This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2428
Council Implementing Regulation (EU) 2022/2428 of 12 December 2022 implementing Regulation (EU) No 359/2011 concerning restrictive measures directed against certain persons, entities and bodies in view of the situation in Iran
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2428 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2428 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
ST/15253/2022/INIT
IO L 318I, 12.12.2022, p. 1–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32011R0359 | Cur le | iarscríbhinn I Téacs | 12/12/2022 |
12.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 318/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2428 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011. |
(2) |
An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna chomh maith le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe ina dhiaidh sin. |
(3) |
Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart 20 duine agus aon eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 359/2011. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:
Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“136. |
JEBELLI Peyman پیمان جبلی |
Dáta breithe: 25.1.1967 Áit bhreithe: Tehran (Iran) Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Feidhm: Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) |
Is é Peyman Jebelli Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), eagraíocht a bhfuil droch-cháil air as bheith ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht. Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na “hadmhálacha” seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú. Agus é ina stiúrthóir ar IRIB, tá Jebelli freagrach as gníomhaíochtaí agus ábhar nuachta na heagraíochta sin. |
12.12.2022 |
|
|
|
Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022, leanann Jebelli dá chúram mar atá. Bhí a cheapachán mar stiúrthóir phríomhfhoinse nuachta oifigiúil na hIaráine fógartha ag an gCeannaire Uachtarach Ali Khamenei, rud a thugann le fios go bhfuil luí idé-eolaíoch aige leis an réimeas. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
|
137. |
REZVANI Ali رضوانی علی |
Dáta breithe: 1984 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Feidhm: Tuairisceoir agus láithreoir nuachta de chuid Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) maidir le cúrsaí polaitíochta agus slándála |
Oibríonn Ali Rezvani mar thuairisceoir don Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) agus tá sé ina láithreoir nuachta ar an gclár nuachta 20.30 a bhíonn ar IRIB istoíche. Is eagraíocht meán Iaránach é IRIB atá faoi smacht an stáit agus a bhfuil sé de chúram air faisnéis an rialtais a scaipeadh. Is é clár nuachta nuacht 20.30 IRIB ar Channel 2, príomchlár nuacht na tíre, agus meastar gurb é príomhardán IRIB chun cláir oibre na bhfórsaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Ministry of Intelligence (MOIS) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Léirítear i gcásanna a bhfuil taifead déanta orthu go gcraolann nuacht 20.30 admhálacha faoi éigeantas. |
12.12.2022 |
|
|
|
Ina cháil mar thuairisceoir de chuid IRIB, glacann Ali Rezvani páirt sa cheastóireacht a mbíonn admhálacha éigeantacha mar thoradh uirthi, agus bíonn sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine á ndéanamh agus á n-éascú go díreach aige dá bharr sin. Ina cháil mar láithreoir nuachta nuacht 20.30, cuireann Rezvani clár oibre fhórsaí slándála na hIaráine chun cinn, ina gceadaítear sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, amhail céastóireacht, chomh maith le gabháil agus coinneáil threallach. Bíonn Rezvani ag bolscaireacht chomh maith i gcoinne lucht cáinte an réimis chun imeaglú a dhéanamh orthu agus chun údar maith agus spreagadh a thabhairt le go gcaithfí go dona leo, rudaí a sháraíonn a gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
|
138. |
ZABIHPOUR Ameneh Sadat ذبیح پور آمنه سادات |
Dáta breithe: 7.8.1984 Áit bhreithe: Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: baineann Feidhm: Tuairisceoir de chuid an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) agus ceann an ghrúpa meán eachtrach Peirsise ag IRIB atá ann Uimh. Pas: 09324611 |
Tá Ameneh Sadat Zabihpour ina cheann ar an ngrúpa meán eachtrach Peirsise ag IRIB a bhfuil droch-cháil air as bheith ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht. Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na “hadmhálacha” seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú. Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022, leanann Zabihpour dá cúram mar atá. Tá ceastóireacht curtha aici ar lucht cáinte an réimis agus físeáin déanta aici d’admhálacha éigeantacha. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
139. |
KHATAMI Seyyed Ahmad خاتمی سید احمد |
