Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023H1018

    Moladh (AE) 2023/1018 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 maidir le píoráideacht ar líne a chomhrac i dtaobh imeachtaí spóirt agus imeachtaí beo eile

    C/2023/2853

    IO L 136, 24.5.2023, p. 83–94 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/1018/oj

    24.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 136/83


    MOLADH (AE) 2023/1018 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Bealtaine 2023

    maidir le píoráideacht ar líne a chomhrac i dtaobh imeachtaí spóirt agus imeachtaí beo eile

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cuidíonn imeachtaí spóirt agus imeachtaí beo eile ar nós ceolchoirmeacha le saol cultúrtha Eorpach éagsúil a chothú. Tá ról tábhachtach acu freisin maidir le saoránaigh a thabhairt le chéile agus muintearas pobail a chothú. Bíonn gá le hinfheistíochtaí suntasacha chun imeachtaí den sórt sin a eagrú agus chun iad a tharchur go beo agus a atarchur agus rannchuidíonn siad le fás eacnamaíoch agus le cruthú post san Aontas.

    (2)

    Mar a luaitear i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 maidir leis na dúshláin a bhaineann le heagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach (1) agus mar is léir ó staidéir a rinneadh le déanaí (2), baineann príomhluach an chuid is mó d’imeachtaí spóirt beo le dúshaothrú le linn an tarchuir bheo agus críochnaíonn sé nuair a thagann deireadh leis an imeacht. Dá bhrí sin, is féidir le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo bheith ina chúis le caillteanas suntasach ioncaim d’eagraithe imeachtaí spóirt agus do chraoltóirí araon agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint d’inmharthanacht na seirbhísí a thairgeann siad. Leag Parlaimint na hEorpa béim ar an ngá atá le leigheasanna éifeachtúla le haghaidh imeachtaí spóirt beo, agus thug sí dá haire freisin gur cheart d’eagraithe imeachtaí spóirt cur le samhail spóirt Eorpach a rannchuideodh le forbairt spóirt agus a bheadh i gcomhréir le cuspóirí sóisialta agus oideachais. Is obair leantach é an Moladh seo ar an réiteach sin agus moltar ann bearta ar cheart na Ballstáit agus na gníomhaithe margaidh a spreagadh iad a dhéanamh.

    (3)

    Ba cheart breithniú den chineál céanna a dhéanamh ar tharchur beo imeachtaí eile a spreagann, mar gheall ar a sainiúlacht, an spéis is mó sa lucht féachana, agus a ghineann tromlach a luacha le linn a dtarchur beo. Baineann sé sin, mar shampla, le tarchur beo imeachtaí cultúrtha ar nós ceolchoirmeacha, ceoldrámaí, ceolseónna, taibhléirithe amharclannaíochta, nó seónna cluichí. Áirítear leis an díobháil eacnamaíoch a dhéantar de bharr píoráideacht i dtaobh imeachtaí beo cailliúint táillí síntiús úsáideoirí, díolacháin ticéad isteach agus ioncam fógraíochta, rud a dhéanann difear do na geallsealbhóirí uile a rannchuidíonn le slabhra luacha an imeachta bheo.

    (4)

    Tarlaíonn píoráideacht trí mhodhanna a bhíonn ag éirí níos sofaisticiúla chun atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a chur ar fáil d’úsáideoirí ar líne trí sheirbhísí éagsúla, ar nós IPTV, aipeanna nó suíomhanna gréasáin neamhdhleathacha. Meastar gurbh fhiú EUR 522 mhilliún in 2019 an t-ioncam a d’eascair as píoráideacht ar líne i dtaobh imeachtaí spóirt, gan ach samhlacha gnó neamhdhleathacha a bhíonn ag brath ar tháillí síntiúis úsáideoirí a chur san áireamh (3). Is feiniméan domhanda é, ina ndéanann seirbhísí bradacha imeachtaí beo a shruthú trí úsáid a bhaint as cuideachtaí óstála ‘amach ón gcósta’ ar bhonn níos minice ná riamh chun rochtain a fháil ar úsáideoirí san Aontas agus, ag an am céanna, an neamhchosaint ar dhlí an chóipchirt nó ar an dlí coiriúil a íoslaghdú (4). Le blianta beaga anuas, forbraíodh seirbhís tacaíochta píoráideachta de chineál nua, dá ngairtear ‘Píoráideacht-mar-Sheirbhís’ trína soláthraítear sraith seirbhísí réamhdhéanta a fhágann go mbíonn sé éasca oibríocht bhradach lánfheidhmiúil a chruthú, a oibriú, agus luach airgid a chur ar uirthi. I gcásanna áirithe, bíonn cuma seirbhísí sruthaithe dlisteanacha ar na seirbhísí sáraitheacha sin. Ina theannta sin, d’fhorbair oibreoirí a chuireann atarchur neamhúdaraithe ar fáil straitéisí athléimneachta chun dul timpeall ar bhearta forfheidhmiúcháin. Is gá, dá bhrí sin, faireachán cúramach a dhéanamh, agus na hathruithe teicneolaíocha agus samhlacha nua gnó á gcur san áireamh go háirithe, ar fhorbairt cineálacha nua straitéisí píoráideachta agus athléimneachta, ar straitéisí iad a d’fhéadfadh tionchar a imirt freisin ar chineálacha eile ábhair agus difear a dhéanamh do chumas sealbhóirí ceart a gcearta a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

    (5)

    Tosaíonn atarchur ar líne neamhúdaraithe ar imeachtaí beo le hidircheapadh agus gabháil aindleathach an réamhchraolacháin nó an chomhartha craolacháin agus cuirtear ar aghaidh é ansin trí sholáthraithe éagsúla seirbhísí idirghabhálacha lena sheachadadh d’úsáideoirí deiridh trí chomhéadain éagsúla (láithreáin ghréasáin, aipeanna, IPTV). Is féidir soláthraithe seirbhíse a thairgeann réitigh ardfheidhmíochta a úsáid le haghaidh atarchur neamhúdaraithe, mar shampla soláthraithe freastalaí tiomnaithe. Ina theannta sin, féadfaidh oibreoirí atarchuir neamhúdaraithe mí-úsáid a bhaint as seirbhísí a bhíonn réamhtheachtach sa slabhra tarchuir ar nós líonraí seachadta ábhair nó ais-seachfhreastalaithe chun atarchur den sórt sin a sheachadadh nó chun foinse na n-atarchur neamhúdaraithe a dhoiléiriú. Ina theannta sin, is iad soláthraithe rochtana idirlín a bhíonn iartheachtach sa slabhra tarchuir a chuireann nascacht idirlín ar fáil d’úsáideoirí deiridh agus a fheidhmíonn mar thairseach chuig gach ábhar atá ar fáil ar líne.

