EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0826

Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/2448

IO L 103, 18.4.2023, p. 29–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/826/oj

18.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 103/29


RIALACHÁN (AE) 2023/826 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Aibreán 2023

lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Threoir 2009/125/CE tá an Coimisiún le ceanglais éicidhearthóireachta a leagan síos maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh agus a bhfuil an-díol agus an-trádáil orthu san Aontas Eorpach, a bhfuil tionchar mór acu ar an gcomhshaol agus a bhfuil deis mhór ann, tríd an dearadh, feabhas a chur orthu ó thaobh an tionchair atá acu ar an gcomhshaol gan costas ró-mhór a bheith ag baint leis sin.

(2)

I dTeachtaireacht COM(2016) 773 (2) leagtar amach na tosaíochtaí oibre faoin gcreat éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh le haghaidh 2016-2019. Leagtar amach i bplean oibre éicidhearthóireachta 2016 na grúpaí táirgí a bhaineann le fuinneamh is gá a mheas mar thosaíochtaí chun tabhairt faoi staidéir ullmhúcháin agus chun bearta cur chun feidhme a ghlacadh, agus déantar foráil maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún (3).

(3)

Tá ídiú fuinnimh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as”, sa mhód fuireachais agus sa mhód fuireachais líonra ar cheann de na bearta a liostaítear sa Teachtaireacht, agus meastar go mbeidh coigilteas bliantúil 4 TWh fuinnimh ann faoi 2030 dá bharr, rud a chomhfhreagraíonn do laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa 1,36 milliún tona de choibhéis CO2.

(4)

Leag an Coimisiún síos i Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú fuinnimh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as” sa mhód fuireachais, mar aon le ceanglais bhreise maidir le hídiú fuinnimh sa mhód fuireachais líonra i Rialachán (AE) Uimh. 801/2013 ón gCoimisiún (4). Faoi na Rialacháin sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na ceanglais éicidhearthóireachta i bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíochta.

(5)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus rinne sé anailís ar na gnéithe teicniúla, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaineann le hídiú fuinnimh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as”, sa mhód fuireachais, agus sa mhód fuireachais líonra, chomh maith le hiompar fíorshaoil úsáideoirí. Rinneadh an t-athbhreithniú i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí agus páirtithe leasmhara ón Aontas agus ó thríú tíortha. Cuireadh torthaí an athbhreithnithe ar fáil don phobal agus cuireadh iad faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin arna bhunú le hAirteagal 18 de Threoir 2009/125/CE.

(6)

Léiríonn an t-athbhreithniú an tairbhe a bhaineann le ceanglais leanúnacha fheabhsaithe, ceanglais atá curtha in oiriúint don dul chun cinn teicneolaíoch, maidir le hídiú fuinnimh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as”, sa mhód fuireachais, agus sa mhód fuireachais líonra.

(7)

Maidir le hídiú fuinnimh bliantúil trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as”, sa mhód fuireachais, agus sa mhód fuireachais líonra, atá faoi réir an Rialacháin seo, rinneadh meastachán san athbhreithniú ar an ídiú fuinnimh bliantúil sin san Aontas agus is é 23,8 milliún tona astaíochtaí gás ceaptha teasa de choibhéis CO2. I gcás “gnó mar is gnách”, meastar go dtiocfaidh laghdú ar an ídiú fuinnimh faoi 2030, go príomha mar gheall ar chur i bhfeidhm de réir a chéile na gceanglas éicidhearthóireachta a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 801/2013. Meastar, áfach, go gcuirfear moill ar an laghdú sin mura ndéanfar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú do tháirgí a chomhfhreagraíonn do threalamh tí agus oifige a bheartaítear a úsáid sa timpeallacht tí, trealamh a chomhfhreagraíonn do threalamh d’aicme B mar a leagtar amach i gcaighdeán EN 55022:2010 i gcás trealamh teicneolaíochta faisnéise.

(9)

Ba cheart modhanna oibríochta nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, amhail mód ACPI S3 ríomhairí, a mheas i mbearta cur chun feidhme táirgeshonracha faoi Threoir 2009/125/CE.

(10)

Ba cheart ceanglais maidir leis an mód “as”, an mód fuireachais agus mód fuireachais líonra a leagan amach i mbearta cur chun feidhme táirgeshonracha faoi Threoir 2009/125/CE, i gcás inar féidir, agus sainiúlachtaí gach grúpa táirgí á gcur san áireamh mar aon leis an bhféidearthacht laghduithe breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus fuinnimh a sholáthar.

(11)

Maidir le táirgí ag a bhfuil soláthairtí cumhachta seachtraí ísealvoltais, táirgí a bhí díolmhaithe ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 le Rialachán (CE) Uimh. 278/2009 ón gCoimisiún (5), tá na táirgí sin ag athrú go tapa ó thaobh a bhfeidhmiúlachtaí de agus tá an líon díobh a chuirtear ar mhargadh an Aontais ag dul i méad. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo chun coigilteas breise fuinnimh a áirithiú agus chun cothrom iomaíochta a sholáthar do mhonaróirí.

(12)

Táirgí a oibrítear le ceallra inaistrithe, ag a bhfuil ciorcad athluchtaithe is gá a phlugáil isteach lena n-athluchtú, ba cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo mar gheall go mbraitheann siad ar ionchur fuinnimh ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta.

(13)

Táirgí ag a bhfuil ciorcad athluchtaithe, ina n-ídítear an chumhacht sa mhód “as” agus sa mhód fuireachais nuair nach ndéantar an ceallra a athluchtú, ba cheart iad a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo chun coigilteas fuinnimh a áirithiú.

(14)

Trealamh priontála a ghineann aschur priontáilte ar pháipéar nó ar mheán eile ó ionchur leictreonach, ba cheart é a chumhdach sa Rialachán seo chun coigilteas fuinnimh a áirithiú, ach ba cheart trealamh priontála tríthoisí a eisiamh ón Rialachán seo faoi láthair.

(15)

Maidir le boscaí bairr simplí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 107/2009, ní cuid shuntasach den mhargadh iad a thuilleadh agus ba cheart a n-ídiú cumhachta sa mhód fuireachais agus sa mhód “as” atá fágtha a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 (6) ón gCoimisiún a aisghairm.

(16)

Bíonn troscáin inchoigeartaithe a oibrítear le mótar go leictreonach, agus eilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar, sa mhód “as”, sa mhód fuireachais agus sa mhód fuireachais líonra ar feadh tréimhsí fada ama agus mar sin tá acmhainneacht shuntasach ann d’ídiú fuinnimh feabhsaithe agus troscáin sna modhanna sin. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)

Ba cheart leis na ceanglais éicidhearthóireachta leibhéil ídithe fuinnimh trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód “as”, sa mhód fuireachais, agus sa mhód fuireachais a ailíniú ar fud an Aontais. Cuirfidh sé sin le feidhmiú an mhargaidh aonair. Ina theannta sin, ba cheart leis na ceanglais éicidhearthóireachta feidhmíocht chomhshaoil trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach a fheabhsú.

