Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0261

    Cinneadh (CBES) 2023/261 ón gComhairle an 6 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/5529/2023/INIT

    IO L 35, 7.2.2023, p. 27–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/261/oj

    7.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 35/27


    CINNEADH (CBES) 2023/261 ÓN gCOMHAIRLE

    an 6 Feabhra 2023

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-714/20 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

    (2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an cúigiú Dlísheomra) an 26 Deireadh Fómhair 2022, Dmitry Vladimirovich Ovsyannikov v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C T-714/20, aitheantóir ECLI: ECLI:EU:T:2022:674.


    IARSCRÍBHINN

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2”, faoin gceannteideal (“Daoine”), scriostar an iontráil a bhaineann leis an duine seo a leanas:

    161.

    Dmitry Vladimirovich OVSYANNIKOV.


    Top