    (6)

    I bhfianaise struchtúr an idirlín, róil faoi seach na gcineálacha éagsúla seirbhísí idirghabhálacha, agus na modhanna teicneolaíocha atá ar fáil dóibh, is féidir ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le cúnamh a thabhairt do shealbhóirí ceart agus d’údaráis náisiúnta rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a bhaint nó a dhíchumasú. Dá bhrí sin, is gá réitigh éifeachtacha a shainaithint, réitigh atá curtha in oiriúint d’fheidhmeanna faoi seach na gcineálacha éagsúla soláthraithe seirbhíse idirghabhálacha, i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe leis na hoibleagáidí éagsúla is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha faoi Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun go mbeidh siad in ann rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a bhaint nó a dhíchumasú go gasta.

    (7)

    Foráiltear cheana féin i ndlí an Aontais maidir le huirlisí éagsúla chun atarchur neamhúdaraithe ar ábhar a chomhrac, ábhar atá faoi chosaint cóipchirt agus ceart gaolmhar. Go háirithe, de bhun Airteagal 8(3) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus Airteagail 9 agus 11 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is féidir le sealbhóirí ceart urghairí a iarraidh in aghaidh sáraitheoirí nó idirghabhálaithe a mbaineann tríú páirtí úsáid as a gcuid seirbhísí chun cóipcheart nó ceart gaolmhar a shárú. Ina theannta sin, déantar foráil i Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le creat ginearálta chun timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a áirithiú, lena dtugtar aghaidh ar ábhar neamhdhleathach a scaipeadh ar líne. Comhchuibhítear leis na rialacha maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta agus déantar cuíchóiriú ar phróiseáil na bhfógraí a sheoltar chuig soláthraithe seirbhísí óstála. Déanta na fírinne, braitheann cur chun feidhme na leigheasanna atá ar fáil ar nádúr na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha. I gcás seirbhísí idirghabhálacha áirithe, ar nós soláthraithe seirbhísí óstála, is féidir beart a dhéanamh chun rochtain ar an ábhar neamhdhleathach arna óstáil acu a bhaint nó a dhíchumasú ach fógra a fháil, ach níl oibleagáid ar sheirbhísí eile, ar nós soláthraithe rochtana idirlín, gan dochar d’aon ghníomhaíocht dheonach bhreise, gníomhú ar bhonn urghaire a dheonaíonn údarás breithiúnach nó riaracháin chun rochtain úsáideoirí deiridh ar ábhar sáraitheach a chosc.

    (8)

    Mar sin, níl imeachtaí spóirt faoi chosaint cóipchirt agus ceart gaolmhar. Ní aithnítear eagraithe imeachtaí spóirt mar shealbhóirí ceart faoi dhlí cóipchirt an Aontais agus dá réir sin, i bprionsabal, ní fhéadfaidís leas a bhaint as na cearta agus na leigheasanna atá ann faoi dlí maoine intleachtúla an Aontais, go háirithe faoi Threoir 2004/48/CE, ach amháin má tá na cearta acu ar bhonn conarthach ó shealbhóirí eile ceart nó má bhaineann siad tairbhe as ceart maoine intleachtúla a dheonaítear faoin dlí náisiúnta.

    (9)

    Féadfaidh eagraithe imeachtaí spóirt leas a bhaint as cosaint shonrach a dheonaítear faoin dlí náisiúnta i mBallstáit áirithe. Aithníodh i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh na Ballstáit imeachtaí spóirt a chosaint ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb iomchuí de bhua cosaint maoine intleachtúla. I mBallstáit áirithe, tá rochtain ag eagraithe imeachtaí spóirt, in éineacht le heagraíochtaí craoltóireachta, ar leigheasanna a chuireann ar a gcumas gníomhú i ndáil le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo.

    (10)

    Go háirithe, tá cearta éagsúla ag eagraíochtaí craoltóireachta faoi dhlí an Aontais a d’fhéadfadh ligean dóibh gníomhú in aghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo.

    (11)

    In éagmais cearta agus leigheasanna sonracha ar leibhéal an Aontais a bhfuil feidhm acu maidir le himeachtaí spóirt, is minic a bhíonn sé deacair d’eagraithe imeachtaí spóirt gníomhú go tráthúil in aghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo. Chun cailliúint luacha ar tharchur beo imeachtaí spóirt a chosc, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun rochtain eagraithe imeachtaí spóirt ar leigheasanna a áirithiú, leigheasanna a ligfeadh dóibh díchumasú rochtana ar atarchur neamhúdaraithe a iarraidh go han-ghasta. I gcásanna áirithe, áfach, baineann eagraithe imeachtaí spóirt tairbhe freisin as na cearta agus na leigheasanna a leagtar síos i dTreoir 2004/48/CE toisc gur deonaíodh cearta maoine intleachtúla dóibh faoin dlí náisiúnta. I gcásanna den sórt sin moltar do na Ballstáit a mheas ar cheart feidhm a bheith ag na moltaí maidir le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus a mhéid ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis na heagraithe imeachtaí spóirt sin.

    (12)

    Cosnaítear tarchur beo imeachtaí seachas imeachtaí spóirt go ginearálta le cóipcheart agus cearta gaolmhara arna ndeonú faoi dhlí an Aontais d’údair, taibheoirí, táirgeoirí fónagram, léiritheoirí scannán agus eagraíochtaí craoltóireachta. I gcás ina sárófar na cearta sin, is féidir le sealbhóirí ceart brath cheana féin ar na leigheasanna dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, i dTreoir 2004/48/CE agus i Rialachán (AE) 2022/2065. Baineann sé sin freisin le heagraithe imeachtaí spóirt a dtugtar cearta maoine intleachtúla dóibh faoin dlí náisiúnta. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil foráil sna leigheasanna atá ar fáil do shealbhóirí ceart gníomhaíocht a dhéanamh go pras, lena gcuirtear san áireamh nádúr sonrach tarchuir bheo imeachta, go háirithe gné atá íogair ó thaobh ama de.

    (13)

    Is é cuspóir an Mholta seo píoráideacht ar líne a chomhrac i dtaobh imeachtaí spóirt agus imeachtaí beo eile. Dá bhrí sin, maidir le himeachtaí beo spóirt, is gá na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha uile a spreagadh chun bearta éifeachtacha a dhéanamh in aghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo, agus ag an am céanna na coimircí is gá a ráthú chun cearta bunúsacha a chosaint.

    (14)

    Maidir le himeachtaí beo eile, ba cheart na Ballstáit agus na geallsealbhóirí a spreagadh chun na leigheasanna atá ann cheana in aghaidh sáruithe ar chóipcheart a chur i bhfeidhm ar bhealach ina gcuirtear sainiúlacht na dtarchur beo san áireamh.

    (15)

    Is gá comhoibriú a chothú idir eagraithe imeachtaí spóirt, sealbhóirí ceart, soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus údaráis phoiblí.