(18)

Ba cheart na paraiméadair táirge ábhartha a thomhas trí úsáid a bhaint as modhanna iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe. Ba cheart é a chur san áireamh sna modhanna sin modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh leo lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu sin, caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag na heagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (7).

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2009/125/CE, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme.

(20)

D’fhonn éifeachtacht agus inchreidteacht an Rialacháin seo a fheabhsú agus tomhaltóirí a chosaint, maidir le táirgí a dhéanann a bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch faoi dhálaí tástála agus é mar chuspóir leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair a shonraítear sna Rialacháin seo, níor cheart cead a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh.

(21)

I dteannta na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart tagarmharcanna le haghaidh na dteicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil a shainaithint chun faisnéis a chur ar fáil go forleathan agus go héasca maidir le feidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré faoi réir an Rialacháin seo, i gcomhréir le pointe 2 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/125/CE.

(22)

In athbhreithniú ar an Rialachán seo, ba cheart measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht agus ar éifeachtacht a fhorálacha maidir lena spriocanna a bhaint amach.

(23)

I bhfianaise raon feidhme na gceanglas éicidhearthóireachta modhnaithe nua a leagtar amach sa Rialachán seo, agus chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 a aisghairm.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagtar síos le hAirteagal 19(1) de Threoir 2009/125/CE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear ceanglais éicidhearthóireachta leis an Rialachán seo maidir le hídiú leictreachais móid “as”, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra i dtaca le trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach” nó trealamh aon táirge a bhaineann le fuinneamh a liostaítear in Iarscríbhinn II agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá sé ag brath ar ionchur fuinnimh ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta chun feidhmiú de mar a bhí beartaithe;

(b)

deartar é lena úsáid le rátáil voltais ainmniúil 250 V nó faoina bhun;

(2)

ciallaíonn “príomhlíonra” an soláthar leictreachais ón eangach de 230 (± 10 %) volta srutha ailtéarnaigh ar 50 Hz;

(3)

ciallaíonn “mód fuireachais” staid ina bhfuil an trealamh nasctha leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta, ina bhfuil an trealamh ag brath ar ionchur fuinnimh ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta chun oibriú mar a bhí beartaithe agus nach soláthraíonn sé ach ceann amháin nó níos na feidhmeanna seo a leanas a d’fhéadfadh feidhmiú ar feadh tréimhse éiginnte:

(a)

feidhm athghníomhachtúcháin;

(b)

feidhm athghníomhachtúcháin agus gan ach tásc ar fheidhm athghníomhachtaithe atá ar siúl;

(c)

taispeáint faisnéise nó stádais;

(4)

ciallaíonn “feidhm athghníomhachtúcháin” feidhm lena soláthraítear lasc, trí chianrialú, braiteoir inmheánach nó uaineadóir, ón mód fuireachais go mód eile, lena n-áirítear mód gníomhach, agus lena soláthraítear feidhmeanna breise;

(5)

ciallaíonn “príomhfheidhm” feidhm lena soláthraítear na príomhsheirbhísí ar dearadh, ar tástáladh agus ar margaíodh an trealamh ina leith, feidhm a chomhfhreagraíonn don úsáid atá beartaithe don trealamh;

(6)

ciallaíonn “taispeáint faisnéise nó stádais” feidhm leanúnach lena soláthraítear faisnéis nó lena léirítear stádas an trealaimh ar ghléas taispeána, lena n-áirítear cloig. Ní mheastar gur taispeáint stádais é táscaire solais simplí;

(7)

ciallaíonn “mód gníomhach” stádas ina bhfuil an trealamh ceangailte leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta agus inar gníomhachtaíodh ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna;

(8)

ciallaíonn mód “as” staid ina bhfuil an trealamh ceangailte leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta agus nach soláthraíonn sé aon fheidhm, nó staid ina soláthraíonn sé an méid seo a leanas amháin:

(a)

tásc maidir le stádas an mhóid “as”;

(b)

feidhmiúlachtaí atá ceaptha chun comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a áirithiú faoi Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8);

(9)

ciallaíonn “líonra” bonneagar cumarsáide ag a bhfuil toipeolaíocht nasc, ailtireacht, lena n-áirítear na comhpháirteanna fisiceacha, prionsabail eagraíochtúla, nósanna imeachta agus formáidí cumarsáide (prótacail);

(10)

ciallaíonn “fuireachas líonra” staid ina bhfuil an trealamh inar féidir leis an trealamh feidhm a atosú trí bhíthin truicear a thionscnaítear go cianda ó nasc líonra;

(11)

ciallaíonn “truicear a thionscnaítear go cianda” comhartha a thagann ó lasmuigh den trealamh trí líonra;

(12)

ciallaíonn “aitheantóir múnla” cód atá alfa-uimhriúil de ghnáth agus lena ndéantar múnla sonrach de threalamh a dhealú ó mhúnlaí eile a bhfuil an trádmharc céanna nó an t-ainm monaróra, allmhaireora nó ionadaí údaraithe céanna acu;

(13)

ciallaíonn “múnla coibhéiseach” múnla trealaimh a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna aige atá ábhartha maidir leis an bhfaisnéis theicniúil atá le soláthar i gcomhréir le hIarscríbhinn II, ach arb é an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe céanna a chuireann é ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus a chuireann múnla trealaimh eile ag a bhfuil aitheantóir múnla difriúil;

(14)

ciallaíonn “luachanna fógartha” na luachanna arna soláthar ag an monaróir, ag an allmhaireoir nó ag an ionadaí údaraithe i leith na bparaiméadar teicniúil dearbhaithe, ríofa nó tomhaiste i gcomhréir le hAirteagal 4, le haghaidh fíorú comhlíontachta ag údaráis na mBallstát.

Airteagal 3

Ceanglais éicidhearthóireachta

Leagtar amach na ceanglais éicidhearthóireachta in Iarscríbhinn III.

Airteagal 4

Measúnú comhréireachta

1.   Is é a bheidh sa nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2009/125/CE córas rialaithe an dearaidh inmheánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin nó an córas bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

2.   Chun críocha an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 8 de Threoir 2009/125/CE, sa doiciméadacht theicniúil beidh an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe 3(b) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo mar aon le mionsonraí agus torthaí na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis atá san áireamh sa doiciméadacht theicniúil don mhúnla áirithe sin, mar mhalairt:

(a)

ó mhúnla a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna aige atá ábhartha don fhaisnéis theicniúil atá le soláthar i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo ach a tháirgeann monaróir difriúil;

(b)

trína ríomh ar bhonn dearadh nó eachtarshuíomh múnla eile de chuid an mhonaróra chéanna nó de chuid monaróra eile, nó an dá rud,

sa doiciméadacht theicniúil maidir le múnla áireofar mionsonraí agus torthaí na ríomhanna nó na n-eachtarshuímh, an measúnú a rinne an monaróir chun cruinneas na ríomhanna a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, an dearbhú céannachta idir múnlaí na monaróirí éagsúla.

