Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0250

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/250 ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach nua a chur leis le haghaidh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de thríú tíortha óna n-údaraítear d’ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/969

    IO L 41, 22.2.2022, p. 19–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/250/oj

    22.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 41/19


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/250 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Feabhra 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach nua a chur leis le haghaidh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de thríú tíortha óna n-údaraítear d’ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2) agus go háirithe Airteagal 90, an chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (c), agus Airteagal 126(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429 agus maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla ar bhonn Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625, rudaí is gá maidir le teacht isteach san Aontas ainmhithe talún. Go háirithe, na deimhnithe sláinte ainmhithe agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla atá le húsáid maidir le teacht isteach san Aontas catagóirí áirithe crúbach, déantar foráil in Airteagal 14 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go gcomhfreagróidh siad do dheimhnithe caighdeánacha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis. Tagraíonn an tAirteagal sin, inter alia, don deimhniú caighdeánach “OV/CAP-X”, rud a leagtar amach i gCaibidil 4 den Iarscríbhinn sin, agus nach mór a úsáid maidir le ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach san Aontas.

    (2)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (4), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (5) teacht isteach san Aontas. Go háirithe, déantar tagairt in Airteagal 3 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin do Chuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis ina leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear crúbacha teacht isteach san Aontas.

    (3)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEnna) a chosc in ainmhithe. Go sonrach, leagtar síos le Caibidil E d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán sin na riachtanais le haghaidh allmhairiú ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair isteach san Aontas.

    (4)

    I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (An Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625, agus ag na gníomhartha ón gCoimisiún a bhunaítear orthu, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Dá réir sin, tá ainmhithe beo a sheoltar ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann faoi réir an chórais is infheidhme maidir le hallmhairí ó aon tríú tír.

    (5)

    Le Rialachán (AE) 2022/175 (7), leasaíodh na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 maidir le teacht isteach san Aontas ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a bhfuil sé beartaithe iad a phórú, lena gceadaítear, go dtí an 31 Nollaig 2024, teacht isteach na n-ainmhithe sin i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór nuair a thagann siad ó ghabháltais sa Bhreatain Mhór atá ag gabháil don phróiseas 3 bliana chun stádas a bhaint amach mar ghabháltas a bhfuil riosca rialaithe na scráibí clasaicí ag baint leis. Ba cheart an ceanglas allmhairiúcháin nua sin a fheiceáil i ndeimhniú caighdeánach nua sonrach le haghaidh na n-ainmhithe sin dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403. Dá réir sin, is gá Airteagal 14 agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú.

    (6)

    Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil feidhm ag an gceanglas nua allmhairiúcháin a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ach maidir le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a thagann ó ghabháltais sa Bhreatain Mhór, is gá úsáid an deimhnithe chaighdeánaigh nua a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a theorannú don Bhreatain Mhór, i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403. Dá bhrí sin, is gá na hiontrálacha maidir leis an Ríocht Aontaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 agus (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 14, cuirtear an pointe (m) seo a leanas leis:

    “(m)

    OV/CAP-X-NI arna dhréachtú i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 4a d’Iarscríbhinn II, maidir le hainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór go dtí an 31 Nollaig 2024.”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

    (6)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).

    (7)  Rialachán (AE) 2022/175 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coinníollacha allmhairiúcháin le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a bhfuil sé beartaithe iad a phórú ón mBreatain Mhór isteach i dTuaisceart Éireann (IO L 29, 10.2.2022, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:

    (1)

    sa tábla ina liostaítear na deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus na dearbhuithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le teacht isteach san Aontas agus le hiompar tríd an Aontas, sa roinn le haghaidh crúbach, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis na hiontrála “OV/CAP-X”:

    “OV/CAP-X-NI

    Caibidil 4a: Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach maidir le hainmhithe den chineál caorach agus le hainmhithe den chineál gabhair teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2024”;

    (2)

    cuirtear isteach an Chaibidil 4a seo a leanas idir Caibidlí 4 5:

    “CAIBIDIL4A

    DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE hAINMHITHE DEN CHINEÁL CAORACH AGUS LE hAINMHITHE DEN CHINEÁL GABHAIR TEACHT ISTEACH I dTUAISCEART ÉIREANN ÓN mBREATAIN MHÓR IS INFHEIDHME GO DTÍ AN 31 NOLLAIG 2024 (DEIMHNIÚ CAIGHDEÁNACH ‘OV/CAP-X-NI’)

    Image 1

    Image 2

    TÍR

    Deimhniú caighdeánach OV/CAP-X-NI


    CUID II: Deimhniú

    II.

    Faisnéis sláinte

    II.a

    Tagairt an deimhnithe

    II.b

    Tagairt CBFRO

    II.1.

