This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023L2123
Directive (EU) 2023/2123 of the European Parliament and of the Council of 4 October 2023 amending Council Decision 2005/671/JHA as regards its alignment with Union rules on the protection of personal data
Treoir (AE) 2023/2123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint
Treoir (AE) 2023/2123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint
PE/30/2023/REV/1
IO L, 2023/2123, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2123/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32005D0671 | Scriosadh | airteagal 1 pointe (b) | 31/10/2023 | |
| Modifies | 32005D0671 | Cur le | airteagal 2 mír 3a | 31/10/2023 | |
| Modifies | 32005D0671 | Cur le | airteagal 2 mír 4 mír neamhuimhrithe | 31/10/2023 | |
| Modifies | 32005D0671 | Cur le | airteagal 2 mír 6 mír neamhuimhrithe | 31/10/2023 | |
| Modifies | 32005D0671 | Athchur | airteagal 1 pointe (d) | 31/10/2023 | |
| Modifies | 32005D0671 | Athchur | airteagal 2 teideal | 31/10/2023 |
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2123 |
11.10.2023 |
TREOIR (AE) 2023/2123 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena ailíniú le rialacha an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le rialacha comhchuibhithe i ndáil le cosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin. I gcomhréir leis an Treoir sin, ba cheart do na Ballstáit sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí ábhartha eile arna nglacadh ag an Aontas chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá lena n-ailíniú leis an Treoir sin agus ceanglaítear air na tograí riachtanacha a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun na gníomhartha sin a leasú chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint sonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha sonracha maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta. Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú i leith cosaint sonraí pearsanta san Aontas, ba cheart an Cinneadh sin a leasú chun é a ailíniú le Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, leis an gCinneadh sin, ba cheart cuspóir na próiseála sonraí pearsanta a shonrú, ar bhealach atá comhsheasmhach le Treoir (AE) 2016/680, agus catagóirí na sonraí pearsanta is féidir a mhalartú a chur in iúl, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 8(2) de Threoir (AE) 2016/680, agus an aird chuí á tabhairt ar riachtanais oibríochtúla na n-údarás lena mbaineann. |
|
(3) |
Ar mhaithe le soiléireacht, na tagairtí atá i gCinneadh 2005/671/CGB do na hionstraimí dlí lena rialaítear oibriú Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(4) |
Cur i bhfeidhm Chinneadh 2005/671/CGB, lena mbaineann faisnéis maidir le cionta sceimhlitheoireachta a phróiseáil, lena n-áirítear í a mhalartú agus a úsáid ina dhiaidh sin, tá próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus le cosaint éifeachtach sonraí pearsanta den sórt sin, tá sé tábhachtach go gcomhlíonann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi Chinneadh 2005/671/CGB dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/680, agus tá sé tábhachtach go mbíonn an phróiseáil sin i gcomhréir leis na ceanglais slándála, na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta sonraí a leagtar amach in ionstraimí eile de dhlí an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2016/794 (4) agus (AE) 2018/1725 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis an dlí náisiúnta. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, mar atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn i gcás nach bhfuil Éire faoi cheangal ag na rialacha lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair póilíneachta lena gceanglaítear na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a chomhlíonadh. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, mar atá i gceangal le CAE agus le CFAE, na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir chur i bhfeidhm na rialacha sin. |
|
(7) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 25 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Samhain 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna déanamh in Strasbourg, an 4 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. M. ALBARES BUENO
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2023.
(2) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(3) Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhar i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lch. 22).
(4) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2123/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)