Sa doiciméadacht theicniúil beidh liosta de mhúnlaí coibhéiseacha dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír, lena n-áirítear na sainaitheantóirí múnlaí.

4.   Beidh sa doiciméadacht theicniúil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn III pointe 3(a) a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Nós imeachta fíorúcháin chun críoch faireachais margaidh

Déanfaidh údaráis na mBallstát an nós imeachta fíorúcháin a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm nuair a dhéanfaidh siad na seiceálacha faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2009/125/CE.

Airteagal 6

Teacht timpeall agus nuashonruithe bogearraí

Ní chuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe trealamh ar an margadh a dheartar sa chaoi go bhféadfaidh siad tástáil a bhrath, lena n-áirítear trí na dálaí tástála nó an timthriall tástála a aithint, agus gníomhú go sonrach trína bhfeidhmíocht a athrú go huathoibríoch le linn na tástála chun leibhéal níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair sa doiciméadacht theicniúil ná na paraiméadair a áirítear in aon cheann de na doiciméid a chuirtear ar fáil.

Ní rachaidh ídiú fuinnimh an trealaimh ná aon cheann de na paraiméadair fhógartha eile in olcas tar éis nuashonrú bogearraí ná nuashonrú dochtearraí nuair a dhéantar iad a thomhas leis an gcaighdeán tástála céanna is túisce a úsáideadh le haghaidh an dearbhaithe comhréireachta, ach amháin má thoilíonn an t-úsáideoir amhlaidh go sainráite roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú ar fheidhmíocht de thoradh diúltú don nuashonrú.

Ní bheidh d’éifeacht ag nuashonrú bogearraí go n-athrófar feidhmíocht an trealaimh ar bhealach a fhágann nach gcomhlíontar na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an dearbhú comhréireachta.

Airteagal 7

Tagarmharcanna táscacha

Leagtar amach in Iarscríbhinn VI na tagarmharcanna táscacha maidir leis an trealamh agus leis na teicneolaíochtaí is fearr feidhmíochta a bheidh ar fáil ar an margadh tráth a ghlacfar an Rialachán seo.

Airteagal 8

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíochta agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin tráth nach déanaí ná an 9 Bealtaine 2027.

Déanfar measúnú san athbhreithniú, go háirithe, ar oiriúnacht na nithe seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir leis an mód fuireachais, an mód “as” agus an mód fuireachais líonra;

(b)

na ceanglais maidir leis an mód fuireachais líonra le haghaidh trealamh HiNA agus trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht HiNA, agus sainiúlacht i gcomparáid le trealamh nach trealamh HiNA é;

(c)

grúpaí táirgí ábhartha eile, lena n-áirítear táirgí a úsáidtear in earnáil na seirbhísí, a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo;

(d)

ceanglais a leagan síos maidir le mód cothabhála luchtairí ceallraí.

Airteagal 9

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 le héifeacht ón 9 Bealtaine 2025.

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 le héifeacht ón 9 Bealtaine 2025.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 9 Bealtaine 2025. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 6 an chéad mhír nuair a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016, Plean Oibre Éicidhearthóireachta 2016-2019, COM(2016) 773 final,.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2008 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta i dtaca le hídiú cumhachta leictrí trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’ agus sa mhód fuireachais líonra (IO L 339, 18.12.2008, lch. 45).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 801/2013 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú cumhachta leictrí trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le teilifíseáin (IO L 225, 23.8.2013, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 278/2009 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta i dtaca le hídiú cumhachta leictrí sa staid gan lód meánéifeachtúlacht ghníomhach ag soláthair sheachtracha chumhachta (IO L 93, 7.4.2009, lch. 3).

(6)  IO L 36, 5.2.2009, lch. 8.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(8)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).


IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE

(1)   

ciallaíonn “trealamh teicneolaíochta faisnéise” aon trealamh arb é an phríomhfheidhm aige sonraí nó teachtaireachtaí teileachumarsáide a ionchur, a stóráil, a thaispeáint, a aisghabháil, a tharchur, a phróiseáil, a lascadh nó a rialú, nó meascán de na feidhmeanna sin, trealamh is féidir a fheistiú le port teirminéil amháin nó níos mó a oibrítear de ghnáth le haghaidh aistriú faisnéise;

(2)   

ciallaíonn “timpeallacht tí” timpeallacht ina bhféadfaí a bheith a dréim le húsáid glacadóirí raidió craolacháin agus glacadóirí teilifíse laistigh d’achar 10 m ón trealamh atá i gceist;

(3)   

ciallaíonn “port líonra” comhéadan fisiceach sreinge nó gan sreang de chuid an naisc líonra atá suite ar an trealamh agus lenar féidir an trealamh a ghníomhachtú go cianda;

(4)   

ciallaíonn “port líonra loighciúil” an teicneolaíocht líonra a fheidhmíonn thar phort líonra fhisicigh;

(5)   

ciallaíonn “port líonra fhisicigh” meán fisiceach (crua-earraí) poirt líonra. Is féidir le port líonra fhisicigh dhá theicneolaíocht líonra nó níos mó a óstáil;

(6)   

ciallaíonn “inúsáidteacht líonra” an cumas atá ag an trealamh feidhmeanna a atosú tar éis don phort líonra truicear arna thionscnamh go cianda a bhrath;

(7)   

ciallaíonn “trealamh líonraithe” trealamh is féidir a cheangal le líonra agus ag a bhfuil port líonra amháin nó níos mó;

(8)   

ciallaíonn “trealamh ag a bhfuil inúsáidteacht ard líonra” nó “trealamh HiNA” trealamh ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na feidhmiúlachtaí seo a leanas mar phríomhfheidhmeanna, ach nach bhfuil aon cheann eile aige: mar ródaire, lasc líonra, pointe rochtana líonra gan sreang, mol, móideim, teileafón VoIP (Prótacal Idirlín Guthaithe), físfóin;

(9)   

ciallaíonn “trealamh líonraithe ag a bhfuil feidhmiúlacht inúsáidteachta ard líonra” nó “trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht HiNA” trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht ródaire, lasc líonra, pointe rochtana líonra gan sreang nó teaglaim díobh sin san áireamh, ach nach trealamh HiNA é;

(10)   

ciallaíonn “ródaire” gaireas líonra arb é a phríomhfheidhm an chonair optamach a chinneadh, conair ar cheart trácht líonra a chur ar aghaidh uirthi. Cuireann ródairí paicéid sonraí ar aghaidh ó líonra amháin go líonra eile, de réir faisnéis sraith líonra (L3);

(11)   

ciallaíonn “lasc líonra” gaireas líonra arb é a phríomhfheidhm frámaí a scagadh, a chur ar aghaidh agus a dháileadh de réir seoladh cinn scríbe gach fráma. Oibríonn gach lasc sraith an nasctha sonraí (L2) ar a laghad;

