EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0687

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/687 ón gCoimisiún an 24 Márta 2023 maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Aireacht na hÍsiltíre um Bonneagar agus um Bainistiú Uisce lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1865) (Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

C/2023/1865

IO L 90, 28.3.2023, p. 44–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/687/oj

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 90/44


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/687 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2023

maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Aireacht na hÍsiltíre um Bonneagar agus um Bainistiú Uisce lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1865)

(Is é an téacs Ollainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Aireacht na hÍsiltíre um Bonneagar agus um Bainistiú Uisce (“údarás inniúil na hÍsiltíre”) cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ionas go gceadófar an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí go dtí an 2 Márta 2023 (“an ghníomhaíocht”). Chuir údarás inniúil na hÍsiltíre an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir le hAirteagal 55(1), an dara fomhír, den Rialachán sin.

(2)

De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na hÍsiltíre ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Miocrorgánaigh, amhail baictéir, múscán agus giosta, a fhásann in uisce síothlaithe agus a úsáideann hidreacarbóin sa bhreosla atá ag an gcomhéadan breosla agus uisce chun iad féin a bheathú, is iad is cúis le héilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí. I gcás nach gcuirtear cóireáil ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de teacht chun cinn agus aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfeadh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. Mar sin, tá sé ríthábhachtach éilliú miocróbach a chosc agus é a chóireáil tráth an bhraite chun fadhbanna oibríochtúla aerárthaí a sheachaint.

(3)

Is éard atá i mBiobor JF 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bis-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) (uimhir CAS 2665-13-6) agus 2,2’-ocsaibios (4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) (uimhir CAS 14697-50-8) mar shubstaintí gníomhacha. Is táirge bithicídeach é Biobor JF, táirge bithicídeach de chineál táirge 6, is é sin “leasaithigh le haghaidh táirgí le linn dóibh a bheith á stóráil” mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ní dhearnadh meastóireacht ar 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bios-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) agus 2,2’-ocsaibios (4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranán) chun gur féidir iad a úsáid i dtáirgí de chineál táirge 6. Ós rud é nach liostaítear na substaintí sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), ní luaitear iad sa chlár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 89 den Rialachán sin maidir leis na substaintí sin agus ní mór iad a mheasúnú agus a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil na táirgí sin a údarú ar an leibhéal náisiúnta.

(4)

An 28 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil na hÍsiltíre chun síneadh a cheadú don ghníomhaíocht i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh sábháilteacht aeriompair fós i mbaol de bharr éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, agus ar bhonn na hargóinte go bhfuil Biodor JF riachtanach chun cur i gcoinne an éillithe mhiocróbaigh sin.

(5)

De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na hÍsiltíre ar fáil, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin a mhol monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí maidir le héilliú miocróbach a chóireáil (Kathon™ FP 1,5), tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 de bharr aimhrialtachtaí troma i bhfeidhmiú na n-inneall aerárthaí a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis. Mar sin, is é Biobor JF an t-aon táirge amháin a mholann monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall aerárthaí le haghaidh na húsáide sin.

(6)

Mar atá léirithe ag údarás inniúil na hÍsiltíre, an nós imeachta malartach chun éilliú miocróbach atá ann cheana a chóireáil, is é sin baint de láimh a dhéanamh laistigh den tanc, níl sé sin indéanta i gcónaí. Thairis sin, dhéanfadh cóireáil den chineál sin na hoibrithe a nochtadh do gháis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint.

(7)

De réir na faisnéise a soláthraíodh don Choimisiún, tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF ionas go mbeidh gnáthúdarú ann le haghaidh an táirge. Tá coinne leis go gcuirfear iarratas isteach i lár na bliana 2023 le haghaidh fhormheas na substaintí gníomhacha atá i Biobor JF. Formheas na substaintí gníomhacha agus údarú an táirge bhithicídigh ina dhiaidh sin, is réiteach buan a bheadh ann le haghaidh na todhchaí, ach theastódh tréimhse ama shuntasach chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích.

(8)

Easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, d’fhéadfadh sin sábháilteacht aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a shrianadh go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid nó trí mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt d’údarás inniúil na hÍsiltíre síneadh a chur leis an ngníomhaíocht.

(9)

Ós rud é go ndeachaigh an ghníomhaíocht in éag an 2 Márta 2023, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadófar an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadófar a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí, féadfaidh Aireacht na hÍsiltíre um Bonneagar agus um Bainistiú Uisce síneadh a chur léi go dtí an 3 Meán Fómhair 2024.

Airteagal 2

Is chuig Aireacht na hÍsiltíre um Bonneagar agus um Bainistiú Uisce a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 3 Márta 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).


Top