Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0514

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/514 ón gCoimisiún an 8 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le táirgí an-mhínphróiseáilte, leis an liosta de thríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu agus leis an Moldóiv a chur leis an liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’uibheacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh mar uibheacha Aicme A a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/1480

    IO L 71, 9.3.2023, p. 11–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/514/oj

    9.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 71/11


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/514 ÓN gCOIMISIÚN

    an 8 Márta 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann le táirgí an-mhínphróiseáilte, leis an liosta de thríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu agus leis an Moldóiv a chur leis an liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’uibheacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur ar an margadh mar uibheacha Aicme A a theacht isteach san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go hairithe Airteagal 127(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 agus is é is aidhm dó a áirithiú i gcás coinsíneachtaí de bhia-ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin go gcomhlíonfaidh na coinsíneachtaí sin ceanglais áirithe de chuid an Aontais maidir le sábháilteacht bia, nó na ceanglais a aithnítear a bheith ar a laghad coibhéiseach leo. Go háirithe, sainaithnítear sa Rialachán sin na hainmhithe agus na hearraí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus atá faoi réir an cheanglais maidir le teacht ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

    (2)

    Déantar foráil le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 nach bhfuil coinsíneachtaí áirithe de bhia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha le teacht isteach san Aontas ach ó thríú tír atá ar an liosta de thríú tíortha a fhormheastar i dtaobh na gcoinsíneachtaí sin a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas.

    (3)

    Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (3) liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí de tháirgí áirithe atá an-mhínphróiseáilte agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas.

    (4)

    Ó rinneadh leasú (4) le déanaí ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá díorthaigh shaille agus blastáin bhia a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cumhdaithe faoi tháirgí an-mhínphróiseáilte, faoi réir cóireálacha lena gcuirtear deireadh le haon riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú le bheith comhsheasmhach leis an athrú sin.

    (5)

    Tá plean rialaithe curtha isteach ag an Asarbaiseáin, plean ina gcumhdaítear eochraí agus caibheár. Leis an bplean tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin.

    (6)

    Tá plean rialaithe curtha isteach ag an Liobáin, plean ina gcumhdaítear mil. Leis an bplean tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin.

    (7)

    Liostaítear Oileán Mhanann sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ós rud é go ndéanann sé feoil de chineál caorach agus de chineál gabhair a onnmhairiú chuig an Aontas uaidh. Mar sin féin, chuir Oileán Mhanann an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil suim aige a thuilleadh feoil de chineál gabhair a onnmhairiú chuig an Aontas. Dá bhrí sin, san iontráil maidir le hOileán Mhanann a bhaineann le feoil de chineál caorach agus de chineál gabhair sa tábla sin d’Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, níor cheart a chumhdach léi ach feoil de chineál caorach.

    (8)

    Liostaítear an tSeapáin sa tábla in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ós rud é go ndéanann sí muiceoil a onnmhairiú chuig an Aontas uaithi. Mar sin féin, chuir an tSeapáin an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil suim aici a thuilleadh plean rialaithe maidir le muiceoil a chur isteach agus nach bhfuil sé ar intinn aici ach muiceoil de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha óna n-údaraítear na táirgí sin a theacht isteach san Aontas a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil maidir leis an tSeapáin a bhaineann le muiceoil a oiriúnú dá réir in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

    (9)

    Liostaítear an Ríocht Aontaithe sa tábla in Iarscríbhinn –I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ós rud é go ndéanann sí feoil choinín a onnmhairiú chuig an Aontas uaithi. Mar sin féin, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil suim aici a thuilleadh plean rialaithe maidir le feoil choinín a chur isteach ach nach bhfuil sé ar intinn aici ach feoil choinín de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha óna n-údaraítear na táirgí sin a theacht isteach san Aontas a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil maidir leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le feoil choinín a oiriúnú dá réir in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

    (10)

    Níl plean rialaithe maidir le bainne curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Téalainn. Mar sin féin, thug an Téalainn ráthaíochtaí nach n-úsáidfear ach bainne de thionscnamh na mBallstát nó tríú tíortha óna n-údaraítear bainne a theacht isteach san Aontas. Chuir sé an Coimisiún ar an eolas freisin nach mbeidh bainne den sórt sin atá le honnmhairiú chuig an Aontas teoranta do tháirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí bainne próiseáilte. Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil maidir leis an Téalainn a bhaineann le bainne a oiriúnú dá réir in Iarscríbhinn –I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

    (11)

    Tá plean rialaithe curtha isteach ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, plean ina gcumhdaítear cásálacha. Leis an bplean tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha agus ba cheart é a fhormheas dá bhrí sin.

