This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2856
Council Decision (EU) 2023/2856 of 7 December 2023 on the position to be taken on behalf of the European Union within the Cooperation Committee meeting in trade configuration established by the Enhanced Partnership and Cooperation Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and the Republic of Kazakhstan, of the other part, as regards the establishment of a list of 15 individuals who are willing and able to serve as arbitrators in dispute settlement proceedings
Cinneadh (AE) 2023/2856 ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí
Cinneadh (AE) 2023/2856 ón gComhairle an 7 Nollaig 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí
ST/15632/2023/ADD/1
IO L, 2023/2856, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2856/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2856 |
18.12.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2856 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Nollaig 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de 15 dhuine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2020/244 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2020. |
(2) |
De bhun Airteagal 196(1) den Chomhaontú, tá an Choiste Chomhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála (‘an Coiste Comhair’) dá bhforáiltear in Airteagal 269(5) den Chomhaontú le liosta a bhunú, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, liosta de 15 dhuine aonair ar a laghad atá toilteanach agus ábalta atá feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí (‘liosta na n-eadránaithe’). Tá an liosta eadránaithe le bheith déanta de thrí fholiosta, agus beidh cúigear duine aonair ar a laghad i ngach ceann acu: foliosta amháin le haghaidh gach Páirtí agus foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus ar féidir leo feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána. |
(3) |
Ar bhonn moltaí a rinne na Páirtithe, ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige, meastar go nglacfaidh an Coiste Comhair cinneadh lena mbunófar an liosta eadránaithe. |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhair a bhunú maidir leis an liosta eadránaithe a bhunú, a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ag an gCoiste Comhair ina cheangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála (‘an Coiste Comhair’) arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile a mhéid a bhaineann le liosta a bhunú de dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe, i gcomhréir le hAirteagal 196(1) den Chomhaontú, in imeachtaí um réiteach díospóidí a bhunú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Comhair atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. HEREU BOHER
(1) IO L 29, 4.2.2016, lch. 3.
(2) Cinneadh (AE) 2020/244 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 thar ceann an Aontais, maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile (IO L 52, 25.2.2020, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2023 ÓN gCOISTE CHOMHAIR AG TEACHT LE CHÉILE DÓ I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA
an ...
maidir le liosta eadránaithe a bhunú de bhun Airteagal 196(1) den Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile
TÁ AN COISTE COMHAIR AG TEACHT LE CHÉILE DÓ I gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 196(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 196(1) den Chomhaontú, tá an Coiste Comhair ag teacht le chéile dó i gcumraíocht trádála (‘an Coiste Comhair’), dá bhforáiltear in Airteagal 269(5) den Chomhaontú, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, le liosta a bhunú de 15 dhuine ar a laghad atá toilteanach agus ábalta le feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí (‘liosta eadránaithe’) a bhunú. |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 196(1) den Chomhaontú go bhfuil an liosta éadránaithe le bheith déanta de thrí fholiosta, lena n-áirítear cúigear duine aonair ar a laghad i ngach ceann acu: foliosta amháin le haghaidh gach Páirtí agus foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar Páirtí iad agus ar féidir leo feidhmiú mar chathaoirleach ar an bpainéal eadrána. Ceanglaítear le hAirteagal 196(2) den Chomhaontú go bhfuil eolas agus taithí speisialaithe le bheith ag na headránaithe ar an dlí agus ar thrádáil idirnáisiúnta. |
(3) |
Tá cúigear iarrthóirí molta ag an Aontas Eorpach agus ag Poblacht na Casacstáine chun feidhmiú mar eadránaithe agus tá comhaontú déanta acu ar chúig náisiúnach tríú tír le bheith ina gcathaoirleach ar an bpainéal eadrána. Tá na daoine sin go léir toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe agus comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 196 den Chomhaontú. |
(4) |
Chun feidhmiú cuí an Chomhaontaithe agus go háirithe Caibidil 14 de Theideal III de a áirithiú, ba cheart don Choiste Comhair liosta eadránaithe a bhunú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, bunaítear an liosta de 15 dhaoine aonair atá toilteanach agus ábalta feidhmiú mar eadránaithe in imeachtaí um réiteach díospóidí faoin gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Casacstáine, den pháirt eile, de bhun Airteagal 196(1) den Chomhaontú sin.
Leagtar an liosta eadránaithe amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa ...
Thar ceann an Choiste Chomhair
An Cathaoirleach
IARSCRÍBHINN
LIOSTA EADRÁNAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 196(1) DEN CHOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA AGUS COMHAIR FEABHSAITHE IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT, DE PHÁIRT, AGUS POBLACHT NA CASACSTÁINE, DEN PHÁIRT EILE
Eadránaithe arna moladh ag an Aontas Eorpach
1. |
Claudia ANNACKER |
2. |
Maria Chiara MALAGUTI |
3. |
Danae AZARIA |
4. |
Irina BUGA |
5. |
Pierre D’ARGENT |
Eadránaithe arna moladh ag Poblacht na Casacstáine
1. |
Gani BITENOV |
2. |
Miras DAULENOV |
3. |
Aigoul KENJEBA YEVA |
4. |
Marat SARSENBAYEV |
5. |
Farhad KARAGUSSOV |
Cathaoirligh
1. |
Ichiro ARAKI (an tSeapáin) |
2. |
Penelope Jane RIDINGS (an Nua-Shéalainn) |
3. |
Ujal Singh BHATIA (an India) |
4. |
Valerie HUGHES (Ceanada) |
5. |
Thomas COTTIER (an Eilvéis) |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2856/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)