úsáidtear chun hidrigin a tháirgeadh a chinneadh de bhun an aonaid giniúna imeallaigh sa chrios tairisceana i gcás ina bhfuil an leictrealóir lonnaithe sna tréimhsí socraíochta éagothroime nuair a ídíonn an leictrealóir fuinneamh ón eangach.

    Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, ní úsáidfear ach hidrigin a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach sna fomhíreanna sin, a iompraítear nó – i gcás inarb ábhartha – a tháirgtear ar feadh shaolré na hinfheistíochta. Gheobhaidh an Ballstát gealltanas chuige sin.’

    ;

    (d)

    leasaítear mír 2 mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    ‘(a)

    cuirfidh sé le cumas tionscadal a chur chun feidhme a mbeidh méadú i gcosaint comhshaoil ghníomhaíochtaí an tairbhí mar thoradh air, thar chaighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm, gan beann ar chaighdeáin náisiúnta shainordaitheacha a bheith ann atá níos déine ná caighdeáin an Aontais; le haghaidh tionscadail atá nasctha le bonneagar tiomnaithe nó lena mbaineann bonneagar tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (130) an líne dheireanach, le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2 nó lena n-áirítear nasc le bonneagar fuinnimh le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2, d’fhéadfadh an méadú ar an gcosaint chomhshaoil a bheith mar thoradh freisin ar ghníomhaíochtaí eintitis eile atá páirteach sa slabhra bonneagair; nó

    (b)

    cuirfidh sé le cumas tionscadal a chur chun feidhme a mbeidh méadú i gcosaint comhshaoil ghníomhaíochtaí an tairbhí mar thoradh air in éagmais caighdeáin de chuid an Aontais; le haghaidh tionscadail atá nasctha le bonneagar tiomnaithe nó lena mbaineann bonneagar tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (130) an mhír dheireanach le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2 nó lena n-áirítear nasc le bonneagar fuinnimh le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2, d’fhéadfadh an méadú ar an gcosaint chomhshaoil a bheith mar thoradh freisin ar ghníomhaíochtaí eintitis eile atá páirteach sa slabhra bonneagair; nó’;

    (ii)

    cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:

    ‘(c)

    cuirfidh sé le cumas tionscadal a chur chun feidhme a mbeidh méadú i gcosaint comhshaoil ghníomhaíochtaí an tairbhí mar thoradh air chun caighdeáin an Aontais ar glacadh leo ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill a chomhlíonadh; le haghaidh tionscadal atá nasctha le bonneagar tiomnaithe nó lena mbaineann bonneagar tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (130) an líne dheireanach, le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2 nó tabhairt le fios go bhfuil nasc le bonneagar fuinnimh le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2, d’fhéadfadh an méadú ar an gcosaint chomhshaoil a bheith mar thoradh freisin ar ghníomhaíochtaí eintitis eile atá páirteach sa slabhra bonneagair.’;

    (e)

    cuirtear isteach na míreanna 2a agus 2b seo a leanas:

    ‘2a.   Comhlíonfaidh infheistíochtaí i CO2 agus iompar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    comhtháthófar gabháil agus/nó iompar CO2, lena n-áirítear gnéithe aonair shlabhra CCS nó CCU, i slabhra iomlán CCS agus/nó CCU;

    (b)

    is diúltach a bheidh glanluach láithreach (‘NPV’) an tionscadail infheistíochta le linn a shaolré eacnamaíoch. Chun críocha glanluach láithreach an tionscadail a ríomh, ba cheart na costais sheachanta ó astaíochtaí CO2 a chur san áireamh;

    (c)

    is é a bheidh go heisiach sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise a eascraíonn as CO2 a ghabháil ó shuiteáil a astaíonn CO2 (suiteáil thionsclaíoch nó gléasra cumhachta) nó go díreach ón aer comhthimpeallach agus as stóráil mhaolánach agus as iompar astaíochtaí CO2 arna ngabháil.

    2b.   I gcás ina bhfuil sé d’aidhm ag an gcabhair astaíochtaí díreacha a laghdú nó a sheachaint, níor cheart go ndéanfadh an chabhair ach na hastaíochtaí lena mbaineann a easáitiú ó earnáil amháin go hearnáil eile agus ní mór di na hastaíochtaí spriocdhírithe a laghdú ar an iomlán; go háirithe, i gcás ina bhfuil sé d’aidhm ag an gcabhair astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, níor cheart go ndéanfadh an chabhair ach na hastaíochtaí sin a easáitiú ó earnáil amháin go hearnáil eile agus ní mór di iad a laghdú ar an iomlán.’

    ;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 6:

    ‘3.   Ní dheonófar cabhair i gcás nach ndéantar infheistíocht ach amháin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnóthais caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm. Maidir le cabhair lena gcumasaítear gnóthais chun caighdeáin ón Aontas a chomhlíonadh a glacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, féadfar an chabhair sin a dheonú faoin Airteagal seo ar choinníoll go gcuirtear an infheistíocht dar deonaíodh an chabhair chun feidhme agus i gcrích ar a laghad 18 mí roimh dháta theacht i bhfeidhm an chaighdeáin lena mbaineann.

    4.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise arna gcinneadh trí chostais na hinfheistíochta a chur i gcomparáid le costais cáis fhrithfhíorasaigh a tharlódh in éagmais na cabhrach, mar a leanas:

    (a)

    i gcás inarb ionann an cás frithfhíorasach agus infheistíocht níos díobhálaí don chomhshaol a dhéanamh a chomhfhreagraíonn do ghnáthchleachtais thráchtála san earnáil nó don ghníomhaíocht lena mbaineann, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus costais na hinfheistíochta níos díobhálaí don chomhshaol;

    (b)

    i gcás inarb ionann an cás frithfhíorasach agus an infheistíocht chéanna a dhéanamh tráth níos déanaí, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus glanluach láithreach chostais na hinfheistíochta níos déanaí, arna lascainiú go dtí an tráth a dhéanfaí an infheistíocht dá dtugtar cabhair;

    (c)

    i gcás inarb ionann a cás frithfhíorasach agus na suiteálacha agus an trealamh atá ann a choimeád i mbun oibriúcháin, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus glanluach láithreach na n-infheistíochtaí i gcothabháil, deisiúchán agus nuachóiriú na suiteálacha agus an trealaimh atá ann cheana, arna lascainiú go dtí an tráth a dhéanfaí an infheistíocht dá dtugtar cabhair;

    (d)

    i gcás trealamh faoi réir comhaontuithe léasaithe, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht sa Ghlanluach Láithreach idir léasú an trealaimh lena ndeonaítear státchabhair agus léasú an trealaimh níos díobhálaí don chomhshaol a léasófaí in éagmais na cabhrach; ní bheidh san áireamh sna costais léasaithe costais a bhaineann le hoibriú an trealaimh ná le suiteáil (costais bhreosla, árachas, cothabháil, tomhaltáin eile) gan beann ar cibé acu is cuid nó nach cuid den chonradh léasaithe iad.

    Sna cásanna uile a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), beidh an cás frithfhíorasach comhfhreagrach d’infheistíocht ag a bhfuil acmhainneacht aschuir inchomparáide agus saolré lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin. Beidh an cás frithfhíorasach inchreidte i bhfianaise ceanglais dhlíthiúla, dhálaí an mhargaidh agus dhreasachtaí arna nginiúint le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

    I gcás inar suiteáil chomhpháirt fhorlíontach le saoráid atá ann cheana í an infheistíocht lena ndeonaítear státchabhair, nach bhfuil infheistíocht fhrithfhíorasach níos díobhálaí don chomhshaoil ann di, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta.

    I gcás inarb ionann an infheistíocht lena ndeonaítear státchabhair agus tógáil bonneagair thiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (130), an line dheireanach, le haghaidh hidrigine de réir bhrí mhír 1b, fuíollteas nó CO2, a bhfuil gá leis ionas gur féidir an méadú ar leibhéal na cosanta comhshaoil dá dtagraítear i míreanna 2 agus 2a a bheith ann, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta. Costais le haghaidh thógáil nó uasghrádú saoráidí stórála, cé is moite de shaoráidí stórála le haghaidh hidrigin in-athnuaite agus hidrigin a chumhdaítear le mír 1b an dara fomhír, ní bheidh na costais sin incháilithe.

    Ní incháilithe a bheidh na costais nach mbaineann go díreach le leibhéal cosanta comhshaoil níos airde a bhaint amach.

    5.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe. I gcás ina mbíonn laghdú 100 % ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha mar thoradh ar an infheistíocht, cé is moite díobh sin a bhraitheann ar úsáid bithmhaise, d’fhéadfaí an déine cabhrach 50 % a shroicheadh.

    6.   I gcás infheistíochtaí a bhaineann le CCS agus/nó CCU, ní rachaidh an déine cabhrach thar 30 %.’

    ;

    (g)

    cuirtear isteach na míreanna 9, 10 agus 11 seo a leanas:

    ‘9.   Féadfaidh an déine cabhrach a bheith suas le 100 % de na costais infheistíochta i gcás ina ndeonaítear an chabhair i bpróiseas tairisceana iomaíoch, a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leanas mar aon leo sin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (38):

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainiú i dtéarmaí cabhrach i ndáil le rannchuidiú an tionscadail le cuspóirí comhshaoil an bhirt, mar shampla an chabhair a iarradh in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil atá le seachadadh.

    10.   De rogha ar mhíreanna 4 go 9, ní rachaidh méid na cabhrach thar an difríocht idir na costais infheistíochta a bhaineann go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha.

    11.   De mhaolú ar mhír 4, an chéad fhomhír, pointí (a) go (d), agus míreanna 9 agus 10, féadfar na costais incháilithe a chinneadh gan an cás frithfhíorasach a shainaithint agus in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch. Sa chás sin, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta a bhaineann go díreach le leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach agus go ndéanfar laghdú 50 % ar na déiní agus bónais cabhrach is infheidhme a leagtar amach i míreanna 5 go 8.’

    ;

    (30)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 36a:

    ‘Airteagal 36a

    Cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní chumhdófar leis an Airteagal seo ach amháin cabhair a dheonaítear le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear leictreachas nó hidrigin d’fheithiclí, do threalamh móibíleacha críochfoirt nó trealamh móibíleach láimhseála ar an talamh. Le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair a sholáthraíonn hidrigin, gheobhaidh an Ballstát ón tairbhí gealltanas go soláthróidh an bonneagar athbhreoslaithe hidrigin in-athnuaite amháin faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí. Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcalafoirt.

    3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Féadfar go n-áireofar leo sin na costais a bhaineann leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe é féin, suiteáil nó uasghráduithe a dhéanamh ar chomhpháirteanna leictreacha nó ar chomhpháirteanna eile, lena n-áirítear claochladáin chumhachta a theastaíonn le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine, mar aon le hoibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe gaolmhara talún nó bóthair, costais ghaolmhara suiteála agus costais ghaolmhara le haghaidh ceadanna gaolmhara a fháil.

    Féadfar go n-áireofar leis na costais incháilithe sin na costais infheistíochta ar tháirgeadh leictreachais in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite ar an láthair, agus na costais infheistíochta ar aonaid stórála chun leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite a stóráil. Ní rachaidh acmhainneacht táirgeachta ainmniúil na suiteála táirgthe leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite ar an láthair thar aschur rátaithe uasta nó acmhainneacht athbhreoslaithe an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena nasctar é.

    4.   Deonófar an chabhair faoin Airteagal seo i bpróiseas tairisceana iomaíoch, a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leanas mar aon leo sin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (38):

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainiú i dtéarmaí cabhrach i ndáil le rannchuidiú an tionscadail le cuspóirí comhshaoil an bhirt, mar shampla an chabhair a iarradh in aghaidh an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe.

    5.   I gcás ina ndeonaítear cabhair i bpróiseas tairisceana iomaíoch a chomhlíonann coinníollacha mhír 4, d'fhéadfadh sé gur suas le 100 % de na costais incháilithe a bheidh sa déine cabhrach.

    6.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar cabhair a dheonú in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch nuair a dheonaítear an chabhair bunaithe ar scéim cabhrach. Ní rachaidh an déine cabhrach thar 20 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide agus suas le 30 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga. Féadfar freisin an déine a mhéadú 15 phointe céatadáin le haghaidh infheistíochtaí lonnaithe i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an chabhair i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh nó 5 phointe céatadáin le haghaidh infheistíochtaí lonnaithe i limistéir fóirithinte arna n-ainmniú i mapa formheasta de chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth a sholáthraítear an chabhair i gcur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

    7.   An chabhair a dheonófar do thairbhí aonair ar bith, ní rachaidh sí thar 40 % de bhuiséad foriomlán na scéime lena mbaineann.

    8.   I gcás ina bhfuil rochtain oscailte ar an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe ag úsáideoirí seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach, ní dheonófar cabhair ach chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú ar bonneagar é atá inrochtana ag an bpobal agus lena soláthraítear rochtain neamh-idirdhealaitheach d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir le taraifí, modhanna fíordheimhniúcháin agus íocaíochta, agus téarmaí agus coinníollacha eile úsáide. Na táillí a ghearrfar ar úsáideoirí seachas tairbhí nó tairbhithe na cabhrach as an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a úsáid, beidh na táillí sin comhfhreagrach le praghsanna margaidh.

    9.   Oibreoirí bonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thairgeann nó a cheadaíonn íocaíochtaí bunaithe ar chonradh ar a mbonneagar, ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, mar shampla trí choinníollacha rochtana fabhracha a chur i bhfeidhm, nó trí dhifreáil praghais gan aon údar oibiachtúil.

    10.   An gá atá le hinfheistiú i mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe den chatagóir chéanna leis an gcatagóir atá le tacú le cabhair (mar shampla, maidir le bonneagar athluchtaithe: gnáthchumhacht nó ardchumhacht), déanfar é sin a bhunú trí chomhairliúchán poiblí oscailte ex ante nó trí staidéar neamhspleách margaidh, nach bhfuil níos sine ná bliain amháin tráth a dtiocfaidh an beart cabhrach i bhfeidhm. Go sonrach, suífear nach dócha go dtarlóidh infheistíocht den sórt sin ar théarmaí tráchtála laistigh de 3 bliana ó theacht i bhfeidhm an bhirt chabhrach.

    Maidir leis an oibleagáid comhairliúchán poiblí oscailte ex ante nó staidéar margaidh neamhspleách a dhéanamh arna leagan síos sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aici maidir le cabhair chun bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe nach bhfuil rochtain ag an bpobal air a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú.

    11.   De mhaolú ar mhír 10, déanfar talamh slán den riachtanas cabhrach a bheith ann le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe d’fheithiclí bóthair i gcás inar lú an líon feithiclí a bhreoslaítear le leictreachas amháin (i gcás bonneagar athluchtaithe) nó an líon feithiclí a bhreoslaítear go páirteach ar a laghad le hidrigin (i gcás bonneagar athbhreoslaithe) ná 3 % de fhlít iomlán na bhfeithiclí ar den chatagóir chéanna iad atá cláraithe sa Bhallstát lena mbaineann. Chun críche na míre seo, measfar gluaisteáin phaisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a bheith ina gcuid den aon chatagóir feithiclí amháin.

    12.   Maidir le haon lamháltas nó aon ní eile a chuirtear ar iontaoibh tríú páirtí chun an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe faoi thacaíocht a oibriú, sannfar é ar bhonn iomaíoch, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha soláthair is infheidhme.

    13.   I gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe nua a imscaradh a cheadaíonn d’aistriú leictreachais le haschur cumhachta níos lú ná 22 kW nó cothrom leis, is gá go mbeadh an bonneagar in ann tacú le feidhmiúlachtaí athluchtaithe cliste.’;

    (31)

    cuirtear Airteagal 36b seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 36b

    Cabhair infheistíochta chun feithiclí glana nó feithicil astaíochtaí nialasacha a éadáil agus chun feithiclí a iarfheistiú

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun feithiclí glana nó feithicil astaíochtaí nialasacha a éadáil le haghaidh iompar de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus d’iompar muirí, agus chun feithiclí a iarfheistiú ionas go gcáileoidh siad mar fheithiclí glana nó mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha, beidh an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Deonófar cabhair chun feithiclí glana a cheannach nó a léasú go ceann thréimhse 12 mhí ar a laghad a chumhachtaítear ar a laghad go páirteach le leictreachas nó le hidrigin nó feithiclí astaíochtaí nialasacha agus chun feithiclí a iarfheistiú ionas go gcáileoidh siad mar fheithiclí glana nó mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha.

    3.   Is iad seo a leanas na costais incháilithe:

    (a)

    maidir le hinfheistíochtaí arb ionann iad agus ceannach feithiclí glana nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, costais bhreise atá le ceannach na feithicle glaine nó na feithicle astaíochtaí nialasacha. Ríomhfar iad mar an difríocht idir na costais infheistíochta atá le ceannach na feithicle glaine nó na feithicle astaíochtaí nialasacha agus na costais infheistíochta le ceannach feithicle den chatagóir chéanna a chomhlíonann caighdeáin an Aontais is infheidhme atá i bhfeidhm cheana agus a d’éadálfaí in éagmais na cabhrach;

    (b)

    maidir le hinfheistíochtaí arb ionann iad agus léasú feithiclí glana nó feithiclí astaíochtaí nialasacha, costais incháilithe a bheidh sna costais bhreise atá le léasú na feithicle glaine nó na feithicle astaíochtaí nialasacha. Ríomhfar iad mar an difríocht idir an glanluach láithreach atá le léasú na feithicle glaine nó na feithicle astaíochtaí nialasacha agus an glanluach láithreach atá le léasú feithicle den chatagóir chéanna a chomhlíonann caighdeáin is infheidhme an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin agus a dhéanfaí a éadáil in éagmais na cabhrach. Chun críocha na costais incháilithe a chinneadh, ní chuirfear san áireamh na costais oibriúcháin a bhaineann le hoibriú na feithicle, lena n-áirítear costais fuinnimh, costais árachas agus costais chothabhála, gan beann ar cibé acu a chuirtear san áireamh iad sa chonradh léasaithe nó nach gcuirtear;

    (c)

    maidir le hinfheistíochtaí arb ionann iad agus iarfheistiú feithiclí ionas go gcáileoidh siad mar fheithiclí glana nó mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha, costais na hinfheistíochta san iarfheistiú.

    4.   Deonófar an chabhair faoin Airteagal seo i bpróiseas tairisceana iomaíoch, a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leanas mar aon leo sin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (38):

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainiú i dtéarmaí cabhrach i ndáil le rannchuidiú an tionscadail le cuspóirí comhshaoil an bhirt, mar shampla an chabhair a iarradh in aghaidh na feithicle glaine nó na feithicle astaíochtaí nialasacha.

