Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0566

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/566 ón gCoimisiún an 10 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/1568

    IO L 74, 13.3.2023, p. 47–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/566/oj

    13.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 74/47


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/566 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Márta 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is léir i bhfianaise na taithí a fuarthas trí chur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le mionleasuithe ar mhódúlachtaí cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe maidir le slándáil na heitlíochta.

    (2)

    Ba cheart bearta slándála eitlíochta mionsonraithe áirithe a shoiléiriú, a chomhchuibhiú nó a shimpliú chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, chun léirmhíniú comhchoiteann na bhforálacha ábhartha a chaighdeánú agus chun feabhas chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta a áirithiú a thuilleadh. Thairis sin, tá gá anois le leasuithe áirithe i gcomhréir leis na hathruithe atá tagtha ar an staid bhagartha agus riosca, agus leis na forbairtí is déanaí maidir leis an teicneolaíocht. Baineann na leasuithe sin le bogearraí uathoibrithe braite ítimí toirmiscthe, córais braite pléascán (EDS) le haghaidh bagáiste cábáin, trealamh braite rianta pléascán (ETD), le scanóirí slándála mar aon le trealamh braite gaile pléascán (EVD).

    (3)

    Is léir ón taithí a fuarthas trí chur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 gur gá roinnt leasuithe a dhéanamh ar mhódúlachtaí cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe i réimsí an deimhnithe do theagascóirí a chuireann oiliúint ar fáil, gur gá tagairtí i gCeangaltán 6-E atá imithe i léig san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin a bhaint, agus go bhfuil gá le soiléirithe maidir le cur chun feidhme na mbeart tarchuir faoin Réamhfhaisnéis Lasta Réamhluchtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Is gá na forálacha lena mbaineann san Iarscríbhinn a choigeartú chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, an léirmhíniú coiteann ar an reachtaíocht a chaighdeánú agus feabhas chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann i réimse shlándáil na heitlíochta a áirithiú a thuilleadh.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i ndáil le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.3.1.4. agus 1.3.1.5.:

    “‘1.3.1.4.

    Déanfar gach mír a iompraíonn daoine seachas paisinéirí a scagadh trí cheann de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    cuardach láimhe;

    (b)

    trealamh x-ghathaithe;

    (c)

    trealamh le haghaidh córais braite pléascán (EDS);

    (d)

    bogearraí uathoibrithe braite ítimí toirmiscthe (APID) i gcomhcheangal le pointe (c);

    (e)

    madraí braite pléascán;

    (f)

    trealamh braite rianta pléascán (ETD).

    I gcás nach féidir leis an scagthóir a chinneadh an bhfuil aon earraí toirmiscthe sna hítimí atá á n-iompar, diúltófar í nó athscagfar í chun sástacht an scagthóra.

    1.3.1.5.

    Beidh feidhm ag pointí 4.1.2.4. go 4.1.2.7. agus 4.1.2.11. go 4.1.2.12. maidir le scagadh a dhéanamh ar ítimí atá á n-iompar ag daoine seachas paisinéirí.’”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.1.1.1.:

    “‘4.1.1.1.

    Roimh an scagadh, bainfear na foréadaí agus déanfar iad a scagadh mar bhagáiste cábáin, ach amháin i gcás inar féidir na foréadaí a chaitheamh mar gheall ar choincheap na n-oibríochtaí. Féadfaidh an scagthóir a iarraidh ar an bpaisinéir tabhairt faoi dhífheistiú breise de réir mar is iomchuí.’”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.1.2.3.:

    “4.1.2.3.

    Déanfar bagáiste cábáin a scagadh trí cheann amháin ar a laghad de na modhanna seo a leanas:

    (a)

    cuardach láimhe;

    (b)

    trealamh x-ghathaithe;

    (c)

    trealamh le haghaidh córais braite pléascán (EDS);

    (d)

    bogearraí uathoibrithe braite ítimí toirmiscthe (APID) i gcomhcheangal le pointe (c);

    (e)

    madraí braite pléascán i gcomhcheangal le pointe (a);

    (f)

    trealamh ETD.