    (12)

    Liostaítear Ruanda faoi láthair sa tábla in Iarscríbhinn –I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 le haghaidh meala agus liostaítear an Cholóim agus an tSiria le haghaidh cásálacha. Ós rud é nach bhfuil pleananna maidir leis na táirgí sin curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na tríú tíortha sin, ba cheart na hiontrálacha sin a scriosadh ón tábla atá san Iarscríbhinn sin.

    (13)

    Tá clár rialaithe maidir le Salmonella in ealtaí béaróg curtha isteach ag an Moldóiv ionas go mbeidh sí údaraithe i dtaobh uibheacha aicme A a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405. Rinne an Coimisiún measúnú ar an gclár rialaithe sin agus fuarthas go raibh sé sásúil. An chomhlíontacht a bhaineann leis na ceanglais maidir le rialú Salmonella i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), rinneadh an chomhlíontacht sin a sheiceáil faoi dhó le linn an iniúchta a rinne an Coimisiún i mí Aibreáin 2022 (8). Dá bhrí sin, ba cheart an Mholdóiv a údarú i dtaobh uibheacha aicme A a theacht isteach san Aontas.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú dá réir.

    (15)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 mar a leanas:

    (1)

    In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

    “I gcás coinsíneachtaí de tháirgí áirithe atá an-mhínphróiseáilte mar a shainmhínítear i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad a theacht san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha seo a leanas nó na réigiúin seo a leanas sna tíortha sin:”;

    (2)

    Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn -I;

    (3).

    Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

    (4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2258 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch a mhéid a bhaineann le táirgí iascaigh, le huibheacha agus le táirgí an-mhínphróiseáilte áirithe, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le moilisc dhébhlaoscacha áirithe (IO L 299, 18.11.2022, lch. 5).

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

    (7)  Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú Salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).

    (8)  DG(SANTE)2021-7268 – tuarascáil deiridh le fáil ar https://ec.europa.eu/food/audits-analysis/audit-report/details/4533


    IARSCRÍBHINN I

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:

    ‘IARSCRÍBHINN -I

    Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a bhfuil plean rialaithe formheasta acu maidir le bia-ainmhithe áirithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, dá dtagraítear in Airteagal 2a, Airteagal 3, Airteagal 6, an chéad mhír, Airteagal 7, an chéad mhír, Airteagal 10, an dara mír, Airteagail 11, 15, 16, 21 agus Airteagal 25, pointí (a) agus (c)

    Cód ISO na Tíre

    Tríú tír (1) nó réigiúin sa tír sin

    Bó-ainmhithe

    Ainmhithe de chineál caorach/ainmhithe de chineál gabhair

    Muc-ainmhithe

    Each-ainmhithe

    Éanlaith chlóis

    Dobharshaothrú (17)

    Bainne

    Uibheacha

    Coinín

    Géim fhiáin

    Géim feirme

    Mil

    Cásálacha

    AD

    Andóra

    X

    X

    Δ

    X

     

    P

     

     

     

     

     

    X

     

    AE

    Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

     

     

     

     

     

    Δ

    P

    X (2)

    O

    O

     

     

     

    X (3)

     

    AL

    An Albáin

     

    X

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    X

     

     

     

     

    X

    AM

    An Airméin

     

     

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    AR

    An Airgintín

    X

    X

     

    X

    X

    X (14)

    P

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    AU

    An Astráil

    X

    X

     

    X

     

    X

    M

    X

    X

     

    X

    X

    X

    X

    AZE

    An Asarbaiseáin

     

     

     

     

     

    X (16)

    P

     

     

     

     

     

     

     

    BA

    An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

    X

    X

    X

     

    X

    X (14)

    P

    X

    X

     

     

     

    X

     

    BD

    An Bhanglaidéis

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    BF

    Buircíne Fasó

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    BJ

    Beinin

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    BN

    Brúiné

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    BR

    An Bhrasaíl

    X

     

     

    X

    X

    X

    P

    O

    O

     

     

     

    X

    X

    BW

    An Bhotsuáin

    X

     

     

     

     

    P

     

     

     

     

     

     

     

    BY

    An Bhealarúis

     

     

     

    X (8)

     

    X (14)

    P

    X

    X

     

     

     

    X

    X

    BZ

    An Bheilís

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    CA

    Ceanada

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    M

    X

    X

    X

    X

    X

    X

     

    CH

    An Eilvéis (7)

    X

    X

    X

    X

    X

    X (14)

    M

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    CL

    An tSile

    X

    X5

    X

     

    X

    X (14)