    5.   I gcás ina ndeonaítear cabhair i bpróiseas tairisceana iomaíoch a chomhlíonann coinníollacha mhír 4, ní sháróidh an déine cabhrach:

    (a)

    100 % de na costais incháilithe atá le ceannach nó léasú feithiclí astaíochtaí nialasacha nó le hiarfheistiú feithiclí lenar féidir leis na feithiclí sin cáiliú mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha;

    (b)

    80 % de na costais incháilithe atá le ceannach nó léasú feithiclí glana nó le hiarfheistiú feithiclí lenar féidir leis na feithiclí sin cáiliú mar fheithiclí glana.

    6.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar cabhair a dheonú lasmuigh de phróiseas tairisceana iomaíoch nuair a dheonaítear an chabhair bunaithe ar scéim cabhrach.

    Sna cásanna sin, ní rachaidh an déine cabhrach thar 20 % den chostas incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú faoi 10 bpointe céatadáin le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus faoi 20 bpointe céatadáin le haghaidh fiontair mheánmhéide nó 30 pointe céatadáin le haghaidh fiontair bheaga.

    7.   De mhaolú ar mhír 4, féadfar cabhair a dheonú freisin lasmuigh de phróiseas tairisceana iomaíoch nuair a dheonaítear an chabhair do ghnóthais ar dámhadh conradh seirbhíse poiblí dóibh chun seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar ar talamh, ar iarnród nó ar uisce tar éis tairisceana poiblí atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i ndáil le feithiclí glana nó feithiclí astaíochtaí nialasacha a úsáidtear chun seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a sholáthar faoi réir an chonartha seirbhíse poiblí, agus i ndáil leis sin amháin, a fháil.

    Ní rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 10 bpointe céatadáin le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha.’;

    (32)

    Scriostar Airteagal 37;

    (33)

    Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    ‘Airteagal 38

    Cabhair infheistíochta um bearta éifeachtúlachta fuinnimh seachas i bhfoirgnimh’;

    (b)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    ‘1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú seachas i bhfoirgnimh, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.’;

    2.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh aon infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh agus atá i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh. Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo le haghaidh infheistíochtaí arna ndéanamh chun caighdeáin ón Aontas a glacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcuirtear an infheistíocht chun feidhme agus i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.’

    ;

    (c)

    cuirtear isteach na míreanna 2a agus 2b seo a leanas:

    ‘2a.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cabhair le haghaidh comhghiniúna agus cabhair le haghaidh téamh agus/nó fuarú ceantair.

    2b.   Maidir le cabhair le haghaidh suiteáil trealaimh fuinnimh a dhónn breoslaí iontaise, lena n-áirítear gás nádúrtha, ní dhéanfar í a dhíolmhú faoin Airteagal seo ón gceanglas fógra a thabhairt de chuid Airteagal 108(3) den Chonradh.’

    ;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta sa bhreis a theastaíonn chun an leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde a bhaint amach. Cinnfear iad trí chostais na hinfheistíochta a chur i gcomparáid le costais an cháis fhrithfhíorasaigh a tharlódh in éagmais na cabhrach, mar seo a leanas:

    (a)

    i gcás inarb ionann an cás frithfhíorasach agus infheistíocht nach bhfuil chomh tíosach céanna ar fhuinneamh a dhéanamh a chomhfhreagraíonn do ghnáthchleachtais thráchtála san earnáil nó don ghníomhaíocht lena mbaineann, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus costais na hinfheistíochta nach bhfuil chomh tíosach céanna ar fhuinneamh;

    (b)

    i gcás inarb ionann an cás frithfhíorasach agus an infheistíocht chéanna a dhéanamh tráth níos déanaí, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus glanluach láithreach chostais na hinfheistíochta níos déanaí, arna lascainiú go dtí an tráth a dhéanfaí an infheistíocht dá dtugtar cabhair;

    (c)

    i gcás inarb ionann an cás frithfhíorasach agus na suiteálacha agus an trealamh atá ann a choimeád i mbun oibriúcháin, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht idir costais na hinfheistíochta lena ndeonaítear státchabhair agus glanluach láithreach na hinfheistíochta i gcothabháil, deisiúchán agus nuachóiriú na suiteála agus an trealaimh atá ann cheana, arna lascainiú go dtí an tráth a dhéanfaí an infheistíocht dá dtugtar cabhair;

    (d)

    I gcás threalamh faoi réir comhaontuithe léasaithe, is é a bheidh sna costais incháilithe an difríocht sa Ghlanluach Láithreach idir léasú an trealaimh lena ndeonaítear státchabhair agus léasú an trealaimh nach bhfuil chomh tíosach céanna ar fhuinneamh a léasófaí in éagmais cabhrach; ní bheidh san áireamh sna costais léasaithe costais a bhaineann le hoibriú an trealaimh nó le suiteáil (costais bhreosla, árachas, cothabháil, earraí inchaite eile) gan beann ar cibé acu an chuid nó nach cuid den chonradh léasaithe iad.

    Sna cásanna uile a liostaítear sa chéad fhomhír, beidh an cás frithfhíorasach comhfhreagrach d’infheistíocht ag a bhfuil acmhainneacht aschuir inchomparáide agus saolré lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin. Beidh an infheistíocht fhrithfhíorasach inchreidte i bhfianaise ceanglais dhlíthiúla, dálaí an mhargaidh agus dreasachtaí arna nginiúint le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

    I gcás inarb ionann an infheistíocht agus infheistíocht sho-aitheanta a dhírítear ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus air sin amháin, arb infheistíocht í nach bhfuil infheistíocht fhrithfhíorasach níos tíosaí ar fhuinneamh ann ina leith, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta.

    Ní incháilithe a bheidh na costais nach bhfuil ceangailte go díreach le leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde a bhaint amach.’

    ;

    (e)

    scriostar mír 3a;

    (f)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Féadfaidh an déine cabhrach a bheith suas le 100 % de na costais iomlána infheistíochta i gcás ina ndeonaítear an chabhair i bpróiseas tairisceana, a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leanas mar aon leo sin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (38):

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainmhíniú i dtéarmaí cabhrach i ndáil le rannchuidiú an tionscadail le cuspóirí comhshaoil an bhirt, mar shampla cabhair ar iarradh in aghaidh an aonaid fuinnimh arna choigilt nó in aghaidh aonad na héifeachtúlachta fuinnimh a fuarthas. Ní chuimseoidh na critéir sin níos lú ná 70 % d’ualú na gcritéar roghnúcháin ar fad.’;

    (g)

    cuirtear an mhír 8 seo a leanas isteach:

    ‘8.   De mhaolú ar mhír 3, pointí (a) go (d) agus mír 7, féadfar na costais incháilithe a chinneadh gan an cás frithfhíorasach a shainaithint agus in éagmais próiseas tairisceana iomaíoch. Sa chás sin, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta a bhaineann go díreach le leibhéal níos airde éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach agus go ndéanfar laghdú 50 % ar na déiní agus bónais cabhrach is infheidhme a leagtar amach i míreanna 4, 5 agus 6.’

    ;

    (34)

    cuirtear an tAirteagal 38a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 38a

    Cabhair infheistíochta um bearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a chumasú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh aon infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh agus atá i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh.

    3.   Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh. I gcás inar íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh iad caighdeáin ábhartha an Aontais, ní mór an chabhair a dheonú sula mbeidh na caighdeáin éigeantach don ghnóthas lena mbaineann. Sa chás sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go soláthraíonn tairbhithe plean agus amchlár athchóirithe beacht lena léirítear go bhfuil an t-athchóiriú dá dtugtar cabhair leordhóthanach ar a laghad chun comhlíontacht leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a áirithiú. I gcás nach ionann caighdeáin ábhartha an Aontais agus na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ní mór an infheistíocht a chur chun feidhme agus a thabhairt chun críche 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh caighdeán an Aontais i bhfeidhm.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cabhair le haghaidh comhghiniúna agus cabhair le haghaidh téamh agus/nó fuarú ceantair.

    5.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta. Ní incháilithe a bheidh na costais nach bhfuil ceangailte go díreach le leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh níos airde san fhoirgneamh a bhaint amach.

    6.   Spreagfaidh an chabhair feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh arna thomhas i bhfuinneamh príomhúil an méid a leanas, ar a laghad: (i) 20 % i gcomparáid leis an gcás roimh an infheistíocht i gcás athchóiriú foirgneamh atá ann cheana, nó (ii) 10 % i gcomparáid leis an gcás roimh an infheistíocht i gcás bearta athchóirithe lena mbaineann suiteáil nó ionadú cineáil amháin de ghnéithe foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE agus nach ionann bearta athchóirithe dírithe den sórt sin agus níos mó ná 30 % de chuid de bhuiséad na scéime atá tiomnaithe do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, nó (iii) 10 % ar a laghad i gcomparáid leis an tairseach a shocraítear le haghaidh na gceanglas i leith foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i mbearta náisiúnta lena dtrasuítear Treoir 2010/31/AE i gcás foirgnimh nua. Suífear an t-éileamh tosaigh fuinnimh phríomhúil agus an feabhsú measta faoi threoir Theastas Feidhmíochta Fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Threoir 2010/31/AE.

    7.   Féadfar an chabhair arna deonú chun éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú a chomhcheangal le cabhair le haghaidh ceann ar bith, nó gach ceann, de na bearta seo a leanas:

    (a)

    trealamh comhtháite ar an láthair a shuiteáil a ghineann leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do phainéil fhótavoltacha agus teaschaidéil;

    (b)

    suiteáil trealaimh chun an fuinneamh a stóráil a ghintear leis na suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an láthair. Súfaidh an trealamh stórála 75 % ar a laghad dá fuinneamh go díreach ó shuiteáil giniúna fuinnimh in-athnuaite cheangailte, ar bhonn bliantúil;

    (c)

    an ceangal le córas téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá tíosach ar fhuinneamh agus trealamh lena mbaineann;

    (d)

    bonneagar athluchtaithe a thógáil agus a shuiteáil lena úsáid ag úsáideoirí an fhoirgnimh, agus bonneagar lena mbaineann, amhail duchtáil, i gcás ina bhfuil na saoráidí páirceála lonnaithe laistigh den fhoirgneamh nó go bhfuil siad cóngarach go fisiciúil leis an bhfoirgneamh;

    (e)

    suiteáil trealaimh chun an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht i gcomhair na teicneolaíochta cliste a mhéadú, lena n-áirítear sreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha le haghaidh líonraí sonraí agus an chuid choimhdeach den bhonneagar leathanbhanda ar an réadmhaoin a bhfuil an foirgneamh ina chuid di, ach gan sreangú ná cáblú le haghaidh líonraí sonraí taobh amuigh den réadmhaoin san áireamh;

    (f)

    infheistíochtaí i ndíonta glasa agus i dtrealamh chun uisce báistí a choinneáil agus a úsáid.

    I gcás aon oibreacha comhcheangailte den sórt sin a leagtar amach i bpointí (a) go (f), is é a bheidh sna costais incháilithe costas infheistíochta iomlán na suiteálacha éagsúla agus an trealaimh éagsúil. Ní incháilithe a bheidh na costais nach bhfuil ceangailte go díreach le leibhéal fuinnimh nó feidhmíochta comhshaoil níos airde a bhaint amach.

    8.   Féadfar an chabhair a dheonú d’úinéir(í) an fhoirgnimh nó don tionónta nó do na tionóntaí, ag brath ar cé atá ag coimisiúnú an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh.

    9.   Féadfar cabhair a dheonú freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh an trealaimh téimh nó fuaraithe laistigh den fhoirgneamh a fheabhsú.

    10.   Maidir le cabhair chun trealamh fuinnimh a dhónn breoslaí iontaise a shuiteáil, ní dhíolmhófar faoin Airteagal seo í ón gceanglas chun fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) den Chonradh.

    11.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 30 % de na costais incháilithe.

    12.   De mhaolú ar mhír 11, i gcás inarb ionann an infheistíocht agus suiteáil nó ionadú cineáil amháin de ghné thógála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE, ní sháróidh an déine cabhrach 25 %.

    13.   De mhaolú ar mhíreanna 11 agus 12, i gcás ina ndeonaítear cabhair ar infheistíochtaí i bhfoirgnimh arna ndéanamh chun íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh níos lú ná 18 mí sula dtagann caighdeáin an Aontais i bhfeidhm, ní mór nach mbeidh an déine cabhrach níos mó ná 15 % de na costais incháilithe i gcás inarb ionann an infheistíocht agus suiteáil nó ionadú cineáil amháin de ghné thógála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE agus 20 % i ngach cás eile.

    14.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide.

    15.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin le haghaidh infheistíochtaí lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (a), den Chonradh agus 5 phointe céatadáin le haghaidh infheistíochtaí lonnaithe i limistéir fóirithinte a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

    16.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin le haghaidh cabhrach arna deonú chun éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana a fheabhsú, i gcás ina spreagann an chabhair feabhas 40 % ar a laghad ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh arna thomhas i bhfuinneamh príomhúil i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht. Níl feidhm ag an méadú sin ar dhéine cabhrach i gcás nach bhfeabhsaíonn an infheistíocht feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh thar an leibhéal arna fhorchur ag na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais atá ag teacht i bhfeidhm laistigh de 18 mí ón tráth a chuirtear an infheistíocht chun feidhme agus a chuirtear i gcrích í.’;

    (35)

    cuirtear an tAirteagal 38b seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 38b

    Cabhair chun conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh a éascú

    1.   Cabhair infheistíochta chun conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh a éascú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo chun an chonraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh a éascú de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27), de Threoir 2012/27/AE.

    3.   Faoin Airteagal seo tá FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar soláthraithe beart feabhsúcháin feidhmiúlachta fuinnimh iad, agus arb iad tairbhithe deiridh na cabhrach iad, incháilithe le haghaidh cabhrach.

    4.   Is i bhfoirm iasacht shinsearach nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh a bheidh an chabhair, nó is é atá i gceist léi táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí a mhaoiniú (mar shampla, fachtóireacht nó forfáidiú).

    5.   Ní rachaidh fad na hiasachta nó na ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh thar 10 mbliana.

    6.   I gcás gur i bhfoirm iasachta sinsearaí a bheidh an chabhair, ní bheidh an chomhinfheistíocht ag soláthraithe tráchtála cistiúcháin fiachais níos ísle ná 30 % de luach phunann bhunúsach na gconarthaí feidhmíochta fuinnimh, agus beidh aisíocaíocht ag an soláthraí beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh ar a laghad cothrom le méid ainmniúil na hiasachta.

    7.   I gcás ina nglacann an chabhair foirm ráthaíochta, ní bheidh an ráthaíocht níos mó ná 80 % de phríomhshuim na hiasachta bunúsaí agus cothaítear caillteanais go comhréireach agus faoi na coinníollacha céanna ag an institiúid creidmheasa agus ag an Stát. Tiocfaidh laghdú comhréireach ar mhéid na ráthaíochta, ar bhealach nach gcomhdaíonn an ráthaíocht níos mó ná 80 % den iasacht gan íoc riamh.

    8.   Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin amuigh a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí thar EUR 30 milliún.’;

    (36)

    Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 2, 2a agus 3:

    ‘2.   Infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh, sin iad atá incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo.

    2a.   Féadfar an chabhair arna deonú chun éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú a chomhcheangal le cabhair le haghaidh ceann ar bith, nó gach ceann, de na bearta seo a leanas:

    (a)

    trealamh comhtháite ar an láthair a shuiteáil a ghineann leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do phainéil fhótavoltacha agus teaschaidéil;

    (b)

    suiteáil trealaimh chun an fuinneamh a stóráil a ghintear leis na suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an láthair. Súfaidh an trealamh stórála 75 % ar a laghad dá fuinneamh go díreach ó shuiteáil giniúna fuinnimh in-athnuaite cheangailte, ar bhonn bliantúil;

    (c)

    infheistíochtaí sa cheangal le córas téimh agus fuaraithe ceantair atá tíosach ar fhuinneamh agus/nó trealamh lena mbaineann;

    (d)

    bonneagar athluchtaithe a thógáil agus a shuiteáil lena úsáid ag úsáideoirí an fhoirgnimh, agus bonneagar lena mbaineann, amhail duchtáil, i gcás ina bhfuil an carrchlós lonnaithe laistigh den fhoirgneamh nó go bhfuil sé cóngarach go fisiciúil don fhoirgneamh;

    (e)

    infheistíochtaí chun an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun cur lena ullmhacht i gcomhair teicneolaíocht chliste. Féadfar a áireamh sna hinfheistíochtaí incháilithe idirghabhálacha atá teoranta do shreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha éighníomhach inmheánach do líonraí sonraí agus an chuid choimhdeach den bhonneagar leathanbhanda ar an réadmhaoin phríobháideach a bhfuil an foirgneamh ina chuid di, ach gan sreangú ná cáblú le haghaidh líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin a bheith san áireamh;

    (f)

    infheistíochtaí i ndíonta glasa agus i dtrealamh chun uisce báistí a choinneáil agus a úsáid.

    3.   Is é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh, seachas i gcás na bhfoirgneamh dá dtagraítear i mír 2a, i gcás inarb é a bheidh sna costais incháilithe costais fhoriomlána an tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus costas infheistíochta na bpíosaí éagsúla trealaimh a liostaítear i mír 2a.’

    ;

    (b)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte agus an dara abairt:

    ‘5.   Deonóidh an ciste éifeachtúlachta fuinnimh nó idirghabhálaí airgeadais eile iasachtaí nó ráthaíochtaí do na tionscadail incháilithe éifeachtúlachta fuinnimh. Ní rachaidh luach ainmniúil na hiasachta nó an mhéid a ráthaítear thar EUR 25 mhilliún in aghaidh an tairbhí deiridh agus in aghaidh an tionscadail, seachas i gcás infheistíochtaí comhcheangailte dá dtagraítear i mír 2a, i gcás nach rachaidh sé thar EUR 30 milliún ann.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

    ‘7.   Déanfaidh an chabhair éifeachtúlachta fuinnimh infheistíocht bhreise a ghiaráil ó infheisteoirí príobháideacha neamhspleácha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (72), ag sroicheadh 30 % ar a laghad den mhaoiniú foriomlán a chuirtear ar fáil do thionscadal éifeachtúlachta fuinnimh. I gcás ina soláthraítear an chabhair ó chiste éifeachtúlachta fuinnimh, is féidir giaráil infheistíochta príobháidí den sórt sin a dhéanamh ar leibhéal an chiste éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó ar leibhéal na dtionscadal éifeachtúlachta fuinnimh, chun íosmhéid comhiomlán 30 % den mhaoiniú iomlán a sholáthraítear do thionscadal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach.’

    ;

    (d)

    i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    ‘(f)

    Bunófar an ciste éifeachtúlachta fuinnimh nó an t-idirghabhálaí airgeadais i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme agus áiritheoidh an Ballstát próiseas díchill chuí chun a fhíorú go gcuirfear straitéis infheistíochta atá fónta ó thaobh na tráchtála de i bhfeidhm chun críocha chur chun feidhme an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh.’;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh agus atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.’

