EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0799

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/799 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2022 lena leasaítear an leagan Gréigise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu

C/2022/3212

IO L 143, 23.5.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO L 143, 23.5.2022, p. 1–3 (EL)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/799/oj

23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/799 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2022

lena leasaítear an leagan Gréigise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 24(4), Airteagal 28(3) agus Airteagal 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Gréigise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (2), tá earráid athfhillteach, téarma mícheart i bpointí 6.2.3, 6.2.3.1, 6.2.4 agus 6.2.4.1 d’Iarscríbhinn I; i gCuid I, A. Catagóirí M agus N, pointí 6.2.3, 6.2.3.1, 6.2.4 agus 6.2.4.1 d’Iarscríbhinn II; i gCuid I, B. Catagóir O, pointí 6.2.4 agus 6.2.4.1 d’Iarscríbhinn II; i bhFoscríbhinn 1, Catagóirí M2, M3, N2, N3, pointí 33, d’Iarscríbhinn III; i bhFoscríbhinn, Samhail B — Cuid 2, Catagóirí feithicle M2, M3, N2 agus N3, pointe 33, d’Iarscríbhinn VIII agus d’Fhoscríbhinn, Samhail C2 — Cuid 2, Catagóirí Feithicle M2, M3, N2 agus N3, pointe 33, d’Iarscríbhinn VIII, ar earráid í a athraíonn brí na bhforálacha sin.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Gréigise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí (CTMF),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).


Top