    I gcás nach féidir leis an scagthóir a chinneadh an bhfuil aon earraí toirmiscthe sa bhagáiste cábáin nó nach bhfuil, diúltófar é nó athscagfar é chun sástacht an scagthóra.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 4.1.2.5. agus 4.1.2.6.:

    “‘4.1.2.5.

    I gcás ina n-úsáidtear trealamh x-ghathaithe, breathnóidh an scagthóir ar gach íomhá.

    I gcás ina n-úsáidtear trealamh EDS, breathnóidh an scagthóir ar gach íomhá nó déanfaidh bogearraí uathoibrithe braite ítimí toirmiscthe (APID) anailís ar gach íomhá.

    4.1.2.6.

    I gcás ina n-úsáidtear bogearraí APID, déanfar gach aláraim dá dtagraítear i bpointe 12.13.1.1. a réiteach chun sástachta an scagthóra chun a áirithiú go réasúnta nach n-iomprófar aon earraí toirmiscthe isteach in SRA nó ar bord aerárthaigh.

    I gcás ina n-úsáidtear trealamh EDS, réiteofar gach aláraim dá dtagraítear i bpointe 12.4.1.3. tríd an mbagáiste a scagadh arís trí mhodh scagtha breise a úsáid.

    I gcás inar suiteáladh trealamh EDS roimh an 1 Iúil 2023 agus ina n-úsáidtear é gan bogearraí APID, déanfar gach aláraim dá dtagraítear i bpointe 12.4.1.3. a réiteach chun sástachta an scagthóra chun a áirithiú go réasúnta nach n-iomprófar aon earraí toirmiscthe isteach in SRA nó ar bord aerárthaigh. I gcás ina mbeidh céannacht earra doiléir, réiteofar na haláraim tríd an mbagáiste a scagadh arís trí mhodh scagtha breise.’”;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4.1.2.12.:

    “4.1.2.12.

    I gcás ina n-úsáidtear bogearraí APID in éineacht le trealamh EDS a chomhlíonann caighdeáin C1, C1+, C2 nó C2+, áiritheoidh an t-oibreoir nó an t-eintiteas a úsáideann an trealamh go bhfuil na nósanna imeachta i gcomhréir le coincheap oibríochtaí na gcaighdeán sin maidir le scagadh a dhéanamh ar ítimí móra leictreonacha agus scagadh a dhéanamh ar LAGanna.”;

    (6)

    cuirtear an pointe 4.1.2.13. seo a leanas isteach:

    “‘4.1.2.13.

    Beidh díolúintí agus nósanna imeachta scrúdaithe speisialta faoi réir na bhforálacha breise a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún freisin.’”;

    (7)

    leasaítear pointe 6.2.1.5. mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

    “(g)

    trealamh braite miotail (MDE);”;

    (b)

    cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

    “(h)

    trealamh EVD.”;

    (8)

    i bpointe 6.3.2.6. (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

    “(iv)

    an modh nó an modh scagtha a úsáidtear, mar a leanas:

    cuardach láimhe (PHS),

    trealamh x-ghathaithe (XRY),

    trealamh EDS (EDS),

    madraí braite pléascán (EDD),

    trealamh ETD (ETD),

    seiceáil amhairc (VCK),

    trealamh braite miotail (CMD),

    trealamh EVD (EVD),

    aon mhodh eile (AOM) i gcomhréir le pointe 6.2.1.6. ina sonrófar an modh a úsáidtear; nó”;

    (9)

    I bpointe 6.8.7.2., cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

    “‘Ní luchtóidh aeriompróir coinsíneacht den sórt sin lena hiompar isteach san Aontas mura mbeidh na bearta riachtanacha mar a leagtar amach i bpointí 6.8.7.3. agus 6.8.7.4., de réir mar is infheidhme, curtha chun feidhme go sásúil.’”;

    (10)

    Leasaítear Ceangaltán 6-E, an dara mír, mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “‘Agus aerlasta/post ar cuireadh rialuithe slándála i bhfeidhm air á bhailiú, á iompar, á stóráil agus á sheachadadh [thar ceann ainm an ghníomhaire rialáilte/an aeriompróra a chuireann rialuithe slándála i bhfeidhm le haghaidh lasta nó poist/an choinsíneora aitheanta], dearbhaím go gcloífear leis na nósanna imeachta slándála seo a leanas:’”;