    ;

    (f)

    cuirtear isteach na míreanna 11 go 14 seo a leanas:

    ‘11.   Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh. I gcás inar íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh iad caighdeáin ábhartha an Aontais, ní mór an chabhair a dheonú sula mbeidh na caighdeáin éigeantach don ghnóthas lena mbaineann. Sa chás sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go soláthraíonn tairbhithe plean agus amchlár athchóirithe beacht lena léirítear go bhfuil an t-athchóiriú dá dtugtar cabhair leordhóthanach ar a laghad chun comhlíontacht leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a áirithiú. I gcás nach ionann caighdeáin ábhartha an Aontais agus na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ní mór an infheistíocht a chur chun feidhme agus a thabhairt chun críche 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.

    12.   Féadfar cabhair a dheonú freisin chun éifeachtúlacht fuinnimh an trealaimh téimh nó fuaraithe laistigh den fhoirgneamh a fheabhsú.

    13.   Maidir le cabhair chun trealamh fuinnimh a dhónn breoslaí iontaise a shuiteáil, ní dhíolmhófar faoin Airteagal seo í ón gceanglas chun fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) den Chonradh.

    14.   Féadfaidh an Ballstát cur chun feidhme an bhirt cabhrach a shannadh d’eintiteas a gcuirfear cúram air.’

    ;

    (37)

    Scriostar Airteagal 40;

    (38)

    Leasaítear Airteagal 41 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus in ionad mhír 1:

    ‘Airteagal 41

    Cabhair infheistíochta um chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ó hidrigin in-athnuaite agus ó chomhghiniúint ard-éifeachtúlachta

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta um chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, ó hidrigin in-athnuaite agus ó chomhghiniúint ard-éifeachtúlachta, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.’;

    (b)

    cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Díolmhófar cabhair infheistíochta le haghaidh tionscadail stórála leictreachais faoin Airteagal seo ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a dheonaítear an chabhair do thionscadail chomhtháite in-athnuaite agus stórála (taobh thiar den mhéadar), i gcás inar comhpháirteanna d’infheistíocht aonair iad an dá ghné nó i gcás ina bhfuil an stóras ceangailte le suiteáil um ghiniúint in-athnuaite atá ann cheana. Súfaidh an chomhpháirt stórála 75 % ar a laghad dá fuinneamh go díreach ó shuiteáil giniúna fuinnimh in-athnuaite cheangailte, ar bhonn bliantúil. Meastar na comhpháirteanna infheistíochta uile (giniúint agus stóráil) a bheith ina dtionscadal comhtháite aonair chun comhlíontacht leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 a fhíorú. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le stóráil theirmeach cheangailte go díreach le suiteáil um ghiniúint fuinnimh in-athnuaite.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:

    ‘2.   Maidir le cabhair infheistíochta chun bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus bithmhaise a tháirgeadh agus a stóráil ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a chomhlíonann na breoslaí dá dtugtar cabhair na critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe agus a mhéid a dhéantar iad as an mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin. Gheobhaidh an chomhpháirt stórála 75 % ar a laghad dá hábhar breosla ó shuiteálacha táirgthe bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus bithmhaise atá ceangailte go díreach, ar bhonn bliantúil. Meastar na comhpháirteanna infheistíochta uile (táirgeadh agus stóráil) a bheith ina dtionscadal comhtháite aonair chun comhlíontacht leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo.

    3.   Maidir le cabhair chun hidrigin a tháirgeadh, ní dhíolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt ach amháin maidir le suiteálacha nach dtáirgtear ach hidrigin in-athnuaite iontu. Maidir le tionscadail hidrigine in-athnuaite ina bhfuil leictrealóir agus aonad giniúna in-athnuaite amháin nó níos mó taobh thiar de phointe nasctha eangaí, ní rachaidh acmhainneacht an leictrealóra thar acmhainneacht chomhcheangailte na n-aonad giniúna in-athnuaite. Féadfar a chumhdach le cabhair infheistíochta bonneagar tiomnaithe chun hidrigin in-athnuaite a tharchur nó a dháileadh, chomh maith le saoráidí stórála le haghaidh hidrigin in-athnuaite.

    4.   Díolmhófar cabhair infheistíochta le haghaidh aonaid chomhghiniúna ard-éifeachtúla ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a sholáthraítear coigiltí príomhfhuinnimh foriomlána leo i gcomparáid le táirgeadh ar leithligh téimh agus leictreachais dá bhforáiltear i dTreoir 2012/27/AE nó in aon reachtaíocht eile ina dhiaidh sin a chuirfear in ionad an ghnímh seo i bpáirt nó in ionad an ghnímh iomláin seo. Cabhair infheistíochta do thionscadail leictreachais agus stórála teirmí atá nasctha go díreach le comhghiniúint ardéifeachtach bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, díolmhófar í ón gceanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 1a den Airteagal seo.’

    ;

    (d)

    cuirtear mír 4a seo a leanas isteach:

    ‘4a.   Ní dhíolmhófar cabhair infheistíochta le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ach amháin mura le haghaidh suiteálacha comhghiniúna a dhónn breoslaí iontaise í, cé is moite de ghás nádúrtha i gcás ina n-áirithítear comhlíontacht le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 i gcomhréir le roinn 4.30 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (*45).

    (*45)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1).’;"

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5, 6 agus 7:

    ‘5.   Deonófar an chabhair infheistíochta i leith acmhainneachtaí nuashuiteáilte nó acmhainneachtaí athchóirithe. Beidh méid na cabhrach neamhspleách ar an aschur.

    6.   Is é a bheidh sna costais incháilithe costas iomlán na hinfheistíochta.

    7.   Ní sháróidh an déine cabhrach an méid seo a leanas:

    (a)

    45 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil a chomhlíonann Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2018/2001, hidrigin in-athnuaite agus comhghiniúint ardéifeachtach bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

    (b)

    30 % de na costais incháilithe le haghaidh aon infheistíocht eile a chumhdaítear san Airteagal seo.’;

    (f)

    scriostar mír 9;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   Féadfaidh an déine cabhrach a bheith suas le 100 % de na costais incháilithe i gcás ina ndeonaítear an chabhair i bpróiseas tairisceana, a chomhlíonann na coinníollacha seo ar fad a leanas mar aon leo sin a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (38):

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana nó ar chiondáil);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainiú i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid acmhainneachta fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó chomhghiniúint ardéifeachteach.’;

    (39)

    Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 go 7:

    ‘1.   Cabhair oibriúchain um chur chun cinn leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, cé is moite de leictreachas a tháirgtear ó hidrigin in-athnuaite, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Deonófar an chabhair i bpróiseas tairisceana a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 38 agus a chomhlíonann na coinníollacha breise seo a leanas:

    (a)

    bunófar an deonú cabhrach ar chritéir incháilitheachta agus roghnúcháin atá oibiachtúil, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a shaineofar ex ante agus a fhoilseofar ar a laghad 6 seachtaine roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach, chun iomaíochas éifeachtach a chumasú;

    (b)

    le linn scéim a chur chun feidhme, i gcás próiseas tairisceana ina bhfaigheann gach tairgeoir cabhair, déanfar dearadh an phróisis sin a cheartú chun iomaíocht éifeachtach a athbhunú sna próisis tairisceana ina dhiaidh sin, mar shampla, tríd an mbuiséad nó an méid a laghdú;

    (c)

    seachnófar coigeartuithe ex post ar thoradh an phróisis tairisceana (amhail caibidlíocht ina dhiaidh ar thorthaí tairisceana nó ar chiondáil);

    (d)

    déanfar 70 % ar a laghad de na critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú agus, ar deireadh, chun an chabhair a leithdháileadh sa phróiseas tairisceana iomaíoch, a shainiú i dtéarmaí cabhrach in aghaidh an aonaid aschuir leictreachais nó acmhainneachta fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite.

    Beidh an próiseas tairisceana iomaíoch oscailte ar bhonn neamh-idirdhealaitheach do na gineadóirí uile a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite.

    3.   Is féidir an próiseas tairisceana a theorannú do theicneolaíochtaí sonracha sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    is é is aidhm do bheart go sonrach tacú le tionscadail taispeántais;

    (b)

    is é is aidhm do bheart aghaidh a thabhairt ní hamháin ar dhícharbónú ach ar cháilíocht an aeir nó ar thruailliú eile freisin;

    (c)

    sainaithníonn Ballstát cúiseanna le bheith ag súil go bhféadfadh earnálacha incháilithe nó teicneolaíochtaí nuálacha rannchuidiú tábhachtach agus costéifeachtach a dhéanamh le cosaint an chomhshaoil agus le dícharbónú domhain san fhadtéarma;

    (d)

    tá gá le beart chun an t-éagsúlú is gá a bhaint amach ionas nach gcuirfear leis na saincheisteanna a bhaineann le cobhsaíocht an ghréasáin;

    (e)

    is féidir a bheith ag súil leis go mbainfear costais níos ísle maidir le cosaint an chomhshaoil amach mar thoradh ar chur chuige níos roghnaí (mar shampla trí chostais laghdaithe maidir le comhtháthú an chórais mar thoradh ar éagsúlú, lena n-áirítear idir foinsí in-athnuaite fuinnimh, a bhféadfadh freagairt don éileamh agus/nó stóráil a bheith san áireamh leo), agus/nó a mbeadh saobhadh iomaíochta níos lú mar thoradh air.

    Déanfaidh na Ballstáit measúnú mionsonraithe ar infheidhmeacht na gcoinníollacha sin agus tuairisceoidh siad don Choimisiún é i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a thuairiscítear in Airteagal 11(1), pointe (a).

    4.   I gcás ina bhfuil an próiseas tairisceana teoranta do theicneolaíochtaí nuálacha amháin nó níos mó, ní rachaidh an chabhair a dheonófar do na teicneolaíochtaí sin thar 5 % den acmhainneacht leictreachais nua atá beartaithe ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh in aghaidh na bliana san iomlán.

    5.   Deonófar cabhair mar phréimh sa bhreis ar phraghas an mhargaidh nó i bhfoirm conartha difríochta trína ndíolann na gineadóirí a leictreachas go díreach ar an margadh.

    6.   Díolfaidh tairbhithe cabhrach a leictreachas go díreach ar an margadh agus beidh siad faoi réir freagrachtaí cothromaithe caighdeánacha. Féadfaidh tairbhithe freagrachtaí cothromaithe a sheachfhoinsiú chuig gnóthais eile ar a son, amhail chomhbhailitheoirí. Thairis sin, ní íocfar cabhair maidir le haon tréimhse ina bhfuil praghsanna diúltacha ann. D’fhonn amhras a sheachaint, beidh feidhm aige sin ón uair a athróidh na praghsanna ina bpraghsanna diúltacha.

    7.   D’fhéadfaí go dtairbheodh suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar scála beag de chabhair i bhfoirm tacaíocht praghais dhíreach lena gcumhdaítear costais iomlána na hoibríochta ó dhíolúine ó cheanglas chun an leictreachas a thairgtear ar an margadh a dhíol, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. Measfar go mbeidh suiteálacha ar scála beag chun críocha na míre seo má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme faoi Airteagal 5(2), pointe (b), nó Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2019/943.’

    ;

    (b)

    scriostar míreanna 8, 9 agus 10;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

    ‘11.   Ní dheonófar cabhair ach le linn shaolré an tionscadail.’

    ;

    (40)

    Leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus mhíreanna 1 agus 2:

    ‘Airteagal 43

    Cabhair oibriúcháin chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite agus ó hidrigin in-athnuaite i dtionscadail bheaga a chur chun cinn agus chun pobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn

    1.   Cabhair oibriúcháin um chur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus hidrigin in-athnuaite i dtionscadail bheaga agus i gcomhphobail fuinnimh in-athnuaite, cé is moite de leictreachas a tháirgtear ó hidrigin in-athnuaite, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Chun críocha an Airteagail sin, sainmhínítear tionscadail bheaga mar a leanas:

    (i)

    maidir le giniúint nó stóráil leictreachais – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 1 MW de thoilleadh suiteáilte;

    (ii)

    maidir le hídiú leictreachais – tionscadail ag a bhfuil uaséileamh faoi bhun nó cothrom le 1 MW;

    (iii)

    maidir le teicneolaíochtaí giniúna teasa agus táirgthe gáis – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 1 MW de thoilleadh suiteáilte nó a chomhionann;

    (iv)

    maidir le táirgeadh hidrigine in-athnuaite – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 3 MW de thoilleadh suiteáilte nó a chomhionann;

    (v)

    maidir le táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise – tionscadail faoi bhun nó cothrom le toilleadh suiteáilte de 50 000 tona/bliain;

    (vi)

    maidir le 100 % do thionscadail faoi úinéireacht FBManna agus tionscadail taispeántais – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 6 MW de thoilleadh suiteáilte nó uaséileamh;

    (vii)

    maidir le tionscadail faoi úinéireacht 100 % ag micrifhiontair nó fiontair bheaga i ndáil le fuinneamh gaoithe amháin a ghiniúint - tionscadail faoi bhun nó cothrom le 18 MW de thoilleadh suiteáilte.’;

    (b)

    cuirtear isteach na míreanna 2a agus 2b seo a leanas:

    ‘2a.   Díolmhófar cabhair do phobail fuinnimh in-athnuaite ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt ach amháin maidir le tionscadail a bhfuil toilleadh suiteáilte nó uaséileamh faoi bhun nó cothrom le 6 MW ó gach foinse in-athnuaite seachas fuinneamh gaoithe amháin, lena ndeonófar cabhair do shuiteálacha ag a bhfuil toilleadh suiteáilte faoi bhun nó cothrom le 18 MW.

    2b.   Maidir le cabhair oibriúcháin chun hidrigin a tháirgeadh, ní dhíolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt ach amháin maidir le suiteálacha nach dtáirgtear ach hidrigin in-athnuaite iontu.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Díolmhófar cabhair oibriúcháin le haghaidh táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithgháis (lena n-áirítear bithmheatán) agus breoslaí bithmhaise ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a chomhlíonann na breoslaí dá dtugtar cabhair na critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe agus a mhéid a dhéantar iad as an mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin.’

    ;

    (d)

    scriostar mír 4;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5, 6 agus 7:

    ‘5.   Beidh cabhair teoranta don íosmhéid is gá chun go ndéanfar an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair. Comhlíontar an coinníoll seo má chomhfhreagraíonn an chabhair leis an nglanchostas breise (‘bearna cistiúcháin’) is gá chun cuspóir an bhirt chabhraigh a chomhlíonadh, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach. Níl gá le measúnú mionsonraithe ar an nglanchostas breise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, mar go soláthraítear sa cheann deireanach meastachán iontaofa maidir leis an íoschabhair a theastaíonn ó thairbhithe féideartha.

    6.   Ní dheonófar cabhair ach le linn shaolré an tionscadail.

    7.   Deonófar cabhair mar phréimh sa bhreis ar phraghas an mhargaidh nó i bhfoirm conartha difríochta trína ndíolann na gineadóirí a leictreachas go díreach ar an margadh.’

    ;

    (f)

    cuirtear isteach míreanna 8 agus 9 seo a leanas:

    ‘8.   Beidh tairbhithe cabhrach faoi réir freagrachtaí cothromaithe caighdeánacha. Féadfaidh tairbhithe freagrachtaí cothromaithe a sheachfhoinsiú chuig gnóthais eile ar a son, amhail chomhbhailitheoirí. Thairis sin, ní íocfar cabhair maidir le haon tréimhse ina bhfuil praghsanna diúltacha ann. D’fhonn amhras a sheachaint, beidh feidhm aige sin ón uair a athróidh na praghsanna ina bpraghsanna diúltacha.

    9.   D’fhéadfaí go dtairbheodh suiteálacha leictreachais in-athnuaite ar scála beag agus tionscadail taispeántais de chabhair i bhfoirm tacaíocht praghais dhíreach lena gcumhdaítear costais iomlána na hoibríochta ó dhíolúine ó cheanglas chun an leictreachas a thairgtear ar an margadh a dhíol, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Threoir (AE) 2018/2001. Measfar go mbeidh suiteálacha ar scála beag chun críocha na míre seo má tá a n-acmhainneacht faoi bhun na tairsí is infheidhme faoi Airteagal 5(2), pointe (b) nó Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) 2019/943.’

    ;

    (41)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 44:

    ‘Airteagal 44

    Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha faoi Threoir 2003/96/CE

    1.   Maidir le scéimeanna cabhrach i bhfoirm laghduithe ar chánacha lena gcomhlíontar coinníollacha Threoir 2003/96/CE beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Roghnófar tairbhithe an laghdaithe cánach ar bhonn critéar trédhearcach agus oibiachtúil.

    3.   Íocfaidh tairbhithe an laghdaithe cánach ar a laghad an t-íosleibhéal cánachais a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE, cé is moite den mhéid a leanas:

    (a)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 15(1), pointe (a), de Threoir 2003/96/CE, do tháirgí inchánacha a úsáidtear faoi rialú fioscach i réimse na dtreoirthionscadal le haghaidh forbairt theicneolaíoch táirgí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol nó i ndáil le breoslaí ó acmhainní in-athnuaite;

    (b)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 15(1), pointe (b), an chéad, an dara, an ceathrú agus an cúigiú fleasc, de Threoir 2003/96/CE, do leictreachas (i) de thionscnamh gréine, gaoithe, tonnta, taoide nó geoiteirmeach, (ii) de thionscnamh hiodrálach a tháirgtear i suiteálacha hidrileictreacha, (iii) a ghintear ó mheatán a astaíonn mianaigh ghuail a tréigeadh, agus (iv) a ghintear ó chealla breosla;

    (c)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 15(1), pointe (b), an tríú fleasc, de Threoir 2003/96/CE, do leictreachas a ghintear ó bhithmhais nó ó tháirgí a tháirgtear ó bhithmhais, a mhéid a chomhlíonann an bhithmhais na critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe;

    (d)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 15(1), pointe (d) de Threoir 2003/96/CE, don leictreachas a tháirgtear ó chomhghiniúint teasa agus cumhachta, ar choinníoll gur comhghiniúint ardéifeachtach í comhghiniúint na ngineadóirí comhcheangailte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (34), de Threoir 2012/27/AE;

    (e)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 15(1), pointe (l), de Threoir 2003/96/CE, do tháirgí a thagann faoi chód AC 2705 a úsáidtear chun críoch téimh;

    (f)

    laghduithe a dheonaítear ar bhonn Airteagal 16(1) de Threoir 2003/96/CE.

    4.   Féadfar scéimeanna cabhrach i bhfoirm laghduithe cánach a bhunú ar laghdú ar an ráta cánach is infheidhme nó ar íocaíocht méid cúitimh socraithe nó ar theaglaim de na sásraí sin.

    5.   Díolmhófar laghduithe cánach a dheonaítear ar bhonn Airteagal 16(1) de Threoir 2003/96/CE ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt a mhéid a chomhlíonann na breoslaí dá dtugtar cabhair na critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe agus a mhéid a dhéantar iad as an mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin.’;

    (42)

    cuirtear an tAirteagal 44a seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 44a

    Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha

    1.   Maidir le scéimeanna cabhrach i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh iad chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le laghduithe ar chánacha ná ar thobhaigh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2003/96/CE.

