EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0877
Council Regulation (EU) 2022/877 of 3 June 2022 amending Regulation (EC) No 765/2006 concerning restrictive measures in view of the situation in Belarus and the involvement of Belarus in the Russian aggression against Ukraine
Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
ST/8661/2022/INIT
IO L 153, 3.6.2022, p. 11–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32006R0765 | Athchur | iarscríbhinn V | 04/06/2022 | |
Modifies | 32006R0765 | Athchur | iarscríbhinn XV | 04/06/2022 | |
Modifies | 32006R0765 | Athchur | airteagal 1zb | 04/06/2022 | |
Modifies | 32006R0765 | Athchur | airteagal 9 mír 1 | 04/06/2022 |
3.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 153/11 |
RIALACHÁN (AE) 2022/877 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 (2). |
(2) |
Tugtar éifeacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/642/CBES. |
(3) |
Le Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle (3), leathnaítear raon feidhme na smachtbhannaí chun na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Márta 2022 a chur chun feidhme a thuilleadh tar éis rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha míleata doghlactha neamhdhleathach arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráine, arb é atá ann gníomh ionsaithe faoin dlí idirnáisiúnta. |
(4) |
I bhfianaise thromchúis na staide, is gá bearta breise a dhéanamh. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaíodh liosta na n-eintiteas atá faoi réir srianta maidir le húdaruithe le haghaidh díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú earraí agus teicneolaíochtaí dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíochta na Bealarúise, nó le forbairt earnáil cosanta agus slándála na Bealarúise. Le Cinneadh (CBES) 2022/882, leathnaítear freisin liosta institiúidí creidmheasa na Bealarúise agus a bhfochuideachtaí Bealarúiseacha atá faoi réir bearta sriantacha maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1zb: “Airteagal 1zb 1. Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV. 2. Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Iarscríbhinn XV, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna sin maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50% dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XV.”; |
(2) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, pionóis choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.”; |
(3) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006; |
(4) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (CE) 765/2006. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i leith na Bealarúise agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRÍBHINN V
LIOSTA NA nDAOINE NADÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1e(7), 1f(7) AGUS 1fa(1)
Aireacht Chosanta na Bealarúise
140 Repair Plant JSC
558 Aircraft Repair Plant JSC
2566 Radioelectronic Armament Repair Plant JSC
AGAT - Control Systems - Managing Company of Geoinformation Control Systems Holding, JSC
AGAT - Electromechanical Plant OJSC
AGAT - SYSTEM
ATE - Engineering LLC
BelOMO Holding
Belspetsvneshtechnika SFTUE
Beltechexport CJSC
BSVT-New Technologies
Department of Internal Affairs of the Gomel Region Executive Committee
Internal Troops of the Ministry of Internal Affairs of the Republic of Belarus
KGB Alpha
Kidma Tech OJSC
Minotor-Service
Minsk Wheeled Tractor Plant
Oboronnye Initsiativy LLC
OJS KB Radar Managing Company
Peleng JSC
State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus
State Security Committee of the Republic of Belarus
Transaviaexport Airlines JSC
Volatavto OJSC”.
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN XV
LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1zb
Ainm an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta |
Dáta cur i bhfeidhm |
Belagroprombank |
20 Márta 2022 |
Bank Dabrabyt |
20 Márta 2022 |
Development Bank of the Republic of Belarus |
20 Márta 2022 |
Belinvestbank (Belarusian Bank for Development and Reconstruction) |
14 Meitheamh 2022 |