Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2202

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2202 ón gCoimisiún an 29 Lúnasa 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta de thionscadail roghnaithe trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a leagan síos (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/6028

    IO L 293, 14.11.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 17/12/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2202/oj

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 293/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2202 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Lúnasa 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí liosta de thionscadail roghnaithe trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a leagan síos

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 25(1), pointe (b) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2021/1153, déantar foráil maidir le tacaíocht ón Aontas le haghaidh tionscadail roghnaithe trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite (tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite) lena rannchuidítear leis an dícharbónú, leis an margadh inmheánach fuinnimh a chomhlánú agus le slándáil an tsoláthair a fheabhsú.

    (2)

    Tá roghnú na dtionscadal sin faoi réir na gcritéar agus na nósanna imeachta ginearálta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1153 agus a shonraítear a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/342 ón gCoimisiún (2).

    (3)

    Mar thoradh ar roghnú na dtionscadal, bíonn siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Thairis sin, bíonn buntáistí ann do na tionscadail toisc go mbíonn méadú infheictheachta i gceist le bheith ar an liosta.

    (4)

    Foilsíodh glao ar thograí le haghaidh tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite an 4 Márta 2022 agus cuireadh deireadh leis an 10 Bealtaine 2022. Rinne saineolaithe seachtracha agus saineolaithe ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol measúnú ar na tionscadail a ndearnadh iarratas ina leith.

    (5)

    An grúpa maidir le tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite dá bhforáiltear i bpointe 4(b), Cuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1153, chomhaontaigh sé an dréachtliosta tionscadal le haghaidh an roghnúcháin. Ar liosta na dtionscadal roghnaithe, tá tionscadail lena rannchuidítear le saothrú costéifeachtach an fhuinnimh inathnuaite san earnáil leictreachais agus san earnáil téimh, saothrú a dhéanfar trí theicneolaíochtaí difriúla inathnuaite, lena n-áirítear gaoth amach ón gcósta agus ar thalamh agus fótavoltachas gréine agus trí réitigh nuálacha teicneolaíochta amhail táirgeadh hidrigine agus amóinia.

    (6)

    Tá cuimsiú tionscadal ar liosta na dtionscadal trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite gan dochar dá gcomhlíontacht le dlí an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear le toradh an mheasúnaithe ábhartha comhshaoil agus nósanna imeachta um cheadú.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Seo a leanas an liosta de na tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh inathnuaite a roghnaíodh de bhun Chuid IV, pointe 4(g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1153:

    Uimhir an tionscadail

    Ainm an tionscadail

    Forbróirí tionscadail

    Tíortha rannpháirteacha

    2022-05

    ELWIND – Tionscadal hibrideach comhpháirteach na hEastóine-na Laitvia le haghaidh gaoth amach ón gcósta

    Aireacht Gnóthaí Eacnamaíocha agus Cumarsáide na hEastóine; Aireacht Eacnamaíochta na Laitvia

    An Eastóin agus an Laitvia

    2022-07

    CEO – Slabhra Luacha Hidrigine Glaise na Comhghuaillíochta Eorpaí Trasteorann

    EON.SE; ENEL Green Power Spa; IBERDROLA CLIENTES S.A.U.

    An Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn agus an Ísiltír

    2022-10

    Téamh ceantair atá aeráidneodrach i gcathair Goerlitz Zgorzelec na hEorpa

    Stadtwerke Görlitz AG; SEC Zgorzelec Sp. z o.o.

    An Ghearmáin agus an Pholainn

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 249, 14.7.2021, lch. 38.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/342 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na critéir roghnúcháin shonracha agus mionsonraí an phróisis chun tionscadail trasteorann i réimse an fhuinnimh in-athnuaite a roghnú (IO L 62, 1.3.2022, lch. 1).


    Top