    2.   Ní bheidh cabhair i bhfoirm laghduithe i gcánacha comhshaoil nó tobhaigh pharaifhioscacha comhoiriúnach ach amháin i gcás ina gceadaítear leis an laghdú leibhéal níos airde cosanta comhshaoil a bhaint amach trí raon feidhme na cánach comhshaoil nó na ngnóthas tobhaigh a áireamh nach mbeadh in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothrú d’uireasa an laghdaithe.

    3.   Níl ach na gnóthais sin nach mbeadh in ann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothrú d’uireasa an laghdaithe incháilithe don chabhair. Chun críocha an Airteagail seo, meastar gurb amhlaidh an cás maidir le gnóthais a dtiocfadh méadú suntasach ar a gcostais táirgthe mar gheall ar an gcáin chomhshaoil nó tobhach paraifhioscach d’uireasa an laghdaithe agus nach bhfuil in ann an méadú sin a chur ar aghaidh chuig custaiméirí. Ríomhfar an méadú ar chostais táirgthe mar chion den oll-bhreisluach le haghaidh gach earnáil nó catagóir tairbhithe.

    4.   Roghnófar na tairbhithe ar bhonn critéir thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus oibiachtúla. Deonófar an chabhair sin ar an mbealach céanna do na ghnóthais incháilithe uile atá ag oibriú san earnáil gníomhaíochta eacnamaíche chéanna atá sa staid fhíorasach chéanna nó i staid fhíorasach atá comhchosúil i ndáil le cuspóirí an bhirt cabhrach.

    5.   Ní rachaidh coibhéis deontais chomhláin na cabhrach thar 80 % de ráta ainmniúil na cánach ná an tobhaigh.

    6.   Maidir le scéimeanna cabhrach i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar thobhaigh pharaifhioscacha, féadfar iad a bhunú ar laghdú ar an ráta cánach is infheidhme nó ar íocaíocht méid cúitimh socraithe nó ar theaglaim de na sásraí sin.’;

    (43)

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 45 agus 46:

    ‘Airteagal 45

    Maidir le cabhair infheistíochta chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun bithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó chun réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun bithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó chun réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Féadfar cabhair faoin Airteagal seo a dheonú maidir leis na gníomhaíochtaí a leanas:

    (a)

    damáiste don chomhshaol a leigheas, lena n-áirítear damáiste do cháilíocht ithreach, d’uisce dromchla nó do screamhuisce nó don timpeallacht mhuirí;

    (b)

    gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú ó staid díghrádaithe;

    (c)

    bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint nó a athbhunú i gcás ina gcuireann na hinfheistíochtaí sin le dea-bhail éiceachórais a bhaint amach nó le héiceachórais a chosaint a bhfuil dea-bhail orthu cheana;

    (d)

    réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme.

    3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le cabhair chun slánú a dhéanamh ar an damáiste a rinneadh de dheasca tubaistí nádúrtha, amhail creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte, tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha.

    4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach oiread maidir le cabhair le haghaidh feabhsúcháin nó athshlánú tar éis gléasraí cumhachta agus oibríochtaí mianadóireachta nó eastósctha a dhúnadh.

    5.   Gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*46), nó rialacha ábhartha eile an Aontais maidir le dliteanas i leith damáiste don chomhshaol, i gcás ina sainaithnítear an t-eintiteas nó an gnóthas faoi dhliteanas i leith an damáiste don chomhshaol faoin dlí is infheidhme i ngach Ballstát, maoineoidh an t-eintiteas nó an gnóthas na hoibreacha is gá chun díghrádú comhshaoil agus éilliú a chosc agus a cheartú i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’, agus ní dheonófar aon chabhair le haghaidh na n-oibreacha a mbeidh ceanglas dlíthiúil ar an ngnóthas iad a dhéanamh. Déanfaidh an Ballstát na bearta uile is gá, lena n-áirítear caingean dlí, chun an t-eintiteas nó an gnóthas faoi dhliteanas ag bunús an damáiste don chomhshaol a shainaithint agus ceangal a chur air na costais ábhartha a íoc. I gcás nach féidir an t-eintiteas nó gnóthas faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme a shainaithint nó nach féidir ceangal a chur air na costais ábhartha a bhaineann leis an damáiste a rinne sé don chomhshaol a fheabhsú a íoc, go háirithe toisc nach ann don ghnóthas sin go dlíthiúil a thuilleadh agus nach féidir aon ghnóthas eile a mheas mar a chomharba dlíthiúil nó eacnamaíoch, nó i gcás nach bhfuil urrús leordhóthanach ann chun costais an fheabhsúcháin a shásamh, féadfar cabhair a dheonú chun tacú leis na hoibreacha feabhsúcháin nó athshlánaithe. Ní dheonófar cabhair chun bearta cúitimh a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (*47). Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo chun na costais bhreise is gá a chumhdach chun raon feidhme nó uaillmhian na mbeart sin a mhéadú thar na hoibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 6(4) de Threoir 92/43/CEE.

    6.   Maidir le hinfheistíochtaí i ndamáiste don chomhshaol a leigheas nó i ngnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais a tabhaíodh i leith na n-oibreacha leighis nó athshlánaithe, lúide an méadú ar luach na talún nó na réadmhaoine.

    7.   Is saineolaí cáilithe neamhspleácha a dhéanfaidh na meastóireachtaí ar an méadú ar luach na talún nó na réadmhaoine a bheidh mar thoradh ar leigheas nó ar athshlánú.

    8.   Maidir le hinfheistíochtaí i mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus i réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme, is é a bheidh sna costais incháilithe costais iomlána na n-oibreacha a mbeidh mar thoradh orthu an rannchuidiú le bithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme.

    9.   Ní sháróidh an déine cabhrach an méid seo a leanas:

    (a)

    100 % de na costais incháilithe maidir le hinfheistíochtaí i ndamáiste don chomhshaol a leigheas nó i ngnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú;

    (b)

    70 % de na costais incháilithe maidir le hinfheistíochtaí i mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú nó i réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme.

    10.   Maidir leis an déine cabhrach le haghaidh infheistíochtaí i mbithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus i réitigh dhúlrabhunaithe ar oiriúnú agus ar mhaolú don athrú aeráide a chur chun feidhme, féadfar í a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide.

    Airteagal 46

    Cabhair infheistíochta um théamh agus/nó fuarú ceantair atá tíosach ar fhuinneamh

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a thógáil, a leathnú nó a uasghrádú, lena n-áirítear suiteálacha giniúna téimh nó fuaraithe agus/nó réitigh stórála teirmí agus/nó an gréasán dáileacháin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní dheonófar cabhair ach amháin chun córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair a thógáil a leathnú nó a uasghrádú ar córais iad atá tíosach ar fhuinneamh nó a ndéanfar córas tíosach ar fhuinneamh díobh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (41), de Threoir 2012/27/AE. I gcás nach ndéantar córas atá go hiomlán tíosach ar fhuinneamh de fós de thoradh na n-oibreacha ar tacaíodh leo ar an líonra dáileacháin, cuirfear tús leis na huasghrádaithe breise is gá maidir le teacht faoin sainmhíniú ar théamh agus fuarú ceantair atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, i gcás saoráidí giniúna téimh agus/nó fuaraithe atá faoi réir na cabhrach, laistigh de 3 bliana ó thús na n-oibreacha ar tacaíodh leo ar an líonra dáileacháin.

    3.   Féadfar cabhair a dheonú maidir le giniúint fuinnimh bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil atá comhlíontach le hIarscríbhinn VII de Threoir (AE) 2018/2001, fuíollteas nó comhghiniúint ardéifeachtúlachta, chomh maith le réitigh stórála teirmí. D’fhéadfaí go mbunófaí cabhair le haghaidh giniúint fuinnimh bunaithe ar dhramhaíl a chomhlíonann sainmhíniú foinsí fuinnimh in-athnuaite nó dramhaíl a úsáidtear chun suiteálacha a chomhlíonann sainmhíniú na comhghiniúna ardéifeachtaí a bhreoslú. Níor cheart go rachadh dramhaíl a úsáidtear mar bhreosla ionchuir timpeall ar phrionsabal ord na réiteach dramhaíola mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE.

    4.   Ní dheonófar cabhair chun saoráidí giniúna bunaithe ar bhreoslaí iontaise a thógáil nó a uasghrádú, ach amháin iad sin atá bunaithe ar ghás nádúrtha. Ní dheonófar cabhair chun saoráidí giniúna bunaithe ar ghás nádúrtha a thógáil nó a uasghrádú ach amháin i gcás ina n-áirithítear comhlíontacht le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 i gcomhréir le hIarscríbhinn 1, roinn 4.30 de Rialachán Tarmligthe (AE)2021/2139.

    5.   Maidir le huasghrádaithe ar líonraí stórála agus dáileacháin lena dtarchuirtear téamh agus fuarú arna ghiniúint le breoslaí iontaise, ní fhéadfar cabhair a dheonú le haghaidh na n-uasghrádaithe sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    tá an líonra oiriúnach, nó déantar líonra oiriúnach de, le haghaidh téamh nó fuarú a tharchur arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus/nó ó fuíollteas;

    (b)

    níl giniúint mhéadaithe fuinnimh ó bhreoslaí iontaise, seachas gás nádúrtha, mar thoradh ar an uasghrádú. I gcás uasghrádú ar an stóráil nó ar an líonra lena ndáiltear téamh agus fuarú a ghintear ó ghás nádúrtha, a mhéid is go dtiocfaidh méadú ar ghiniúint fuinnimh ó ghás nádúrtha mar thoradh ar an uasghrádú, ní mór do na saoráidí giniúna sin a bheith i gcomhréir le spriocanna aeráide 2030 agus 2050, i gcomhréir le hIarscríbhinn 1, roinn 4.31 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE)2021/2139.

    6.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais infheistíochta a bhaineann le tógáil nó uasghrádú córais téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá tíosach ar fhuinneamh.

    7.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 30 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide.

    8.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú 15 phointe céatadáin le haghaidh infheistíochtaí nach n-úsáidtear ach foinsí fuinnimh in-athnuaite, fuíollteas nó teaglaim den dá cheann iontu, lena n-áirítear comhghiniúint in-athnuaite.

    9.   Mar mhalairt ar mhír 7, féadfaidh sé gur suas le 100 % den bhearna cistiúcháin a bheidh sa déine cabhrach. Beidh an chabhair teoranta don íosmhéid is gá chun go ndéanfar an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair. Comhlíontar an coinníoll seo má chomhfhreagraíonn an chabhair don bhearna chistiúcháin mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2, pointe (118). Níl gá le measúnú mionsonraithe ar an nglanchostas breise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, mar go soláthraítear sa cheann deireanach meastachán iontaofa maidir leis an íoschabhair a theastaíonn ó thairbhithe féideartha.

    (*46)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56)."

    (*47)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).’;"

    (44)

    Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus mhíreanna 1 go 8:

    ‘Airteagal 47

    Cabhair infheistíochta le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus ciorclaíochta, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Deonófar an chabhair le haghaidh na gcineálacha infheistíochta seo a leanas:

    (a)

    infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht acmhainní trí cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

    (i)

    glanlaghdú ar na hacmhainní a ídítear i dtáirgeadh chainníocht áirithe aschuir i gcomparáid le próiseas táirgthe atá ann cheana a úsáideann an tairbhí nó le tionscadail nó gníomhaíochtaí malartacha a liostaítear faoi mhír 7. Áireofar sna hacmhainní arna n-ídiú na hacmhainní ábhair uile arna n-ídiú, cé is moite d’fhuinneamh, agus cinnfear an laghdú trí ídiú roimh chur chun fheidhme an bhirt cabhrach agus ina dhiaidh a thomhas nó a mheas, agus aon choigeartú á chur san áireamh le haghaidh dálaí seachtracha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ídiú acmhainní;

    (ii)

    amhábhair thánaisteacha nó bunábhair thánaisteacha (athúsáidte nó athchúrsáilte) a chur in ionad príomh-amhábhar nó príomh-bhunábhar;

    (b)

    infheistíochtaí chun dramhaíl arna giniúint ag an tairbhí a laghdú, a chosc, a ullmhú lena hathúsáid, a shórtáil agus a athchúrsáil nó infheistíochtaí chun ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh dramhaíl arna giniúint ag tríú páirtithe a athúsáid, a shórtáil agus a athchúrsáil ar dramhaíl nach n-úsáidfí ar bhealach eile í, a dhiúscrófaí nó a chóireálfaí bunaithe ar oibriúchán cóireála atá níos ísle in ord tosaíochta in ord na réiteach dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe(1) de Threoir 2008/98/CE nó ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna ó thaobh acmhainní de, nó a mbeadh cáilíocht ní b’ísle athchúrsála ann dá dheasca;

    (c)

    infheistíochtaí le haghaidh bhailiú, shórtáil, dhí-éilliú, réamhchóireáil agus chóireáil táirgí, ábhair agus substaintí eile arna nginiúint ag an tairbhí nó ag tríú páirtithe nach n-úsáidfí ar bhealach eile nó a d’úsáidfí ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna ó thaobh acmhainní de;

    (d)

    infheistíochtaí i mbailiú agus i sórtáil ar leithligh dramhaíola d’fhonn a ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh athúsáide nó athchúrsála.

    3.   Maidir le cabhair le haghaidh diúscairt dramhaíola agus oibriúchán aisghabhála dramhaíola chun fuinneamh a ghiniúint, ní dhíolmhófar faoin Airteagal seo í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh maidir le fógra a thabhairt.

    4.   Ní thabharfar faoiseamh leis an gcabhair do ghnóthais a ghineann dramhaíl ó aon chostais ná oibleagáidí a bhaineann le cóireáil na dramhaíola a bhfuil siad faoi dhliteanas ina leith faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear faoi scéimeanna freagrachta táirgeoirí leathnaithe, nó ó chostais is ceart a mheas mar ghnáthchostais ghnóthais.

    5.   Níor cheart go mbeadh an chabhair ina dhreasú do dhramhaíl a ghiniúint nó d’úsáid mhéadaithe acmhainní.

    6.   Infheistíochtaí a bhaineann le teicneolaíochtaí ar cleachtas tráchtála seanbhunaithe atá brabúsach cheana iad ar fud an Aontais, ní dhéanfar iad a dhíolmhú faoin Airteagal seo ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh maidir le fógra a thabhairt.

    7.   Is costais incháilithe na costais infheistíochta bhreise arna gcinneadh trí chostais iomlána infheistíochta an tionscadail a chur i gcomparáid le tionscadal atá níos díobhálaí don chomhshaol nó le gníomhaíocht ar ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas í:

    (a)

    cás frithfhíorasach arb éard atá ann infheistíocht inchomparáide a dhéanamh go hinchreidte i bpróiseas táirgthe nua nó i bpróiseas táirgthe a bhí ann cheana gan chabhair agus nach mbaintear amach an leibhéal céanna éifeachtúlachta acmhainní leis;

    (b)

    cás frithfhíorasach arb éard atá ann an dramhaíl a chóireáil bunaithe ar oibríocht chóireála a bhfuil ord tosaíochta níos ísle aige in ord an chisil dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE nó an dramhaíl, táirgí, ábhair nó substaintí eile a chóireáil ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna ó thaobh acmhainní de;

    (c)

    cás frithfhíorasach arb éard atá ann infheistíocht inchomparáide i bpróiseas táirgthe traidisiúnta ina n-úsáidtear amhábhar príomhúil, nó bunábhar, má más féidir an táirge tánaisteach (athúsáid nó aisghafa) a fuarthas a chur in ionad an táirge phríomhúil go teicniúil agus go heacnamaíoch.

    Sna cásanna uile a liostaítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), beidh an cás frithfhíorasach comhfhreagrach d’infheistíocht ag a bhfuil acmhainneacht aschuir inchomparáide agus saolré lena gcomhlíontar caighdeáin an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin. Beidh an cás frithfhíorasach inchreidte i bhfianaise ceanglais dhlíthiúla, dhálaí an mhargaidh agus dreasachtaí.

    I gcás inar comhpháirt fhorlíontach le saoráid atá ann cheana í an infheistíocht, nach bhfuil infheistíocht chomhionann nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaoil ann di, nó i gcás inar féidir le hiarratasóir na cabhrach a léiriú nach dtarlódh aon infheistíocht in éagmais na cabhrach, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta.

    8.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide.’;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh aon infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeáin ón Aontas a glacadh agus atá i bhfeidhm cheana a chomhlíonadh. Féadfar cabhair a dheonú faoin Airteagal seo le haghaidh infheistíochtaí arna ndéanamh chun caighdeáin ón Aontas a glacadh ach nach bhfuil i bhfeidhm go fóill a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcuirtear an infheistíocht chun feidhme agus i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm.’

    ;

    (45)

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagail 48 agus 49:

    ‘Airteagal 48

    Cabhair infheistíochta um bonneagar fuinnimh

    1.   Maidir le cabhair infheistíochta chun bonneagair fuinnimh a thógáil nó a uasghrádú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Maidir le cabhair um bonneagar fuinnimh atá díolmhaithe i bpáirt nó go hiomlán ó rochtain tríú páirt nó ó rialáil taraifí i gcomhréir le reachtaíocht um margadh fuinnimh inmheánach, ní dhíolmhófar faoin Airteagal seo í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh maidir le fógra a thabhairt.

    3.   Ní bheidh cabhair as infheistíochtaí i dtionscadail stórála leictreachais agus gáis díolmhaithe ón gceanglas faoin Airteagal seo maidir le fógra a thabhairt.

    4.   Ní dhíolmhófar cabhair le haghaidh bhonneagar fuinnimh ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt ach amháin i gcás ina dtiomnaítear an bonneagar atá i gceist d’úsáid hidrigine agus/nó d’úsáid gás in-athnuaite, nó i gcás ina n-úsáidtear chun níos mó ná 50 % hidrigin agus gás in-athnuaite a iompar.

    5.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais iomlána infheistíochta.

    6.   Féadfaidh sé gur suas le 100 % den bhearna cistiúcháin a bheidh sa déine cabhrach. Beidh an chabhair teoranta don íosmhéid is gá chun go ndéanfar an tionscadal nó an ghníomhaíocht dá dtugtar cabhair. Comhlíontar an coinníoll seo má chomhfhreagraíonn an chabhair don bhearna chistiúcháin mar a shainmhínítear faoi Airteagal 2, pointe (118). Níl gá le measúnú mionsonraithe ar an nglanchostas breise má chinntear méideanna na cabhrach trí phróiseas tairisceana iomaíoch, mar go soláthraítear ann meastachán iontaofa maidir leis an íoschabhair a theastaíonn ó thairbhithe féideartha.

