Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1351

    Cinneadh (AE) 2023/1351 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2023 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, de Choiste na Réigiún

    ST/10585/2023/INIT

    IO L 168, 3.7.2023, p. 45–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1351/oj

    3.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 168/45


    CINNEADH (AE) 2023/1351 ÓN gCOMHAIRLE

    an 27 Meitheamh 2023

    lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na Fraince, de Choiste na Réigiún

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

    Ag féachaint don togra ó rialtas na Fraince,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

    (2)

    An 20 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/102 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

    (3)

    Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú ar dá bhun a moladh Agnès LE BRUN a cheapadh.

    (4)

    Mhol Rialtas na Fraince Marie-Hélène HERRY, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Maire de Saint-Malo-de-Beignon (Morbihan) (Méara, Saint-Malo-de-Beignon (Morbihan)), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar Marie-Hélène HERRY, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Maire de Saint-Malo-de-Beignon (Morbihan) (Méara, Saint-Malo-de-Beignon (Morbihan)), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

    (2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).


    Top