Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2040

    Rialachán (AE) 2022/2040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun é a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    PE/55/2022/INIT

    IO L 275, 25.10.2022, p. 30–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2040/oj

    25.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 275/30


    RIALACHÁN (AE) 2022/2040 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Deireadh Fómhair 2022

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun é a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Conradh Liospóin, rinneadh modhnú ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear na cumhachtaí a bhronnann an reachtóir ar an gCoimisiún, agus tugadh isteach idirdhealú idir na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe) agus cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme (gníomhartha cur chun feidhme).

    (2)

    Le gníomhartha reachtacha a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta a ghlacadh faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (2).

    (3)

    Maidir le tograí a rinneadh roimhe seo i dtaobh na reachtaíochta lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tarraingíodh siar iad (3) mar thoradh ar an stad sa chaibidlíocht idirinstitiúideach.

    (4)

    Ina dhiaidh sin, i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4), tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le creat nua le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus d’aithin siad go raibh gá leis an reachtaíocht atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin. D’aontaigh siad, go háirithe, faoin ngá atá le hardtosaíocht a thabhairt d’ailíniú pras ar na bunghníomhartha uile ina dtagraítear fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Gheall an Coimisiún go n-ullmhódh sé togra le haghaidh an ailínithe sin faoi dheireadh 2016.

    (5)

    Leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú, déantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ós rud é go gcomhlíonann an cumhachtú sin na critéir faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart é a oiriúnú don fhoráil sin.

    (6)

    Chun Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún ionas gur féidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (7)

    Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do nósanna imeachta atá ar feitheamh ar thug an coiste a thuairim cheana ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 805/2004

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

    “Airteagal 31

    Leasuithe ar na hIarscríbhinní

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a chun na hIarscríbhinní a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta.”;

    (2)

    cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 31a

    An tarmligean a fheidhmiú

    1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

    3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

    5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    (*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

    (3)

    scriostar Airteagal 32.

    Airteagal 2

    Nósanna imeachta atá ar feitheamh

    Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh ar thug coiste cheana féin a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (IO C 158, 30.4.2021, lch. 832) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 28 Meitheamh 2022 (IO C 280, 21.7.2022, lch. 14). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

    (3)  IO C 80, 7.3.2015, lch. 17.

    (4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

    (5)  Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15).


    Top