(12)   

ciallaíonn “pointe rochtana líonra gan sreang” gaireas líonra arb é a phríomhfheidhm nascacht IEEE 802.11 (Wi-Fi) a sholáthar do chliaint éagsúla;

(13)   

ciallaíonn “mol” gaireas líonra ina bhfuil iliomad port agus a úsáidtear chun deighleáin Líonra Achair Logánta a nascadh;

(14)   

ciallaíonn “móideim” gaireas líonra arb é a phríomhfheidhm comharthaí analógacha atá modhnaithe go digiteach a tharchur agus a ghlacadh thar líonra le sreang;

(15)   

ciallaíonn “trealamh priontála” trealamh priontála a ghineann aschur priontáilte ar pháipéar nó ar mheán eile ó ionchur leictreonach. D’fhéadfadh trealamh priontála feidhmeanna breise a chur ar fáil, amhail scanadh agus cóipeáil, agus is féidir é a mhargú mar ghaireas ilfheidhmeach nó mar tháirge ilfheidhmeach;

(16)   

ciallaíonn “trealamh priontála mórfhormáide” trealamh priontála atá deartha i gcomhair clódóireacht ar mheáin A2 agus ar mheán níos mó ná sin, lena n-áirítear trealamh atá deartha chun meáin fhoirmiúla leanúnacha atá 406 mm ar a laghad ar leithead a ghlacadh;

(17)   

ciallaíonn “meaisín caife tí” trealamh neamhthráchtála chun caife a ghrúdú;

(18)   

ciallaíonn “meaisín caife silscagaire tí” meaisín caife tí a dhéanann síothlú chun an caife a eastóscadh;

(19)   

ciallaíonn “consól cluichí” trealamh atá deartha chun seinm físchluichí a sholáthar mar phríomhfheidhm. Deartar consól cluichí de ghnáth chun aschur a sholáthar do thaispeáint leictreonach sheachtrach mar phríomh-thaispeáint imeartha agus de ghnáth úsáideann sé rialtáin láimhe nó rialtáin idirghníomhacha eile mar phríomhghaireas ionchuir. I gconsóil cluichí, de ghnáth, bíonn láraonaid próiseála, aonaid próiseála grafaicí, cuimhne chórais, agus roghanna stórála inmheánaí sonraí. Meastar gur cineál consól cluichí iad gairis chluichíochta láimhe, a bhfuil taispeáint chomhtháite acu mar phríomh-thaispeáint imeartha cluichí, agus a oibríonn go príomha trí cheallra comhtháite a úsáid nó foinse chumhachta iniompartha eile seachas trí nasc díreach leis an bpríomhlíonra;

(20)   

ciallaíonn “troscán inchoigeartaithe a oibrítear le mótar” troscán a bhfuil mótair nó gníomhróirí ann mar aon le haonad rialaithe chun airde, suíomh nó foirm a choigeartú. Is é an t-úsáideoir deiridh a oibríonn na coigeartuithe sin trí rialuithe cáblaithe agus/nó trí rialuithe gan sreang, trí líonra nó rialaítear iad go uathoibríoch trí bhraiteoirí a úsáid;

(21)   

ciallaíonn “eilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar” trealamh oscailte nó trealamh compoird i bhfoirgnimh, seachas trealamh aerála, trealamh is féidir gluaiseacht nó rothlú, nó an dá rud, trí ionchur ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta a úsáid. Ionchorpraítear mótar leictreach nó gníomhróir agus aonad rialaithe san eilimint foirgnimh a oibrítear le mótar, agus is é an t-úsáideoir deiridh a oibríonn í, nó rialaítear í go uathoibríoch trí bhraiteoirí a úsáid;

(22)   

ciallaíonn “gaireas sruthaithe meán” gaireas crua-earraí lena soláthraítear aon ábhar meán thar líonra, bíodh sé ina ábhar beo nó ina ábhar taifeadta, d’úsáideoirí deiridh agus seinntear an t-ábhar san fhíor-am.


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA TÁIRGÍ A BHAINEANN LE FUINNEAMH A CHUMHDAÍTEAR LEIS AN RIALACHÁN SEO

1.   

Fairis a dheartar, a thástáiltear agus a mhargaítear lena n-úsáid sa teach:

triomadóirí rothlaim agus triomadóirí éadaí eile;

oighinn leictreacha, lena n-áirítear oighinn leictreacha ionchorpraithe i gcócaireáin;

iartaí leictreacha agus teophlátaí leictreacha;

oighinn mhicreathonnacha;

tóstaeir;

friochtóirí;

meaisíní caife;

meilteoirí;

trealamh i gcomhar coimeádáin nó pacáistí a oscailt nó a shéalú;

sceana leictreacha;

fearais eile le haghaidh cócaireachta agus próiseáil eile bia, ullmhú deochanna, glantacháin, cothabháil éadaí, cé is moite de mhiasniteoirí tí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/2022 (1) ón gCoimisiún, agus de mheaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (2);

fearais i gcomhair gearradh gruaige, triomú gruaige, cóireálacha gruaige, scuabadh fiacla, bearrtha, suathaireachta agus fearais cúraim coirp eile;

meánna.

2.   

Trealamh teicneolaíochta faisnéise atá beartaithe go príomha lena úsáid sa timpeallacht tí, lena n-áirítear trealamh priontála, cé is moite de ríomhairí deisce, ríomhairí deisce comhtháite agus ríomhairí glúine a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún (3), freastalaithe agus táirgí stórála sonraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/424 (4) ón gCoimisiún, chomh maith le taispeáintí leictreonacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún (5).

3.   

Trealamh tomhaltóirí:

raidiónna;

físcheamaraí;

seinnteoirí físeán;

seinnteoirí hi-fi;

aimplitheoirí fuaime;

callairí fuaime;

córais amharclainne tí;

gairis sruthaithe meán;

uirlisí ceoil;

boscaí bairr casta agus boscaí bairr simplí;

trealamh eile i gcomhair fuaim nó íomhánna a thaifeadadh nó a atáirgeadh, lena n-áirítear comharthaí nó teicneolaíochtaí eile chun fuaim agus íomhánna a roinnt ar bhealach eile seachas trí theileachumarsáid, ach seachas taispeáintí leictreonacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2019/2021 agus teilgeoirí ag a bhfuil meicníochtaí chun na lionsaí a mhalartú le lionsaí eile a bhfuil fad fócasach éagsúil acu.

4.   

Bréagáin, trealamh fóillíochta agus spóirt:

traein leictreacha nó foirne gluaisteán rásaíochta;

consóil cluichí;

trealamh spóirt;

bréagáin eile agus trealamh fóillíochta eile.

5.   

Troscán inchoigeartaithe a oibrítear le mótar:

deasca airde-inchoigeartaithe;

leapacha agus cathaoireacha inardaithe, feistí leighis agus cathaoireacha rothaí;

troscán inchoigeartaithe eile a oibrítear le mótar.

6.   

Eilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar:

comhlaí;

dallóga;

sciatha;

díonbhrait;

lúibín coille;

cuirtíní;

doirse;

geataí;

fuinneoga;

spéirléasacha;

eilimintí foirgnimh eile a oibrítear le mótar.