Dáta breithe: 8.5.1960 Áit bhreithe: Semnan, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Feidhm: Imam le haghaidh phaidreoireacht na hAoine, Comhalta den Assembly of Experts for the Leadership |
Is cléireach antoisceach é Seyyed Ahmad Khatami, chomh maith lena bheith ina imam le haghaidh phaidreoireacht na hAoine in Tehran a bhfuil tionchar mór aige. Tá Khatami ina chomhalta chomh maith den Assembly of Experts for the Leadership, eintiteas Iaránach a bhfuil baint aige féin le sáruithe ar chearta an duine mar gheall ar an gcaoi a bhfuil teipthe aige seasamh le forálacha bunreachtúla. Agus é ina chléireach a bhfuil dlúthbhaint aige le húdaráis an stáit agus a bhfuil lucht leanúna mór aige, baineann sé leas as an stádas atá aige chun ionsaithe ó bhéal a dhéanamh ar agóideoirí agus foréigean a ghríosú ina gcoinne. Ní hamháin go gcosnaíonn sé gníomhaíochtaí cos ar bholg fhórsaí slándála na hIaráine, ach i roinnt cásanna, bhí sé ag tathant orthu a bheith anuas ar na hagóideoirí ar bhealach níos déine, agus pionós an bháis á mholadh aige i measc nithe eile. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
140. |
MIRAHMADI Seyyed Majid مجید سید میراحمدی |
Áit bhreithe: Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine |
Is an Briogáidire-Ghinearál Seyyed Majid Mirahmadi Leas-Aire Gnóthaí Baile na hIaráine, agus é freagrach as fórsaí slándála agus póilíní na hIaráine a mhaoirsiú, ar dreamanna iad atá páirteach i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. Déanann fórsaí slándála agus póilíní na hIaráine cos ar bolg foréigneach ar agóidí, agus iad ag scaoileadh go díreach le hagóideoirí síochánta agus ag gabháil daoine go treallach, gan aird ar bith acu ar chearta na ndaoine sin. Sna ráitis uaidh, déanann Mirahmadi tagairt do na hagóidí mar chíréibeacha ar gá deireadh a chur leo, agus tugann le fios, agus é ag bagairt orthu, gur coirpigh iad na daoine a ghlacann páirt sna hagóidí síochánta. Tá na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag na fórsaí atá faoina smacht á gceilt go pearsanta aige; mar shampla, trína bheith ag maíomh gur chuir an t-agóideoir 16 bliana d’aois darb ainm Nika Shakrami lámh ina bás féin. Tugtar le fios sna tuairiscí gur rídhócha gur mharaigh na fórsaí slándála í. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
141. |
MOUSAVI Sayyed Abdolrahim موسوی سید عبدالرحیم |
Dáta breithe: 1959/1960 Áit bhreithe: Qom, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Maor-Ghinearál Feidhm: Ard-Cheannasaí Arm na hIaráine |
Is é an Maor-Ghinearál Sayyed Abdolrahim Mousavi Ard-Cheannasaí Arm na hIaráine. Sa cháil sin, tá freagracht air as rannpháirtíocht Arm na hIaráine i bhfreagairt fhoréigneach an réimis ar agóidí 2022. Chuir Mousavi síos roinnt uaireanta ar na hagóidí san Iaráin mar chíréibeacha a bhí eagraithe agus pleanáilte ag naimhde na hIaráine, agus é ag tabhairt le fios gur bagairt ar an tslándáil náisiúnta a bhí sna hagóidí céanna. Labhair sé go bagrach chomh maith i gcoinne daoine atá páirteach sa ghluaiseacht agóidíochta. Anuas air sin, mhol freagairt fhoréigneach fhórsaí slándála na hIaráine ar na hagóideoirí, agus é ag rá gur bealach éifeachtach é le naimhde na hIaráine a dhíothú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
142. |
BORMAHANI Mohsen محسن برمهانی |
Dáta breithe: 24.5.1979 Áit bhreithe: Neishabur, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Uimh. Pas: A54062245 (an Iaráin), a rachaidh in éag an 12 Iúil 2026 Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 1063893488 (an Iaráin) Feidhm: Leas-Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) |
Is é Mohsen Bormahani Leas-Stiúrthóir an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), a bhíonn ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht. Sa cháil atá aige, tá Bormahani freagrach as inneachar IRIB. Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na “hadmhálacha” seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú. Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022 san Iaráin, leanann Bormahani dá chúram mar Leas-Stiúrthóir agus tá cosaint déanta aige ar an réimeas sna ráitis is déanaí uaidh. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
143. |
JOKAR Morteza جوکار مرتضا (ar a dtugtar freisin JOWKAR Morteza) |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Leas-Cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan |
Is é an Coirnéal Morteza Jokar Leas-Cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan. Sa bhfeidhm sin, tá sé freagrach as an gcniogbheartaíocht fhoréigneach a stiúradh ar agóideoirí sibhialta i gCúige Sistan agus Baluchestan tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022. Tá fórsaí faoina cheannas freagrach as armlón beo a scaoileadh ag agóideoirí le linn sléacht an 30 Meán Fómhair 2022 in Zahedan agus sléacht an 4 Samhain 2022 in Khash, inar maraíodh agus inar gortaíodh na scórtha daoine. Rinneadh cniogbheartaíocht fhoréigneach eile ar agóidí i gcathracha cúigeacha eile (Saravan, Chabahar, Iranshahr, Rask, Sarbaz agus eile) a bhí faoi smacht aige freisin i bhfómhar 2022. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