    M

    X

    O

     

    X

     

    X

    X

    CM

    Camarún

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    CN

    An tSín

     

     

     

     

    X

    X

    P

    O

    X

    X

     

     

    X

    X

    CO

    An Cholóim

     

     

     

     

     

    X

    P

    X

    Δ

     

     

     

     

     

    CR

    Cósta Ríce

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    CU

    Cúba

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    DO

    An Phoblacht Dhoiminiceach

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    EC

    Eacuadór

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    EG

    An Éigipt

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

    ET

    An Aetóip

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    FK

    Oileáin Fháclainne

    X

    X (5)

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    FO

    Oileáin Fharó

     

     

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    GB

    An Ríocht Aontaithe (6)

    X

    X

    X

    X

    X

    X (14)

    Δ

    M

    X

    X

    Δ

    X

    X

    X

    X

    GE

    An tSeoirsia

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    GG

    Geansaí

     

     

     

     

     

    O

    M

    X

    O

     

     

     

     

     

    GL

    An Ghraonlainn

     

    X (5)

     

     

     

    M

     

     

     

     

    X

     

     

    GT

    Guatamala

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    HK

    Hong Cong

     

     

     

     

     

    Δ

    P

     

    Δ

     

     

     

     

     

    HN

    Hondúras

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    ID

    An Indinéis

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    IL

    Iosrael (4)

     

     

     

     

    X

    X (14)

    P

    X

    X

     

     

     

    X

     

    IM

    Oileán Mhanann

    X

    X (5)

    X

     

     

    X (14)

    M

    X

    O

     

     

     

    X

     

    IN

    An India

     

     

     

     

    O

    X

    P

    O

    X

     

     

     

    X

    X

    IR

    An Iaráin

     

     

     

     

     

    X (15)

    X (16)

    P

    O

    O

     

     

     

     

    X

    JE

    Geirsí

    X

     

     

     

     

    M

    X

    O

     

     

     

     

     

    JM

    Iamáice

     

     

     

     

     

    M

     

     

     

     

     

    X

     

    JP

    An tSeapáin

    X

     

    Δ

     

    X

    X (14)

    M

    X

    X

     

     

     

    Δ

    X

    KE

    An Chéinia

     

     

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    KR

    An Chóiré Theas

     

     

     

     

    X

    X

    M

    O

    O

     

     

     

    Δ

     

    LB

    An Liobáin

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

    X

    LK

    Srí Lanca

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    MA

    Maracó

     

     

     

     

    X

    X (14)

    Δ

    M

    O

    O

     

     

     

     

    X

    MD

    An Mholdóiv

     

     

     

     

    X

    X (14)

    P

    X

    X

     

     

     

    X

     

    ME

    Montainéagró

    X

    X (5)

    X

     

    X

    X (14)

    P

    X

    X

     

     

     

    X

     

    MG

    Madagascar

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    MK

    An Mhacadóin Thuaidh

    X

    X

    X

     

    X

    X (14)

    P

    X

    X

     

    X

     

    X

     

    MM

    Maenmar

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    MN

    An Mhongóil

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

    MU

    Oileán Mhuirís

     

     

     

     

     

    X (14)

    P

    O

    O

     

     

     

    Δ

     

    MX

    Meicsiceo

     

     

    Δ

     

     

    X

    P

    O

    X

     

     

     

    X

     

    MY

    An Mhalaeisia

     

     

     

     

    Δ

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    MZ

    Mósaimbíc

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    NA

    An Namaib

    X

    X (5)

     

     

     

    P

     

     

     

    X

     

     

     

    NC

    An Nua-Chaladóin

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

    X

    X

     

    NG

    An Nigéir

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    NI

    Nicearagua

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    NZ

    An Nua-Shéalainn

    X

    X

    O

    X

    O

    X (14)

    M

    X

    O

    O

    X

    X

    X

    X

    PA

    Panama

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    PE

    Peiriú

     

     

     

     

     

    X

    M

    O

    O

     

     

     

     

     

    PH

    Na hOileáin Fhilipíneacha

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    PK

    An Phacastáin

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

    PM

    San Pierre agus Miquelon

     

     

     

     

    X

    P

     

     

     

     

     

     

     

    PN

    Oileáin Pitcairn

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    PY

    Paragua

    X

     

     

     

     

    P

     

     

     

     

     

     

    X

    RS

    An tSeirbia

    X

    X

    X

    X (8)

    X

    X (14)

    P

    X

    X

    X

    X

     

    X

    X

    RU

    An Rúis

    X

    X

    X

     

    X

    O

    P

    X

    X

     

     

    X (9)