(1)  Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 267).

(2)  Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le meaisíní níocháin agus meaisíní niteoir-triomadóir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí (IO L 175, 27.6.2013, lch. 13).

(4)  IO L 74, 18.3.2019, lch. 46

(5)  Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le taispeántais leictreonacha de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 642/2009 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 241).


IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS ÉICIDHEARTHÓIREACHTA

1.   

Ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh:

(a)

Ídiú cumhachta sa mhód “as”:

Ní rachaidh ídiú cumhachta trealamh sa mhód “as” thar 0,50 W. Ní Rachaidh ídiú cumhachta trealamh sa mhód “as” thar 0,30 W 2 bhliain tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(b)

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais:

 

Maidir le hídiú cumhachta trealaimh in aon staid a sholáthraíonn feidhm athghníomhachtúcháin amháin, nó nach soláthraíonn ach feidhm athghníomhachtúcháin agus léiriú ar fheidhm athghníomhachtúcháin atá ar siúl, ní rachaidh an t-ídiú cumhachta sin thar 0,50 W.

 

Maidir le hídiú cumhachta trealaimh agus é in aon staid lena soláthraítear faisnéis nó taispeáint stádais amháin, nó lena soláthraítear meascán d‘fheidhm athghníomhachtúcháin agus d’fhaisnéis nó de thaispeáint stádais agus an méid sin amháin, nó lena soláthraítear feidhm athghníomhachtúcháin agus léiriú ar fheidhm athghníomhachtúcháin ar siúl agus faisnéise nó taispeáint faisnéise agus an méid sin amháin, ní rachaidh sé thar 0,80 W seachas triomadóirí tí a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 (1) ón gCoimisiún, arb é 1,000 W an luach ina leith a bheidh ann.

 

Trealamh líonraithe ag a bhfuil mód fuireachais amháin nó níos mó, comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir leis na modhanna fuireachais sin nuair atá na poirt líonra sreinge uile dínasctha agus nuair a dhíghníomhachtaítear na poirt líonra gan sreang uile.

(c)

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais líonra:

 

Ní rachaidh ídiú cumhachta trealamh HiNA, nó trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht HiNA, sa mhód fuireachais líonra, thar 8,00 W. Ní Rachaidh ídiú cumhachta trealamh HiNA, nó trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht HiNA, thar 7,00 W 2 bhliain tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

 

Ní rachaidh ídiú cumhachta trealaimh líonra, seachas trealamh HiNA nó trealamh ag a bhfuil feidhmiúlacht HiNA, sa mhód fuireachais líonra, thar 2,00 W.

 

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha ar ídiú cumhachta maidir leis na nithe seo a leanas:

trealamh priontála mórfhormáide;

caolchliant deisce, stáisiúin oibre, stáisiúin oibre mhóibíleacha, freastalaithe mionscála mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 617/2013.

2.   

Ceanglais feidhmíochta:

(a)

Infhaighteacht an mhóid “as” agus an mhóid fuireachais:

Mura mbeidh sé sin míchuí don úsáid atá beartaithe, cuirfidh an trealamh ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas ar fáil:

mód “as”,

mód fuireachais,

aon mhód eile nach sáraíonn na ceanglais maidir le hídiú cumhachta is infheidhme i dtaca le mód “as” ná mód fuireachais nuair atá an trealamh ceangailte leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta.

(b)

Feidhm bainistíochta cumhachta maidir le gach trealamh seachas trealamh líonraithe:

(1)

Mura bhfuil sé míchuí don úsáid atá beartaithe, cuirfidh an trealamh feidhm bainistíochta cumhachta ar fáil. I gcás nach bhfuil príomhfheidhm á soláthar ag an trealamh, agus nach bhfuil táirge eile a bhaineann le fuinneamh ag brath ar a fheidhmeanna, lascfaidh an fheidhm bainistíochta cumhachta an trealamh go huathoibríoch isteach i gceachtar de na modhanna seo a leanas tar éis na tréimhse is giorra is féidir atá oiriúnach don úsáid atá beartaithe don trealamh:

mód fuireachais,

mód “as”,

aon mhód eile nach sáraíonn na ceanglais maidir le hídiú cumhachta is infheidhme i dtaca le mód “as” ná mód fuireachais nuair atá an trealamh ceangailte leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta.

(2)

I gcás meaisíní caife tí, is mar a leanas a bheidh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (1):

i gcás meaisíní caife silscagaire tí ina ndéantar an caife a stóráil i gcrúiscín inslithe, 5 nóiméad ar a mhéad;

i gcás meaisíní caife silscagaire tí ina ndéantar an caife a stóráil i gcrúiscín nach bhfuil inslithe, 40 nóiméad ar a mhéad;

i gcás meaisíní caife tí nach meaisíní caife silscagaire tí iad, 30 nóiméad ar a mhéad.

(3)

I gcás trealamh eile, ní bheidh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (1) níos faide ná 20 nóiméad.

(4)

Déanfar an fheidhm bainistíochta cumhachta a bhfuil tuairisc uirthi i bpointe (1) a ghníomhachtú nuair a chuirfear an trealamh ar an margadh nó nuair a chuirfear é i mbun seirbhíse agus gníomhachtófar í tríd an tsuiteáil tosaigh tar éis an trealamh a athshocrú ina réamhshocruithe monarchan.

(5)

Féadfaidh an trealamh an rogha a thabhairt don úsáideoir an fheidhm bainistíochta cumhachta a dhíghníomhachtú. I gcásanna den sórt sin, tabharfar rabhadh do na húsáideoirí faoi ídiú fuinnimh méadaithe na gníomhaíochta sin. Áireofar an rabhadh sin sna lámhleabhair treorach agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfear ar fáil é ar na taispeáintí a bheidh comhtháite sa trealamh nó ceangailte leis, seachas taispeáintí faisnéise nó stádais. Ní bheidh an rogha sin mar chuid de nós imeachta suiteála an trealaimh agus éileofar leis gníomhaíochta úsáideora ar leithligh i leith an trealaimh.

(c)

Bainistíocht cumhachta maidir le trealamh líonraithe:

 

Mura bhfuil sé míchuí don úsáid atá beartaithe, cuirfidh an trealamh feidhm bainistíochta cumhachta ar fáil. Nuair nach bhfuil príomhfheidhm á feidhmiú ag an trealamh, agus nach bhfuil táirge eile a bhaineann le fuinneamh ag brath ar a fheidhmeanna, lascfaidh an fheidhm bainistíochta cumhachta an trealamh go huathoibríoch isteach sa mhód fuireachais tar éis na tréimhse is giorra is féidir atá oiriúnach don úsáid atá beartaithe don trealamh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 20 nóiméad.

 

Faoin mód fuireachais líonra, féadfaidh an fheidhm bainistíochta cumhachta an trealamh a lascadh go huathoibríoch sa mhód fuireachais nó sa mhód “as” nó i staid eile nach sáraíonn na ceanglais ídithe cumhachta is infheidhme maidir leis an mód fuireachais nó leis an mód “as”.