    (b)

    leasaítear an seachtú fleasc mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    go bhfuil comhaontú tarlóra aige leis an ngníomhaire rialáilte nó leis an gcoinsíneoir aitheanta atá freagrach as an iompar [an t-ainm céanna mar atá thuas]; nó”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    go bhfuil comhaontú tarlóra aige leis an tarlóir a bhfuil a shíniú thíos lena gceanglaítear nach ndéanfaidh an tríú páirtí tuilleadh fochonraitheoireachta agus go gcuirfidh sé na nósanna imeachta slándála atá sa dearbhú seo chun feidhme. Coinníonn an tarlóir a bhfuil a shíniú thíos freagracht iomlán as an iompar ar fad thar ceann an ghníomhaire rialáilte nó an choinsíneora aitheanta; agus”;

    (11)

    leasaítear pointe 8.1.2.3. mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    madraí braite pléascán i gcomhcheangal le pointe (a);”;

    (b)

    cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

    “(g)

    trealamh EVD a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis na forálacha ábhartha atá i gCeangaltán 6-J agus i gcomhcheangal le pointe (a).”;

    (12)

    leasaítear pointe 9.1.2.3. mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

    “(f)

    madraí braite pléascán i gcomhcheangal le pointe (a);”;

    (b)

    cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

    “(g)

    trealamh EVD a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis na forálacha ábhartha atá i gCeangaltán 6-J agus i gcomhcheangal le pointe (a).”;

    (13)

    i bpointe 11.5.1., cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “‘Beidh feidhm ag deimhniú ar a laghad maidir leis na teagascóirí sin atá údaraithe chun oiliúint a chur ar fáil mar a shainmhínítear i bpointí 11.2.3.1. go 11.2.3.5. agus i bpointe 11.2.4. (mura rud é go mbaineann sé le hoiliúint maoirseoirí a dhéanann maoirseacht eisiach ar dhaoine dá dtagraítear i bpointí 11.2.3.6. go 11.2.3.11.) agus 11.2.5.’”;

    (14)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.2.1.:

    “‘12.0.2.1.

    Faoi réir phointe 12.0.5., ní fhéadfar an trealamh agus na bogearraí slándála seo a leanas a shuiteáil tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2020 ach amháin má deonaíodh marcáil ‘Stampa AE’ nó an stádas marcála ‘Stampa AE ar feitheamh’ dó dá dtagraítear i bpointe 12.0.2.5.:

    (a)

    trealamh braite miotail a bhféadtar siúil tríd (WTMD);

    (b)

    trealamh córas braite pléascán (EDS);

    (c)

    trealamh braite rianta pléascán (ETD);

    (d)

    trealamh córas braite pléascán leachtach (LEDS);

    (e)

    trealamh braite miotail (MDE);

    (f)

    scanóirí slándála;

    (g)

    trealamh scanóra bróg;

    (h)

    trealamh braite gaile pléascán (EVD);

    (i)

    bogearraí braite ítimí toirmiscthe uathoibrithe (APID).’”;

    (15)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.4.1.1:

    “12.4.1.1.

    Beidh trealamh córas braite pléascán (EDS) in ann cainníochtaí aonair sonraithe agus níos airde d’ábhar pléascach nó d’ábhar ceimiceach atá i mbagáiste nó i gcoinsíneachtaí eile a bhrath agus a chur in iúl trí bhíthin aláraim.”;

    (16)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.4.1.2.:

    “12.4.1.2.

    Beidh an brath neamhspleách ar chruth, ar shuíomh nó ar threoshuíomh an ábhair phléascaigh nó an ábhair cheimicigh.”;

    (17)

    I bpointe 12.4.1.3., cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce agus an dara fleasc:

    “—

    nuair a bhraitheann sé ábhar pléascach nó ábhar ceimiceach, agus

    nuair a bhraitheann sé gurb ann d’earra a chuireann cosc ar ábhar pléascach nó ábhar ceimiceach a bhrath, agus”;

    (18)

    leasaítear pointe 12.6.1. mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

    “Beidh trealamh ETD in ann rianleibhéil cáithníní ó dhromchlaí éillithe, nó a bhfuil i mbagáiste nó i gcoinsíneachtaí, a bhailiú agus a anailísiú, agus a léiriú, trí bhíthin aláraim, go bhfuil pléascáin nó ceimiceáin ann.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte a leanann pointe (b):

    “Beidh caighdeáin ann maidir le ETD a shocrófar le haghaidh sampláil cháithníneach. Leagtar síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún.”;

    (19)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.6.2:

    “12.6.2.

