Šis dokuments ir izvilkums no tīmekļa vietnes EUR-Lex.
Dokuments 32023D0468
Commission Implementing Decision (EU) 2023/468 of 25 November 2022 amending Decision 2007/116/EC as regards the introduction of an additional reserved number beginning with 116 (notified under document C(2022) 8407)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (EU) 2023/468 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2007/116/CE a mhéid a bhaineann le huimhir choimeádta bhreise dar tús 116 a thabhairt isteach (Tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C (2022) 8407)

C/2022/8407
IO L 68, 6.3.2023., 96./99. lpp.
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Spēkā
Saistība | Tiesību akts | Komentārs | Attiecīgā pakārtotā sadaļa | No | līdz |
---|---|---|---|---|---|
Grozījums | 32007D0116 | Athchur | iarscríbhinn | 06/03/2023 |
6.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/96 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (EU) 2023/468 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2022
lena leasaítear Cinneadh 2007/116/CE a mhéid a bhaineann le huimhir choimeádta bhreise dar tús 116 a thabhairt isteach
(Tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C (2022) 8407)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 93(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 2007/116/CE ón gCoimisiún (2) bunaítear nós imeachta maidir le huimhreacha náisiúnta a choimeád do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin tá liosta uimhreacha laistigh den tsraith uimhrithe sin agus na seirbhísí dá gcoimeádtar na huimhreacha. |
(2) |
Tá seirbhís nua — Líne Chabhrach d’Íospartaigh an Fhoréigin i gCoinne na mBan — sainaitheanta ag an gCoimisiún mar sheirbhís a bhfuil luach sóisialta ag gabháil léi a d’fhéadfadh leas a bhaint as uimhir chomhchuibhithe. Ar na cúiseanna sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2007/116/CE a leasú chun an uimhir choimeádta bhreise 116 016 a thabhairt isteach. |
(3) |
Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh 2007/116/CE a leasú dá réir sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Cumarsáide, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2007/116/CE.
Airteagal 2
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú gur féidir leis an Údarás Rialála Náisiúnta inniúil an uimhir a shannadh a chuirtear le liosta na n-uimhreacha a choimeádtar do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo san Iarscríbhinn ón 30 Aibreán 2023.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Helena DALLI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 321, 17.12.2018, lch. 36.
(2) Cinneadh 2007/116/EC ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 maidir leis an tsraith uimhrithe náisiúnta a thosaíonn le 116 a choimeád d’uimhreacha comhchuibhithe do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo (IO L 49, 17.2.2007, lch. 30).
IARSCRÍBHINN
Liosta na n-uimhreacha a choimeádtar do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo
Uimhir |
An tseirbhís dá gcoimeádtar an uimhir seo |
Coinníollacha sonracha a bhaineann le ceart úsáide na huimhreach seo |
116 000 |
Ainm na seirbhíse: Beolíne do leanaí ar iarraidh Tuairisc: Déanann an tseirbhís na rudaí seo a leanas: (a) freagraíonn sí glaonna lena dtuairiscítear go bhfuil leanaí ar iarraidh agus cuireann sí ar aghaidh chuig na póilíní iad; (b) cuireann sí treoraíocht agus tacaíocht ar fáil do na daoine atá freagrach as an leanbh atá ar iarraidh; (c) tacaíonn sí leis an imscrúdú. |
An tseirbhís ar fáil i gcónaí (i.e. 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, ar fud na tíre). |
116 006 |