    (16)

    Níor cheart feidhm a bheith ag an Moladh seo maidir le haon úsáid dhlisteanach ábhair. Go háirithe, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo agus aon úsáid a bhaintear as ábhar atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara i gcomhréir le haon teorainn nó eisceacht dá bhforáiltear faoi Threoir 2001/29/CE nó Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ar nós gearrthóga fuaime nó físeán arna gcomhroinnt idir dhaoine agus ag daoine sa lucht féachana ar imeacht beo nó arna gcomhroinnt ag iriseoirí chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas, lena n-áirítear é a chur ar an eolas san fhíor-am. Ina theannta sin, níl feidhm ag an Moladh seo maidir leis na tuairiscí gearra nuachta arna n-ullmhú ag eagraíochtaí craoltóireachta i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), mar shampla trína bheith ag brath ar shleachta gearra arna roghnú ó chomhartha ó eagraíocht chraoltóireachta a dhéanann tarchur ar bhonn eisiach.

    (17)

    Áirítear i Rialachán (AE) 2022/2065 rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach atá ábhartha i gcás atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo. Go háirithe, tugtar isteach le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2022/2065 rialacha comhchuibhithe maidir le ‘fógra agus gníomh’ do sholáthraithe seirbhísí óstála chun foráil a dhéanamh maidir le próiseáil thráthúil agus dícheallach fógraí a bhaineann le hábhar neamhdhleathach. Sonraítear in Aithris 52 den Rialachán sin gur cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála gníomhú de réir fógraí ar bhealach tráthúil, go háirithe, tríd an gcineál ábhair neamhdhleathaigh a bhfuiltear á fhógairt agus an phráinn a bhaineann le beart a dhéanamh ina leith a chur san áireamh.

    (18)

    I bhfianaise nádúr sonrach na n-imeachtaí beo, tá sé ríthábhachtach go ngníomhódh soláthraithe seirbhísí óstála go práinneach i ndiaidh dóibh fógra a fháil chun féachaint leis an dochar a dhéanann an t-atarchur neamhúdaraithe a íoslaghdú.

    (19)

    Le Rialachán (AE) 2022/2065 forchuirtear oibleagáidí breise ar ardáin ar líne freisin na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfar tosaíocht d’fhógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa agus go ndéanfar iad a phróiseáil agus a chinneadh gan moill mhíchuí. Ní chumhdaítear soláthraithe eile seirbhísí óstála leis na hoibleagáidí sin; tá an sásra sin úsáideach, áfach, chun dlús a chur le próiseáil fógraí maidir le himeachtaí beo. Dá bhrí sin, is iomchuí a mholadh do sholáthraithe seirbhísí óstála, seachas d’ardáin ar líne, tosaíocht a thabhairt d’fhógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa le go gníomhóidís go práinneach agus imeacht beo á tharchur. Ba cheart cás sonrach na micrifhiontar nó na bhfiontar beag a chur san áireamh sa chomhthéacs sin.

    (20)

    Ina theannta sin, tá réitigh theicniúla á bhforbairt ag soláthraithe seirbhísí óstála áirithe le tamall a ligeann do shealbhóirí ceart, trí chomhéadan tiomnaithe ríomhchláraithe feidhmchlár, fógra a thabhairt, lena n-áirítear fógra a thabhairt san fhíor-am, maidir le húsáidí neamhúdaraithe a n-ábhair, agus a chuireann dlús breise le próiseáil na bhfógraí sin. Le Rialachán (AE) 2022/2065, iarrtar ar an gCoimisiún forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach a thacú agus a chur chun cinn i ndáil le tíolacadh leictreonach fógraí ag comharthóirí iontaofa, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir. Ba cheart forbairt agus úsáid réiteach teicniúil den sórt sin ag idirghabhálaithe, seachas ardáin ar líne, a spreagadh freisin, ar choinníoll go ndéantar sásra sásaimh a ionchorprú ann.

    (21)

    Tá bealaí éagsúla ann chun an comhartha craolacháin a chriptiú nó a mharcáil, lena n-áirítear comharthaíocht uisce fhóiréinseach, d’fhonn é a chosaint ar úsáidí neamhúdaraithe. Ba cheart do shealbhóirí ceart an leas is fearr a bhaint as na réitigh sin, rud a chuideodh le foinse atarchuir neamhúdaraithe a shainaithint go tapa agus go beacht.

    (22)

    Is minic go bhféadfadh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a bhíonn á gcur ar fáil go réamhtheachtach sa bhonneagar idirlín ar nós líonraí seachadta ábhair nó ais-seachfhreastalaithe a bheith ar na haon seirbhísí ar féidir le sealbhóirí ceart iad a shainaithint i gcás nuair a bhraitheann siad atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo. Sa mhéid nach gcuireann siad seirbhísí óstála ar fáil, níl rialacha maidir le fógraí infheidhme maidir leo. Mar sin féin, ceadaíonn roinnt soláthraithe fógraí agus cuireann siad le sainaithint na seoltaí IP a úsáideann oibreoirí bradacha, agus ar an gcaoi sin tá ról tábhachtach acu maidir le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart iad a spreagadh chun tacú le sealbhóirí ceart agus le soláthraithe seirbhísí óstála agus faisnéis a chomhroinnt leo maidir le sainaithint fhoinsí na n-atarchur neamhúdaraithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seoladh IP tionscnaimh na bhfreastalaithe. Ba cheart dóibh freisin beartas láidir a chur i bhfeidhm in aghaidh mhí-úsáid a gcuid seirbhísí, mar shampla tríd an bhféidearthacht a sholáthar ina dtéarmaí agus coinníollacha a seirbhísí a chur ar fionraí d’oibreoirí bradacha a chuireann atarchur neamhúdaraithe ar fáil go minic. Ba cheart feidhm a bheith ag na cleachtais sin freisin maidir le seirbhísí a chuireann réitigh ardfheidhmíochta ar fáil, go háirithe soláthraithe freastalaithe tiomnaithe a mbaintear mí-úsáid astu de ghnáth chun atarchur neamhúdaraithe a sheachadadh.