    Fianú sláinte poiblí

    Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas maidir leis na hainmhithe ar a dtugtar tuairisc sa deimhniú seo:

    II.1.1.

    ní bhfuair siad:

    aon substaint stilbéine ná thíreastatach,

    substaintí éastraigineacha, andraigineacha, gaistigineacha nó béite-agónaí chun críoch eile seachas cóireáil theiripeach nó zóiteicniúil (mar a shainmhínítear i dTreoir 96/22/CE ón gComhairle);

    II.1.2.

    go gcomhlíonann siad na ráthaíochtaí lena gcumhdaítear ainmhithe beo agus táirgí díobh dá bhforáiltear leis na pleananna iarmharacha arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle, agus liostaítear na hainmhithe lena mbaineann i gCinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún maidir leis an tír thionscnaimh lena mbaineann.

    II.2.

    Fianú sláinte ainmhithe

    Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas maidir leis na hainmhithe ar a dtugtar tuairisc i gCuid I:

    II.2.1.

    go dtagann siad ón gcrios a bhfuil an cód seo a leanas aige: __ __ - __(2)dá n-údaraítear, ar dháta eisiúna an deimhnithe seo, ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair teacht isteach san Aontas agus a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún:

    II.2.2.

    gur fhan siad ar bhonn leanúnach:

    (i)

    sa chrios dá dtagraítear i bpointe II.2.1 ó rugadh iad nó ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad roimh dháta a seolta chuig an Aontas, agus

    (ii)

    sa bhunaíocht tionscnaimh ó rugadh iad nó ar feadh tréimhse 40 lá ar a laghad roimh dháta a seolta chuig an Aontas, ar bunaíocht í nár tugadh isteach le linn na tréimhse sin aon ainmhí den chineál caorach agus den chineál gabhair ná aon ainmhí de speicis eile a liostaítear maidir leis na galair chéanna le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair.

    II.2.3.

    nach raibh aon teagmháil acu le hainmhithe a raibh stádas sláinte níos ísle acu ó rugadh iad nó ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad roimh dháta a seolta chuig an Aontas.

    II.2.4.

    nach bhfuil siad le marú faoi chlár náisiúnta maidir le galair a dhíothú, lena n-áirítear na galair liostaithe ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún agus galair atá ag teacht chun cinn.

    (1) cibé acu [II.2.5.

    gur seoladh iad go díreach ón mbunaíocht tionscnaimh chuig an Aontas gan dul trí aon bhunaíocht eile].

    (1) [II.2.5.

    go ndeachaigh siad faoi aon oibríocht chruinnithe amháin sa chrios tionscnaimh lena gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    rinneadh an oibríocht chruinnithe i mbunaíocht:

    (i)

    atá formheasta ag an údarás inniúil sa tríú tír nó sa chríoch oibríochtaí cruinnithe a dhéanamh ar chrúbacha i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún;

    (ii)

    ag a bhfuil uimhir formheasa uathúil arna sannadh ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche;

    (iii)

    atá liostaithe chun na críche sin ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche seolta, lena n-áirítear an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

    (iv)

    a chomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

    (b)

    níor mhair an oibríocht chruinnithe sa lárionad tionóil níos faide ná 6 lá.]

    II.2.6.

    nár díluchtaíodh iad in aon áit nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe II.2.11. ó nuair a seoladh iad óna mbunaíocht tionscnaimh go dtí gur luchtaíodh iad lena seoladh chuig an Aontas agus nach raibh siad i dteagmháil le hainmhithe a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu le linn na tréimhse sin.

    II.2.7.

    gur luchtaíodh iad lena seoladh chuig an Aontas an ___/___/____ (ll/mm/bbbb)(3)i gcóir iompair a glanadh agus a díghalraíodh, sular luchtaíodh iad, le díghalrán atá údaraithe ag an údarás inniúil sa tríú tír nó sa chríoch agus a tógadh ar bhealach:

    (i)

    nach féidir leis na hainmhithe éalú nó titim amach;

    (ii)

    inar féidir amharc-chigireacht a dhéanamh ar an spás ina gcoimeádtar na hainmhithe;

    (iii)

    go ndéantar éalú tuartha ainmhithe, bruscair nó beatha uathu a chosc nó a íoslaghdú.

    II.2.8.

    go ndearnadh cigireacht chliniciúil orthu laistigh den tréimhse 24 uair an chloig sular luchtaíodh lena seoladh chuig an Aontas iad, arna ndéanamh ag tréidlia oifigiúil sa tríú tír nó sa chríoch thionscnaimh, agus níor braitheadh comharthaí atá ina léiriú ar ghalair, lena n-áirítear na galair liostaithe ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus na galair atá ag teacht chun cinn;

    II.2.9.

    nár vacsaíníodh iad in aghaidh na nithe seo a leanas:

    (i)

    an galar crúibe is béil, ionfhabhtú le heipitíteas eansótach, ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, bolgach caorach nó bolgach gabhar, pliúrainiúmóine tógálach den chineál gabhair, Mycobacterium tuberculosis complex (M.bovis, M.caprae agus M.tuberculosis) ná ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ná

    (ii)

    ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) le vacsaín bheo sa tréimhse 60 lá roimh dháta a seolta chuig an Aontas.