144. |
SOURI Majid سوری مجید |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Leas-Cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan |
Tá an Coirnéal Majid Souri ina Leas-Cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan. Tá sé freagrach as an gcur faoi chois foréigneach a rinne na fórsaí slándála ar agóidí in 2022, go háirithe i gcathair Khorramabad, áit ar tháinig daoine le chéile chun bás Nika Shakrami a chaoineadh, déagóir ón Iaráin, a fuadaíodh go luath tar éis bhás Mahsa Amini. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
145. |
KARIMI Mohsen کریمی محصن |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Markazi |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Mohsen Karimi ina cheann ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Markazi. Tá sé freagrach as cur faoi chois foréigneach na bhfórsaí slándála ar agóidí in 2022, as ar eascair freisin bás Mehrshad Shahidi, a bhí 19 mbliana d’aois, in ionad coinneála IRGC in Arak. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
146. |
HEYDARNIA Alireza حیدرنیا علیرضا |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Alborz |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Alireza Heydarnia ina Cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Alborz. Tá IRGC freagrach as agóideoirí a chur faoi chois go foréigneach, go háirithe i gcathair Karaj, i gcúige Alborz, in 2022. Sa chathair sin, rinne fórsaí slándála cniogbheartaíocht ar lucht agóide ar ócáid slógaí chun ómós a thabhairt d’íospartaigh na n-agóidí ag an 40ú lá tar éis a mbáis. An 17 Deireadh Fómhair 2022, d’fhuadaigh fórsaí slándála in Karaj Armita Abbasi, cailín 20 bliain d’aois, a fhuadach ón ospidéal agus rinne siad éigniú uirthi arís agus arís eile. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
147. |
GARSHASBI Amanollah گرشاسبی امانالله |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Leas-Cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Amanollah Garshasbi ina leas-cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan. Tá an cór cúigeach, Salaman, faoina cheannas. Is sa chúige Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní den chniogbheartaíocht a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn agóidí 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra “Aoine na fola”, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine i Zahedan. Meastar gur lámhachadh agus gur maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Leanadh den fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe in agóidí ó shin i leith. Tá Garshasbi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
148. |
REYHANI Bahman بهمن ریحانی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Leas-Cheannasaí chór an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in iarthair na hIaráine, atá freagrach as cúige ;Kermanshah”. |
Is é an Briogáidire-Ghinearál Bahman Reyhani leas-cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i West of Iran, agus tá sé freagrach as cúige Kermanshah. Tá an cór cúigeach, Hazrat Nabi Akram faoina cheannas. Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Kermanshah le linn agóidí 2022. Tá Reyhani ar dhuine de na daoine atá freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí i gcúige Kermanshah. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
149. |
SHAHSAVARI Habib شهسواری حبیب |
Dáta breithe: 1963/1964 Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige West Azerbaijan |
Is é an Briogáidire-Ghinearál Habib Shahsavari ceannasaí ar chór cúigeach Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) do chúige West Azerbaijan. Rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, rinneadh na hoibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Piranshahr, Mahabad agus Bukan i West Azerbaijan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. De réir mheastacháin eagraíochtaí neamhrialtasacha, ba oibríochtaí IRGC i mbailte Mahabad agus Bukan a ba chúis le marú ceathrar agus dáréag faoi seach. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
150. |
ABDOLLAHPOUR Mohammad عبدللاهپور محمد |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Gilan |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Abdollahpour ina cheannasaí ar chór cúigeach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Gilan. Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Gilan le linn agóidí 2022, faoi cheannas Abdollahpour. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
151. |
MOSLEMI Siavash مسلمی سیاوش |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Mazandaran |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Siavash Moslemi ina cheannasaí ar chór cúigeach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Mazandaran ó mhí an Mheithimh 2020. In 2022, bhain trúpaí IRGC faoina cheannas úsáid as fórsa díréireach i gcoinne agóideoirí i leith na n-oibríochtaí sin. Mar cheannasaí ar na trúpaí a bhí páirteach, tá Moslemi i measc na ndaoine atá freagrach as foréigean i gcoinne agóideoirí. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