    (23)

    Le Treoir 2001/29/CE agus Treoir 2004/48/CE tugtar an deis do shealbhóirí ceart urghaire a lorg in aghaidh soláthraí seirbhíse idirghabhálaí a bhfuil a chuid seirbhísí á n-úsáid ag tríú páirtí chun cearta maoine intleachtúla na sealbhóirí ceart a shárú. In 2017, d’eisigh an Coimisiún an Teachtaireacht ‘Treoir maidir le gnéithe áirithe de Threoir 2004/48/CE’ (10) ina sonraítear go bhféadfadh sé a bheith iomchuí i gcásanna áirithe go n-éileodh leis an urghaire sin ar sholáthraí na seirbhíse idirghabhálaí rochtain ar ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas nó a dhíchumasú. I gcásanna ina dtarlaíonn sáruithe ar mhórscála nó sáruithe ar bhealach struchtúrach, tugadh le fios sa treoir go bhféadfadh sé a bheith comhréireach, bunaithe ar anailís cás ar chás, a éileamh go mblocálfaí rochtain ar shuíomh gréasáin iomlán. I gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cuirtear i bhfios go láidir sa treoir, faoi réir coimircí áirithe, nach gá cur síos sainráite a bheith san urghaire, cur síos sainráite ar na bearta is gá do na soláthraithe a dhéanamh chun an toradh atá ag teastáil a bhaint amach. Mar sin féin, ní dhéantar foráil i ndlí an Aontais maidir le rialacha i ndáil le gnéithe sonracha urghaire agus níl rialacha sainráite ann a bhaineann le tarchur beo.

    (24)

    Féadfar bearta teicniúla éagsúla a úsáid chun urghairí blocála a chur chun feidhme agus rochtain úsáideoirí deiridh ar an atarchur neamhúdaraithe a chosc, mar shampla rochtain a chosc trí Chóras Ainmneacha Fearainn (DNS) nó IP a bhlocáil.

    (25)

    Ina theannta sin, i gcomhréir leis an Treoir, is féidir le hurghairí dinimiciúla lena gcumhdaítear suíomhanna idirlín nua ina mbeadh an t-atarchur neamhúdaraithe ar fáil díreach tar éis an urghaire a eisiúint, a bheith ina modh éifeachtach chun cosc a chur ar leanúint de hatarchur neamhúdaraithe ar choinníoll go soláthraítear coimircí riachtanacha. Is leigheas úsáideach iad urghairí den sórt sin chun dul i ngleic leis na straitéisí athléimneachta arna bhforbairt ag seirbhísí bradacha, mar shampla suíomhanna scáthánaithe a chur ar bun faoi ainmneacha fearainn éagsúla nó aistriú chuig seoltaí IP éagsúla, cuir i gcás, chun dul timpeall ar bhearta blocála.

    (26)

    Go dtí seo, ní raibh urghairí dinimiciúla ar fáil ach i roinnt Ballstát (11). Ceachtar de chúirteanna nó d’údaráis riaracháin áirithe a bhfuil sé de chumhacht acu bearta blocála nó asbhainte a ordú ex officio nó bearta blocála nó asbhainte a ordú tar éis gearáin a bheith déanta, ceachtar acu siúd a dheonaíonn urghairí. Tá an cineál sin urghaire oiriúnaithe go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo.

    (27)

    Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh eagraithe imeachtaí spóirt, fiú mura n-aithnítear iad mar shealbhóirí cirt faoi dhlí an Aontais, in ann urghairí a lorg chun atarchur neamhúdaraithe ar imeacht spóirt beo a chosc agus chun toirmeasc a chur ar leanúint de hatarchur neamhúdaraithe den sórt sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Urghairí a thugann aghaidh ar imeachtaí spóirt beo, tá sé tábhachtach freisin go mbeidís dinimiciúil, d’fhonn na seirbhísí bradacha breise a chumhdach, ar ghastacht leordhóthanach, ar seirbhísí gan aithint iad tráth na n-imeachtaí, lena dtugtar rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar an imeacht spóirt beo céanna, ar choinníoll go gcuirtear na coimircí is gá i bhfeidhm.

    (28)

    Ós rud é gur minic a bhíonn an luach a chailltear le haghaidh cineálacha eile imeachtaí beo níos airde le linn an tarchuir bheo, bíonn sé chomh tábhachtach céanna infhaighteacht níos leithne urghairí dinimiciúla a spreagadh chun atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí den sórt sin a chosc.

    (29)

    Chun róbhlocáil a chosc, ba cheart na suíomhanna idirlín breise a mbeadh feidhm ag urghairí dinimiciúla ina leith a shainaithint i gceart. D’fhéadfaí roinnt féidearthachtaí a bheartú chun liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear le hurghaire a thabhairt cothrom le dáta, ar nós modheolaíocht a chomhaontú mar chuid den urghaire, lena n-áireofaí modheolaíocht don chomhar idir sealbhóirí ceart agus seolaithe na n-urghairí, faoi réir rialú ag údarás breithiúnach.

    (30)

    Is iondúil go seoltar urghaire chuig soláthraithe rochtana Idirlín, toisc go mbíonn ról oiriúnach acu chun cosc a chur ar rochtain úsáideoirí deiridh ar sheirbhís ar leith a thairgeann atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo. Mar sin féin, d’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as soláthraithe eile seirbhísí idirghabhálacha chun atarchur neamhúdaraithe a éascú nó chun teacht timpeall ar urghairí blocála. Mar shampla, féadfar líonraí seachadta ábhair agus ais-seachfhreastalaithe a úsáid chun tionscnamh an atarchuir neamhúdaraithe a dhoiléiriú, agus is féidir taifeoirí malartacha DNS agus seachsheirbhísí eile ar nós Líonraí Príobháideacha Fíorúla (VPNanna) a úsáid chun rochtain ar sheirbhísí arna mblocáil a éascú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a mheas an bhféadfaidís bearta deonacha breise a dhéanamh chun mí-úsáid a gcuid seirbhísí a chosc. D’fhéadfaí bearta féintionscnaimh den sórt sin a phlé go háirithe i gcomhthéacs an fhaireacháin ar an Moladh seo a dhéanfaidh an Coimisiún le tacaíocht ón bhFaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla arna hóstáil ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘Faireachlann EUIPO’).

    (31)

    Is féidir le gníomhaithe margaidh eile ar nós soláthraithe fógraíochta, chomh maith le soláthraithe seirbhísí íocaíochta, trína n-oibleagáidí faoi chreat frithsciúrtha airgid an Aontais agus gníomhaíochtaí deonacha, cur leis an gcomhrac in aghaidh na píoráideachta ar líne. Chun bac a chur ar luach airgid seirbhísí bradacha, tá meabhrán tuisceana maidir le fógraíocht ar líne agus cearta maoine intleachtúla á éascú ag an gCoimisiún. Geallann sínitheoirí an mheabhráin seo go deonach go laghdóidh siad an méid fógraíochta a chuirtear ar shuíomhanna gréasáin agus ar fheidhmchláir mhóibíleacha a sháraíonn cearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear cóipcheart. Ba cheart go ndéanfaí tuilleadh chun comhar den sórt sin a spreagadh lena áirithiú nach n-éascóidh na seirbhísí sin cur chun cinn agus feidhmiú oibreoirí a thugann rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo.