    X

    X

    RW

    Ruanda

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    SA

    An Araib Shádach

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    SG

    Singeapór

    Δ

    Δ

    Δ

    X (10)

    Δ

    X (14)

    P

    Δ

    Δ

     

    X (10)

    X (10)

     

     

    SM

    San Mairíne

    X

     

    Δ

     

     

    O

    P

    X

    O

     

     

     

    X

     

    SV

    An tSalvadóir

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    SY

    An tSiria

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    SZ

    Eswatini

    X

     

     

     

     

    P

     

     

     

     

     

     

     

    TG

    Tóga

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    TH

    An Téalainn

    O

     

    O

     

    X

    X

    M

    Δ

    Δ

     

     

     

    X

     

    TN

    An Túinéis

     

     

     

     

     

    X (14)

    M

    O

    O

     

     

     

     

    X

    TR

    An Tuirc

     

     

     

     

    X

    X (14)

    M

    X

    X

     

     

     

    X

    X

    TW

    An Téaváin

     

     

     

     

     

    X

    P

    O

    X

     

     

     

    X

     

    TZ

    An Tansáin

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

    X

     

    UA

    An Úcráin

    X

     

    X

     

    X

    X (14)

    M

    X

    X

    X

     

     

    X

    X

    UG

    An Téaváin

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    US

    Na Stáit Aontaithe

    X

    X (11)

    X

     

    X

    X

    M

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    X

    UY

    Uragua

    X

    X

     

    X

     

    X (14)

    M

    X

    O

     

    X

     

    X

    X

    UZ

    An Úisbéiceastáin

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

    VE

    Veiniséala

     

     

     

     

     

    X (15)

    P

    O

    O

     

     

     

     

     

    VN

    Vítneam

     

     

     

     

     

    X

    M

    O

    O

     

     

     

    X

     

    WF

    Vailís agus Futúna

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     

    XK

    An Chosaiv (12)

     

     

     

     

    Δ

     

     

     

     

     

     

     

     

    ZA

    An Afraic Theas

     

     

     

     

     

    P

     

     

     

    X

    X (13)

     

     

    ZM

    An tSaimbia

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    X

     


    (1)  Liosta tríú tíortha agus críoch (níl sé teoranta do thríú tíortha arna n-aithint ag an Aontas).

    (2)  Bainne camaill, agus é sin amháin.

    (3)  Réigiún Ras al Khaimah, agus an réigiún sin amháin.

    (4)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha faoi riar Stát Iosrael tar éis an 5 Meitheamh 1967, is é sin Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

    (5)  Speicis de chineál caorach, agus iad sin amháin.

    (6)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

    (7)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

    (8)  Onnmhairiú each-ainmhithe beo chun an Aontais a bhfuil sé beartaithe iad a mharú (bia-ainmhithe, agus na hainmhithe sin amháin).

    (9)  Réinfhianna, agus iad sin amháin.

    (10)  I gcás coinsíneachtaí feola úire de thionscnamh na Nua-Shéalainne, a bheartaítear a chur chuig an Aontas agus a bheidh á ndíluchtú, le stóráil nó gan stóráil, i Singeapór agus a bheidh á n-athlódáil i mbunaíocht fhormheasta le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí Shingeapór, agus ina gcás siúd amháin.

    (11)  Speicis de chineál gabhair, agus iad sin amháin.

    (12)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

    (13)  Raitítigh, agus iad sin amháin.

    (14)  Éisc eite, agus iad sin amháin.

    (15)  Crústaigh, agus iad sin amháin.

    (16)  Eochraí agus caibheár, agus iad sin amháin.

    (17)  Le dobharshaothrú, cumhdaítear iasc eite, lena n-áirítear eascanna, agus táirgí ó éisc eite (amhail eochraí agus caibheár) agus crústaigh. Na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte in Iarscríbhinn VIII, déantar iad a mharcáil iad le ‘M’ sa cholún seo‘.


    IARSCRÍBHINN II

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:

    IARSCRÍBHINN IV

    Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí uibheacha a bheartaítear a chur ar an margadh mar uibheacha Aicme A a theacht isteach san Aontas mar a thagraítear dóibh sa dara mhír d’Airteagal 7

    CÓD ISO NA TÍRE

    TRÍÚ TÍR

    NÓTAÍ

    CH

    An Eilvéis  (1)

     

    GB

    An Ríocht Aontaithe  (2)

     

    JP

    An tSeapáin

     

    MD

    An Mholdóiv

     

    MK

    An Mhacadóin Thuaidh

     

    UA

    An Úcráin

     


    (1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

    (2)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann’.


    Top