Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2640

    Cinneadh (AE) 2023/2640 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh: creat modheolaíochta comparáideach)

    ST/14266/2023/INIT

    IO L, 2023/2640, 23.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2640/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2640/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2640

    23.11.2023

    CINNEADH (AE) 2023/2640 ÓN gCOMHAIRLE

    an 20 Samhain 2023

    maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh: creat modheolaíochta comparáideach)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tháinig an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) ('Comhaontú LEE') i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

    (2)

    De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

    (3)

    Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún (3) a ionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Ba cheart Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    H. CREVITS


    (1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

    (2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr is féidir ó thaobh costais de a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgneamh (IO L 81, 21.3.2012, lch. 18).


    DRÉACHT

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. ...

    an …

    lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr is féidir ó thaobh costais de a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgneamh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Mar gheall ar shainiúlachtaí stoc foirgneamh aonfhoirmeach na hÍoslainne, ar stoc é atá sách nua, comhaontaíodh díolúine shealadach choinníollach ó Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur i bhfeidhm, de bhun Chinneadh Uimh. 135/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE. Tá feidhm ag an díolúine sin maidir le Treoir 2010/31/AE mar a bhí i bhfeidhm roimh an leasú le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 maidir leis an Íoslainn. Tá an díolúine sin teoranta go docht ó thaobh ama de agus níor cheart feidhm a bheith aici ach go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir le hionchorprú Threoir 2010/31/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 i gComhaontú LEE. Ba cheart a mheas go bhfuiltear tar éis teacht ar chomhaontú a luaithe a dhéanfar Treoir 2010/31/AE arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 a ionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 17 (Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘17a.

    32012 R 0244: Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáideach a bhunú chun na leibhéil is fearr is féidir ó thaobh costais de a ríomh maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgneamh (IO L 81, 21.3.2012, lch. 18).

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear forálacha an Rialacháin leis an oiriúnú seo a leanas:

    Ní bheidh feidhm ag an Rialachán maidir leis an Íoslainn.’.

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an …, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 135/2022 ó Chomhchoiste LEE an 29 Aibreán 2022 (2), cibé acu is déanaí.

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, ….

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Na Rúnaithe

    Ar Chomhchoiste LEE


    (1)   IO L 81, 21.3.2012, lch. 18.

    (*1)  [Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.] [Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.]

    (2)   IO L 246, 22.9.2022, lch. 87.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2640/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top