This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023D2586
Council Decision (EU) 2023/2586 of 13 November 2023 on the financial contributions to be paid by the parties to the European Development Fund to finance that fund, specifying the ceiling for 2025, the annual amount for 2024, the amount of the first instalment for 2024 and an indicative, non-binding forecast for the expected annual amounts of contributions for the years 2026 and 2027
Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
Cinneadh (AE) 2023/2586 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
ST/14049/2023/INIT
IO L, 2023/2586, 15.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2586/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2586 |
15.11.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2586 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Samhain 2023
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2025, an méid bliantúil le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus iad le chéile i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, maidir lena mheastacháin nuashonraithe i ndáil le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu, tá siad le seoladh ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (‘BEI’) chuig an gCoimisiún. |
(2) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a thíolacadh faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 lena sonrófar uasteorainn le haghaidh na ranníocaíochtaí atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le haghaidh 2025, méid bliantúil na ranníocaíochtaí le haghaidh 2024, méid na chéad tráthchoda de na ranníocaíochtaí le haghaidh 2024 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027. |
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, le glaonna ar ranníocaíochtaí, ídeofar ar dtús na méideanna dá bhforáiltear in CEFanna a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 le haghaidh an Choimisiúin agus le haghaidh BEI. |
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (‘an comhaontú um tharraingt siar’), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) chun leanúint de bheith ina páirtí in CEF go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den chomhaontú um tharraingt siar, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin le hathúsáid. |
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle (4), socraítear uasteorainn mhéid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 300 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI. |
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear ann a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) le haghaidh 2025 ag EUR 809 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 800 000 000 don Choimisiún, agus EUR 9 000 000 don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI).
Airteagal 2
Socraítear leis seo méid bliantúil na ranníocaíochtaí a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2024 ag EUR 1 500 000 000. Déanfar é a roinnt ina EUR 1 200 000 000 don Choimisiún, agus EUR 300 000 000 do BEI.
Airteagal 3
Íocfaidh na páirtithe in CEF ranníocaíochtaí aonair an CEF leis an gCoimisiún Eorpach agus le BEI, i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2024, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 4
Déanfar méid EUR 7 800 000 de chistí nár gealladh nó de chistí saortha ó thionscadail faoin 9ú CEF a aisíoc trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na híocaíochta i leith na chéad tráthchoda le haghaidh 2024, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3.
Airteagal 5
Maidir leis an réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2026, socraítear leis seo í ag EUR 600 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI. Maidir leis an réamhaisnéis tháscach, neamhcheangailteach i dtaca le méid bliantúil na ranníocaíochtaí a mheastar a dhéanfar le haghaidh 2027, socraítear leis seo í ag EUR 500 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 0 do BEI.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2022/2242 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an ciste sin a mhaoiniú, lena sonraítear an uasteorainn le haghaidh 2024, an méid bliantúil le haghaidh 2023, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2023 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2025 agus 2026 (IO L 294, 15.11.2022, lch. 17).
