Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0422

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/422 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2022/1451

    IO L 87, 15.3.2022, p. 5–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/422/oj

    15.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 87/5


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/422 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Márta 2022

    lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chun an córas TF díláraithe a bhunú chun doiciméad a chur in iúl agus a mhalartú chun fianaise a ghlacadh, is gá sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile a shainiú agus a ghlacadh chun an córas sin a chur chun feidhme.

    (2)

    Tá uirlisí ann a forbraíodh chun sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú go digiteach, gan na córais TF atá ar bun cheana sna Ballstáit a athsholáthar ná gan gá a bheith le modhnuithe costasacha ar na córais TF sin. An Córas Cumarsáide r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne (e-CODEX), tá sé ar an bpríomhuirlis den sórt sin a forbraíodh go dtí seo.

    (3)

    Is éard ba cheart a bheith sa chóras TF díláraithe córais chúil na mBallstát agus pointí rochtana idir-inoibritheacha trína bhfuil siad idirnasctha. Ba cheart pointí rochtana an chórais TF díláraithe a bheith bunaithe ar e-CODEX.

    (4)

    Nuair a bheidh an córas TF díláraithe forbartha, áiritheoidh an coiste stiúrtha go n-oibreoidh sé agus go gcothófar é. Ba cheart don Choimisiún an coiste stiúrtha a bhunú i ngníomh ar leithligh.

    (5)

    Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé a thuairim uaidh an 24 Eanáir 2022.

    (6)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um chomhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe

    Na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2020/1783, is san Iarscríbhinn a leagfar amach iad.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


    IARSCRÍBHINN

    Sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile maidir leis an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 1

    1.   Réamhrá

    Is éard atá sa chóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh córas TF díláraithe atá bunaithe ar e-CODEX lenar féidir doiciméid agus teachtaireachtaí a mhalartú, ar doiciméid agus teachtaireachtaí iad a bhaineann le fianaise a ghlacadh idir na Ballstáit éagsúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1783. Le cineál díláraithe an chórais TF, bheifí in ann sonraí a mhalartú go heisiach idir Ballstát amháin agus Ballstát eile, gan aon bhaint a bheith ag aon cheann d’institiúidí an Aontais leis na malartuithe sin.

    2.   Sainmhínithe

    2.1.

    ciallaíonn “Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs” nó “HTTPS” cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána;

    2.2.

    ciallaíonn “tairseach” an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha nó an réiteach cúil náisiúnta atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe;

    2.3.

    ciallaíonn “neamhshéanadh tionscnaimh” na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

    2.4.

    ciallaíonn “neamhshéanadh fála” na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

    2.5.

    ciallaíonn “SOAP”, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta;

    2.6.

    ciallaíonn “seirbhís gréasáin” córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra. tá comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte;

    2.7.

    ciallaíonn “malartú sonraí” teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe.

    3.   Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach

    Leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, bainfear úsáid as modhanna cumarsáide atá bunaithe ar sheirbhísí, amhail Seirbhísí Gréasáin nó Bonneagair Seirbhísí Digiteacha in-athúsáidte eile chun teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú.

    Go sonrach, úsáidfidh sé an bonneagar e-CODEX, rud atá comhdhéanta de dhá chomhpháirt mhóra, an Nascóir agus an Geata.

    Tá an Nascóir freagrach as cumarsáid leis an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha a láimhseáil nó as an gcur chun feidhme náisiúnta a láimhseáil. Is féidir leis malartú teachtaireachtaí a phróiseáil leis an nGeata sa dá threo, teachtaireachtaí a rianú agus iad a aithint trí úsáid a bhaint as caighdeáin ar nós fianaise ETSI-REM, sínithe doiciméad gnólachtaí a bhailíochtú, dearbhán a chruthú ina bhfuil toradh an bhailíochtaithe i bhformáid PDF agus XML agus árthach a chruthú trí úsáid a bhaint as caighdeáin amhail ASIC-S i gcás ina bhfuil inneachar gnólachta teachtaireachta pacáilte agus sínithe.

    Tá an Geata freagrach as teachtaireachtaí a mhalartú agus tá sé il-oiriúnach maidir le hinneachar na teachtaireachta. Is féidir leis teachtaireachtaí a sheoladh chuig agus ón nascóir agus teachtaireachtaí a fháil uaidh, faisnéis cheanntáisc a bhailíochtú, an modh próiseála ceart a aithint, teachtaireachtaí a shíniú agus a chriptiú agus teachtaireachtaí a aistriú chuig Geataí eile.

    4.   Prótacail chumarsáide

    Leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, úsáidfear prótacail chumarsáide shlána, amhail HTTPS i gcás chumarsáid chomhpháirteanna na tairsí agus an chórais TF dhíláraithe, agus na prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail SOAP, i gcás tarchur sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí.

    Go sonrach, soláthraíonn e-CODEX slándáil faisnéise láidir trí leas a bhaint as an gcóras fíordheimhniúcháin úrscothach agus as an bprótacal cripteagrafach ilsraitheanna.

    5.   Caighdeáin slándála

    I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise tríd an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

    (a)

    bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána (HTTPS) a úsáid;

    (b)

    bearta chun sláine na sonraí a áirithiú agus iad á malartú;

    (c)

    bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh den chóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh agus an neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

    (d)

    bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

    (e)

    bearta chun fíordheimhniúchán agus údarú aon úsáideora chláraithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh a fhíorú.

    (f)

    forbrófar an córas malartaithe um fhianaise a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú.

    6.   Infhaighteacht seirbhísí

    6.1.

    Beidh creat ama na seirbhíse 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine, agus ráta infhaighteachta teicniúla an chórais de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

    6.2.

    Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar a leanas:

    (a)

    5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

    (b)

    10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

    (c)

    30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála, cothabháil a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

    6.3.

    A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20.00 agus 7.00 Am Lár na hEorpa.

    6.4

    I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 6.2, má bhíonn córais Ballstát neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

    6.5

    I gcás cliseadh teicniúil gan choinne i gcóras na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi neamh-infhaighteacht a gcóras, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol dóibh é sin.

    6.6

    I gcás chliseadh bhunachar sonraí na nÚdarás Inniúil gan choinne, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoin neamh-infhaighteacht, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an tseirbhís, más eol dó é sin.

    Top