Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0236

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/236 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2023 lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil le haghaidh an dearbhaithe stórála sealadaí a bhaineann le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a thíolactar do lucht custaim (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 664) (Is iad na téacsanna Béarla, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise, Spáinnise, Sualainnise agus Ungáirise amháin atá barántúil)

    C/2023/664

    IO L 32, 3.2.2023, p. 223–225 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/236/oj

    3.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 32/223


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/236 ÓN gCOIMISIÚN

    an 1 Feabhra 2023

    lena ndeonaítear maolú arna iarraidh ag Ballstáit áirithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as bealaí eile cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le faisnéis a mhalartú agus a stóráil le haghaidh an dearbhaithe stórála sealadaí a bhaineann le hearraí nach earraí de chuid an Aontais iad a thíolactar do lucht custaim

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 664)

    (Is iad na téacsanna Béarla, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Slóvaicise, Spáinnise, Sualainnise agus Ungáirise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) i gcomhar le hAirteagal 8(2) de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCód Custaim,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    In Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, ceanglaítear gur trí úsáid a bhaint as teicnící leictreonacha próiseála sonraí a dhéanfar na malartuithe go léir ar fhaisnéis idir údaráis chustaim agus idir oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim, agus an stóráil a éilítear i dtaca le faisnéis den sórt sin faoin reachtaíocht chustaim. Chun na críche sin agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, dréachtaíonn an Coimisiún comhcheanglais maidir le sonraí.

    (2)

    Foráiltear in Airteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go bhféadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh i gcásanna eisceachtúla lena gceadaítear do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát maolú ó theicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil, má tá bonn cirt leis an maolú sin de bharr staid shonrach an Bhallstáit iarrthaigh agus má dheonaítear é ar feadh tréimhse ama shonrach.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (2) bunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (“an clár oibre”). Liostaítear sa chlár oibre na córais leictreonacha atá le forbairt agus na dátaí óna meastar go mbeidh na córais sin oibríochtúil. Chomh maith le nithe eile, sonraítear sa chlár sin an tréimhse ama maidir le cur chun feidhme agus imscaradh na ndearbhuithe stórála sealadaí i gcomhréir le hAirteagal 6(1), Airteagail 16, 145 agus 146 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

    (4)

    Thairis sin, sonraítear in Airteagal 278(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 an spriocdháta a bhféadfar, go dtí é, leas a bhaint, ar bhonn idirthréimhseach, as bealaí eile cé is moite de na teicnící próiseála sonraí leictreonacha chun na forálacha a bhaineann leis an dearbhú stórála sealadaí a chur chun feidhme.

    (5)

    Mar gheall ar an tábhacht a bhaineann le stóráil shealadach i ndáil le maoirseacht ar earraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais, d’fhorbair roinnt Ballstát córais leictreonacha cheana chun na dearbhuithe stórála sealadaí sin a bhainistiú. Is gá coigeartuithe a dhéanamh ar na córais sin i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus na ngníomhartha gaolmhara ón gCoimisiún, go háirithe i ndáil leis na comhcheanglais maidir le sonraí. De bhun Airteagal 278(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, tá na coigeartuithe sin le cur i gcrích faoin 31 Nollaig 2022.

    (6)

    Tháinig trí chúinse mhóra gan choinne chun cinn, áfach, cúinsí a raibh tionchar nach beag acu ar acmhainní na mBallstát agus a bhfuil dúshláin chomhlántacha ag baint leo a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní sin: de dheasca phaindéim COVID-19 cuireadh moilleanna móra ar fhorbairtí TF san Ostair, sa Bheilg, sa tSeicia, sa Fhrainc, sa Ghréig, sa Liotuáin, i Málta, san Ísiltír, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSlóvaic agus sa Spáinn. I ngeall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus an méadú a tháinig dá bharr sin ar líon na ndearbhuithe custaim, bhí ar an mBeilg, ar an bhFrainc, ar an Liotuáin, ar an Ísiltír agus ar an Spáinn acmhainní agus tosaíochtaí a athrú. De bharr iarmhairtí airgeadais ionradh na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí custaim na dtíortha comharsanachta nó na dtíortha sa chóngar gheografach, géaraíodh ar an staid agus bhí gá le hacmhainní breise san Ostair, sa Liotuáin agus sa Pholainn. Go háirithe, deacrachtaí soláthair agus tairisceana, chomh maith le saincheisteanna buiséadacha agus foirne, a d’eascair as na cúinsí thuasluaite, bhí tionchar nach beag acu sin ar chumas na mBallstát na spriocdhátaí a chomhlíonadh, mar a luaigh an Ostair, an Chipir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, an Chróit, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSualainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.

