Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0414

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/414 ón gCoimisiún an 11 Márta 2022 lena gceartaítear an leagan Fionlainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/1414

    IO L 85, 14.3.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/414/oj

    14.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 85/4


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/414 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Márta 2022

    lena gceartaítear an leagan Fionlainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 31 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sa leagan Fionlainnise de Rialachán (AE) Uimh 965/2012 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Iarscríbhinn I, pointe 127, an chéad fhleasc; Iarscríbhinn III, cuid ORO, fochuid AOC, pointe ORO.AOC.110, pointe (c), pointe (1); Iarscríbhinn III, cuid ORO, fochuid SPO, pointe ORO.SPO.100, pointe (c), pointe (1), fophointe (ii) agus in Iarscríbhinn III, cuid ORO, fochuid FTL, roinn 1, pointe ORO.FTL.100, a athraíonn brí na bhforálacha.

    (2)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Fionlainnise de Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).


    Top