Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1370

Rialachán (AE) 2022/1370 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil ócratocsain A in earraí bia áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5545

IO L 206, 8.8.2022, p. 11–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1370/oj

8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 206/11


RIALACHÁN (AE) 2022/1370 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a mhéid a bhaineann le huasleibhéil ócratocsain A in earraí bia áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe, lena n-áirítear ócratocsain A, in earraí bia.

(2)

Is míceatocsain é ócratocsain A a tháirgeann fungais de na géinis Aspergillus agus Penicillium go nádúrtha agus tá sé le fáil mar éilleán i réimse leathan bianna, amhail gránaigh agus táirgí gránaigh, pónairí caife, torthaí triomaithe, fíon agus sú fíonchaor, spíosraí agus liocras. Foirmítear ócratocsain A déanta le linn do bharra a bheith á dtriomú faoin ngrian agus le linn a stórála. Is féidir an foirmiú a chosc trí dhea-chleachtais triomúcháin agus stórála a chur i bhfeidhm.

(3)

In 2020, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) nuashonrú ar an tuairim eolaíoch maidir le hócratocsain A i mbia (3). Mheas an tÚdarás nárbh iomchuí treoirluach sláintebhunaithe maidir le hócratocsain A a shocrú agus dá bhrí sin nach raibh Iontógáil Sheachtainiúil Infhulaingthe 120 ng/kg meáchan coirp (bw) a shocraigh an tÚdarás in 2006 bailí a thuilleadh. Thángthas ar an gconclúid freisin go léiríonn na corrlaigh ríofa maidir le nochtadh i leith éifeachtaí carcanaigineacha ócratocsain A go bhféadfadh ábhar imní don tsláinte a bheith ann do ghrúpaí áirithe tomhaltóirí.

(4)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 socraíodh uasleibhéil le haghaidh ócratocsain A i gcás bianna áirithe cheana féin. Agus é á chur san áireamh gur aimsíodh ócratocsain A i mbianna nár socraíodh aon uasleibhéal go fóill ina leith agus go gcuireann na bianna sin le nochtadh an duine d’ócratocsain A, is iomchuí uasleibhéal a shocrú freisin do na bianna sin, amhail torthaí triomaithe seachas torthaí fíniúna triomaithe, táirgí liocrais áirithe, luibheanna triomaithe, comhábhair áirithe le haghaidh insiltí luibhe, olashíolta áirithe, cnónna pistéise agus púdar cócó. Fiú más gá soiléiriú breise a thabhairt ar an ngaol idir leibhéal ócratocsain A i mbraich agus i ndeochanna braiche neamhalcólacha, agus i ndátaí triomaithe agus i síoróip dháta, is iomchuí freisin uasleibhéal a shocrú i ndeochanna braiche neamhalcólacha agus síoróip dháta. Agus na sonraí tarluithe atá ar fáil á gcur san áireamh freisin, is iomchuí uasleibhéil ócratocsain A atá ann faoi láthair i mbianna áirithe, amhail táirgí bácúis, torthaí fíniúna triomaithe, caife rósta agus caife ar an toirt a ísliú. Ina theannta sin, rinneadh na forálacha atá ann faoi láthair le haghaidh ócratocsain A i spíosraí áirithe a leathnú chuig gach spíosra. I gcás cáise agus liamháis, is iomchuí faireachán breise a dhéanamh ar láithreacht ócratocsain A sula socrófar uasleibhéil.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

(6)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil nua i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an Dé Domhnaigh 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  Tuairim Eolaíoch maidir le measúnú riosca a dhéanamh ar ócratocsain A i mbia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18(5):6113, 150 pp. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020,6113.


IARSCRÍBHINN

I roinn 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2.2:

Earraí bia (1)

Uasleibhéal (μg/kg)

“2.2

Ócratocsain A

 

2.2.1

Gránaigh neamhphróiseáilte (18)

5,0

2.2.2

Gach táirge díorthaithe/próiseáilte ó ghránaigh neamhphróiseáilte, cé is moite d’earraí bia a liostaítear in 2.2.3, 2.2.4, 2.2.5, 2.2.12 agus 2.2.13

Gránaigh a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

3,0

2.2.3

Earraí bácála, sneaiceanna gránaigh agus gránaigh bhricfeasta

táirgí nach bhfuil síolta ola, cnónna ná torthaí triomaithe iontu

táirgí a bhfuil ar a laghad 20% torthaí fíniúnacha triomaithe agus/nó figí triomaithe iontu

táirgí eile a bhfuil síolta ola, cnónna agus/nó torthaí triomaithe iontu

2,0

4,0

3,0

2.2.4

Deochanna braiche neamhalcólacha

3,0

2.2.5

Glútan cruithneachta nach gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh

8,0

2.2.6

Torthaí triomaithe

torthaí fíniúnacha triomaithe (cuiríní, rísíní agus sabhdánaigh) agus figí triomaithe

torthaí triomaithe eile

8,0

2,0

2.2.7

Síoróip dhátaí

15

2.2.8

Caife rósta

pónairí caife rósta agus caife rósta meilte, diomaite de chaife ar an toirt

caife ar an toirt

3,0

5,0

2.2.9

Fíon (lena n-áirítear fíon súilíneach, diomaite d’fhíon licéir agus fíon le neart alcóil nach lú ná 15% de réir toirte aici) agus fíon torthaí (11)

2,0 (12 )

2.2.10

Fíon cumhraithe, deochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus manglaim táirgí fíona cumhraithe (13)

2,0 (12 )

2.2.11

Sú fíonchaor, sú fíonchaor tiubhaithe athdhéanta, neachtar fíonchaor, úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe athdhéanta, a gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh (14)

2,0 (12 )

2.2.12

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus mar bhia le haghaidh babaithe (3) (7)

0,50

2.2.13

Bianna diaitéiteacha chun críoch speisialta míochaine a cheaptar lena n-úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga (3) (10)

0,50

2.2.14

Spíosraí, lena n-áirítear spíosraí triomaithe, seachas Capsicum spp.

Capsicum spp. (torthaí triomaithe de, iomlán nó meilte, lena n-áirítear sillithe, púdar sillí, cayenne nó paiprice)

Meascáin spíosraí

15

20

15

2.2.15

Liocras (Glycyrrhiza glabra, Glycyrrhiza inflate agus speicis eile)

fréamh liocrais, lena n-áirítear mar chomhábhar in insiltí luibhe

úsc liocrais (42) lena úsáid i mbia, go háirithe i ndeochanna agus i milseogra

milseogra liocrais ina bhfuil húsc liocrais ≥ 97% ar bhonn tirim

milseogra eile liocrais

20

80

50

10,0

2.2.16

Luibheanna triomaithe

10,0

2.2.17

Fréamhacha sinséir lena n-úsáid in insiltí luibhe

Fréamhacha leamhacháin, fréamhacha caisearbháin agus bláthanna oráiste lena n-úsáid in insiltí luibhe nó in ionadaigh chaife

15

20

2.2.18

Síolta lus na gréine, síolta puimcín, síolta mealbhacáin (uisce), síolta cnáibe, pónairí soighe

5,0

2.2.19

Cnónna pistéise a ndéanfar sórtáil nó cóireáil eile fhisiceach orthu, sula gcuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh iad nó roimh a n-úsáid i mbia

Cnónna pistéise a chuirtear ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra deiridh nó a úsáidtear mar chomhábhar in earraí bia

10,0

5,0

2.2.20

Púdar cócó

3,0 ”


Top