    (32)

    Chun aghaidh a thabhairt ar an bpíoráideacht ar bhealach iomlánaíoch, tá sé tábhachtach infhaighteacht, inacmhainneacht agus tarraingteacht tairiscintí tráchtála a mhéadú d’úsáideoirí deiridh chun rochtain a fháil ar tharchur nó ar atarchur imeachtaí beo. Maidir le himeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo don tsochaí amhail Cluichí Oilimpeacha, Corn an Domhain sa sacar nó Craobhchomórtas Sacair na hEorpa, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal ar chlúdach teilifíse i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2010/13/AE.

    (33)

    Ina theannta sin, de réir staidéir a rinneadh le déanaí, mar thoradh ar inrochtaineacht agus infhaighteacht tairiscintí dlíthiúla ar phraghas iomaíoch, tá laghdú beag tagtha ar líon na n-úsáideoirí a thomhlaíonn ábhar bradach (12). Ina theannta sin, tá sé tábhachtach feasacht na n-úsáideoirí deiridh a ardú maidir le hinfhaighteacht na tairisceana dlíthiúla. Mar shampla, nuair a bhíonn suíomh gréasáin blocáilte de bhun urghaire, áirithíonn Ballstáit áirithe go gcuirtear úsáideoirí a dhéanann iarracht rochtain a fháil air ar an eolas faoin mblocáil agus go dtugtar faisnéis dóibh faoi na foinsí inar féidir rochtain a fháil ar an ábhar go dleathach. Is féidir é sin a dhéanamh, mar shampla, trí fhéachaint ar Thairseach Eorpach d’Ábhar Ar Líne, Agorateka, a d’fhorbair Faireachlann EUIPO, atá nasctha leis na tairseacha náisiúnta atá ann cheana.

    (34)

    Tá comhar trasteorann idir na Ballstáit tábhachtach chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le feiniméan an atarchuir neamhúdaraithe ar imeachtaí beo, ar rud é a dhéantar, de réir nádúr an ghnímh, trasna teorainneacha. D’fhéadfadh malartú faisnéise maidir le seirbhísí atá faoi réir urghaire i mBallstát amháin a bheith ina chuidiú chun na húdaráis forfheidhmiúcháin i mBallstáit eile a chur ar an eolas, Ballstáit ina bhfuil na seirbhísí céanna ar fáil.

    (35)

    Cuirtear de chúram ar Fhaireachlann EUIPO le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) sásraí a chur ar fáil a chuidíonn le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise maidir le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla idir údaráis na mBallstát agus comhar leis na húdaráis sin agus eatarthu a chothú. An comhar atá ann cheana arna éascú ag Faireachlann EUIPO i dtaobh na gcúrsaí sin, ba cheart é a fhorbairt le go mbeadh sé ina líonra tiomnaithe do na Ballstáit chun faisnéis a mhalartú go struchtúrach i ndáil le bearta, nósanna imeachta agus réitigh a chuirtear i bhfeidhm maidir le atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóir agus imeachtaí beo eile, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú maidir le tionchar agus éifeachtúlacht na n-uirlisí forfheidhmiúcháin sin, agus maidir leis na dúshláin agus na dea-chleachtais sa réimse sin. Ba cheart go gceadódh an líonra an t-idirphlé ar fud na mBallstát uile agus go n-áireofaí ann na húdaráis riaracháin a bhfuil cumhachtaí sonracha acu i ndáil le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla atá ann i mBallstáit áirithe. Ba cheart go rannchuideodh an fhaisnéis a bhailítear faoin líonra le faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an mholta.

    (36)

    Is bealach eile é chun forfheidhmiú níos éifeachtúla a bhaint amach feabhas, trí bhearta oiliúna iomchuí, a chur ar shaineolas na ndaoine a bhfuil baint acu le cearta a fhorfheidhmiú in aghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo. Ba cheart Faireachlann EUIPO a spreagadh chun gníomhaíochtaí tógála eolais a fhorbairt agus a eagrú do bhreithiúna náisiúnta agus d’údaráis forfheidhmiúcháin sa réimse sonrach sin.

    (37)

    Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i bhfianaise an Mholta seo, le tacaíocht ó Fhaireachlann EUIPO, trínar cheart saineolas teicniúil agus tacaíocht eagraíochtúil a chur ar fáil agus faireachán a dhéanamh ar an éabhlóid ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo sna Ballstáit. Chun an cúram sin a chur i gcrích, tá sé ríthábhachtach go roinnfidh na Ballstáit agus na geallsealbhóirí faisnéis ábhartha faoin obair leantach a dhéanfar ar an Moladh seo agus faoi líon na n-atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo. Ba cheart do gheallsealbhóirí faisnéis a chur ar fáil freisin maidir le héabhlóid tairiscintí dlíthiúla i dtaobh an ábhair a chumhdaítear leis an Moladh seo. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na héifeachtaí a thugtar don Mholadh seo agus cinnfidh sé an bhfuil gá le céimeanna breise, lena n-áirítear céimeanna chun cosc a chur le scaipeadh neamhdhleathach cineálacha eile ábhair atá faoi chosaint cóipchirt.

    (38)

    Chun dul i muinín leigheasanna faoin Moladh seo, ní mór cothromaíocht chuí a dhéanamh idir cearta agus leasanna na ndaoine lena mbaineann na bearta, agus na cearta bunúsacha éagsúla agus comhréireacht na mbeart sin á gcur san áireamh in aon chás ar leith. Ba cheart spriocdhíriú docht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart sin agus níor cheart oibleagáidí iomarcacha a fhorchur ar idirghabhálaithe. Níor cheart faireachán ginearálta a bheith mar thoradh ar bhearta den sórt sin.

    (39)

    Chun a áirithiú go dtabharfar urraim don cheart bunúsach go ndéanfaí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs aon bheart arna dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo a bheith i gcomhréir iomlán leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 (14) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), agus ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta inniúla faireachán a dhéanamh orthu.

    (40)

    Urramaítear leis an Moladh seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Moladh seo lena áirithiú go dtabharfar urraim iomlán d’Airteagail 8, 11, 16, 17 agus 47 den Chairt.

    (41)

    De bharr na comhlántachta idir an Moladh seo agus Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an Mholta maidir le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile, agus aird chuí á tabhairt ar thorthaí Fhaireachlann EUIPO, i gcomhar le héifeachtaí an Rialacháin sin, is é sin, tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2025.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    CUSPÓIR

    (1)

    Leis an Moladh seo, moltar do na Ballstáit, na húdaráis náisiúnta, na sealbhóirí ceart agus na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha chun bearta iomchuí éifeachtacha comhréireacha a dhéanamh chun atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile a chomhrac i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh seo agus i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (2)

    Meabhraítear sa Mholadh seo oibleagáidí na mBallstát, na sealbhóirí ceart, na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus fhaighteoirí a seirbhísí i gcomhréir le forálacha ceangailteacha dhlí an Aontais, go háirithe Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Treoir 2001/29/CE, Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Rialachán (AE) 2022/2065, Treoir (AE) 2019/790 agus Treoir 2004/48/CE. Níl feidhm ag an Moladh maidir le haon úsáid dhlisteanach ábhair, amhail ábhar atá faoi chosaint cóipchirt a úsáid faoi theorainneacha agus eisceachtaí agus úsáid sleachta gearra i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2010/13/AE.

