Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0470

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/470 ón gCoimisiún an 2 Márta 2023 gan d-Aillitrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/1368

    IO L 68, 6.3.2023, p. 177–178 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/470/oj

    6.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 68/177


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/470 ÓN gCOIMISIÚN

    an 2 Márta 2023

    gan d-Aillitrin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 (2) ón gCoimisiún, bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin (RS)-3-Aillil-2-meitil-4-ocsaichioglaipeint-2- inil-(1R,3R;1R,3S)-2,2-dé-mheitil-3-(2-meitiolpróp-1-inil)-cioglaprópáncarbocsaláit (meascán de 4 isiméirí 1R trans, 1R: 1R tras, 1S: 1R cios, 1R: 1R cios, 1S 4:4:1:1) (“d-Aillitrin”) (Uimhir CAS: 231937-89-6).

    (2)

    Rinneadh meastóireacht ar d-Aillitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, (i bhfeithidicídí, in acairicídí agus i dtáirgí chun artrapóid eile a rialú), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (3)

    Ainmníodh an Ghearmáin ina Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnaithe mar aon lena conclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 11 Eanáir 2017. Agus an tuarascáil mheasúnachta curtha isteach, tionóladh pléití ag cruinnithe teicniúla a d’eagraigh an Ghníomhaireacht.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 75(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 12 Deireadh Fómhair 2021 (3), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

    (5)

    De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, ní fhéadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 ina bhfuil d-Aillitrin na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii), agus (iv) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (6)

    Sa tuairim uaithi, thug an Ghníomhaireacht dá haire nach bhfuil na sonraíochtaí tagartha atá beartaithe, atá bunaithe ar bhonn na sonraí a thug duine de na hiarratasóirí, i gcomhréir le comhdhéanamh an ábhair a úsáideadh sa tástáil chun na sonraí tocsaineolaíocha a sholáthair na hiarratasóirí a ghiniúint. Dá thoradh sin, ar bhonn na sonraí a soláthraíodh sna hiarratais, níorbh fhéidir a shuí an bhféadfadh na táirgí bithicídeacha ionadaíocha na critéir a chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (7)

    De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, atá bunaithe ar na sonraí tocsaineolaíocha atá ar fáil, sainaithníodh riosca do-ghlactha don phobal i gcoitinne de bharr risíocht thánaisteach d'fhótaimeitibilítí géineatocsaineacha, a fhoirmítear tar éis úsáid na dtáirgí ionadaíocha.

    (8)

    Ina theannta sin, de réir na tuairime ón nGníomhaireacht, sainaithníodh riosca do-ghlactha don chomhshaol le haghaidh na hurrainne uiscí (uisce dromchla agus dríodar) agus le haghaidh na hithreach.

    (9)

    Mar chríoch, níorbh fhéidir aon úsáid shábháilte a shainaithint nuair a breithníodh na rioscaí do shláinte an duine agus don chomhshaol le haghaidh gach ceann de na táirgí bithicídeacha ionadaíocha arna gcur isteach sna hiarratais.

    (10)

    Dá bhrí sin, ní chomhlíontar na coinníollacha maidir le d-Aillitrin a fhormheas a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

    (11)

    Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, níl sé iomchuí d-Aillitrin a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18.

    (12)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    D-Aillitrin (Uimhir CAS: 231937-89-6), ní fhormheastar í mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

    (3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí: d-Aillitrin, Cineál táirge: 18, ECHA/BPC/293/2021, arna glacadh an 12 Deireadh Fómhair 2021.


    Top