    Beidh feidhm ag an gcaighdeán do threalamh ETD chun pléascáin a bhrath, a úsáideann sampláil cháithníneach, maidir le trealamh ETD a imscartar ón 1 Meán Fómhair 2014.

    Beidh feidhm ag an gcaighdeán do threalamh ETD chun ceimiceáin a bhrath, a úsáideann sampláil cháithníneach, amhail ón 1 Iúil 2024 maidir le trealamh ETD a imscarfar ón 1 Meán Fómhair 2014.”;

    (20)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 12.13. agus Chaibidil 12.14.:

    “‘12.13.

    BOGEARRAÍ BRAITE ÍTIMÍ TOIRMISCTHE UATHOIBRITHE (APID)

    12.13.1.

    Prionsabail ghinearálta

    12.13.1.1.

    Beidh bogearraí Braite Ítimí Toirmeasc Uathoibrithe (APID) in ann ítimí a bhfuil toirmeasc orthu i mbagáiste nó i gcoinsíneachtaí eile a bhrath agus a chur in iúl trí bhíthin aláraim.

    12.13.2.

    Caighdeáin do bhogearraí APID

    12.13.2.1.

    Beidh trí chaighdeán ann do bhogearraí APID. Leagtar síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún.

    12.14.

    TREALAMH BRAITE GAILE PLÉASCÁN (EVD)

    12.14.1.

    Prionsabail ghinearálta

    12.14.1.1.

    Beidh trealamh Braite Gaile Pléascán (EVD) in ann samplaí aeir a bhailiú agus anailís a dhéanamh ar an sampla a bailíodh le haghaidh gaile, aerasól agus/nó cáithníní aerbheirthe lena léirítear go bhfuil pléascáin agus ábhair a bhaineann le pléascáin ann.

    Má aimsítear rianleibhéil de phléascáin nó d’ábhair a bhaineann le pléascáin sa sampla, buailfidh an trealamh EVD aláram.

    12.14.1.2.

    Chun scagadh a dhéanamh le trealamh EVD, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    Ní úsáidfear trealamh EVD ach amháin i dtimpeallacht fhormheasta agus chun na críche ar formheasadh é ina leith, i.e. scagadh ar na nithe seo a leanas:

    Paisinéirí agus daoine seachas paisinéirí (EVD-PX),

    Bagáiste cábáin (EVD-CB),

    Bagáiste boilg (EVD-HB),

    Aerlasta agus aerphost, post aeriompróra agus ábhair aeriompróra, soláthairtí eitilte agus soláthairtí aerfoirt (EVD-CS),

    (b)

    ní úsáidfear tomhaltáin thar mholtaí a monaróra nó má dhealraíonn sé go bhfuil feidhmíocht an tomhaltáin meathlaithe de bharr a úsáide.

    12.14.2.

    Caighdeáin do EVD

    12.14.2.1.

    An trealamh EVD ar fad a úsáidtear chun bagáiste boilg, aerlasta agus aerphost, post aeriompróra agus ábhair aeriompróra a luchtaítear san aerárthach a scagadh, comhlíonfaidh sé caighdeán 1 ar a laghad.

    12.14.2.2.

    An trealamh EVD ar fad a úsáidtear chun paisinéirí agus daoine seachas paisinéirí chomh maith le bagáiste cábáin a scagadh, comhlíonfaidh sé caighdeán 3 ar a laghad.

    12.14.2.3.

    Leagtar síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún.’”;

    (21)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Cheangaltán 12-M:

     

    CEANGALTÁN 12-M

     

    Leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le ceanglais feidhmíochta do APID i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún.”


    Top