    SAINMHÍNITHE

    (3)

    Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    ciallaíonn ‘eagraí imeachta spóirt’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as imeacht spóirt a bhfuil rochtain ag an bpobal air a eagrú;

    (b)

    ciallaíonn ‘tarchur beo imeachta’ tarchur imeachta san fhíor-am, ar aon mhodh, lena n-áirítear modh sreinge nó modh gan sreang, chuig pobal nach bhfuil i láthair san áit ina dtarlaíonn an imeacht san fhíor-am;

    (c)

    ciallaíonn ‘tarchur beo imeachta spóirt’ tarchur imeachta spóirt san fhíor-am, ar aon mhodh, lena n-áirítear modh sreinge nó modh gan sreang, chuig pobal nach bhfuil i láthair san áit ina dtarlaíonn an imeacht san fhíor-am;

    (d)

    ciallaíonn ‘sealbhóir ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cearta aige maidir le tarchur beo imeachta spóirt, beag beann ar na cearta sin a bheith ina gcearta maoine intleachtúla, agus é i dteideal na cearta sin a fhorfheidhmiú;

    (e)

    ciallaíonn ‘sealbhóir ceart maidir le tarchur beo imeachta’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil cóipcheart nó cearta gaolmhara maidir le tarchur beo saothar agus ábhair eile;

    (f)

    ciallaíonn ‘atarchur neamhúdaraithe’ tarchur comhuaineach nó atarchur comhuaineach, a bhfuil sé i gceist gurb é an pobal a ghlacfadh é, ar tharchur beo tosaigh imeachta nó ar tharchur beo imeachta spóirt, gan é a bheith údaraithe ag sealbhóir na gceart.

    ATARCHUR NEAMHÚDARAITHE BEO AR IMEACHTAÍ SPÓIRT

    A áirithiú go gcaitear go pras le fógraí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo

    Déileáil go pras le fógraí

    (4)

    Agus na fógraí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo á bpróiseáil, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála nádúr sonrach tarchuir bheo ar imeacht spóirt a chur san áireamh chun féachaint leis an dochar a dhéantar le linn atarchur neamhúdaraithe ar an imeacht sin a íoslaghdú.

    (5)

    Chun a áirithiú go bpróiseálfar an fógra agus go ndéanfar cinneadh le linn tarchur beo imeachta spóirt, moltar do sholáthraithe seirbhísí óstála, seachas ardáin ar líne, comhoibriú le sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

    (a)

    dul i mbun teagmháil éifeachtach le comharthóirí iontaofa chun críocha an Mholta seo;

    (b)

    réitigh theicniúla a fhorbairt agus a úsáid atá dírithe ar phróiseáil fógraí a éascú, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

    Comhar idir sealbhóirí ceart agus soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha

    (6)

    D’fhonn tarchur beo imeachtaí spóirt a chosaint, ba cheart na sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt a spreagadh chun leas a bhaint as na réitigh theicniúla is fearr dá bhfuil ar fáil chun sainaithint fhoinse an atarchuir neamhúdaraithe a éascú.

    (7)

    Moltar do na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe dóibh siúd atá in ann atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo a shainaithint agus a aimsiú, an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    comhoibriú le chéile, lena n-áirítear comhoibriú le soláthraithe seirbhísí óstála agus le sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt, chun sainaithint fhoinse an atarchuir neamhúdaraithe a éascú agus;

    (b)

    bearta sonracha a chur i bhfeidhm in aghaidh mí-úsáid a seirbhísí arís agus arís eile.

    Urghairí lena dtugtar aghaidh ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo

    (8)

    Moltar do na Ballstáit a mheas an bhfuil eagraithe imeachtaí spóirt ina ndlínse i dteideal caingean dlí a thionscnamh chun atarchur neamhúdaraithe ar imeacht spóirt beo a chosc nó a thoirmeasc. I gcás nach amhlaidh atá, moltar do na Ballstáit seasamh dlíthiúil a thabhairt d’eagraithe imeachtaí spóirt maidir le hurghaire a lorg chun atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo atá ar tí tarlú a chosc nó chun cosc a chur ar leanúint leis an atarchur neamhúdaraithe.

    Seolaithe na n-urghairí

    (9)

    Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hurghairí in aghaidh oibreoirí atarchuir neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo, agus in aghaidh soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a mbaineann tríú páirtí mí-úsáid as a seirbhísí le haghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo, gan beann ar easpa dliteanais an idirghabhálaí, chun atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo den sórt sin a fhoirceannadh nó a chosc. D’fhéadfadh urghaire den sórt sin rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo a bhlocáil.

    (10)

    Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht na hurghairí sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a dhíríonn a ngníomhaíochtaí ar fhaighteoirí na seirbhísí sna Ballstáit.

    (11)

    Sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt, moltar do na Ballstáit iad a chumasú iarratas a dhéanamh ar urghaire roimh thús an imeachta spóirt, lena n-áirítear trí fhianaise a chur isteach os comhair an údaráis inniúil ina léirítear gur thug an t-oibreoir i dtrácht rochtain cheana féin ar atarchur neamhúdaraithe i gcás imeachtaí spóirt atá comhchosúil leis na cinn a bhfuil na cearta acu féin ina leith.

    Nádúr dinimiciúil na n-urghairí

    (12)

    Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht urghairí a iarraidh lena bhforchur ar sholáthraí seirbhíse idirghabhála ar leith, urghairí ar féidir iad a shíneadh le go bhféadfaí blocáil a dhéanamh ar sheirbhísí bradacha a dhéanann atarchur neamhúdaraithe ar imeacht spóirt beo fiú mura ndearnadh na seirbhísí sin a shainaithint tráth an iarratais ar urghaire, ach i gcás ina mbaineann siad leis an imeacht spóirt céanna, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta náisiúnta.

    (13)

    Chun na seirbhísí bradacha sin a shainaithint ar bhealach iomchuí tar éis urghaire a eisiúint, ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht cás ar chás a spreagadh chun nuashonrú a dhéanamh ar liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear leis an urghaire (arna sainaithint trí DNS, seoladh IP nó URL, cuir i gcás), modheolaíocht lena n-áireofaí comhar idir na sealbhóirí ceart agus seolaithe na hurghaire, faoi réir rialú údaráis bhreithiúnaigh. Féadfaidh na Ballstáit a mheas ar cheart d’údarás náisiúnta neamhspleách liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear le hurghaire a dheimhniú.

    (14)

    I gcás ina dtugann na Ballstáit cumhacht d’údarás riaracháin neamhspleách urghairí a eisiúint nó liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear leis an urghaire a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart cinntí den sórt sin a bheith faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna.

