This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1226
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1226 of 22 June 2023 amending Annexes V, XIV and XV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for Canada, Chile and the United Kingdom in the lists of third countries authorised for the entry into the Union of consignments of poultry, germinal products of poultry and fresh meat of poultry and game birds (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/... ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha maidir le Ceanada, leis an tSile agus leis an Ríocht Aontaithe sna liostaí de thríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith géim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/... ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha maidir le Ceanada, leis an tSile agus leis an Ríocht Aontaithe sna liostaí de thríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith géim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4334
IO L 160, 26.6.2023, p. 19–30
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn V cuid 2 Téacs | 19/02/2022 | |
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 1 roinn B Téacs | 27/06/2023 | |
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn V cuid 1 roinn B Téacs | 27/06/2023 | |
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn V cuid 2 Téacs | 27/06/2023 | |
Modifies | 32021R0404 | Cur le | iarscríbhinn XIV cuid 1 roinn B Téacs | 27/06/2023 | |
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn XIV cuid 1 roinn B Téacs | 27/06/2023 | |
Modifies | 32021R0404 | Athchur | iarscríbhinn XV cuid 1 roinn A | 27/06/2023 |
26.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/19 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/... ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Meitheamh 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha maidir le Ceanada, leis an tSile agus leis an Ríocht Aontaithe sna liostaí de thríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éanlaith géim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Go háirithe, leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thairis sin, thug an tSile fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis atá ann i Réigiún Metropolitana, an tSile, agus deimhníodh í an 4 Meitheamh 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Tar éis na ráige sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta na Sile crios srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar an mbunaíocht a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(7) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tSile maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críocha agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. |
(8) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sa limistéar atá faoi shrianta arna bhunú ag údaráis tréidliachta na Sile, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim sa limistéar sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. |
(9) |
Chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe ar fáil i ndáil le cásanna ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí. |
(10) |
Go sonrach, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le 2 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí Ontario agus Quebec (5), ráigeanna a deimhníodh an 5 Aibreán 2023 agus an 18 Aibreán 2023. |
(11) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le ceithre ráig HPAI i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontaetha Powys sa Bhreatain Bheag (3) agus Yorkshire Theas i Sasana (1), an Ríocht Aontaithe, a deimhníodh idir an 13 Aibreán 2023 agus an 29 Aibreán 2023. |
(12) |
Chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(13) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, agus an Ríocht Aontaithe isteach. Measann an Coimisiún go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas í an staid sláinte ainmhithe ba chúis leis an bhfionraí, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach san Aontas tráchtearraí éanlaithe clóis ó chriosanna na dtíortha sin óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sa tSile. |
(15) |
Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/215 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 trí chrios CA-2.1 a chur leis na hiontrálacha le haghaidh Cheanada in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn XIV. Ós rud é gur braitheadh earráid amháin, ba cheart an ró le haghaidh chrios CA-2 i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a cheartú dá réir. |
(16) |
Thairis sin, rinneadh leasuithe go minic ar iontrálacha i gCuid 1, Roinn A d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an roinn seo in Iarscríbhinn XV a ionadú ina hiomláine. |
(17) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sa tSile á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(18) |
Ba cheart feidhm a bheith ag ceartú na hiontrála le haghaidh Cheanada sa ró le haghaidh chrios CA-2 i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/215. |
(19) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún
In Iarscríbhinn V, Cuid 2, san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2:
‘Ceanada |
CA-2 |
Críoch Cheanada atá ag freagairt don mhéid seo a leanas’; |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 19 Feabhra 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/215 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 37, 18.2.2022, lch. 28)
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
(3) |
i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A: ‘Roinn A: Liosta de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna n-údaraítear coinsíneachtaí táirgí feola próiseáilte teacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad ar a ndearnadh an chóireáil maolúcháin riosca neamhshonrach A ((*)) nó cóireáil B, cóireáil C nó cóireáil D le haghaidh táirgí feola (i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692) a cheanglaítear le haghaidh gach speicis tionscnaimh den fheoil
|
((*)) Ciallaíonn “A” nach gceanglaítear aon cheann de na cóireálacha maolúcháin riosca B, C ná D (i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692)
((**)) Le haghaidh na dtráchtearraí sin dá bhfuil an chóireáil “A” sannta, agus lena n-aghaidh siúd amháin.’