    (7)

    Bhí na cúinsí sonracha sin ina gcúis le moilleanna móra sna forbairtí leanúnacha TF agus dá mbarr cuireadh cosc ar Bhallstáit áirithe imscaradh modhanna TF a chur i gcrích le haghaidh phróiseáil na ndearbhuithe stórála sealadaí faoin 31 Nollaig 2022. Dá bhrí sin, an 21 Aibreán 2022 i gcás na hOstaire, an 3 Bealtaine 2022 i gcás na Cipire, an 3 Bealtaine 2022 i gcás na Liotuáine, an 6 Bealtaine 2022 i gcás na Spáinne, an 23 Bealtaine 2022 i gcás na Slóivéine, an 3 Meitheamh 2022 i gcás na Gréige, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Fraince, an 7 Meitheamh 2022 i gcás na Portaingéile, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Beilge, an 24 Meitheamh 2022 i gcás na Sualainne, an 29 Meitheamh 2022 i gcás na Danmhairge, an 4 Iúil 2022 i gcás na Slóvaice, an 4 Iúil 2022 i gcás na hÍsiltíre, an 6 Iúil 2022 i gcás na hEastóine, an 7 Iúil 2022 i gcás na Polainne, an 13 Iúil 2022 i gcás Mhálta, an 19 Iúil 2022 i gcás na Cróite, an 22 Iúil 2022 i gcás na hUngáire, an 22 Iúil 2022 i gcás Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na Seicia agus an 17 Deireadh Fómhair 2022 i gcás na Rómáine, d’iarr na Ballstáit sin leas a bhaint as bealaí le faisnéis a mhalartú agus a stóráil cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha i gcomhréir le hAirteagal 6(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. I gcomhréir le hAirteagal 6(4), an tríú fomhír, leis na maoluithe sin ní dhéanfar dochar do mhalartú na faisnéise idir an Ballstát chuig a ndíreofar í agus Ballstáit eile ná do mhalartú agus stóráil faisnéise i mBallstáit eile chun an reachtaíocht chustaim a fheidhmiú.

    (8)

    Is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt do na Ballstáit leanúint de na próisis atá acu cheana, lena n-áirítear na córais TF ábhartha a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais sonraí a leag na Ballstáit amach dá bhforáiltear in Airteagal 2(4), an dara fomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3) ar feadh tréimhse theoranta.

    (9)

    Tá an Bheilg, an Chróit, an Chipir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghréig, an Ísiltír, an Ungáir, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin dul chun cinn arna dhéanamh ar fhorbairt na gcóras leictreonach le haghaidh stórála sealadaí mar chuid den phróiseas tuairiscithe ar dhul chun cinn a leagtar síos in Airteagal 278a de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Tá cumarsáid agus comhroinnt na faisnéise pleanála náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 le háirithiú.

    (10)

    Ag féachaint do thionchair na n-imthosca eisceachtúla ba chúis le moilleanna ar na forbairtí leanúnacha TF maidir le stóráil shealadach sna Ballstáit, staid reatha na bhforbairtí sin sna Ballstáit agus an gá atá le moilleanna móra breise a sheachaint, ba cheart an maolú a bheith ann go dtí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’aer, agus tráth nach déanaí ná an 29 Feabhra 2024 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais trí mhodhanna iompair eile.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as bealaí eile le faisnéis a mhalartú agus a stóráil, cé is moite de theicnící próiseála sonraí leictreonacha le haghaidh an dearbhaithe stórála sealadaí a cheanglaítear le hAirteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’aer go dtí an 31 Nollaig 2023 agus le haghaidh an dearbhaithe stórála sealadaí i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais trí mhodhanna iompair eile go dtí an 29 Feabhra 2024.

    Airteagal 2

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais d’aer, agus tráth nach déanaí ná an 29 Feabhra 2024 i ndáil le hearraí a thugtar isteach i gcríoch chustaim an Aontais trí mhodhanna iompair eile.

    Airteagal 3

    Is ar Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na hEastóine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na Cipire, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, an Ungáir, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).


    Top