    Coimircí

    (15)

    Agus rialacha maidir le hurghairí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo á dtabhairt isteach nó á gcur i bhfeidhm, moltar do na Ballstáit a chur san áireamh nár cheart na bearta a leagtar amach san urghaire a bheith ina n-ualach míréasúnta ar na seolaithe. Ba cheart spriocdhíriú orthu go docht agus níor cheart an fhéidearthacht rochtain dhleathach a fháil ar an bhfaisnéis atá ar fáil a bhaint d’úsáideoirí gan ghá.

    (16)

    I gcás ina mbeidh an urghaire i bhfoirm birt blocála, ba cheart aire a thabhairt chun a áirithiú go ndíreofar leis ar sheirbhísí bradacha arna sainaithint ag suíomhanna idirlín atá dírithe go príomha ar rochtain a sholáthar ar atarchur neamhúdaraithe nó ar chineálacha eile ábhair neamhúdaraithe.

    (17)

    Ba cheart na bearta teicniúla a chuirtear i bhfeidhm chun urghairí den sórt sin a chur chun feidhme a bheith leordhóthanach chun rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo a chosc nó, ar a laghad, deacracht a chur leis an rochtain sin, agus úsáideoirí deiridh a dhíspreagadh go mór ó rochtain a fháil ar an atarchur neamhúdaraithe sin.

    (18)

    Moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt an fhaisnéis ar na suíomhanna idirlín nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ionas go bhféadfar deireadh a chur leis na srianta ar na suíomhanna idirlín sin.

    (19)

    Moltar do na Ballstáit a fhoráil nach rachadh ré na hurghaire thar a bhfuil riachtanach chun cosaint éifeachtach na sealbhóirí ceart a áirithiú maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt. Moltar do na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh éifeacht ag na bearta blocála a chuirfear i bhfeidhm sa chomhthéacs sin ach amháin nuair a tharlóidh tarchur beo an imeachta spóirt.

    Comhar deonach

    (20)

    Ba cheart na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh dheonacha iomchuí agus chomhréireacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí i gcás atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo.

    (21)

    Ba cheart na gníomhaithe margaidh eile ar nós seirbhísí fógraíochta agus íocaíochta a spreagadh chun a áirithiú nach n-éascaíonn a gcuid seirbhísí cur chun cinn agus feidhmiú oibreoirí a thugann rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo.

    ATARCHUR NEAMHÚDARAITHE AR IMEACHTAÍ BEO EILE

    Déileáil go pras le fógraí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe beo imeachtaí eile a áirithiú

    Déileáil go pras le fógraí

    (22)

    Agus na fógraí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo á bpróiseáil, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála nádúr sonrach tarchuir bheo a chur san áireamh chun féachaint leis an dochar a dhéantar le linn atarchur neamhúdaraithe ar an imeacht sin a íoslaghdú.

    (23)

    Chun a áirithiú go bpróiseálfar an fógra agus go ndéanfar cinneadh le linn tarchur beo imeachta spóirt, moltar do sholáthraithe seirbhísí óstála, seachas d’ardáin ar líne, comhoibriú le sealbhóirí ceart, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

    (a)

    teagmháil éifeachtach a dhéanamh le comharthóirí iontaofa chun críocha an Mholta seo;

    (b)

    réitigh theicniúla a fhorbairt agus a úsáid atá dírithe ar phróiseáil fógraí a éascú, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár.

    Comhar idir sealbhóirí ceart agus soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha

    (24)

    D’fhonn tarchur beo imeachta a chosaint, ba cheart na sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachta a spreagadh chun leas a bhaint as na réitigh theicniúla is fearr dá bhfuil ar fáil chun sainaithint fhoinse an atarchuir neamhúdaraithe a éascú.

    (25)

    Moltar do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha, go háirithe iadsan atá in ann atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a shainaithint agus a aimsiú, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    comhoibriú, lena n-áirítear comhoibriú le sealbhóirí ceart chun sainaithint fhoinse an atarchuir neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a éascú;

    (b)

    bearta sonracha a chur i bhfeidhm in aghaidh mí-úsáid a seirbhísí arís agus arís eile.

    Urghairí lena dtugtar aghaidh ar atarchur neamhúdaraithe beo imeachtaí eile

    Nádúr dinimiciúil urghairí

    (26)

    Moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht urghairí a iarraidh lena bhforchur ar sholáthraí seirbhíse idirghabhála ar leith, urghairí ar féidir iad a shíneadh le go bhféadfaí blocáil a dhéanamh ar sheirbhísí bradacha a dhéanann atarchur neamhúdaraithe, fiú mura ndearnadh na seirbhísí sin a shainaithint tráth an iarratais ar urghaire, ach i gcás ina mbaineann siad leis an imeacht spóirt céanna, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta náisiúnta agus i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt, go háirithe, an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint.

    (27)

    D’fhonn na seirbhísí bradacha sin a shainaithint ar bhealach iomchuí tar éis urghaire a eisiúint, ba cheart do na Ballstáit modheolaíocht cás ar chás a spreagadh chun nuashonrú a dhéanamh ar liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear leis an urghaire (arna sainaithint trí ainm fearainn, seoladh IP nó URL, cuir i gcás), modheolaíocht lena n-áireofaí comhar idir na sealbhóirí ceart agus seolaithe na hurghaire, faoi réir rialú údaráis bhreithiúnaigh.

    (28)

    I gcás ina dtugann na Ballstáit cumhacht d’údarás riaracháin neamhspleách urghairí a eisiúint nó liosta na suíomhanna idirlín a chumhdaítear leis an urghaire a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart cinntí den sórt sin a bheith faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair na gcúirteanna.

    Coimircí

    (29)

    Agus rialacha maidir le hurghairí a bhaineann le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo á dtabhairt isteach nó á gcur i bhfeidhm, moltar do na Ballstáit a chur san áireamh nár cheart na bearta a leagtar amach san urghaire a bheith ina n-ualach míréasúnta ar na seolaithe. Ba cheart spriocdhíriú orthu go docht agus níor cheart an fhéidearthacht rochtain dhleathach a fháil ar an bhfaisnéis atá ar fáil a bhaint d’úsáideoirí gan ghá.

    (30)

    Moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachta an fhaisnéis i dtaobh na suíomhanna idirlín nach n-úsáidtear a thuilleadh le haghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo a thabhairt cothrom le dáta go rialta, ionas go bhféadfar na srianta ar na suíomhanna idirlín sin a bhaint.

    Comhar deonach

    (31)

    Ba cheart na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar thionscnaimh dheonacha iomchuí agus chomhréireacha chun cosc a chur ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí i gcás atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí beo.

