This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2093
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/2093 of 25 October 2022 repealing Regulation (EEC) No 3417/88 concerning the classification of certain goods in the Combined Nomenclature
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2093 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2093 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
C/2022/7849
IO L 281, 31.10.2022, p. 21–22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 20/11/2022
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Repeal | 31988R3417 | 20/11/2022 | |||
Implicit repeal | 31999R0936 | iarscríbhinn B fleasc 1 | 20/11/2022 |
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2093 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Deireadh Fómhair 2022
lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 ón gCoimisiún (2), rinneadh próiseálaí bia leictrimheicniúil dar meáchan iomlán 9 kg, darb ionchur cumhachta 1 kW agus babhla dar toilleadh 3,5 l, a aicmiú faoi chód AC 8438 80 99 (“innealra le haghaidh ullmhú nó monarú tionsclaíoch bia nó dí, seachas innealra le haghaidh eastóscadh nó ullmhú saillte nó olaí plandúla do-ghalaithe, ainmhíocha nó miocróbacha”). |
(2) |
Bhain Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 le haicmiú earra eile chomh maith, eadhon córas leictreonach le haghaidh priontáil ó shonraí digiteacha, ach rinneadh an chuid sin den Rialachán sin a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 936/1999 ón gCoimisiún (3). |
(3) |
Sa cholún “Cúiseanna” den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, rinneadh aicmiú an phróiseálaí bia faoi cheannteideal 8509 mar fhearas tís leictrimheicniúil ina bhfuil mótar leictreach neamhspleách a fhágáil as an áireamh ar an bhforas seo a leanas: “Mar gheall ar chumhacht agus ar thoilleadh an mheaisín seo, ní cineál meaisín é a úsáidtear de ghnáth sa teaghlach agus ní chomhlíonann sé téacs chód AC 8509”. |
(4) |
Ní thagraíonn ceannteideal 8509 ná Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann leis an gceannteideal sin d’aon tairseach chruinn maidir le cumhacht ná toilleadh. Luaitear an méid seo a leanas in NMCC a ghabhann le ceannteideal 8509: “Ciallaíonn an téarma ‘fearais tís’ sa cheannteideal seo fearais a úsáidtear de ghnáth sa teaghlach. Tá na fearais sin inaitheanta, ag brath ar an gcineál, trí shainghné amháin nó níos mó amhail toisí foriomlána, dearadh, toilleadh, toirt. Is é an tslat tomhais chun na sainghnéithe sin a bhreith nár cheart na fearais atá i gceist a bheith ag oibriú ag leibhéal a sháraíonn riachtanais an teaghlaigh.” Is critéir dhinimiciúla iad sin a fhásann le cois an dul chun cinn theicniúil. |
(5) |
Faoi láthair, mar thoradh ar an éabhlóid theicniúil, tá go leor próiseálaithe bia a bhfuil a gcumhacht agus a dtoilleadh inchomparáide le cumhacht agus toilleadh an phróiseálaí bia a aicmítear le Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, próiseálaí a dearadh go bunúsach le haghaidh úsáid teaghlaigh nó úsáid tís. Nuair a glacadh Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88, ní raibh meaisíní den sórt sin ann lena n-úsáid sa bhaile. |
(6) |
Sa lá atá inniu ann, is iondúil a úsáidtear an próiseálaí bia a ndéantar cur síos air i Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 sa teaghlach agus ní (go príomha) chun críoch tionsclaíoch nó tráchtála. Dá bhrí sin, tá a aicmiú mar innealra le haghaidh ullmhú tionsclaíoch nó monarú tionsclaíoch bia nó dí imithe i léig. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 a aisghairm. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Deireadh Fómhair 2022
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 3417/88 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 1988 maidir le haicmiú earraí áirithe san ainmníocht chomhcheangailte (IO L 301, 4.11.1988, lch. 8).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 936/1999 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 1999 lena leasaítear nó lena n-aisghairtear rialacháin áirithe a bhaineann le haicmiú earraí san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 117, 5.5.1999, lch. 9).