    Airteagal 49

    Cabhair le haghaidh staidéar agus seirbhísí sainchomhairleoireachta maidir le ceisteanna cosanta comhshaoil agus fuinnimh

    1.   Maidir le cabhair le haghaidh staidéar nó seirbhísí sainchomhairleoireachta lena n-áirítear iniúchtaí fuinnimh, a nasctar go díreach le hinfheistíochtaí atá incháilithe do chabhair faoin Roinn seo, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   I gcás ina mbaineann an staidéar iomlán nó an tseirbhís sainchomhairleoireachta iomlán le hinfheistíochtaí atá incháilithe do chabhair faoin Roinn seo, is é a bheidh sna costais incháilithe costais an staidéir nó na seirbhíse sainchomhairleoireachta. I gcás nach mbaineann ach cuid den staidéar nó den tseirbhís sainchomhairleoireachta le hinfheistíochtaí atá incháilithe do chabhair faoin Roinn seo, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais ar an gcuid den staidéar nó den tseirbhís sainchomhairleoireachta a bhaineann leis na hinfheistíochtaí sin.

    2a.   Deonófar cabhair gan beann ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh infheistíocht incháilithe do chabhair faoin Roinn ann i ndiaidh torthaí an staidéir nó torthaí na seirbhíse sainchomhairleoireachta a fháil.

    3.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 60 % de na costais incháilithe.

    4.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith staidéar nó seirbhísí sainchomhairleoireachta arna ndéanamh thar ceann gnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith staidéir nó seirbhísí sainchomhairleoireachta arna ndéanamh thar ceann gnóthais mheánmhéide.

    5.   Ní dheonófar cabhair d’iniúchtaí fuinnimh a dhéantar chun Treoir 2012/27/AE a chomhlíonadh, mura ndéantar an t-iniúchadh fuinnimh sa bhreis ar an iniúchadh fuinnimh sainordaitheach faoin Treoir sin.’;

    (46)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52 agus Airteagal 52a:

    ‘Airteagal 52

    Cabhair do líonraí leathanbhanda fhosaithe

    1.   Beidh cabhair d’imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra leathanbhanda fhosaithe a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn phróiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 6, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha. Éilíonn réamh-mheastachán réasúnta an bhirt go gcuirfear san áireamh na costais uile agus na hioncaim uile a bhfuiltear ag súil go dtabhófar thar shaolré eacnamaíoch na hinfheistíochta.

    3.   Is incháilithe atá na cineálacha malartacha infheistíochta seo a leanas:

    (a)

    imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe chun teaghlaigh agus spreagthaí socheacnamaíocha a nascadh i limistéir nach bhfuil aon líonra ag soláthar luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi dhálaí buaic-ama (luas tairsí) ann cheana iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh den tréimhse ama ábhartha. Fíorófar seo trí mhapáil agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4;

    (b)

    imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe chun spreagthaí socheacnamaíocha a nascadh i limistéir nach bhfuil ach aon líonra amháin ag soláthar luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi dhálaí buaic-ama ach faoi bhun 300 Mbps faoi dhálaí buaic-ama (luas tairsí) ann cheana iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh den tréimhse ama ábhartha. Fíorófar seo trí mhapáil agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 5.

    4.   Limistéir ina bhfuil líonra amháin ar a laghad is féidir a uasghrádú chun luas íoslódála 1 Gbps ar a laghad a sholáthar faoi dhálaí buaic-ama, níl siad incháilithe le haghaidh idirghabhálacha faoi fhomhíreanna (a) agus (b) de mhír 3. Meastar gur féidir líonra a uasghrádú chun luas íoslódála 1 Gbps ar a laghad a sholáthar faoi dhálaí buaic-ama más rud é gur féidir leis an luas seo a sholáthar le hinfheistíocht imeallach, amhail uasghrádú ar threalamh gníomhach, gan infheistíocht shuntasach a dhéanamh i mbonneagar leathanbhanda.

    5.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas go carnach sa mhapáil agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3:

    (a)

    sainaithneofar sa mhapáil na sprioclimistéir gheografacha atá beartaithe a chumhdach faoin idirghabháil Stáit agus cuirfear san áireamh ann na líonraí leathanbhanda fhosaithe uile atá ann cheana. Déanfar an mhapáil:

    (i)

    i gcás líonraí fosaithe sreangaithe, ar leibhéal seolta ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha;

    (ii)

    ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang.

    I gcás ina n-áireofar le himscaradh líonra, ag an am céanna, imscaradh líonra rochtana agus imscaradh teoranta an líonra aisiompair choimhdeach is gá chun feidhmiú an líonra rochtana a chumasú, ní gá líonraí aisiompair a mhapáil.

    Is gá na gnéithe ar fad den mhodheolaíocht agus na critéir theicniúla bhunúsacha a úsáidtear chun na sprioclimistéir a mhapáil a chur ar fáil go poiblí. Fíorófar an mhapáil trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás;

    (b)

    Déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe na hidirghabhála Stáit atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh mapála a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (a). Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Iarrfar ar pháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí trácht a dhéanamh ar an idirghabháil Stáit atá beartaithe agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach i gcomhréir le pointe (a) maidir leis na líonraí dá gcuid a sholáthraíonn na luasanna tairsí a leagtar amach i mír 3 ar líonraí iad atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh sa sprioclimistéar laistigh den tréimhse ama ábhartha. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    6.   Bainfidh an idirghabháil feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh den tréimhse ama ábhartha, arna shainaithint tríd an mapáil agus comhairliúchán poiblí a dhéantar i gcomhréir le mír 5. Ní dhéanfar líonraí atá beartaithe go hinchreidte a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an athrú ó bhonn ach amháin i gcás ina bhféadfaí, leis na líonraí sin amháin, feidhmíocht a sholáthar atá comhchosúil le feidhmíocht an líonra Státchistithe atá beartaithe sna sprioclimistéir laistigh den tréimhse ama ábhartha. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, de thoradh na hidirghabhála fóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra leathanbhanda agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumais nua an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí leathanbhanda, le luasanna na seirbhísí sin agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte laistigh den tréimhse ábhartha. Áireofar san idirghabháil infheistíochtaí 70 % nó níos mó i mbonneagar leathanbhanda. In aon chás, maidir le idirghabháil incháilithe, mar a leagtar síos i mír 3, ní mór na feabhsuithe seo a leanas ar a laghad a bheith dá toradh:

    (a)

    maidir le hidirghabhálacha faoi mhír 3, pointe (a), tiocfaidh méadú faoi thrí ar a laghad ar luas íoslódála an líonra Státchistithe i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana (spriocluas);

    (b)

    maidir le hidirghabhálacha faoi mhír 3, pointe (b), tiocfaidh méadú faoi thrí ar a laghad ar luas íoslódála an líonra Státchistithe i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana, agus soláthróidh siad luas íoslódála 1 Gbps ar a laghad faoi dhálaí buaic-ama (spriocluas).

    7.   Deonófar an chabhair mar a leanas:

    (a)

    leithdháilfear an chabhair ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a bheidh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí agus lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bhunófar ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch;

    (b)

    i gcás ina ndéanfar an chabhair a dheonú gan nós imeachta roghnúcháin iomaíoch d’údarás poiblí chun líonra leathanbhanda fhosaithe a imscaradh agus a bhainistiú go díreach nó trí eintiteas inmheánach, ní sholáthróidh an t-údarás poiblí ná an t-eintiteas inmheánach, de réir mar a bheidh, ach seirbhísí mórdhíola tríd an líonra fóirdheonaithe a úsáid. Aon lamháltas nó aon ní eile a thabharfar do thríú páirtí chun an líonra a thógáil nó a oibriú, is trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéanfar é a leithdháileadh, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bheidh bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

    8.   Cuirfidh an líonra fóirdheonaithe rochtain mhórdhíola ar fáil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha. De mhaolú air sin, féadfaidh idirghabhálacha atá incháilithe faoi mhír (3), pointe (a) díchuachadh fíorúil a thairiscint seachas díchuachadh fisiciúil má dhéanann an t-údarás rialála náisiúnta nó údarás inniúil eile an táirge fíorúla rochtana díchuachta a fhormheas roimh ré. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó thús oibriú an líonra agus deonófar rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar leathanbhanda ar feadh shaolré na ngnéithe lena mbaineann. Ní mór rochtain bunaithe ar dhíchuachadh fíorúil a dheonú ar feadh tréimhse ama atá cothrom le saolré an bhonneagair dá bhfuil díchuachadh fíorúil mar ionadaí. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra ar fad, lena n-áirítear ar chodanna den líonra inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra. Cuirfidh an líonra rochtain ar fáil do thriúr cuardaitheoirí rochtana ar a laghad agus cuirfidh sé 50°% ar a laghad den acmhainn ar fáil do chuardaitheoirí rochtana. Chun go mbeidh an rochtain mhórdhíola éifeachtach agus chun go mbeidh na cuardaitheoirí rochtana in ann seirbhísí a sholáthar, deonófar rochtain mhórdhíola freisin ar chodanna den líonra nach bhfuil Státchistithe nó a d’fhéadfadh nár imscar tairbhí na cabhrach iad, amhail trí rochtain a thabhairt ar threalamh gníomhach fiú mura bhfuil ach bonneagar leathanbhanda á mhaoiniú.

    9.   Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna agus prionsabail phraghsála seo a leanas:

    (a)

    na meánphraghsanna mórdhíola foilsithe atá i réim i limistéir eile inchomparáide agus níos iomaíche den Bhallstát nó den Aontas;

    (b)

    na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta ag an údarás rialála náisiúnta cheana le haghaidh na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó

    (c)

    treoshuíomh costais nó modheolaíocht sainordaithe i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála.

    Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    10.   Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 mhilliún.

    11.   Chun a áirithiú go mbeidh an chabhair comhréireach fós agus nach ndéanfar róchúiteamh nó tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí nach bhfaigheann cabhair mar thoradh uirthi, déanfaidh tairbhí na cabhrach deighilt chuntasaíochta a áirithiú idir na cistí a úsáidtear chun an líonra Státchistithe a imscaradh agus a oibriú agus cistí eile atá aige.

    Airteagal 52a

    Cabhair do líonraí móibíleacha 4G agus 5G

    1.   Beidh cabhair d’imscaradh líonraí móibíleacha 4G agus 5G comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh comhpháirteanna éighníomhacha agus gníomhacha de líonra móibíleach a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn próiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 7, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 7, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha. Éilíonn réamh-mheastachán réasúnta an bhirt go gcuirfear san áireamh na costais uile agus na hioncaim uile a bhfuiltear ag súil go dtabhófar thar shaolré eacnamaíoch na hinfheistíochta.

    3.   Beidh imscaradh líonra móibíleach 5G lonnaithe i limistéir nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 4G ná 5G ann cheana iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh den tréimhse ama ábhartha. Beidh tacaíocht le hinfheistíocht mhóibíleach 4G lonnaithe i limistéir nach bhfuil aon líonraí móibíleacha 3G, 4G ná 5G ann cheana iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte na líonraí sin a imscaradh iontu laistigh den tréimhse ama ábhartha. Fíorófar na ceanglais seo trí mhapáil agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4.

    4.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas go carnach sa mhapáil agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3:

    (a)

    sainaithneofar go soiléir sa mhapáil na sprioclimistéir gheografacha atá beartaithe a chumhdach faoin idirghabháil Stáit agus cuirfear san áireamh ann na líonraí móibíleacha uile atá ann cheana. Déanfar an mhapáil ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad. Is gá na gnéithe ar fad den mhodheolaíocht agus na critéir theicniúla bhunúsacha a úsáidtear chun na sprioclimistéir a mhapáil a chur ar fáil go poiblí. Fíorófar an mhapáil trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás;

    I gcás ina n-áireofar imscaradh líonra rochtana agus imscaradh teoranta an líonra aisiompair is gá chun feidhmiú an líonra rochtana a chumasú an tráth céanna agus a dhéantar líonra a imscaradh, ní gá líonraí aisiompair a mhapáil ar leithligh;

    (b)

    Déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe na hidirghabhála Stáit atá beartaithe agus liosta na sprioclimistéar geografach a sainaithníodh sa chleachtadh mapála a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (a). Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí trácht a dhéanamh ar an idirghabháil Stáit atá beartaithe agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach i gcomhréir le pointe (a) maidir leis na líonraí móibíleacha dá gcuid leis na saintréithe a leagtar amach i mír 3 ar líonraí iad atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh sa sprioclimistéar laistigh den tréimhse ama ábhartha. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    5.   Ní chuirfear an bonneagar dá dtugtar cabhair san áireamh chun comhlíonadh a dhéanamh ar na hoibleagáidí cumhdaigh de chuid oibreoirí líonraí móibíleacha a eascróidh as coinníollacha atá ceangailte le cearta chun speictream 4G agus 5G a úsáid.

    6.   Bainfidh an idirghabháil feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí móibíleacha atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh den tréimhse ama ábhartha, arna shainaithint trí mhapáil agus comhairliúchán poiblí a dhéantar i gcomhréir le mír 4. Ní dhéanfar líonraí atá beartaithe go hinchreidte a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an athrú ó bhonn ach amháin i gcás ina bhféadfaí, leis na líonraí sin amháin, feidhmíocht a sholáthar atá comhchosúil le feidhmíocht an líonra Státchistithe atá beartaithe sna sprioclimistéir laistigh den tréimhse ama ábhartha. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, de thoradh na hidirghabhála fóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra móibíleach agus go bhfágfaidh an líonra fóirdheonaithe gur fearr i bhfad a bheidh cumas an mhargaidh maidir le hinfhaighteacht agus acmhainneacht seirbhísí móibíleacha, le luasanna na seirbhísí sin, agus leis an iomaíocht i réimse na seirbhísí sin, i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte laistigh den tréimhse ábhartha. Áireofar san idirghabháil infheistíocht 50 % nó níos mó i mbonneagar leathanbhanda.

    7.   Deonófar an chabhair mar a leanas:

    (a)

    leithdháilfear an chabhair ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a bheidh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí agus lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bhunófar ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch;

    (b)

    i gcás ina ndéanfar an chabhair a dheonú gan nós imeachta roghnúcháin iomaíoch d’údarás poiblí chun líonra móibíleach éighníomhach a imscaradh agus a bhainistiú go díreach nó trí eintiteas inmheánach, ní sholáthróidh an t-údarás poiblí nó an t-eintiteas inmheánach, de réir mar a bheidh, ach seirbhísí mórdhíola tríd an líonra fóirdheonaithe a úsáid. Aon lamháltas nó aon ní eile a thabharfar do thríú páirtí chun an líonra a thógáil nó a oibriú, is trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéanfar é a leithdháileadh, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bheidh bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

    8.   Cuirfear oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ar fáil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó thús oibriú an líonra agus deonófar rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar leathanbhanda ar feadh shaolré na ngnéithe lena mbaineann. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra ar fad, lena n-áirítear ar na codanna de líonra den sórt sin inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra. Chun go mbeidh an rochtain mhórdhíola éifeachtach agus chun go mbeidh na cuardaitheoirí rochtana in ann seirbhísí a sholáthar, deonófar rochtain mhórdhíola freisin ar chodanna den líonra nach bhfuil Státchistithe nó a d’fhéadfadh nár imscar tairbhí na cabhrach iad, amhail trí rochtain a thabhairt ar threalamh gníomhach fiú mura bhfuil ach bonneagar leathanbhanda á mhaoiniú.

    9.   Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas:

    (a)

    na meánphraghsanna mórdhíola foilsithe atá i réim i limistéir eile inchomparáide agus níos iomaíche den Bhallstát nó den Aontas;

    (b)

    na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta ag an údarás rialála náisiúnta cheana le haghaidh na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann;

    (c)

    treoshuíomh costais nó modheolaíocht sainordaithe i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála.

    Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    10.   Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 mhilliún.

    11.   Ní cheadófar líonra 4G nó 5G Státchistithe a úsáid chun seirbhísí rochtana fosaithe gan sreang a sholáthar ach amháin i limistéir nach bhfuil aon líonra ag soláthar luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi dhálaí buaic-ama ann cheana iontu nó nach bhfuil sé beartaithe go hinchreidte ceann a imscaradh iontu laistigh den tréimhse ama ábhartha, má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

    (a)

    cuirtear san áireamh sa chleachtadh mapála agus comhairliúcháin phoiblí na líonraí leathanbhanda fhosaithe atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 52(5);

    (b)

    tiocfaidh méadú faoi thrí ar a laghad ar luas íoslódála an líonra fhosaithe gan sreang 4G nó 5G a fhaigheann tacaíocht i gcomparáid leis na líonraí atá ann cheana nó atá beartaithe go hinchreidte (spriocluas) i gcomhréir le hAirteagal 52(5).

    12.   Chun a áirithiú go mbeidh an chabhair comhréireach fós agus nach ndéanfar róchúiteamh nó tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí nach bhfaigheann cabhair mar thoradh uirthi, déanfaidh tairbhí na cabhrach deighilt chuntasaíochta a áirithiú idir na cistí a úsáidtear chun an líonra Státchistithe a imscaradh agus a oibriú agus cistí eile atá aige.’;

    (47)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52c:

    ‘Airteagal 52c

    Dearbháin nascachta

    1.   Maidir le cabhair a bheidh i bhfoirm scéime dearbhán nascachta do thomhaltóirí chun teilea-oibriú, oideachas ar líne agus seirbhísí oiliúna a éascú nó do FBManna, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar í ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Ní mhairfidh aon scéim dearbhán níos mó ná 3 bliana. Ní fhéadfaidh bailíocht na ndearbhán d’úsáideoirí deiridh a bheith níos faide ná 2 bhliain.

    3.   Beidh na catagóirí dearbhán seo a leanas incháilithe:

    (a)

    dearbháin atá ar fáil do thomhaltóirí agus do FBManna chun síntiús a ghlacadh le seirbhís leathanbhanda nua nó chun an síntiús reatha a uasghrádú go seirbhís a sholáthraíonn luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad faoi choinníollacha buaic-ama, ar choinníoll go bhfuil gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraíonn luasanna íoslódála 30 Mbps ar a laghad faoi choinníollacha buaic-ama incháilithe faoin scéim. Ní bhronnfar dearbháin chun athrú idir soláthraithe a sholáthraíonn na luasanna céanna leis na luasanna atá ar fáil cheana féin faoin síntiús atá ann cheana nó le haghaidh uasghrádú ar shíntiús reatha de 30 Mbps ar a laghad faoi dhálaí buaic-ama;

    (b)

    dearbháin atá ar fáil do FBManna chun síntiús a ghlacadh le seirbhís leathanbhanda nua nó chun an síntiús reatha a uasghrádú go seirbhís a sholáthraíonn luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi choinníollacha buaic-ama, ar choinníoll go bhfuil gach soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthraíonn luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad faoi choinníollacha buaic-ama incháilithe faoin scéim. Ní bhronnfar dearbháin lchun athrú idir soláthraithe a sholáthraíonn na luasanna céanna leis na luasanna atá ar fáil cheana féin faoin síntiús atá ann cheana nó le haghaidh uasghrádú ar shíntiús reatha de 100 Mbps ar a laghad a íoslódáil faoi dhálaí buaic-ama.