Ainm na seirbhíse: Líne chabhrach d’íospartaigh na coireachta Tuairisc: Cuireann an tseirbhís ar a gcumas d’íospartaigh na coireachta tacaíocht mhothúchánach a fháil in imthosca den sórt sin, eolas a fháil faoina gcearta agus faoi na bealaí lena gcearta a éileamh, agus teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí ábhartha. Go háirithe, cuireann sí faisnéis ar fáil faoi na rudaí seo a leanas: (a) imeachtaí áitiúla póilíneachta agus ceartais choiriúil; (b) féidearthachtaí i dtaca le cúiteamh agus ábhair árachais. Cuireann sí tacaíocht ar fáil freisin maidir le teacht ar fhoinsí cabhrach eile atá ábhartha d’íospartaigh na coireachta. |
I gcás nach mbeidh an tseirbhís ar fáil i gcónaí (i.e. 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, ar fud na tíre), ní mór do sholáthraí na seirbhíse a áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoi cathain a bheidh sí ar fáil agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus nuair nach mbeidh sí ar fáil ní mór dó a áirithiú go gcuirfear glaoiteoirí ar an tseirbhís ar an eolas faoi cathain a bheidh an tseirbhís ar fáil arís. |
116 016 |
Ainm na seirbhíse: Líne chabhrach d’íospartaigh an fhoréigin i gcoinne na mban Tuairisc: Cuireann an tseirbhís ar a gcumas d’íospartaigh an fhoréigin i gcoinne na mban cúnamh agus tacaíocht a lorg, eolas a fháil faoina gcearta agus faoi na bealaí lena gcearta a éileamh, agus teagmháil a dhéanamh leis na heagraíochtaí ábhartha. |
I gcás nach mbeidh an tseirbhís ar fáil i gcónaí (i.e. 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, ar fud na tíre), ní mór do sholáthraí na seirbhíse a áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoi cathain a bheidh sí ar fáil agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus nuair nach mbeidh sí ar fáil ní mór dó a áirithiú go gcuirfear glaoiteoirí ar an tseirbhís ar an eolas faoi cathain a bheidh an tseirbhís ar fáil arís. |
116 111 |
Ainm na seirbhíse: Línte cabhrach do leanaí Tuairisc: Cuidíonn an tseirbhís le leanaí a bhfuil cúram agus cosaint de dhíobháil orthu agus nascann sí iad le seirbhísí agus acmhainní; tugann sí an deis do leanaí a gcuid ábhar imní a chur in iúl, labhairt faoi shaincheisteanna a ndéanann difear dóibh go díreach agus teagmháil a dhéanamh le duine i gcás éigeandála. |
I gcás nach mbeidh an tseirbhís ar fáil i gcónaí (i.e. 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, ar fud na tíre), ní mór do sholáthraí na seirbhíse a áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoi cathain a bheidh sí ar fáil agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus nuair nach mbeidh sí ar fáil ní mór dó a áirithiú go gcuirfear glaoiteoirí ar an tseirbhís ar an eolas faoi cathain a bheidh an tseirbhís ar fáil arís. |
116 117 |
Ainm na seirbhíse: Seirbhís glao-dhualgais leighis neamhéigeandála Tuairisc: Díríonn an tseirbhís glaoiteoirí ar an gcúnamh leighis is iomchuí dá gcuid riachtanas, riachtanais atá práinneach ach nach mbaineann baol báis leo, go háirithe, ach ní go heisiach, lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, le linn an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Nascann sí an glaoiteoir le láimhseálaí glaonna oilte a bhfuil tacaíocht aige, nó nascann sí an glaoiteoir go díreach le dochtúir nó cliniceoir cáilithe. |
I gcás nach mbeidh an tseirbhís ar fáil i gcónaí (i.e. 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, ar fud na tíre), ní mór do sholáthraí na seirbhíse a áirithiú go gcuirfear ar fáil go poiblí faisnéis faoi cathain a bheidh sí ar fáil agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, agus nuair nach mbeidh sí ar fáil ní mór dó a áirithiú go gcuirfear glaoiteoirí ar an tseirbhís ar an eolas faoi cathain a bheidh an tseirbhís ar fáil arís. |
116 123 |
Ainm na seirbhíse: Línte cabhrach le haghaidh tacaíocht mhothúchánach Tuairisc: Cuireann an tseirbhís ar a chumas don ghlaoiteoir fíorchaidreamh daonna a bheith aige bunaithe ar éisteacht gan bhreithiúnas. Cuireann sí tacaíocht mhothúchánach ar fáil do ghlaoiteoirí a bhfuil uaigneas orthu, atá ag dul trí ghéarchéim shíceolaíoch, nó atá ag smaoineamh ar an bhféinmharú. |