 

Beidh an fheidhm bainistíochta cumhachta ar fáil le haghaidh poirt líonra uile an trealaimh líonraithe.

 

Mura ndéanfar na poirt líonra uile a díghníomhachtú, déanfar an fheidhm bainistíochta cumhachta a ghníomhachtú nuair a chuirfear an trealamh ar an margadh nó nuair a chuirtear é i mbun seirbhíse. Tar éis an trealamh a athshocrú go dtí a réamhshocruithe monarcha, déanfar an fheidhm bainistíochta cumhachta a ghníomhachtú má dhéantar aon cheann de na phoirt líonra a ghníomhachtú.

 

Féadfaidh an trealamh an rogha a thabhairt don úsáideoir an fheidhm bainistíochta cumhachta a dhíghníomhachtú. I gcásanna den sórt sin, tabharfar rabhadh don úsáideoir faoi ídiú fuinnimh méadaithe na gníomhaíochta sin. Áireofar an rabhadh sin sna lámhleabhair treorach agus, i gcás inarb infheidhme, cuirfear ar fáil é ar na taispeáintí a bheidh comhtháite sa trealamh nó ceangailte leis. Ní bheidh an rogha sin mar chuid de nós imeachta suiteála an trealaimh agus éileofar leis gníomhaíochta úsáideora ar leithligh i leith an trealaimh.

 

Comhlíonfaidh trealamh líonraithe nach trealamh HiNA é na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2(b) nuair a bheidh na poirt líonra sreinge uile dínasctha agus nuair a dhíghníomhachtófar na poirt líonra gan sreang uile.

(d)

An fhéidearthacht naisc líonra gan sreang a dhíghníomhachtú:

Aon trealamh líonraithe is féidir a nascadh le líonra gan sreang, tabharfaidh sé an deis don úsáideoir na naisc líonra gan sreang a dhíghníomhachtú. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le trealamh a bhraitheann ar nasc líonra gan sreang amháin le haghaidh na húsáide atá beartaithe agus nach bhfuil aon nasc líonra sreinge acu.

(e)

Ní úsáidfear an tásc “fuireachas” ná aistriúcháin air i dteangacha oifigiúla uile an Aontais chun tuairisc a thabhairt, tuairisc leis féin nó in éineacht le faisnéis eile, ar aon mhód nach gcomhlíonann an trealamh sa mhód sin na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1(b) nó 1(c).

3.   

Ceanglais maidir le faisnéis

(a)

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach trealamh, de réir mar is infheidhme, sna lámhleabhair treorach d’úsáideoirí deiridh, agus i suíomhanna gréasáin saor-rochtana monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe:

(1)

maidir le gach mód “as”, mód fuireachais (nó mód eile nach sáraíonn na ceanglais ídithe cumhachta is infheidhme maidir le mód “as” nó le mód fuireachais) agus mód fuireachais líonra ina lastar an trealamh tríd an bhfeidhm bainistíochta cumhachta nó trí fheidhm chomhchosúil:

an t-ídiú cumhachta arna shloinneadh i vatanna agus arna shlánú go dtí an chéad ionad deachúil;

an tréimhse ar ina diaidh a shroicheann go huathoibríoch an trealamh mód fuireachais, an mód “as” nó an mód fuireachais líonra, i nóiméid agus slánaithe go dtí an nóiméad is gaire;

(2)

ídiú cumhachta an trealaimh sa mhód fuireachas líonra má tá gach port líonra sreinge nasctha agus gach port líonra gan sreang gníomhachtaithe;

(3)

I gcás trealamh is gá dóibh soláthar cumhachta seachtrach, ach a chuirtear ar an margadh gan an soláthar seachtrach cumhachta, cuirfidh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe, faisnéis ar fáil maidir le saintréithe teicniúla an mhúnla táirge agus an soláthar cumhachta seachtrach atá le húsáid leis an trealamh sin.

(4)

treoir maidir le conas port líonra gan sreang a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú.

Mar mhalairt air sin, is féidir an fhaisnéis i bpointí (1), (2) agus (3) a chur ar fáil sna lámhleabhair treorach d’úsáideoirí deiridh i bhfoirm nasc chuig an bhfaisnéis sin ar shuíomhanna gréasáin a bhfuil rochtain shaor orthu de chuid monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe.

(b)

Chun críocha measúnaithe comhréireachta de bhun Airteagal 4, sa doiciméadacht theicniúil beidh na gnéithe seo a leanas:

(1)

an chatagóir trealaimh:

sonraíocht maidir cé acu atá an trealamh líonraithe nó nach bhfuil sé líonraithe;

maidir le trealamh líonraithe, sonraíocht maidir le cé acu an trealamh HiNA é, an trealamh é a bhfuil feidhmiúlacht HiNA aige, nó an trealamh líonraithe eile é; i gcás nach gcuirtear aon fhaisnéis ar fáil, ní mheastar an trealamh mar threalamh HiNA ná mar threalamh a bhfuil feidhmiúlacht HiNA aige;

(2)

i gcás gach móid “as”, móid fuireachais agus móid fuireachas líonra:

luach fógartha an ídithe chumhachta i vatanna arna slánú go dtí an chéad ionad deachúil;

an modh tomhais arna úsáid;

tuairisc ar an gcaoi ar roghnaíodh nó ar cláraíodh an mód trealaimh;

an tsraith teagmhas as a dtiocfaidh an staid ina n-athraítear modhanna an trealaimh go huathoibríoch;

aon nóta maidir le hoibriú an trealaimh, e.g. faisnéis faoin gcaoi a n-athraíonn an t-úsáideoir an trealamh isteach sa mhód fuireachais líonra;

más infheidhme, an t-am réamhshocraithe is gá chun an mód nó an staid ísealchumhachta is infheidhme a bhaint amach i nóiméid agus slánaithe go dtí an nóiméad is gaire;

(3)

i gcás trealamh líonraithe:

an líon agus an cineál port líonra agus, cé is moite de phoirt líonra gan sreang, i gcás ina bhfuil na poirt sin suite ar an trealamh; fógrófar, go háirithe, an bhfuil dhá chineál port líonra nó níos mó sa phort líonra fisiceach céanna;

cibé acu an ndíghníomhachtaítear nó nach ndíghníomhachtaítear gach port líonra sula gcuirtear an trealamh ar an margadh nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;

cé acu an bhfuil poirt ag brath ar naisc ghníomhacha sreinge don úsáid atá beartaithe nó nach bhfuil, agus an nós imeachta a úsáidtear chun na poirt sin a dhíghníomhachtú;

ídiú cumhachta an trealaimh sa mhód fuireachas líonra má tá gach port líonra sreinge nasctha agus gach port líonra gan sreang gníomhachtaithe;

treoraíocht maidir le conas poirt líonra gan sreang a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú;