    4.   Cumhdóidh na dearbháin suas le 50 % de na costais incháilithe. Is iad na costais incháilithe an táille mhíosúil, na gnáthchostais bhunaithe agus an trealamh teirminéil is gá do na húsáideoirí deiridh chun na seirbhísí leathanbhanda a úsáid leis na luasanna a shonraítear i mír 3. I dtaca leis na costais sreangúcháin laistigh den teach agus imscaradh teoranta ar mhaoin phríobháideach na n-úsáideoirí deiridh nó ar mhaoin phoiblí atá an-ghar di, féadfaidh na costais sin a bheith incháilithe freisin a mhéid ar gá iad agus gur costais choimhdeacha iad leis an tseirbhís a sholáthar. Íocfaidh na húdaráis phoiblí an dearbhán go díreach leis na húsáideoirí deiridh nó go díreach leis an soláthraí seirbhíse a roghnaíonn na húsáideoirí deiridh.

    5.   Ní chuirfear dearbháin ar fáil i gcás limistéir nach bhfuil aon líonra ann a sholáthraíonn na seirbhísí incháilithe a shonraítear i mír 3. Ní mór do na Ballstáit comhairliúchán poiblí a dhéanamh trí phríomhthréithe na scéime agus liosta na sprioclimistéar geografach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Sa chomhairliúchán poiblí, tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar an dréachtbheart agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach maidir leis na líonraí atá ann cheana atá in ann an luas a shonraítear i mír 3 a sholáthar go hiontaofa. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    6.   Beidh dearbháin neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Áiritheofar leis na scéimeanna go gcaithfear go cothrom le gach soláthraí seirbhíse is féidir agus tabharfaidh siad an rogha is leithne is féidir do na húsáideoirí deiridh gan beann ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear. Chun na críche sin, déanfaidh na Bhallstát clárlann ar líne a bhunú de gach soláthraí seirbhíse féideartha nó modh malartach coibhéiseach a chur chun feidhme chun oscailteacht, trédhearcacht agus tréithe neamh-idirdhealaitheacha na idirghabhála Stáit a áirithiú. Beidh an fhéidearthacht ag úsáideoirí deiridh teacht ar an bhfaisnéis sin faoi gach gnóthas atá in ann na seirbhísí incháilithe a sholáthar. Beidh sé de cheart ag gach gnóthas atá in ann seirbhísí incháilithe a sholáthar, arna iarraidh sin, a bheith san áireamh sa chlár ar líne nó in aon suíomh malartach a roghnaíonn an Ballstát.

    7.   Chun saobhadh margaidh a íoslaghdú, déanfaidh na Ballstáit measúnú margaidh lena sainaithneofar na soláthraithe incháilithe atá i láthair sa réimse agus lena mbaileofar faisnéis chun a sciar den mhargadh, glacadh seirbhísí incháilithe agus a bpraghsanna a ríomh. Ní dheonófar cabhair ach amháin má chinntear sa mheasúnú margaidh go bhfuil an scéim deartha leathan go leor ionas nach rachaidh sí chun tairbhe mhíchuí do líon teoranta soláthraithe agus nach n-athneartaíonn an scéim cumhacht (áitiúil) margaidh soláthraithe áirithe.

    8.   Chun a bheith incháilithe, nuair atá soláthraí seirbhísí leathanbhanda comhtháite go hingearach agus sciar os cionn 25 % den mhargadh miondíola aige, ní mór dó táirgí rochtana mórdhíola a thairiscint ar an margadh comhfhreagrach rochtana mórdhíola, ar ar a mbonn a bheidh aon iarrthóir rochtana in ann na seirbhísí incháilithe a sholáthar ag a luas a shonraítear i mír 3, faoi choinníollacha oscailte, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

    Beidh an praghas rochtana mórdhíola socraithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna agus prionsabail phraghsála seo a leanas:

    (a)

    na meánphraghsanna mórdhíola foilsithe atá i réim i limistéir eile inchomparáide agus níos iomaíche den Bhallstát nó den Aontas;

    (b)

    na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta ag an údarás rialála náisiúnta cheana le haghaidh na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann;

    (c)

    treoshuíomh costas nó modheolaíocht sainordaithe i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála.

    Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.’;

    (48)

    cuirtear Airteagal 52d seo a leanas isteach:

    ‘Airteagal 52d

    Cabhair le haghaidh líonraí aisiompair

    1.   Beidh cabhair d’imscaradh líonraí leathanbhanda aisiompair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3) den Chonradh agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh chun fógra a thabhairt í, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I.

    2.   Is é a bheidh sna costais incháilithe na costais uile le haghaidh líonra aisiompair a thógáil, a bhainistiú agus a oibriú. Déanfar an t-uasmhéid cabhrach do thionscadal a shuí ar bhonn phróiseas roghnúcháin iomaíoch, mar a leagtar amach i mír 6, pointe (a). I gcás ina ndéanfar infheistíocht i gcomhréir le mír 6, pointe (b), gan próiseas roghnúcháin iomaíoch, ní rachaidh an méid cabhrach thar an difríocht idir na costais incháilithe agus brabús oibriúcháin na hinfheistíochta. Asbhainfear an brabús oibriúcháin ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastachán réasúnach agus fíorófar é ex post trí shásra aisghlámtha. Éilíonn réamh-mheastachán réasúnta an bhirt go gcuirfear san áireamh na costais uile agus na hioncaim uile a bhfuiltear ag súil go dtabhófar thar shaolré eacnamaíoch na hinfheistíochta.

    3.   Ní lonnófar imscaradh líonraí aisiompair ach i limistéir nach bhfuil aon líonra aisiompair ann bunaithe ar shnáithíní nó ar theicneolaíochtaí eile, ar snáithíní nó teicneolaíochtaí iad atá in ann an leibhéal feidhmíochta céanna agus an iontaofacht chéanna a sholáthar agus a sholáthraítear le snáithíní atá ann cheana nó a phleanáiltear a imscaradh go hinchreidte laistigh den tréimhse ionchasach ábhartha. Fíorófar seo trí mhapáil agus trí chomhairliúchán poiblí i gcomhréir le mír 4.

    4.   Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas go carnach sa mhapáil agus sa chomhairliúchán poiblí dá dtagraítear i mír 3:

    (a)

    sainaithneofar sa mhapáil na sprioclimistéir le haghaidh idirghabháil Stáit aisiompair agus cuirfear san áireamh ann na líonraí aisiompair uile atá ann cheana. Is gá na gnéithe ar fad den mhodheolaíocht agus na critéir theicniúla bhunúsacha a úsáidtear chun na sprioclimistéir a mhapáil a chur ar fáil go poiblí. Fíorófar an mhapáil trí chomhairliúchán poiblí i ngach cás;

    (b)

    Déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomh-shaintréithe na hidirghabhála Stáit atá beartaithe agus liosta na limistéar a sainaithníodh sa chleachtadh mapála a fhoilsiú i gcomhréir le pointe (a). Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Iarrfar ar pháirtithe leasmhara le linn an chomhairliúcháin phoiblí trácht a dhéanamh ar an idirghabháil Stáit atá beartaithe agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach i gcomhréir le pointe (a) maidir leis na líonraí aisiompair dá gcuid atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh den tréimhse ama ábhartha. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.

    5.   Bainfidh an tionscadal lena dtacaítear feabhas mór (athrú ó bhonn) amach i gcomparáid le líonraí aisiompair atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh laistigh den tréimhse ama ábhartha, arna shainaithint trí mhapáil agus comhairliúchán poiblí a dhéantar i gcomhréir le mír 4. Ní dhéanfar líonraí atá beartaithe go hinchreidte a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an athrú ó bhonn ach amháin i gcás ina bhféadfaí, leis na líonraí sin amháin, feidhmíocht a sholáthar atá comhchosúil le feidhmíocht an líonra Státchistithe atá beartaithe sna sprioclimistéir laistigh den tréimhse ama ábhartha. Tarlóidh athrú ó bhonn i gcás inarb amhlaidh, de thoradh na hidirghabhála fóirdheonaithe, go ndéanfar infheistíocht mhór nua sa líonra aisiompair agus go bhfuil an líonra aisiompair fóirdheonaithe bunaithe ar shnáithíní nó teicneolaíochtaí eile atá in ann an leibhéal céanna feidhmíochta a sholáthar le snáithíní, seachas na líonraí atá ann cheana nó atá pleanáilte go hinchreidte laistigh den tréimhse ama ábhartha. Ní mór infheistíocht 70 % nó níos mó i mbonneagar leathanbhanda a bheith san áireamh san idirghabháil.

    6.   Deonófar an chabhair mar a leanas:

    (a)

    leithdháilfear an chabhair ar bhonn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch a bheidh oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí agus lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bhunófar ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch;

    (b)

    i gcás ina ndéanfar an chabhair a dheonú gan nós imeachta roghnúcháin iomaíoch d’údarás poiblí chun líonra leathanbhanda fhosaithe a imscaradh agus a bhainistiú go díreach nó trí eintiteas inmheánach, ní sholáthróidh an t-údarás poiblí ná an t-eintiteas inmheánach, de réir mar a bheidh, ach seirbhísí mórdhíola tríd an líonra fóirdheonaithe a úsáid. Aon lamháltas nó aon ní eile a thabharfar do thríú páirtí chun an líonra a thógáil nó a oibriú, is trí nós imeachta roghnúcháin iomaíoch oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a dhéanfar é a leithdháileadh, nós imeachta a bheidh i gcomhréir le prionsabail na rialacha soláthair phoiblí, lena n-urramófar prionsabal neodracht na teicneolaíochta, agus a bheidh bunaithe ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch.

    7.   Cuirfidh oibriú an líonra fhóirdheonaithe an rochtain mhórdhíola ar fáil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (139), faoi choinníollacha cothroma agus neamh-idirdhealaitheacha do lionraí fosaithe agus móibíleacha araon. Deonófar rochtain mhórdhíola ghníomhach ar feadh 10 mbliana ar a laghad ó thús oibriú an líonra agus deonófar rochtain mhórdhíola ar an mbonneagar leathanbhanda ar feadh shaolré na ngnéithe lena mbaineann. Beidh feidhm ag na coinníollacha rochtana céanna maidir leis an líonra ar fad, lena n-áirítear ar chodanna den líonra inar úsáideadh bonneagair atá ann cheana. Forfheidhmeofar na hoibleagáidí rochtana gan beann ar aon athrú in úinéireacht, bainistíocht nó oibriú an líonra. Freastalóidh an líonra Státchistithe ar gach líonra fosaithe agus móibíleach i sprioclimistéir na hidirghabhála aisiompair agus cuirfidh sé 50 % ar a laghad den acmhainn ar fáil do chuardaitheoirí rochtana. Chun go mbeidh an rochtain mhórdhíola éifeachtach agus chun go mbeidh na cuardaitheoirí rochtana in ann seirbhísí a sholáthar, deonófar rochtain mhórdhíola freisin ar chodanna den líonra nach bhfuil Státchistithe nó a d’fhéadfadh nár imscar tairbhí na cabhrach iad, amhail trí rochtain a thabhairt ar threalamh gníomhach fiú mura bhfuil ach bonneagar leathanbhanda á mhaoiniú.

    8.   Beidh an praghas rochtana mórdhíola bunaithe ar cheann amháin de na tagarmharcanna seo a leanas:

    (a)

    na meánphraghsanna mórdhíola foilsithe atá i réim i limistéir eile inchomparáide, níos iomaíche den Bhallstát nó den Aontas;

    (b)

    na praghsanna rialáilte atá socraithe nó formheasta ag an údarás rialála náisiúnta cheana le haghaidh na margaí agus na seirbhísí lena mbaineann; nó

    (c)

    treoshuíomh costais nó modheolaíocht sainordaithe i gcomhréir leis an gcreat rialála earnála.

    Gan dochar d’inniúlachtaí an údaráis rialála náisiúnta faoin gcreat rialála, rachfar i ndáil chomhairle leis an údarás rialála náisiúnta maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh rochtana, lena n-áirítear maidir le praghsanna, agus maidir le díospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

    9.   Cuirfidh na Ballstáit sásra faireacháin agus aisghlámtha i bhfeidhm más rud é go rachaidh an méid cabhrach a dheonaítear don tionscadal thar EUR 10 mhilliún.

    10.   Chun a áirithiú go mbeidh an chabhair comhréireach fós agus nach ndéanfar róchúiteamh nó tras-fhóirdheonú ar ghníomhaíochtaí nach bhfaigheann cabhair mar thoradh uirthi, déanfaidh tairbhí na cabhrach deighilt chuntasaíochta a áirithiú idir na cistí a úsáidtear chun an líonra Státchistithe a imscaradh agus a oibriú agus cistí eile atá aige.’;

    (49)

    in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    ‘8.   Maidir le cabhair nach mó ná EUR 2.2 milliún, féadfar uasmhéid na cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe, mar mhalairt ar chur i bhfeidhm an mhodha dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7.’

    ;

    (50)

    in Airteagal 55, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 12:

    ‘12.   Maidir le cabhair nach mó ná EUR 2.2 milliún, féadfar uasmhéid na cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe, mar mhalairt ar chur i bhfeidhm an mhodha dá dtagraítear i míreanna 10 agus 11.’

    ;

    (51)

    Leasaítear Airteagal 56b mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh tógáil, suiteáil, nó uasghrádú bonneagair athbhreoslaithe a sholáthraíonn breoslaí iontaise do shoithí, amhail díosal, gás nádúrtha, i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC)) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe (GNL)), agus gás peitriliam leachtaithe (GPL).’

    ;

    (b)

    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a.   Maidir le cabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a sholáthraíonn leictreachas, hidrigin, amóinia agus meatánól, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Féadfar go n-áireofar leo sin na costais a bhaineann leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe é féin, suiteáil nó uasghráduithe a dhéanamh ar chomhpháirteanna leictreacha nó ar chomhpháirteanna eile, lena n-áirítear claochladáin chumhachta a theastaíonn le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine, mar aon le trealamh teicniúil gaolmhar, oibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe gaolmhara talún nó bóthair, costais ghaolmhara suiteála agus costais ghaolmhara le haghaidh ceadanna gaolmhara a fháil.

    Féadfar go n-áireofar leis na costais incháilithe sin na costais infheistíochta ar tháirgeadh leictreachais in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite ar an láthair, agus na costais infheistíochta ar aonaid stórála chun leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite a stóráil. Ní rachaidh acmhainneacht táirgeachta ainmniúil na suiteála táirgthe leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite ar an láthair thar aschur rátaithe uasta ná acmhainneacht athbhreoslaithe an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena nasctar é.’

    ;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

    ‘5.   Ní sháróidh an déine cabhrach in aghaidh na hinfheistíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), an méid seo a leanas:

    (a)

    100 % de na costais incháilithe i gcás ina bhfuil costais incháilithe iomlána an tionscadail suas le EUR 22 mhilliún;

    (b)

    80 % de na costais incháilithe i gcás ina bhfuil costais incháilithe iomlána an tionscadail os cionn EUR 22 mhilliún agus suas le EUR 55 mhilliún;

    (c)

    60 % de na costais incháilithe i gcás ina bhfuil costais incháilithe iomlána an tionscadail os cionn EUR 55 mhilliún agus suas go dtí an méid a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (ee).

    Ní sháróidh an déine cabhrach 100 % de na costais incháilithe a chinntear i mír 2, pointí (b) agus (c), suas go dtí an méid a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (ee).’

    ;

    (d)

    cuirtear an mhír 8a seo a leanas isteach:

    ‘8a.   I gcás ina ndeonaítear cabhair maidir le tógáil, suiteáil nó uasghrádú bonneagair athbhreoslaithe a sholáthraíonn hidrigin, tabharfaidh an tairbhí gealltanas go soláthróidh an bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair hidrigin in-athnuaite amháin faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí. I gcás ina ndeonaítear cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a sholáthraíonn amóinia nó meatánól a thógáil, a shuiteáil nó a uasghrádú, tabharfaidh an tairbhí gealltanas nach ndéanfaidh an bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair, faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí, ach amóinia nó meatánól a sholáthar, ar amóinia nó meatánól é a dhíorthaítear ó fhoinsí in-athnuaite seachas bithmhais agus a táirgeadh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.’

    ;

    (e)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

    ‘9.   Maidir le cabhair nach mó ná EUR 5.5 milliún, féadfar uasmhéid na cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe, mar mhalairt ar chur i bhfeidhm an mhodha dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6.’

    ;

    (52)

    Leasaítear Airteagal 56c mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

    ‘1a.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh thógáil, shuiteáil, nó uasghrádú bonneagair athbhreoslaithe a sholáthraíonn breoslaí iontaise do shoithí, amhail díosal, gás nádúrtha, i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC)) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe (GNL)), agus gás peitriliam leachtaithe (GPL).’

    ;

    (b)

    cuirtear an mhír 2a seo a leanas isteach:

    ‘2a.   Maidir le cabhair le haghaidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe a sholáthraíonn leictreachas, hidrigin, amóinia agus meatánól, is é a bheidh sna costais incháilithe na costais le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a thógáil, a shuiteáil, a uasghrádú nó a leathnú. Féadfar go n-áireofar leo sin na costais a bhaineann leis an mbonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe é féin, suiteáil nó uasghráduithe a dhéanamh ar chomhpháirteanna leictreacha nó ar chomhpháirteanna eile, lena n-áirítear claochladáin chumhachta a theastaíonn le haghaidh an bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe a nascadh leis an eangach nó le haonad áitiúil táirgthe nó stórála leictreachais nó hidrigine, mar aon le trealamh teicniúil gaolmhar, oibreacha gaolmhara innealtóireachta sibhialta, oiriúnuithe gaolmhara talún nó bóthair, costais ghaolmhara suiteála agus costais ghaolmhara le haghaidh ceadanna gaolmhara a fháil.

    Féadfar go n-áireofar leis na costais incháilithe sin na costais infheistíochta ar tháirgeadh leictreachais in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite ar an láthair, agus na costais infheistíochta ar aonaid stórála chun leictreachas in-athnuaite nó hidrigin in-athnuaite a stóráil. Ní rachaidh acmhainneacht táirgeachta ainmniúil na suiteála táirgthe leictreachais in-athnuaite nó hidrigine in-athnuaite ar an láthair thar aschur rátaithe uasta ná acmhainneacht athbhreoslaithe an bhonneagair athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena nasctar é.’

    ;

    (c)

    cuirtear an mhír 7a seo a leanas isteach:

    ‘7a.   I gcás ina ndeonaítear cabhair maidir le tógáil, suiteáil nó uasghrádú bonneagair athbhreoslaithe a sholáthraíonn hidrigin, tabharfaidh an tairbhí gealltanas go soláthróidh an bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair hidrigin in-athnuaite amháin faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí. I gcás ina ndeonaítear cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a sholáthraíonn amóinia nó meatánól a thógáil, a shuiteáil nó a uasghrádú, tabharfaidh an tairbhí gealltanas nach ndéanfaidh an bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair, faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí, ach amóinia nó meatánól a sholáthar , ar amóinia nó meatánól é a dhíorthaítear ó fhoinsí in-athnuaite seachas bithmhais agus a táirgeadh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.’