152. |
ZULQADR Ahmad ذوالقدر احمد |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Tehran |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Siavash Moslemi ina cheannasaí ar chór cúigeach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Tehran ó mhí na Samhna 2020. Tá sé ina leas-cheannasaí ar chór IRGC i gcathair Tehran freisin. De réir tuairiscí ó na meáin, roghnaíodh Zulqadr don phost go háirithe mar gheall ar a shaineolas maidir le hagóidí a chur faoi chois. In 2022, bhí an chos ar bolg i gcoinne agóideoirí in Tehran fíorfhoréigneach. Mar cheannasaí ar thrúpaí IRGC a bhí ag gabháil don fhoréigean sin i gcoinne agóideoirí, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
153. |
KASHKOULI Morteza کشکولی مرتضی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Hazrat Abulfazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gCúige Lorestan |
Tá an Briogáidire-Ghinearál Morteza Kashkouli ina cheannasaí ar chór cúigeach Hazrat Abulfazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan. In 2022, rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, rinneadh oibríochtaí i mbaile Khorramabad in Lorestan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin, agus armlón beo in úsáid acu i gcoinne agóideoirí. Mar cheannasaí ar na fórsaí IRGC sin, tá Kashkouli i measc na ndaoine atá freagrach as an bhforéigean sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
154. |
BAYAT Isa بیات عیسی |
Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Coirnéal Feidhm: Ceannasaí an 364ú briogáid (Shahid Nasirzadeh) de chuid an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i Mahabad, i gcúige West Azerbaijan |
Ó mhí an Mheithimh 2022, tá an Coirnéal Isa Bayat ina cheannasaí ar an 364ú briogáid de chuid an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), (Shahid Nasirzadeh), i Mahabad, i gcúige West Azerbaijan. In 2022, rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí míleata i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, baineadh úsáid as fórsa díréireach i leith na n-oibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i Mahabad, agus inar maraíodh ceathrar mar thoradh ar sin. Mar cheannasaí ar aonad de chuid IRGC a dhéanann na hoibríochtaí sin, tá Bayat freagrach as foréigean i gcoinne agóideoirí. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 |
155. |
ASANLOO Mohammad Taghi آصانلو محمد تقی |
Áit bhreithe: Zanjan province, Iran Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann Grád: Briogáidire-Ghinearál Feidhm: Ceannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Hamzeh Seyed Al-Shohada in Iarthuaisceart na hIaráine |
Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Taghi Asanloo an ceannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Hamzeh Seyed Al-Shohada in Iarthuaisceart na hIaráine, agus tá sé freagrach as cúigí Kordestan agus West Azerbaijan. Is é misean sonrach cheanncheathrú “Hamzeh Seyed Al-Shohada” corraíl a chur faoi chois i réigiúin Choirdíneacha in Iarthuaisceart na hIaráine. In 2022, rinne trúpaí IRGC sa cheantar sin, faoi cheannas Asanloo, oibríochtaí míleata i gcoinne agóideoirí i réigiún Coirdíneach na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, rinne trúpaí IRGC faoi cheannas Asanloo oibríochtaí den sórt sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Piranshahr, Mahabad agus Bukan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. De réir mheastacháin eagraíochtaí neamhrialtasacha, ba oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha ba chúis le marú 42 duine ón 15 Samhain 2022. Mar cheannasaí ar thrúpaí IRGC sa réigiún, tá Asanloo freagrach as foréigean a dhéanann a chuid trúpaí i gcoinne agóideoirí. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022”. |
Eintitis
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
“12. |
Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) سازمان صدا و سيمای جمهوری اسلامی ايران |
Seoladh: Jamejam Street, Valiasr Avenue, 19395-3333 Tehran, Iran An cineál eintitis: cuideachta craolacháin faoi úinéireacht stáit Eintitis chomhlachaithe eile: Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) |
Is cuideachta craolacháin faoi úinéireacht stáit é Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), a bhfuil a gcáil amuigh mar urlabhraí don réimeas. Tá IRIB freagrach as admhálacha éigeantacha ó choinneálaithe a léiriú agus a chraoladh, lena n-áirítear iriseoirí, gníomhaithe polaitiúla, agus ó dhaoine ar de ghrúpaí mionlaigh Choirdíneacha agus Arabacha iad, lena sáraítear, dá bhrí sin, cearta a aithnítear go hidirnáisiúnta chun triail chóir agus próis chuí a fháil. Tá IRIB freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. |
12.12.2022 ”. |