(4)

i gcás gach cineál poirt líonra:

an tréimhse ar ina diaidh a n-athraíonn an fheidhm bainistíochta cumhachta an trealamh isteach sa mhód fuireachais líonra;

an truicear a thionscnaítear go cianda chun an trealamh a athghníomhachtú;

na sonraíochtaí (sonraíochtaí uasta) feidhmíochta;

ídiú cumhachta (ídiú uasta cumhachta) an trealaimh atá sa mhód fuireachais, mód a n-athróidh an fheidhm bainistíochta cumhachta an trealamh isteach ann, mura n-úsáidtear ach an port sin chun cianghníomhachtú a dhéanamh;

an prótacal cumarsáide a úsáidtear leis an trealamh;

(5)

dálaí tástála le haghaidh toisí:

teocht chomhthimpeallach;

voltas tástála in V agus an mhinicíocht in Hz;

díchumadh armónach iomlán an chórais soláthair leictreachais;

tuairisc ar an ionstraimíocht, an cur ar bun agus na ciorcaid a úsáidtear le haghaidh tástáil leictreach;

(6)

saintréithe an trealaimh atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointí 2(a), (b) agus (c), de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear an luach fógartha, i nóiméid, agus slánaithe go dtí an nóiméad is gaire. maidir leis an am a thógtar an mód fuireachais líonra, an mód fuireachais nó an mód “as” a bhaint amach go huathoibríoch, nó mód eile nach sáraíonn na ceanglais maidir le hídiú cumhachta is infheidhme maidir le mód “as” nó mód fuireachais.

(7)

Más infheidhme, soláthrófar réasúnú teicniúil nach iomchuí na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2(a), 2(b), 2(c) agus 2(d) i dtaca leis an úsáid atá beartaithe don trealamh. Maidir leis an ngá le nasc líonra amháin nó níos mó a choinneáil ar bun nó an gá fanacht le truicear arna thionscnamh go cianda, ní mheastar gur réasúnú teicniúil é an gá sin chun trealamh a dhíolmhú ó na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2(b) i gcás trealamh nach sainíonn an monaróir mar threalamh líonraithe. Maidir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe 2(c), cuirfear fianaise ar fáil leis an réasúnú teicniúil, go háirithe, maidir leis an gcúis ar gá príomhfheidhm a bheith gníomhach i gcónaí. Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, luafar an méid seo a leanas go sainráite sa phacáistíocht:

(a)

níl mód fuireachais nó staid choibhéiseach ag an trealamh maidir le ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh, feidhm bainistíochta cumhachta nó an cumas mód nasc líonra gan sreang a dhíghníomhachtú;

(b)

is dócha go mbeidh ídiú cumhachta an trealaimh níos airde ná múnlaí trealaimh eile a chomhlíonann na ceanglais fheidhmiúla sin.

(8)

tuairisc ar phríomhfheidhmeanna an trealaimh.


(1)  IO L 278, 12.10.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN IV

MODHANNA TOMHAIS AGUS RÍOFA

Déanfar tomhais agus ríomhanna trí úsáid a bhaint as caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh a n-uimhreacha tagartha chun na críche sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó modhanna eile atá iontaofa cruinne agus in-atáirgthe agus lena gcuirtear san áireamh na modhanna úrscothacha a bhfuil glacadh leo go ginearálta.

Beidh feidhm ag na coinníollacha ginearálta seo a leanas agus trealamh líonraithe á thástáil:

(a)

Chun an t-ídiú fuinnimh a thomhas i mód fuireachais trealaimh líonraithe ag a bhfuil an mód sin, déanfar poirt líonra uile an aonaid a dhíghníomhachtú nó a dhínascadh, de réir mar is infheidhme.

(b)

Má tá an trealamh ag brath ar nasc gníomhach sreinge le port líonra amháin nó níos mó don úsáid atá beartaithe, ceadaítear díghníomhachtú na bport líonra sin de láimhe seachas dínascadh sreinge.

(c)

Úsáidfear an nós imeachta seo a leanas chun ídiú fuinnimh a thomhas sa mhód fuireachais líonra agus chun an fheidhm bainistíochta cumhachta a thástáil:

(1)

Má tá cineál poirt líonra amháin ag an trealamh agus má tá dhá phort nó níos mó den chineál sin ar fáil, roghnaítear ceann de na poirt sin go randamach agus déantar an port sin a nascadh leis an líonra iomchuí a chomhlíonann sonraíocht uasta an phoirt. Má tá iliomad poirt líonra gan sreang den chineál céanna ag an trealamh, déanfar na poirt gan sreang eile a dhíghníomhachtú más féidir. Má tá iliomad poirt líonra sreinge den chineál céanna ag an trealamh, déanfar na poirt líonra eile a dhínascadh. Mura bhfuil ach port líonra amháin ar fáil, déanfar an port sin a nascadh leis an líonra iomchuí a chomhlíonann sonraíocht uasta an phoirt.

Lastar an t-aonad. An gaireas a sholáthraíonn an truicear a thionscnaítear go cianda lena n-athghníomhachtófar an t-aonad a tástáladh, tá an gaireas sin nasctha leis an líonra iomchuí, é lasta agus réidh chun an truicear a sholáthair nuair is gá. A luaithe a lastar air an t-aonad a tástáladh agus é ag obair i gceart, tá cead aige dul isteach sa mhód fuireachais líonra agus déantar an t-ídiú cumhachta a thomhas. Ansin, tugtar an truicear cuí don aonad tríd an bport líonra agus déantar a sheiceáil an bhfuil an trealamh athghníomhachtaithe.

(2)

Má tá níos mó ná cineál poirt líonra amháin ag an trealamh, athdhéantar an nós imeachta seo a leanas do gach cineál poirt líonra. Má tá dhá phort líonra nó níos mó de chineál amháin ar fáil, roghnaítear port amháin go randamach do gach cineál poirt líonra agus déantar an port sin a nascadh leis an líonra iomchuí a chomhlíonann sonraíocht uasta an phoirt.

Más rud é nach bhfuil ach port amháin ar fáil do chineál áirithe poirt líonra, déantar an port sin a nascadh leis an líonra iomchuí a chomhlíonann sonraíocht uasta an phoirt. Déanfar poirt líonra sreinge nach n-úsáidtear a dhínascadh agus déanfar poirt gan sreang nach n-úsáidtear a dhíghníomhachtú.

Lastar an t-aonad. An gaireas a sholáthraíonn an truicear a thionscnaítear go cianda lena n-athghníomhachtófar an t-aonad a tástáladh, tá an gaireas sin nasctha leis an líonra iomchuí, é lasta agus réidh chun an truicear a sholáthair nuair is gá. A luaithe a lastar air an t-aonad a tástáladh agus é ag obair i gceart, tá cead aige dul isteach sa mhód fuireachais líonra agus déantar an t-ídiú cumhachta a thomhas. Ansin, tugtar an truicear cuí don aonad tríd an bport líonra agus déantar a sheiceáil an bhfuil an trealamh athghníomhachtaithe. Má tá aon phort líonra fisiceach á roinnt ag dhá chineál poirt líonra (poirt líonra loighciúla) nó níos mó, déanfar an nós imeachta sin arís agus arís eile le haghaidh gach cineál poirt líonra loighciúil, agus déanfar dínascadh loighciúil ar na poirt líonra loighciúil eile.