    ;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

    ‘8.   Maidir le cabhair nach mó ná EUR 2.2 milliún, féadfar uasmhéid na cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe, mar mhalairt ar chur i bhfeidhm an mhodha dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5.’

    ;

    (53)

    in Airteagal 56d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    ‘4.   Beidh feidhm ag na huastairseacha a leagtar síos in Airteagail 56e agus 56f maidir leis an maoiniú iomlán atá amuigh, a mhéid atá cabhair i gceist leis an maoiniú sin a sholáthraítear faoi aon táirge airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leis. Beidh feidhm ag na huastairseacha:

    (a)

    in aghaidh an tionscadail i gcás cabhrach a bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta léi a chumhdaítear le hAirteagal 56e(2), (3) agus (4), le hAirteagal 56e(5), pointe (a)(i), agus le hAirteagal 56e(6), (7), (8), agus (9);

    (b)

    in aghaidh an tairbhí deiridh, i gcás cabhair nach bhfuil costais incháilithe in-sainaitheanta léi a chumhdaítear le hAirteagal 56e(5), pointí (a)(ii), (iii) agus (iv), le hAirteagal 56e(10) agus le hAirteagal 56f.’;

    (54)

    Leasaítear Airteagal 56e mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

    ‘3.   Maidir le cabhair d’imscaradh líonraí leathanbhanda fhosaithe agus cabhair d’imscaradh líonraí móibíleacha 4G agus 5G chun spreagthaí socheacnamaíocha incháilithe áirithe a nascadh, comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    ní dheonófar cabhair ach amháin do thionscadail a chomhlíonann na coinníollacha comhoiriúnachta uile a leagtar síos in Airteagal 52 agus Airteagal 52a faoi seach, mura léirítear a mhalairt i bpointí (c) agus (d) den mhír seo;

    (b)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 150 milliún;

    (c)

    ní nascann an tionscadal ach spreagthaí socheacnamaíocha ar riaracháin phoiblí iad nó ar eintitis phoiblí nó phríobháideacha iad a gcuirtear de chúram orthu seirbhísí ar mhaithe leis an leas i gcoitinne nó seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a oibriú de réir bhrí Airteagal 106(2) den Chonradh. Eisiatar tionscadail lena gcuimsítear eilimintí nó eintitis seachas iad sin a shonraítear faoin bpointe seo;

    (d)

    de mhaolú ar Airteagal 52(4), ní mór an teip margaidh shainaitheanta a fhíorú trí mhapáil iomchuí atá ar fáil nó, i gcás nach mbeidh mapáil den sórt sin ar fáil ann, trí chomhairliúchán poiblí, mar a leanas:

    (i)

    is féidir a mheas go bhfuil an mhapáil cuí mura bhfuil sí níos sine ná 18 mí. Sainaithneofar go soiléir sa mhapáil na spreagthaí socheacnamaíocha a bheartaítear a chumhdach faoin idirghabháil phoiblí agus áireofar inti na líonraí uile a sholáthraíonn, faoi dhálaí buaic-ama, luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad ach faoi bhun 300 Mbps (luasanna tairsí) atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh sa tréimhse ama ábhartha a théann thar áitreabh an spreagtha shocheacnamaíoch incháilithe shainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (c). Is é an t-údarás poiblí inniúil a dhéanfaidh an mhapáil. Déanfar an mhapáil (1) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí lánfhosaithe; agus (2) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang; (3) ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad i gcás líonraí móibíleacha. Is gá na gnéithe ar fad den mhodheolaíocht agus na critéir theicniúla bhunúsacha a úsáidtear chun na sprioclimistéir a mhapáil a chur ar fáil go poiblí. Chun sineirgí agus simpliú a chothú don riarachán poiblí, féadfar suirbhé geografach arna dhéanamh de bhun Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/1972 a mheas mar mhapáil iomchuí de réir bhrí an phointe seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa phointe seo;

    (ii)

    déanfaidh an t-údarás poiblí inniúil an comhairliúchán poiblí trí phríomhthréithe na hidirghabhála Stáit atá beartaithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Leis an gcomhairliúchán poiblí, tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara trácht a dhéanamh ar an idirghabháil Stáit atá beartaithe agus faisnéis a bhfuil bunús léi a chur isteach maidir le líonraí lena soláthraítear, faoi dhálaí buaic-ama, luasanna íoslódála 100 Mbps ar a laghad ach faoi bhun 300 Mbps (luasanna tairsí) atá ann cheana nó a bhfuil sé beartaithe go hinchreidte iad a imscaradh sa tréimhse ama ábhartha agus a théann thar áitreabh spreagtha shocheacnamaíoch incháilithe dá dtagraítear i bpointe (c) agus a shainaithnítear i gcomhréir le pointe (i), bunaithe ar fhaisnéis: (1) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha, i gcás líonraí lánfhosaithe; (2) ar leibhéal seolta, ar bhonn na n-áitreabh in-nasctha nó ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad, i gcás líonraí fosaithe rochtana gan sreang; (3) ar bhonn eangach 100x100 méadar ar a mhéad i gcás líonraí móibíleacha. Mairfidh an comhairliúchán poiblí 30 lá ar a laghad.’;

    (b)

    i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

    ‘(a)

    Ní dheonófar cabhair ach amháin d’infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh nach ndíolmhaítear ó rochtain tríú páirtí, ó rialáil taraifí agus ó dhíchuachadh, bunaithe ar reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh do na catagóirí tionscadal seo a leanas:

    (i)

    a mhéid a bhaineann le bonneagar gáis, tionscadail a chuirtear ar áireamh i liosta reatha an Aontais de Thionscadail Leasa Choitinn in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/; agus

    (ii)

    gach tionscadal maidir le bonneagar leictreachais, bonneagar hidrigine agus bonneagar dé-ocsaíde carbóin.

    (b)

    maidir le cabhair infheistíochta d’fhuinneamh a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, comhlíonfaidh sí na ceanglais seo a leanas:

    (i)

    ní dheonófar cabhair ach amháin do shuiteálacha nua a roghnaítear ar bhonn iomaíoch, trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le hAirteagal 41(10);

    (ii)

    féadfar cabhair a dheonú do thionscadail chomhcheangailte in-athnuaite agus leictreachais nó stórála teirmí, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41(1a);

    (iii)

    féadfar cabhair a dheonú do thionscadail a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna, bithghás comhcheangailte (lena n-áirítear bithmheatán) agus stóráil breoslaí bithmhaise, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41(2);

    (iv)

    i gcás suiteálacha ina dtáirgtear hidrigin in-athnuaite, ní dheonófar cabhair ach amháin le haghaidh suiteála a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 41(3);

    (v)

    i gcás suiteálacha lena dtáirgtear bithbhreoslaí, ní dheonófar cabhair ach le haghaidh suiteálacha lena dtáirgtear bithbhreoslaí a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe, agus a mhéid a dhéantar na bithbhreoslaí as an mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Treoir sin’.

    (c)

    i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    ‘(a)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar na méideanna seo a leanas:

    (i)

    EUR 110 mhilliún in aghaidh an tionscadail d’infheistíochtaí i mbonneagar a úsáidtear chun seirbhísí sóisialta a sholáthar agus don oideachas; EUR 165 mhilliún in aghaidh an tionscadail chun na gcríoch caomhnaithe cultúir agus oidhreachta agus do na gníomhaíochtaí caomhnaithe cultúir agus oidhreachta a leagtar amach in Airteagal 53(2), lena n-áirítear an oidhreacht nádúrtha;

    (ii)

    EUR 33 mhilliún do ghníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí sóisialta;

    (iii)

    EUR 82.5 milliún do ghníomhaíochtaí a bhaineann le caomhnú cultúir agus oidhreachta; agus

    (iv)

    EUR 5.5 milliún don oideachas agus don oiliúint.’;

    (d)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

    (i)

    i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v)

    ‘(v)

    bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe lena soláthraítear leictreachas nó hidrigin d’fheithiclí. Le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair a sholáthraíonn hidrigin, tabharfaidh an tairbhí gealltanas go soláthróidh an bonneagar athbhreoslaithe hidrigin in-athnuaite amháin faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí. Níl feidhm ag an mír seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe i gcalafoirt.’;

    (ii)

    i bpointe (b), cuirtear pointe (iv) isteach:

    ‘(iv)

    I gcás ina ndeonaítear cabhair le haghaidh bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair a sholáthraíonn hidrigin, tabharfaidh an tairbhí gealltanas go soláthróidh an bonneagar athbhreoslaithe hidrigin in-athnuaite amháin faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí. I gcás ina ndeonaítear cabhair chun bonneagar athbhreoslaithe a sholáthraíonn amóinia nó meatánól a thógáil, a shuiteáil nó a uasghrádú, tabharfaidh an tairbhí gealltanas nach ndéanfaidh an bonneagar athbhreoslaithe dá dtugtar cabhair, faoi 31 Nollaig 2035 ar a dhéanaí, ach amóinia nó meatánól a sholáthar , ar amóinia nó meatánól é a dhíorthaítear ó fhoinsí in-athnuaite seachas bithmhais agus a táirgeadh i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i dTreoir (AE) 2018/2001 agus ina gníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe.’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    ‘(c)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear faoi phointí (a) nó (b) d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 165 mhilliún.’;

    (e)

    leasaítear mír 7 mar a leanas:

    (i)

    leasaítear pointe (a) mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

    ‘(ii)

    infheistíocht le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus ciorclaíochta i gcomhréir le hAirteagal 47(1) go (6) agus (10);’;

    cuirtear pointe (v) seo a leanas isteach:

    ‘(v)

    infheistíocht i mbonneagair thástála agus thurgnamhaíochta;’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear d’aon tairbhí deiridh in aghaidh an tionscadail faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 110 mhilliún.’;

    (f)

    leasaítear mír 8 mar a leanas:

    (i)

    leasaítear pointe (a) mar a leanas:

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (i) agus (ii):

    ‘(i)

    infheistíochtaí lena gcumasaítear gnóthais chun damáiste a leigheas nó a chosc ar thimpeallachtaí fisiciúla (lena n-áirítear athrú aeráide) nó acmhainní nádúrtha mar gheall ar ghníomhaíochtaí dílse tairbhí nó gníomhaíochtaí eintiteas eile atá rannpháirteach sa tionscadal céanna, ar choinníoll (i) nach mbaineann infheistíochtaí le trealamh, innealra ná saoráidí táirgthe tionsclaíche ag úsáid breoslaí iontaise, lena n-áirítear gás nádúrtha, gan dochar don fhéidearthacht chun cabhair a dheonú le haghaidh suiteáil comhpháirteanna forlíontán a fheabhsaíonn leibhéal na cosanta comhshaoil atá ag trealamh, innealra agus saoráidí táirgthe tionsclaíoch atá ann cheana agus sa chás sin ní bhainfidh na costais infheistíochta le suiteálacha a astaíonn CO2; agus (ii) i gcás infheistíochtaí i dtrealamh, innealra agus saoráidí táirgthe tionsclaíche a úsáideann hidrigin, geallann an tairbhí chun hidrigin in-athnuaite a úsáid go heisiach le linn shaolré na hinfheistíochta. Ní dheonófar cabhair faoin bpointe seo le haghaidh infheistíochtaí arna ndéanamh chun caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh, ach amháin má chuirtear an infheistíocht chun feidhme agus i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm;

    ‘(ii)

    bearta a fheabhsaíonn éifeachtúlacht fuinnimh foirgnimh nó gnóthais, ar choinníoll nach mbaineann na hinfheistíochtaí le trealamh, innealra ná táirgeadh tionsclaíoch ag úsáid breoslaí iontais, lena n-áirítear gás nádúrtha. Ní dheonófar cabhair faoin bpointe seo le haghaidh infheistíochtaí arna ndéanamh chun caighdeáin an Aontais a chomhlíonadh, ach amháin má chuirtear an infheistíocht chun feidhme agus i gcrích 18 mí ar a laghad sula dtiocfaidh an caighdeán i bhfeidhm. De mhaolú air sin, féadfar cabhair a dheonú faoin bpointe seo le haghaidh infheistíochtaí i bhfoirgnimh arna ndéanamh chun íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a cháilíonn mar chaighdeáin an Aontais a chomhlíonadh, ar choinníoll go ndeonaítear an chabhair sula ndéantar na caighdeáin éigeantach maidir leis an ngnóthas lena mbaineann.’;

    cuirtear pointe (vi) isteach:

    ‘(vi)

    cabhair infheistíochta chun feithiclí glana nó feithiclí a bhreoslaítear ar a laghad go páirteach le leictreachas nó le hidrigin, nó feithiclí astaíochtaí nialasacha le haghaidh iompar de bhóthar, iompar iarnróid, iompar d’uiscebhealaí agus iompar muirí agus chun feithiclí a iarfheistiú ionas go gcáileoidh siad mar fheithiclí glana nó mar fheithiclí astaíochtaí nialasacha.’;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    ‘(b)

    Gan dochar do phointe (a), féadfar an chabhair a dheonaítear chun éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a fheabhsú a chomhcheangal le cabhair le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na bearta seo a leanas:

    (i)

    trealamh comhtháite ar an láthair a shuiteáil a ghineann leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do phainéil fhótavoltacha agus teaschaidéil;

    (ii)

    suiteáil trealaimh chun an fuinneamh a stóráil a ghintear leis na suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar an láthair;

    (iii)

    an ceangal le córas téimh agus/nó fuaraithe ceantair atá tíosach ar fhuinneamh agus trealamh lena mbaineann;

    (iv)

    bonneagar athluchtaithe a thógáil agus a shuiteáil lena úsáid ag úsáideoirí an fhoirgnimh, agus bonneagar lena mbaineann, amhail duchtáil, i gcás ina bhfuil na saoráidí páirceála gluaisteán lonnaithe laistigh den fhoirgneamh nó go bhfuil siad cóngarach go fisiciúil don fhoirgneamh;

    (v)

    suiteáil trealaimh chun an foirgneamh a dhigitiú, go háirithe chun a ullmhacht i gcomhair na teicneolaíochta cliste a mhéadú, lena n-áirítear sreangú éighníomhach inmheánach nó cáblú struchtúrtha le haghaidh líonraí sonraí agus an chuid choimhdeach den bhonneagar leathanbhanda ar an réadmhaoin a bhfuil an foirgneamh ina chuid di, ach gan sreangú ná cáblú le haghaidh líonraí sonraí taobh amuigh den réadmhaoin san áireamh;

    (vi)

    infheistíochtaí i ndíonta glasa agus i dtrealamh chun uisce báistí a choinneáil agus a úsáid.

    Ní thacóidh an beart cabhrach le suiteáil threalamh fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise, lena n-áirítear gás nádúrtha.

    Féadfar an chabhair a dheonú d’úinéir(í) an fhoirgnimh nó don tionónta nó do na tionóntaí, ag brath ar cé a fhaigheann an maoiniú don tionscadal.’;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    ‘(e)

    Féadfaidh cabhair do bhearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bheith bainteach freisin le conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh a éascú faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

    (i)

    tugtar an tacaíocht do FBManna nó do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar soláthraithe beart feabhsúcháin feidhmiúlachta fuinnimh iad, agus arb iad tairbhithe deiridh na cabhrach iad;

    (ii)

    tugtar an chabhair d’éascú na conraitheoireachta feidhmíochta fuinnimh de réir bhrí Airteagal 2, pointe (27), de Threoir 2012/27/AE;

    (iii)

    tugtar an chabhair i bhfoirm iasacht shinsearach nó ráthaíochta do sholáthraí na mbeart feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh faoi chonradh feidhmíochta fuinnimh, nó is é atá i gceist léi táirge airgeadais a bhfuil mar aidhm leis an soláthraí a mhaoiniú (mar shampla, fachtóireacht nó forfáidiú);

    (iv)

    ní théann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin amuigh a sholáthraítear faoin bpointe seo in aghaidh an tairbhí thar EUR 30 milliún.’;

    (g)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

    ‘10.   I dteannta na gcatagóirí cabhrach dá bhforáiltear i míreanna 2 go 9, féadfaidh FBManna nó, i gcás inarb infheidhme, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga cabhair a fháil freisin i bhfoirm maoiniú lena dtacaíonn an Ciste InvestEU ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha faoi seach:

    (a)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 16.5 milliún agus go dtugtar é do na nithe seo a leanas:

    (i)

    FBManna neamhliostaithe nach bhfuil ag oibriú in aon mhargadh go fóill nó atá ag oibriú le níos lú ná 10 mbliana tar éis a gcláraithe nó níos lú ná 7 mbliana i ndiaidh na chéad díola tráchtála uathu; i gcás inar lú ná 10 mbliana an tréimhse oibriúcháin tar éis a gcláraithe nó níos lú ná 7 mbliana tar éis a gcéad díolachán tráchtála a bheith curtha i bhfeidhm ar ghnóthas áirithe, ní féidir ach an tréimhse sin a chur i bhfeidhm freisin ar aon chabhair ina dhiaidh sin faoin Airteagal seo ar an ngnóthas céanna. I gcás gnóthais a fuair gnóthas eile nó a bunaíodh trí chumasc, cuimseofar sa tréimhse incháilitheachta a chuirfear i bhfeidhm oibríochtaí an ghnóthais a fuarthas nó oibríochtaí na ngnóthas cumaiscthe, faoi seach, cé is moite de na gnóthais sin arna bhfáil nó arna gcumascú arb ionann a láimhdeachas agus níos lú ná 10 % de láimhdeachas an ghnóthais éadála sa bhliain airgeadais roimh an éadáil nó, i gcás gnóthas a bunaíodh trí chumasc, níos lú ná 10 % den láimhdeachas comhcheangailte a bhí ag na gnóthais atá ag cumasc sa bhliain airgeadais roimh an gcumasc. Maidir le gnóthais incháilithe nach bhfuil faoi réir clárúcháin, meastar go gcuirtear tús leis an tréimhse incháilitheachta 10 mbliana ón tráth a thosaíonn an gnóthas a ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ón uair a thagann sé faoi dhliteanas cánach maidir lena gníomhaíocht eacnamaíoch, cibé acu is luaithe. Féadfaidh an maoiniú faoi thacaíocht Chiste InvestEU infheistíochtaí leantacha i FBManna neamhliostaithe a chumhdach freisin tar éis na tréimhse incháilitheachta dá dtagraítear sa phointe seo má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas: (1) nach sáraítear méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin dá dtagraítear i bpointe (a), (2) go ndearnadh foráil maidir le hinfheistíochtaí leantacha sa phlean gnó bunaidh agus (3) nach bhfuil an tairbhí deiridh a fhaigheann an infheistíocht leantach ina ‘fhiontar nasctha’, de réir bhrí Airteagal 3(3) d’Iarscríbhinn I, le gnóthas eile seachas an t-idirghabhálaí airgeadais nó infheisteoir príobháideach neamhspleách a sholáthraíonn maoiniú faoi thacaíocht Chiste InvestEU, mura FBM an t-eintiteas nua;

    (ii)

    FBManna neamhliostaithe a thosaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch nua i gcás ina mbeidh an infheistíocht tosaigh níos mó na 50 % den mheánláimhdeachas bliantúil sna 5 bliana roimhe sin. De mhaolú ón gcéad abairt, measfar gur infheistíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua atá sa mhéid a leanas, má tá an infheistíocht tosaigh ghaolmhar, bunaithe ar phlean gnó, níos mó na 30 % den mheánláimhdeachas bliantúil sna 5 bliana roimhe sin: (1) infheistíochtaí lena gcuirtear feabhas suntasach ar fheidhmíocht chomhshaoil na gníomhaíochta thar chaighdeáin éigeantacha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 36(2) den Rialachán seo, (2) infheistíochtaí eile atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2020/852, agus (3) infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh acmhainneacht a mhéadú chun amhábhar criticiúil a liostaítear in Iarscríbhinn IV a eastóscadh, a dheighilt, a scagadh, a phróiseáil nó a athchúrsáil. Léireofar cineál na hinfheistíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852, lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, nó trí mhodheolaíochtaí inchomparáide eile, lena n-áirítear, i measc nithe eile, an díonadh inbhuanaitheachta do Chiste InvestEU. Le haghaidh bearta atá comhionann le bearta laistigh de Phleananna Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhformheas ag an gComhairle, meastar go gcomhlíontar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar fíoraíodh é sin cheana;

    (iii)

    FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar fiontair nuálacha iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (80);

    (b)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 16.5 mhilliún agus go dtugtar é do FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bhfuil a bpríomhghníomhaíochtaí lonnaithe i limistéir fhóirithinte, ar choinníoll nach n-úsáidtear an maoiniú le haghaidh athlonnú gníomhaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (61a);

    (c)

    nach dtéann méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear in aghaidh an tairbhí deiridh faoi thacaíocht an Chiste InvestEU thar EUR 2.2 milliún agus go dtugtar é do FBManna nó cuideachtaí meánchaipitlithe beaga.’;

    (55)

    in Airteagal 56f, cuirtear an méid seo in ionad mhír 3:

    ‘3.   Ní rachaidh méid ainmniúil an mhaoiniúcháin iomláin a sholáthraítear do gach tairbhí deiridh tríd na hidirghabhálacha airgeadais tráchtála thar EUR 8.25 milliún.’

