EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0535

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/535 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

ST/7385/2022/INIT

IO L 106, 5.4.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/535/oj

5.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 106/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/535 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Aibreán 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(2)

Mar thoradh ar mheastóireacht ar na cúinsí ábhartha, ba cheart dhá iontráil a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. BACHELOT-NARQUIN


(1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Scriostar na hiontrálacha seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:

270.

Bashar Mohammad ASSI;

286.

Khaldoun AL-ZOUBI.


Top