Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2409

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

ST/13544/2023/INIT

IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2409

24.10.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2409 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2023

lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2001/55/CE, bunaítear caighdeáin íosta maidir le cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ó thríú tíortha nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh, agus cuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh daoine den sórt sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin.

(2)

An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (2) lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.

(3)

I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.

(4)

I gcomhthéacs a chur i ngníomh, chomhaontaigh na Ballstáit gan Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, agus a bhogann go dtí Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.

(5)

Tá thart ar 4,1 milliún duine easáitithe ag baint tairbhe as cosaint shealadach san Aontas faoi láthair. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir leo filleadh ar an Úcráin faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, amhail an 25 Bealtaine 2023, go bhfuil 5,1 milliún duine easáitithe ina dtír féin laistigh den Úcráin. Thuairiscigh níos mó ná leath de na daoine a easáitíodh ina dtír féin go raibh siad easáitithe ar feadh bliain amháin nó níos mó. Mheas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil níos mó ná 5 mhilliún duine easáitithe laistigh den Úcráin agus go bhfuil cabhair dhaonnúil phráinneach de dhíth ar 17 milliún duine. I mí an Mheithimh 2023, i bhfianaise na staide reatha san Úcráin, d’athdhearbhaigh Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe an seasamh a bhí aige roimhe seo maidir le fillteacha ar an Úcráin, inar iarradh ar Stáit gan náisiúnaigh agus iar-ghnáthchónaitheoirí na hÚcráine a fhilleadh go héigeantach, lena n-áirítear iad siúd ar diúltaíodh dá n-éilimh ar thearmann.

(6)

D’fhan líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí ag thart ar 4,1 milliún duine, agus líon íseal daoine a thuairiscigh gur fhill siad ar an Úcráin ar bhonn buan. Thairis sin, tá baol ann i gcónaí go dtarlóidh insreabhadh ollmhór agus easáitiú tuilleadh daoine ar a dteitheadh ón Úcráin go dtí an tAontas amach anseo mar gheall ar luaineacht agus éiginnteacht na staide san Úcráin mar thoradh ar ghníomhaíochtaí naimhdeacha ag an Rúis. Leanann diantrodaíocht in go leor áiteanna agus tá an baol ann go dtiocfaidh géarú ar chúrsaí fós.D’fhéadfadh an méid sin, mar aon leis an gcruachás daonnúil san Úcráin, a bheith ina chúis le méadú tobann breise ar theacht isteach san Aontas, rud a d’fhéadfadh leibhéal an insreabhaidh ollmhóir a bhaint amach. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na daoine sin go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san am céanna, d’fhágfaí go mbeadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol.

(7)

Ní dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon ard na ndaoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a thairbhíonn de chosaint shealadach san Aontas faoi láthair nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu amhail ón 4 Márta 2024, toisc go bhforáiltear léi do chosaint láithreach agus do rochtain láithreach ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go gcoimeádtar léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuideofar freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú suntasach ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a thairbhíonn de chosaint shealadach go dtí an 4 Márta 2024 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus roimh an 4 Márta 2025 a chur isteach.

(8)

Dá bhrí sin, i bhfianaise gurb ann fós do na cúiseanna leis an gcosaint shealadach, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach do na catagóirí de dhaoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2025.

(9)

Urramaíonn an Cinneadh seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)

Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo.

(11)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, cuirtear síneadh bliana amháin léi go dtí an 4 Márta 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 19 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. GRANDE-MARLASKA GÓMEZ


(1)   IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top