    ;

    (56)

    in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3a agus 4:

    ‘3a.   Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh idir an 1 Iúil 2014 agus [dáta theacht i bhfeidhm an leasaithe seo] i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo a bhí infheidhme tráth deonaithe na cabhrach, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt. Maidir le haon chabhair aonair a deonaíodh roimh an 1 Iúil 2014 i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 9, mar ab infheidhme roimh an 10 Iúil 2017 nó ina dhiaidh nó roimh an 3 Lúnasa 2021 nó ina dhiaidh, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar ó cheanglas Airteagal 108(3) den Chonradh í chun fógra a thabhairt.

    4.   I ndeireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, aon scéim cabhrach a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo, leanfaidh sí de bheith amhlaidh le linn thréimhse choigeartúcháin 6 mhí. Rachaidh an díolúine maidir le cabhair um maoiniú riosca arna dhíolmhú de bhun Airteagal 21(9), pointe (a) in éag ag deireadh na tréimhse a leagtar amach sa chomhaontú maoinithe, ar choinníoll go ndearnadh an gealltanas de mhaoiniú poiblí leis an infheistíocht um chothromas príobháideach tacaithe ar bhonn comhaontú den sórt sin laistigh de 6 mhí ó dheireadh thréimhse bailíochta an Rialacháin seo agus go bhfuil gach coinníoll eile maidir le díolúine fós á gcomhlíonadh.’

    ;

    (57)

    in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

    ‘Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026.’;

    (58)

    cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II, Cuid II.

    (59)

    cuirtear leis an Iarscríbhinn IV seo a leanas:

    ‘IARSCRÍBHINN IV

    Amhábhair chriticiúla dá dtagraítear in Airteagal 21(3), pointe (c), agus in Airteagal 56e (10), pointe (a)(ii)

    Measfar na hamhábhair a leanas amhail amhábhar criticiúil dá dtagraítear in Apointe (c), agus Airteagal 56e, 10, pointe (a)(ii):

    (a)

    Antamón

    (b)

    Arsanaic

    (c)

    Báicsít

    (d)

    Bairít

    (e)

    Beirilliam

    (f)

    Biosmat

    (g)

    Bórón

    (h)

    Cóbalt

    (i)

    Gual cóic

    (j)

    Copar

    (k)

    Iathchloch

    (l)

    Fluairít

    (m)

    Gailliam

    (n)

    Gearmáiniam

    (o)

    Haifniam

    (p)

    Héiliam

    (q)

    Dúile Tearc-chré Troma

    (r)

    Dúile Tearc-chré Éadroma

    (s)

    Litiam

    (t)

    Maignéisiam

    (u)

    Mangainéis

    (v)

    Graifít nádúrtha

    (w)

    Nicil – de ghrád ceallra

    (x)

    Niaibiam

    (y)

    Carraig fosfáite

    (z)

    Fosfar

    (aa)

    Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim

    (bb)

    Scaindiam

    (cc)

    Miotal sileacain

    (dd)

    Strointiam

    (ee)

    Tantalam

    (ff)

    Miotal tíotáiniam

    (gg)

    Tungstan

    (hh)

    Vanaidiam

    Airteagal 2

    In Airteagal 56 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2473 cuirtear an mhír 3 seo a leanas isteach:

    ‘3.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo go dtí an 30 Meitheamh 2023.’.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2023

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

    (3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, ‘Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach’ (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1).

    (4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus Coiste na Réigiún, ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, COM(2019) 640 final.

    (5)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

    (6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún, ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’, COM(2020) 103 final.

    (7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún, ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’, COM(2020) 67 final.

    (8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún, ‘an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí’, COM(2020) 66 final.

    (9)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún, ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’, COM(2020) 102 final.

    (10)  Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 327, 21.12.2022, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

    (12)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1).

    (13)  Communication from the Commission – Guidelines on State aid to promote risk finance investments [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn] (IO C 508, 16.12.2021, lch. 1).

    (14)  Commission Staff Working Document on the Fitness Check of the 2012 State aid modernisation package, railways guidelines and short-term export credit insurance [Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Seiceáil Oiriúnachta ar phacáiste 2012 um nuachóiriú Státchabhrach, treoirlínte iarnróid agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin] (SWD/2020/0257 final).

    (15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1).

    (16)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus Coiste na Réigiún, ‘Plean REPowerEU’, COM(2022) 230 final.

    (17)  Rialachán (AE) Uimh. 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 270, 29.7.2021, lch. 39).

    (18)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, Coiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa agus Coiste na Réigiún, ‘Straitéis hidrigine d’Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de’, COM(2020) 301 final.

    (19)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

    (20)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach do leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

    (21)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions ‘EU biodiversity Stratam dor 2030 bringing nature back into our lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol’], (COM/2020/380 final).

    (22)  Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Forging a climate-resilient Europe-the new EU Stratam on Adaptation to Climate Change [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], COM/2021/82 final.

    (23)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (COM(2021) 800 final).

    (24)  Commission Communication – A new Circular Economy Action Plan Dor a cleaner and more competitive Europe [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach – Le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], COM/2020/98 final.

    (25)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

    (26)  Rialachán (AE) Uimh. 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 327, 21.12.2022, lch. 82).

    (27)  Commission Communication-Sustainable Europe Investment Plan European Green Deal Investment Plan [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe / maidir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip], COM/2020/21 final.

    (28)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

    (29)  Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).


    IARSCRÍBHINN

    ‘CUID II

    le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

    Cuir in iúl cé acu foráil de GBER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme.

    Príomhchuspóir – Cuspóirí Ginearálta (liosta)

    Cuspóirí

    (liosta)

    Uasdéine na cabhrach

    mar %

    nó Uasmhéid bliantúil na cabhrach san airgeadra náisiúnta (i méideanna iomlána)

    FMBanna – bónais (más infheidhme)

    mar %

    Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta (1) (Airteagal 14)

    Scéim

    …%

    …%

    Cabhair ad hoc

    …%

    …%

    Cabhair réigiúnach - cabhair infheistíochta (Airteagal 15)

    I limistéir is tearc daonra (Airteagal 15(2))

    …%

    …%

    I limistéir is fíorthearc daonra (Airteagal 15(3))

    …%

    …%

    Sna réigiúin is forimeallaí (Airteagal 15(4))

    …%

    …%

    Cabhair réigiúnach um fhorbairt uirbeach (Airteagal 16)

    …. airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair do FBManna (Airteagail 17–19d)

    Cabhair infheistíochta do FBManna (Airteagal 17)

    …%

    …%

    Cabhair um shainchomhairleoireacht i bhfabhar FBManna (Airteagal 18)

    …%

    …%

    Cabhair do FBManna le haghaidh rannpháirtíocht in aontaí (Airteagal 19)

    …%

    …%

    Cabhair um na costais a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) (Airteagal 19a)

    …%

    …%

    Méideanna teoranta cabhrach do FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (‘CLLD’) (Airteagal 19b) (2)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair do mhicrifhiontair i bhfoirm idirghabhálacha poiblí maidir le leictreachas, gás nó teas a sholáthar (Airteagal 19c)

    …%

    …%

    Cabhair do FBManna i bhfoirm idirghabhálacha poiblí sealadacha maidir le leictreachas, gás nó teas a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó leictreachas a sholáthar chun tionchar na méaduithe ar phraghsanna a mhaolú tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (Airteagal 19d)

    …%

    …%

    Cabhair um Chomhar Críochach Eorpach (Airteagail 20 – 20a)

    Cabhair um chostais a thabhaíonn gnóthais trí pháirt a ghlacadh i dtionscadail Comhair Chríochaigh Eorpaigh (Airteagal 20)

    …%

    …%

    Méideanna teoranta cabhrach do ghnóthais as a rannpháirtíocht i dtionscadail Comhair Chríochaigh Eorpaigh (Airteagal 20a) (3)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair maidir le rochtain FMBanna ar mhaoiniú (Airteagail 21-22)

    Cabhair um maoiniú riosca (Airteagal 21)

    …airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair um maoiniú riosca do FMBanna i bhfoirm dreasachtaí cánach d’infheisteoirí príobháideacha ar daoine nádúrtha iad (Airteagal 21a)

    …airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair do ghnólachtaí nuathionscanta (Airteagal 22)

    …airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair do FBManna - Cabhair d'ardáin trádála mhalartacha arb iad FMBanna is speisialtóireacht dóibh (Airteagal 23)

    … airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair do FBManna - Cabhair um chostais sirtheoireachta (Airteagal 24)

    …%

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta (Airteagail 25-30)

    Cabhair do thionscadail- taighde agus forbartha (Airt. 25)

    Taighde bunúsach

    (Airteagal 25(2)(a))

    …%

    …%

    Taighde tionsclaíoch

    (Airteagal 25(2)(b))

    …%

    …%

    Forbairt thurgnamhach (Airteagal 25(2)(c))

    …%

    …%

    Staidéir indéantachta (Airteagal 25(2)(d))

    …%

    …%

    Cabhair do thionscadail ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu (Airteagal 25a)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus um ghníomhaíochtaí Cruthúnais Coincheapa de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (Airteagal 25b)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair atá bainteach le tionscadail chomhchistithe taighde agus forbartha (Airteagal 25c)

    …%

    …%

    Cabhair um ghníomhaíochtaí cur le chéile (Airteagal 25d)

    …%

    …%

    Cabhair a bhaineann le cómhaoiniú tionscadal arna dtacú ag an gCiste Eorpach Cosanta nó ag an gClár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (Airteagal 25e)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um bonneagair thaighde (Airteagal 26)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagair thástála agus thurgnamhaíochta (Airteagal 26a)

    …%

    …%

    Cabhair do bhraislí nuálaíochta (Airteagal 27)

    …%

    …%

    Cabhair nuálaíochta do FBManna (Airteagal 28)

    …%

    …%

    Cabhair um nuálaíocht maidir le próisis agus nuálaíocht eagraíochtúil (Airteagal 29)

    …%

    …%

    Cabhair um thaighde agus forbairt in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (Airteagal 30)

    …%

    …%

    Cabhair oiliúna (Airteagal 31)

    …%

    …%

    Cabhair d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus d’oibrithe faoi mhíchumas (Airteagail 32-35)

    Cabhair um earcú oibrithe faoi mhíbhuntáiste i bhfoirm fóirdheontais phá (Airteagal 32)

    …%

    …%

    Cabhair um fhostú oibrithe faoi mhíchumas i bhfoirm fóirdheontais phá (Airteagal 33)

    …%

    …%

    Cabhair um chúiteamh na gcostas breise a bhaineann le fostú oibrithe faoi mhíchumas (Airteagal 34)

    …%

    …%

    Cabhair um chúiteamh chostais an chúnaimh a thugtar d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste (Airteagal 35)

    …%

    …%

    Cabhair um chosaint an Chomhshaoil (Airteagail 36-49)

    Cabhair infheistíochta um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear dícharbónú (Airteagal 36)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta le haghaidh bonneagar athluchtaithe nó athbhreoslaithe (Airteagal 36a)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta chun feithiclí glana nó feithicil astaíochtaí nialasacha a éadáil agus chun feithiclí a iarfheistiú (Airteagal 36b)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um bearta éifeachtúlachta fuinnimh seachas i bhfoirgnimh (Airteagal 38)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um bhearta éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh (Airteagal 38a)

    …%

    …%

    Cabhair maidir le conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh a éascú (Airteagal 38b)

    …airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair infheistíochta do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh i bhfoirm ionstraimí airgeadais (Airteagal 39)

    …airgeadra náisiúnta

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair infheistíochta maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, hidrigin in-athnuaite agus comhghiniúint ard-éifeachtúlachta a chur chun cinn (Airteagal 41)

    …%

    …%

    Cabhair oibriúcháin um chur chun cinn an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite (Airteagal 42)

    …%

    …%

    Cabhair oibriúcháin chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite agus hidrigin in-athnuaite i dtionscadail bheaga a chur chun cinn agus chun pobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn (Airteagal 43)

    …%

    …%

    Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha faoi Threoir 2003/96/CE (Airteagal 44)

    …%

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhshaoil nó ar tháillí paraifhioscacha (Airteagal 44a)

    …%

    Ní bhaineann le hábhar

    Cabhair infheistíochta chun damáiste don chomhshaol a leigheas, chun gnáthóga nádúrtha agus éiceachórais a athshlánú, chun bithéagsúlacht a chosaint nó a athbhunú agus chun réitigh dhúlrabhunaithe maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun feidhme (Airteagal 45)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um théamh agus fuarú ceantair ar téamh agus/nó ar fuarú é atá éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de (Airteagal 46)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach (Airteagal 47)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um bonneagar fuinnimh (Airteagal 48)

    …%

    …%

    Cabhair le haghaidh staidéar agus seirbhísí sainchomhairleoireachta maidir le ceisteanna cosanta comhshaoil agus fuinnimh (Airteagal 49)

    …%

    …%

    Scéimeanna cabhrach lena slánaítear an damáiste a rinne tubaistí nádúrtha áirithe (Airteagal 50)

    Uasdéine na cabhrach

    …%

    …%

    An cineál tubaiste nádúrtha

    crith talún

    maidhm shléibhe

    sciorradh talún

    tuile

    tornádó

    spéirling

    brúchtadh bolcánach

    falscaí

    Dáta na tubaiste nádúrtha

    ll/mm/bbbb go dtí an ll/mm/bbbb

    Cabhair shóisialta um iompar le haghaidh daoine atá ina gcónaí i réigiúin iargúlta (Airteagal 51)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair do líonraí leathanbhanda fhosaithe (Airteagal 52)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um líonraí móibíleacha 4G agus 5G (Airteagal 52a)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití (Airteagal 52b)

    …%

    …%

    Dearbháin nascachta (Airteagal 52c)

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um líonraí aisiompair (Airteagal 52d)

    …%

    …%

    Cabhair um an gcultúr agus um chaomhnú na hoidhreachta (Airteagal 53)

    …%

    …%

    Scéimeanna cabhrach um shaothair chlosamhairc (Airteagal 54)

    …%

    …%

    Cabhair um an spórt agus um bonneagair áineasa ilfheidhme (Airteagal 55)

    …%

    …%

    Cabhair infheistíochta um bonneagair áitiúla (Airteagal 56)

    …%

    …%

    Cabhair d’aerfoirt réigiúnacha (Airteagal 56a)

    …%

    …%

    Cabhair do chalafoirt mhuirí (Airteagal 56b)

    …%

    …%

    Cabhair do chalafoirt intíre (Airteagal 56c)

    …%

    …%

    Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais a dtacaíonn an Ciste InvestEU leo (Airteagail 56d-56f)

    Airteagal 56e

    Cabhair do thionscadail leasa choitinn i réimse an bhonneagair thras-Eorpaigh nascachta digití a mhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/1153 nó ar bronnadh lipéad cáilíochta Séala Barr Feabhais orthu faoin Rialachán sin (Airteagal 56e(2))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair le haghaidh chur in úsáid líonraí leathanbhanda fhosaithe agus cabhair le haghaidh chur in úsáid líonraí móibíleacha 4G agus 5G chun spreagthaí socheacnamaíocha incháilithe áirithe a nascadh (Airteagal 56e(3))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um ghiniúint fuinnimh agus bonneagar fuinnimh (Airteagal 56e(4))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um bhonneagar agus gníomhaíochtaí sóisialta, oideachais, cultúir agus oidhreachta nádúrtha (Airteagal 56e(5))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um an iompar agus um bonneagair iompair (Airteagal 56e(6))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um bonneagair eile (Airteagal 56e(7))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear cosaint na haeráide (Airteagal 56e(8))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair um an taighde, an fhorbairt, an nuálaíocht agus an digitiú (Airteagal 56e(9))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair a thugtar do FBManna nó do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar cabhair i bhfoirm maoiniú í lena dtacaíonn an Ciste InvestEU (Airteagal 56e(10))

    …airgeadra náisiúnta

    …%

    Cabhair atá bainteach le táirgí airgeadais idirghafa atá dírithe ar an tráchtáil ar táirgí iad lena dtacaíonn an Ciste InvestEU (Airteagal 56f)

    …airgeadra náisiúnta

    …%’


    (1)  I gcás cabhair réigiúnach ad hoc lena bhforlíontar cabhair a dheonaítear faoi scéim nó scéimeanna cabhrach, cuir in iúl déine na cabhrach a dheonaítear faoin scéim chomh maith le déine na cabhrach ad hoc.

    (2)  De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 19b. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.

    (3)  De réir Airteagal 11(1), níl sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar chabhair a dheonaítear faoi Airteagal 20a. Dá bhrí sin, tuairisciú maidir leis an gcabhair sin, níl ann ach rud roghnach.


    Top