(d)

I gcás gach cineál meaisíní caife tí, déanfar na tomhais tar éis an timthriall grúdaireachta deireanach a bheith curtha i gcrích, nó, más infheidhme, tar éis próiseas díscreimhe, próiseas féinghlanta nó aon oibríocht a dhéanann an t-úsáideoir, mura bhfuil aláram truiceartha lena n-éilítear idirghabháil an úsáideora chun damáiste nó tionóisc a d’fhéadfadh tarlú a chosc.


IARSCRÍBHINN V

NÓS IMEACHTA FÍORÚCHÁIN CHUN CRÍOCH FAIREACHAIS MARGAIDH

Na lamháltais fíorúcháin a shainítear san Iarscríbhinn seo, tá feidhm acu maidir le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha, agus maidir leis an méid sin amháin. Ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná an t-ionadaí údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sa doiciméadacht theicniúil a leagan síos ná chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach ná chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith.

Measfar nach comhlíontach é aon mhúnla ná gach múnla coibhéiseach i gcás nach bhfuil an múnla sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa chéad mhír d’Airteagal 6 den Rialachán seo.

Mar chuid d’fhíorú go gcomhlíonann múnla trealaimh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 2009/125/CE, cuirfidh údaráis na mBallstát an nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm maidir leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo:

1.

Fíoróidh údaráis na mBallstát aonad aonair amháin den mhúnla.

2.

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas ar fad:

(a)

maidir leis na luachanna a thugtar sa doiciméadacht theicniúil de bhun phointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/125/CE (na luachanna fógartha), agus, i gcás inarb infheidhme, na luachanna úsáideadh chun na luachanna sin a ríomh, níl siad níos fabhraí don mhonaróir, don allmhaireoir ná don ionadaí údaraithe ná torthaí na dtomhas comhfhreagrach a rinneadh de bhun phointe 2(g) den Iarscríbhinn sin;

(b)

comhlíonann na luachanna fógartha aon cheanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, agus in aon fhaisnéis a éilítear agus a d’fhoilsigh an monaróir, an t-allmhaireoir nó an t-ionadaí údaraithe, nach bhfuil luachanna atá níos fabhraí don mhonaróir, don allmhaireoir ná don ionadaí údaraithe ná na luachanna fógartha;

(c)

i gcás ina seiceálann údarás na mBallstát aonad múnla an mhonaróra, an allmhaireora nó aonad múnla an ionadaí údaraithe, go bhfuil córas i bhfeidhm aige a chomhlíonann na ceanglais sa dara mír d’Airteagal 6;

(d)

nuair a sheiceálann údaráis na mBallstát aonad an mhúnla go gcomhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III agus na ceanglais faisnéise i bpointe 3 d’Iarscríbhinn III;

(e)

nuair a dhéanann údaráis na mBallstát tástáil ar aonad an mhúnla, comhlíonann na luachanna arna gcinneadh (luachanna na bparaiméadar ábhartha arna dtomhas le linn tástála agus na luachanna arna ríomh ó na tomhais sin) na lamháltais fíorúcháin faoi seach mar a leagtar amach i dTábla 1.

3.

Mura gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach i bpointí 2(a), (b), (c) ná (d), measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

4.

Mura gcomhlíonfar an coinníoll a leagtar amach i bpointe 2(e), roghnóidh údaráis na mBallstát trí aonad breise den mhúnla céanna lena dtástáil. Mar mhalairt air sin, féadfaidh múnla coibhéiseach amháin nó níos a bheith ar na trí aonad breise a roghnófar.

5.

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme, más rud é, i gcás na dtrí aonad sin, go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna arna gcinneadh na lamháltais fíorúcháin faoi seach a thugtar i dTábla 1.

6.

Mura mbaintear amach an toradh dá dtagraítear i bpointí 5, measfar nach gcomhlíonann an múnla agus gach múnla coibhéiseach an Rialachán seo.

7.

Cuirfidh údaráis na mBallstát an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil gan mhoill d’údaráis na mBallstát eile agus don Choimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchomhlíontacht an mhúnla de bhun phointí 3 nó 6 nó an dara mír den Iarscríbhinn seo.

Úsáidfidh údaráis na mBallstát na modhanna tomhais agus ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Maidir leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo, ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 1 thíos agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a thuairiscítear i bpointí 1 go 7 thuas. I gcás na bparaiméadar i dTábla 1, ní chuirfear aon lamháltas eile i bhfeidhm, amhail na lamháltais a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe ná in aon mhodh tomhais eile.

Tábla 1

Lamháltais fíorúcháin

Paraiméadair

Na lamháltais fíorúcháin

Ídiú cumhachta sa mhód “as”

Ní rachaidh an luach arna chinneadh (*1) thar 0,10 W den luach fógartha.

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais

Ní rachaidh an luach arna chinneadh (*1) thar 0,10 W den luach fógartha.

Ídiú cumhachta sa mhód fuireachais

Ní rachaidh an luach arna chinneadh (*1) thar 0,10 W den luach fógartha, más rud é go bhfuil an luach fógartha níos lú ná 1 W, agus ní rachaidh sé níos mó ná 10 % de in aon chás eile.

An t-am is gá don trealamh an mód nó an staid ísealchumhachta is infheidhme a bhaint amach

Ní rachaidh an luach arna chinneadh (*1) thar 10 % den luach fógartha


(*1)  i gcás trí aonad breise a dhéantar a thástáil, rud dá bhforáiltear i bpointe 4, ciallaíonn an luach arna chinneadh meán uimhríochtúil na luachanna arna chinneadh le haghaidh na dtrí aonad breise.


IARSCRÍBHINN VI

TAGARMHARCANNA

Tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, rinneadh an teicneolaíocht is fearr a bhí ar fáil ar an margadh maidir le tomhaltas cumhachta sa mhód as, sa mhód fuireachais agus sa mhód fuireachais líonra a shainaithint mar seo a leanas:

(a)

Mód “as”: 0 W - 0,2 W trí lasc “as” crua ar an taobh phríomhúil, ag brath, inter alia, ar na saintréithe a bhaineann leis an gcomhoiriúnacht leictreamaighnéadach faoi Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(b)

Mód fuireachais: 0,1 W trí fheidhm athghníomhachtúcháin; 0,1 W trí thaispeáint faisnéise nó stádais LED ísealchumhachta nó simplí (éilítear níos mó cumhachta le haghaidh taispeáintí níos mó e.g. le haghaidh clog).

(c)

Mód fuireachais líonraithe: 3 W i gcás trealamh HiNA; 1 W nó níos lú le haghaidh trealamh nach trealamh HiNA é.


(1)  IO L 96, 29.3.2014, lch. 79.


Top