    (32)

    Ba cheart na gníomhaithe margaidh eile ar nós seirbhísí fógraíochta agus íocaíochta a spreagadh chun a áirithiú nach n-éascóidh a gcuid seirbhísí cur chun cinn agus feidhmiú oibreoirí a thugann rochtain ar atarchur neamhúdaraithe ar imeacht beo.

    FEASACHT A MHÚSCAILT AGUS COMHAR DEONACH IDIR ÚDARÁIS PHOIBLÍ

    Tairiscintí tráchtála agus feasacht

    (33)

    Ba cheart na sealbhóirí ceart maidir le tarchur beo imeachtaí spóirt agus imeachtaí eile a spreagadh chun infhaighteacht, inacmhainneacht agus tarraingteacht a dtairiscintí tráchtála d’úsáideoirí deiridh ar fud an Aontais a mhéadú.

    (34)

    Moltar do na Ballstáit feasacht na n-úsáideoirí a mhúscailt maidir le tairiscintí dlíthiúla imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí eile. Iarrtar ar na Ballstáit freisin úsáideoirí a dhéanann iarracht rochtain a fháil ar sheirbhísí a thairgeann atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile, a ndearnadh blocáil orthu de bhun urghaire, a chur ar an eolas faoi na cúiseanna leis an mblocáil agus faisnéis a chur ar fáil dóibh faoi na tairiscintí dlíthiúla atá ar fáil chun féachaint ar imeachtaí den sórt sin.

    (35)

    Moltar do na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir leis na saincheisteanna a chumhdaítear leis an Moladh seo le húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus acmhainneacht a fhorbairt chun imscrúdú a éascú agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh oibreoirí a dhéanann atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile ar scála tráchtála, lena n-áirítear gníomhaíocht trí rannpháirtíocht in oibríochtaí trasteorann forfheidhmithe dlí atá ann cheana.

    Comhar idir údaráis phoiblí

    (36)

    Moltar do na Ballstáit faisnéis a mhalartú go réamhghníomhach maidir le rochtain ar na seirbhísí a ndearnadh rochtain orthu a bhlocáil ar a gcríoch ar bhonn urghaire arna deonú ag údarás náisiúnta.

    (37)

    Iarrann an Coimisiún ar Fhaireachlann EUIPO líonra tiomnaithe d’údaráis riaracháin a bhunú chun faisnéis a mhalartú go rialta maidir leis na bearta arna gcur i bhfeidhm agus na dúshláin agus na dea-chleachtais i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a chumhdaítear sa Mholadh seo. Moltar freisin do Bhallstáit nach bhfuil sainúdaráis riaracháin acu, lena n-áirítear iadsan a d’fhorbair tionscnaimh ábhartha eile i ndáil le píoráideacht, páirt a ghlacadh sna malartuithe sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an líonra, go háirithe, measúnú a dhéanamh ar dheiseanna le haghaidh tuilleadh comhair trasteorann.

    (38)

    Moltar d’Fhaireachlann EUIPO gníomhaíochtaí tógála eolais a chur ar fáil do bhreithiúna agus d’údaráis náisiúnta maidir leis na rialacha agus na cleachtais atá ann cheana maidir le cearta a fhorfheidhmiú in aghaidh atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile.

    OBAIR LEANTACH AGUS FAIREACHÁN

    (39)

    Iarrann an Coimisiún ar Fhaireachlann EUIPO tacú leis tacar táscairí a shainiú, i gcomhar leis na geallsealbhóirí, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtaí an Mholta seo.

    (40)

    Moltar do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí gach faisnéis ábhartha maidir le bearta agus gníomhaíochtaí den sórt sin a chur faoi bhráid Fhaireachlann EUIPO agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, iarrtar ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis agus na sonraí atá ar fáil a chur isteach maidir le líon na n-atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile. Moltar freisin do gheallsealbhóirí sonraí a chur isteach maidir le hinfhaighteacht agus infhionntacht tairiscintí dlíthiúla i dtaobh an ábhair a chumhdaítear leis an Moladh seo.

    (41)

    Ar an mbonn sin agus ar bhonn foinsí ábhartha eile, iarrann an Coimisiún ar Fhaireachlann EUIPO tacú leis faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí an Mholta seo maidir le píoráideacht ar líne ar spóirt agus imeachtaí beo eile.

    (42)

    Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí an Mholta seo maidir le hatarchur neamhúdaraithe ar imeachta spóirt beo agus imeachtaí beo eile, agus aird chuí á tabhairt ar thorthaí Fhaireachlann EUIPO, tráth nach déanaí ná an 17 Samhain 2025. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil gá le bearta breise ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear chun cosc a chur ar scaipeadh neamhdhleathach cineálacha eile ábhair atá faoi chosaint cóipchirt, agus forbairtí teicneolaíocha, éabhlóid na mbealaí dáileacháin agus na bpatrún tomhaltais á gcur san áireamh, agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2065 ar atarchur neamhúdaraithe ar imeachtaí spóirt beo agus imeachtaí beo eile.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Thierry BRETON

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  P9_TA(2021)0236.

    (2)  Dúshláin roimh eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach. Measúnú breisluacha Eorpaigh, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Nollaig 2020. IPTV neamhdhleathach san Aontas Eorpach. Tuarascáil maidir le hanailís eacnamaíoch, dhlíthiúil agus theicniúil, EUIPO, Iúil 2019. Píoráideacht i dtaobh imeacht beo. Dúshláin agus dea-chleachtais ó idirghabhálaithe ar líne chun cosc a chur ar úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh píoráideacht i dtaobh imeachtaí beo, EUIPO, Márta 2023.

    (3)  Dúshláin roimh eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach. Measúnú breisluacha Eorpaigh, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Nollaig 2020.

    (4)  Píoráideacht i dtaobh imeacht beo. Dúshláin agus dea-chleachtais ó idirghabhálaithe ar líne chun cosc a chur ar úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh píoráideacht i dtaobh imeacht beo, EUIPO, Márta 2023.

    (5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

    (6)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10 ).

    (7)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

    (8)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

    (9)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

    (10)  COM (2017) 708 final (an ‘Treoir’).

    (11)  Staidéar ar urghairí blocála dinimiciúla san Aontas Eorpach, EUIPO, Márta 2021; Tuarascáil mhapála ar leigheasanna náisiúnta in aghaidh píoráideacht ar líne i dtaobh ábhar spóirt, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, Mí na Nollag 2021; Píoráideacht i dtaobh imeacht beo. Dúshláin agus dea-chleachtais ó idirghabhálaithe ar líne chun cosc a chur ar úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh píoráideacht imeachtaí beo, EUIPO, Márta 2023.

    (12)  Measúnú ar Bhagairt na Coireachta Maoine Intleachtúla, EUIPO agus Europol, Márta 2022.

    (13)  Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).

    (14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

    (15)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó chun ionchúiseamh a dhéanamh ina leith nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

    (16)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

    (17)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).


    Top