Välj vilka experimentfunktioner du vill testa

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Dokument 32023R0207

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/207 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhail an deimhnithe lena bhfianaítear comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8378

    IO L 29, 1.2.2023, s. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Dokumentets rättsliga status Gällande

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/207/oj

    1.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 29/6


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/207 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Samhain 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhail an deimhnithe lena bhfianaítear comhlíonadh na rialacha maidir le táirgeadh orgánach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 35(9) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 leagtar amach samhail an deimhnithe atá le heisiúint d’aon oibreoir nó do ghrúpa oibreoirí a thug fógra faoina ghníomhaíocht d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht agus a chomhlíonann an Rialachán sin. Tá an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 ar fáil i bhfoirm leictreonach, trí úsáid a bhaint as an gCóras leictreonach um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES). Leis an bhforbairt theicniúil in TRACES, is féidir an deimhniú a shíniú go digiteach le ríomhshéala cáilithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt don ríomhshéala cáilithe a chur isteach sa chuid chomhfhreagrach den deimhniú.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    “IARSCRÍBHINN VI

    SAMHAIL AN DEIMHNITHE

    Deimhniú de bhun Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha

    Cuid I:   Eilimintí éigeantacha

    1.

    Uimhir an doiciméid

    2.

    (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

    An tOibreoir

    Grúpa oibreoirí – féach pointe 9

    3.

    Ainm agus seoladh an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí:

    4.

    Ainm agus seoladh údarás inniúil, nó, i gcás inarb iomchuí, údarás rialaithe nó chomhlacht rialaithe an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí agus an chóduimhir más údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe atá i gceist:

    5.

    Gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

    Táirgeadh

    Ullmhúchán

    Dáileadh/Cur ar an margadh

    Stóráil

    Allmhairiú

    Onnmhairiú

    6.

    Catagóir nó catagóirí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 35(7) de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus modhanna táirgthe (roghnaigh de réir mar is iomchuí)

    (a)

    plandaí neamhphróiseáilte agus táirgí plandaí, lena n-áirítear síolta agus ábhar eile atáirgthe plandaí

    An modh táirgthe:

    táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (b)

    beostoc agus táirgí beostoic neamhphróiseáilte

    An modh táirgthe:

    táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (c)

    algaí agus táirgí dobharshaothraithe neamhphróiseáilte

    An modh táirgthe:

    táirgeadh orgánach seachas le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh le linn na tréimhse tiontaithe

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (d)

    táirgí talmhaíochta próiseáilte, lena n-áirítear táirgí dobharshaothraithe, a úsáidtear mar bhia

    An modh táirgthe:

    táirgeadh táirgí orgánacha

    táirgeadh táirgí atá á dtiontú

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (e)

    beatha

    An modh táirgthe:

    táirgeadh táirgí orgánacha

    táirgeadh táirgí atá á dtiontú

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (f)

    fíon

    An modh táirgthe:

    táirgeadh táirgí orgánacha

    táirgeadh táirgí atá á dtiontú

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    (g)

    táirgí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 nó nach gcumhdaítear leis na catagóirí roimhe seo

    An modh táirgthe:

    táirgeadh táirgí orgánacha

    táirgeadh táirgí atá á dtiontú

    táirgeadh orgánach le táirgeadh neamhorgánach

    Eisíodh an doiciméad seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí (roghnaigh de réir mar is iomchuí) an Rialachán sin.

    7.

    Dáta, áit

    Ainm agus síniú thar ceann an údaráis inniúil eisiúna, nó, i gcás inarb iomchuí, thar ceann an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, nó ríomhshéala cáilithe:

    8.

    Deimhniú bailí ó…[cuir isteach an dáta] go dtí…[cuir isteach an dáta]

    9.

    Liosta de bhaill an ghrúpa oibreoirí mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/848

    Ainm an bhaill

    Seoladh nó modh eile chun ball a shainaithint

     

     

     

     

     

     

    Cuid II:   Eilimintí roghnacha sonracha

    Eilimint amháin nó níos mó atá le líonadh isteach má chinneann an t-údarás inniúil é nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a eisíonn an deimhniú don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/848.

    1.   Eolaire táirgí

    Ainm an táirge agus/nó an cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (2) ón gComhairle le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

    Orgánach

    Atá á thiontú

     

     

     

     

     

     

    2.   Cainníocht na dtáirgí

    Ainm an táirge agus/nó cód AC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/848

    Orgánach

    Atá á thiontú

    Cainníocht arna meas i gcileagraim, i lítir nó, i gcás inarb ábhartha, i líon na n-aonad

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    3.   Faisnéis maidir leis an talamh

    Ainm an táirge

    Orgánach

    Atá á thiontú

    Neamhorgánach

    Dromchla i heicteáir

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    4.   Liosta áitreabh nó aonad ina ndéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí an ghníomhaíocht

    Seoladh nó geoshuíomh

    Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

     

     

     

     

     

     

    5.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí agus cé acu an ndéanann sé an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ar a shon féin nó mar fhochonraitheoir a dhéanann an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí a dhéantar

    Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

    Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí ar a shon féin

    Gníomhaíocht/gníomhaíochtaí a dhéantar mar fhochonraitheoir d’oibreoir eile, fad agus a leanann an fochonraitheoir de bheith freagrach as an ngníomhaíocht nó as na gníomhaíochtaí a dhéantar

     

     

     

     

     

     

    6.   Faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht nó leis na gníomhaíochtaí a rinne an tríú páirtí ar fochonradh i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848

    Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

    Leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach

    Is é an tríú páirtí ar fochonradh atá freagrach

     

     

     

     

     

     

    7.   Liosta na bhfochonraitheoirí a dhéanann gníomhaíocht nó gníomhaíochtaí don oibreoir nó don ghrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) 2018/848, gníomhaíochtaí a leanann an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí de bheith freagrach astu a mhéid a bhaineann le táirgeadh orgánach agus nár aistrigh sé an fhreagracht sin ina leith chuig an bhfochonraitheoir

    Ainm agus seoladh

    Tuairisc ar an ngníomhaíocht nó ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 5 de chuid I

     

     

     

     

     

     

    8.   Faisnéis maidir le creidiúnú an chomhlachta rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán (AE) 2018/848

    (a)

    ainm an chomhlachta creidiúnaithe;

    (b)

    hipearnasc chuig deimhniú an chreidiúnaithe.

    9.   Faisnéis eile

     


    (1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

    (2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 faoin ainmníocht taraife agus staitistiúil agus faoin Taraif Chustaim Choiteann (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


    Upp