Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2116

    Cinneadh (AE) 2023/2116 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis na modhnuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha i dtaca le cáilíochtaí agus neamhspleáchas na n-eintiteas measúnaithe agus i ndáil le modh comhchoiteann sábháilteachta i ndáil le meastóireacht riosca agus measúnú riosca, leis an modhnú ar rialacha nós imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, agus le modhnú na dtagairtí do dhoiciméid theicniúla STI FTL a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na hoidis theicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice do lasta

    ST/8782/2023/INIT

    IO L, 2023/2116, 6.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2116/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2116/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2116

    6.10.2023

    CINNEADH (AE) 2023/2116 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Bealtaine 2023

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 15ú cruinniú de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis na modhnuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha i dtaca le cáilíochtaí agus neamhspleáchas na n-eintiteas measúnaithe agus i ndáil le modh comhchoiteann sábháilteachta i ndáil le meastóireacht riosca agus measúnú riosca, leis an modhnú ar rialacha nós imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla, agus le modhnú na dtagairtí do dhoiciméid theicniúla STI FTL a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na hoidis theicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice do lasta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), trí bhithín an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (1).

    (2)

    De bhun Airteagal 13(1), pointe (f), de COTIF, cuireadh Coiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) OTIF ar bun.

    (3)

    De bhun Airteagal 20(1), pointe (b), de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Caighdeáin Theicniúla a bhailíochtú agus Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a ghlacadh is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid le haghaidh úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU — Foscríbhinn F a ghabhann leis an gCoinbhinsiún), tá CTE inniúil chun saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTPanna) a ghlacadh nó a leasú, inter alia, na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha sin maidir le cáilíochtaí agus neamhspleáchas na n-eintiteas measúnaithe (GEN-E), maidir le modh comhchoiteann sábháilteachta i ndáil le meastóireacht riosca agus measúnú riosca (GEN-G), agus maidir le hiarratas feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta (TAF).

    (4)

    De bhun Airteagal 16 (10) de COTIF, tá an inniúlacht ag CTE maidir lena rialacha nós imeachta a bhunú.

    (5)

    I gclár oibre an 15ú seisiún dá chuid, a bheidh ar siúl an 13 agus an 14 Meitheamh 2023, chuir CTE san áireamh togra le haghaidh cinntí chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar UTP GEN-E, chun athbhreithniú a dhéanamh ar UTP GEN-G, chun a rialacha nós imeachta an Choiste Saineolaithe Teicniúla a mhodhnú agus na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theileamaitice do lasta (STI FTL) a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha maidir le FTL a thabhairt cothrom le dáta.

    (6)

    Is iad cuspóirí na gcinntí ó CTE atá beartaithe UTP GEN-E a ailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), athbhreithniú a dhéanamh ar UTP GEN-G, rialacha nós imeachta CTE a mhodhnú agus UTP FTL a ailíniú le rialacha an Aontais, eadhon Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/5419 ón gCoimisiún (3).

    (7)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CTE a leagan síos mar beidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas.

    (8)

    Tá na cinntí ó OTIF atá beartaithe i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go gcuireann siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus ar an ábhar sin ba cheart don Aontas tacú leo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 15ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla (CTE) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (‘OTIF’) a mhéid a bhaineann le modhnú saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (UTPanna) maidir le cáilíochtaí agus neamhspleáchas na n-eintiteas measúnaithe (UTP GEN-E); agus maidir le Modh Comhchoiteann Sábháilteachta i ndáil le meastóireacht riosca agus measúnú riosca (UTP GEN-G), a mhéid a bhaineann le modhnú rialacha nós imeachta CTE, agus a mhéid a bhaineann le modhnú na dtagairtí do Dhoiciméid Theicniúla STI FTL a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na hoidis theicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir theileamaitice do lasta:

    (1)

    vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe a dhéanfaidh CTE ar Shaintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha GEN-E (Doiciméad Oibre CTE dar teideal TECH-23005);

    (2)

    vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag CTE ar Shaintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha GEN-G (Doiciméad Oibre CTE dar teideal TECH-23006);

    (3)

    vótáil i bhfabhar an athbhreithniú atá beartaithe ag CTE ar rialacha nós imeachta CTE (Doiciméad Oibre CTE dar teideal TECH-23002);

    (4)

    vótáil i bhfabhar an togra CTE le haghaidh na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla sna STInna maidir le FTL a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na STAnna maidir le FTL a thabhairt cothrom le dáta (Doiciméad Oibre CTE dar teideal TECH-23007-CTE).

    Airteagal 2

    A luaithe a ghlacfar na cinntí ó CTE, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.

    Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    E. BUSCH


    (1)   IO L 51, 23.2.2013, lch. 8.

    (2)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/541 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar ríomh agus malartú sonraí agus iad a shimpliú agus an próiseas um Bainistiú Rialaithe Athruithe a thabhairt cothrom le dáta (IO L 108, 29.3.2021, lch. 19).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2116/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top