IARSCRÍBHINN
An chéad tráthchuid le haghaidh 2024 (EUR) atá le híoc leis an gCoimisiún agus le BEI
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
9ú scála CEF (%) |
11ú scála CEF (%) |
An Coimisiún |
BEI |
An Coimisiún + BEI |
||
11ú CEF |
Aisíocaíocht ón 9ú CEF |
11ú CEF lúide aisíoc ón 9ú CEF |
11ú CEF |
Méid iomlán na chéad tráthchoda le haghaidh 2024 |
|||
AN BHEILG |
3,92 |
3,24927 |
17 870 985 |
305 760 |
17 565 225 |
3 249 270 |
20 814 495 |
AN BHULGÁIR |
|
0,21853 |
1 201 915 |
0 |
1 201 915 |
218 530 |
1 420 445 |
AN tSEICIA |
|
0,79745 |
4 385 975 |
0 |
4 385 975 |
797 450 |
5 183 425 |
AN DANMHAIRG |
2,14 |
1,98045 |
10 892 475 |
166 920 |
10 725 555 |
1 980 450 |
12 706 005 |
AN GHEARMÁIN |
23,36 |
20,57980 |
113 188 900 |
1 822 080 |
111 366 820 |
20 579 800 |
131 946 620 |
AN EASTÓIN |
|
0,08635 |
474 925 |
0 |
474 925 |
86 350 |
561 275 |
ÉIRE |
0,62 |
0,94006 |
5 170 330 |
48 360 |
5 121 970 |
940 060 |
6 062 030 |
AN GHRÉIG |
1,25 |
1,50735 |
8 290 425 |
97 500 |
8 192 925 |
1 507 350 |
9 700 275 |
AN SPÁINN |
5,84 |
7,93248 |
43 628 640 |
455 520 |
43 173 120 |
7 932 480 |
51 105 600 |
AN FHRAINC |
24,30 |
17,81269 |
97 969 795 |
1 895 400 |
96 074 395 |
17 812 690 |
113 887 085 |
AN CHRÓIT |
|
0,22518 |
1 238 490 |
0 |
1 238 490 |
225 180 |
1 463 670 |
AN IODÁIL |
12,54 |
12,53009 |
68 915 495 |
978 120 |
67 937 375 |
12 530 090 |
80 467 465 |
AN CHIPIR |
|
0,11162 |
613 910 |
0 |
613 910 |
111 620 |
725 530 |
AN LAITVIA |
|
0,11612 |
638 660 |
0 |
638 660 |
116 120 |
754 780 |
AN LIOTUÁIN |
|
0,18077 |
994 235 |
0 |
994 235 |
180 770 |
1 175 005 |
LUCSAMBURG |
0,29 |
0,25509 |
1 402 995 |
22 620 |
1 380 375 |
255 090 |
1 635 465 |
AN UNGÁIR |
|
0,61456 |
3 380 080 |
0 |
3 380 080 |
614 560 |
3 994 640 |
MÁLTA |
|
0,03801 |
209 055 |
0 |
209 055 |
38 010 |
247 065 |
AN ÍSILTÍR |
5,22 |
4,77678 |
26 272 290 |
407 160 |
25 865 130 |
4 776 780 |
30 641 910 |
AN OSTAIR |
2,65 |
2,39757 |
13 186 635 |
206 700 |
12 979 935 |
2 397 570 |
15 377 505 |
AN PHOLAINN |
|
2,00734 |
11 040 370 |
0 |
11 040 370 |
2 007 340 |
13 047 710 |
AN PHORTAINGÉIL |
0,97 |
1,19679 |
6 582 345 |
75 660 |
6 506 685 |
1 196 790 |
7 703 475 |
AN RÓMÁIN |
|
0,71815 |
3 949 825 |
0 |
3 949 825 |
718 150 |
4 667 975 |
AN tSLÓIVÉIN |
|
0,22452 |
1 234 860 |
0 |
1 234 860 |
224 520 |
1 459 380 |
AN tSLÓVAIC |
|
0,37616 |
2 068 880 |
0 |
2 068 880 |
376 160 |
2 445 040 |
AN FHIONLAINN |
1,48 |
1,50909 |
8 299 995 |
115 440 |
8 184 555 |
1 509 090 |
9 693 645 |
AN tSUALAINN |
2,73 |
2,93911 |
16 165 105 |
212 940 |
15 952 165 |
2 939 110 |
18 891 275 |
AN RÍOCHT AONTAITHE (*1) |
12,69 |
14,67862 |
80 732 410 |
989 820 |
79 742 590 |
14 678 620 |
94 421 210 |
IOMLÁN – AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
100,00 |
550 000 000 |
7 800 000 |
542 200 000 |
100 000 000 |
642 200 000 |
(*1) De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, d’iarr an Ríocht Aontaithe go foirmiúil i mí an Mhárta 2023 go ndéanfadh an Coimisiún a sciar atá fágtha aici de chúlchistí an 10ú agus an 11ú CEF a aisíoc in 2023 trí ghlanáireamh a dhéanamh ar an ranníocaíocht atá fágtha aici sa CEF. Cuirfear an socrú glanáirimh sin san áireamh sna treoracha íocaíochta faoi seach.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2586/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)