    II.2.10.

    go dtagann siad ó chrios:

    II.2.10.1.

    inarb amhlaidh:

    (i)

    nár tuairiscíodh an galar crúb is béil ann:

    cibé acu

    [ar feadh tréimhse 24 mhí ar a laghad roimh dháta a seolta chuig an Aontas](1)

    [ó bhí__/__/____ (ll/mm/bbbb) ann] (1)(4)

    (ii)

    nach ndearnadh vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil ann ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas, agus nár tugadh isteach aon ainmhí atá vacsaínithe in aghaidh an ghalair crúb agus béil le linn na tréimhse sin.

    II.2.10.2.

    nár tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas phlá na mbó, ionfhabhtú le heipitíteas eansótach, ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, bolgach caorach nó bolgach gabhar ná pliúrainiúmóine tógálach den chineál gabhair ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus le linn na tréimhse sin:

    (i)

    nach ndearnadh vacsaíniú in aghaidh na ngalar sin, agus

    (ii)

    nár tugadh isteach ainmhithe a vacsaíníodh in aghaidh na ngalar sin.

    cibé acu [II.2.10.3.

    atá saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga séiritíopaí 1-24)](1)(5)

    [II.2.10.3.

    a bhfuil saoire shéasúrach aici ón víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24):

    cibé acu [II.2.10.3.1.

    [ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.](1)(6)

    [II.2.10.3.1.

    ar feadh 28 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus gur cuireadh na hainmhithe faoi thástáil shéireolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 9, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, agus a raibh torthaí diúltacha ar an tástáil sin, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 28 lá ar a laghad tar éis dháta iontrála an ainmhí sa chrios lena mbaineann saoirse shéasúrach.] (1)(6)

    [II.2.10.3.1.

    ar feadh 14 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus go ndearnadh tástáil PCR orthu, agus a raibh torthaí diúltacha ar an tástáil sin, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh 14 lá ar a laghad tar éis dháta iontrála an ainmhí sa chrios lena mbaineann saoirse shéasúrach.] (1)(6)

    [II.2.10.3.

    nach bhfuil saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus tá na hainmhithe vacsaínithe in aghaidh gach séiritíopa (1 go 24) den víreas gormtheanga a tuairiscíodh le 2 bhliain anuas sa chrios sin agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta a ráthaítear i sonraíochtaí na vacsaíne, agus

    cibé acu [II.2.10.3.1.

    gur vacsaíníodh iad níos mó ná 60 lá roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.]](1)

    [II.2.10.3.1.

    gur vacsaíníodh iad le vacsaín dhíghníomhaithe agus gur cuireadh faoi thástáil PCR, lenar bhain torthaí diúltacha ar shamplaí a bailíodh14 lá ar a laghad tar éis thús na cosanta imdhíonachta a leagtar síos i sonraíochtaí na vacsaíne.]](1)

    [II.2.10.3.

    nach bhfuil saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus cuireadh na hainmhithe faoi thástáil shéireolaíoch, lenar bhain toradh deimhneach, is féidir antasubstaintí sonracha a bhrath in aghaidh na séiritíopaí uile (1 go 24) den víreas gormtheanga a tuairiscíodh le 2 bhliain anuas sa chrios sin, agus:

    cibé acu [II.2.10.3.1.

    go ndearnadh an tástáil shéireolaíoch ar shamplaí a bailíodh ar a laghad 60 lá roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.]](1)

    [II.2.10.3.1.

    go ndearnadh an tástáil shéireolaíoch ar shamplaí a bailíodh ar a laghad 30 lá roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus cuireadh na hainmhithe faoi thástáil PCR, lenar bhain torthaí diúltacha, arna déanamh ar shamplaí a bailíodh tráth nach luaithe ná 14 lá roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.]](1)

    II.2.11.

    go dtagann siad ó bhunaíocht:

    II.2.11.1.

    atá cláraithe ag údarás inniúil an tríú tír nó na críche tionscnaimh, agus faoi rialú an údaráis sin, agus ag a bhfuil córas i bhfeidhm chun taifid atá cothrom le dáta agus ina bhfuil faisnéis maidir leis an méid seo a leanas a choinneáil ar bun ar feadh 3 bliana ar a laghad maidir le:

    (i)

    speicis, catagóirí, líon agus sainaithint na n-ainmhithe ar an mbunaíocht;

    (ii)

    gluaiseachtaí ainmhithe isteach sa bhunaíocht agus amach aisti;

    (iii)

    mortlaíocht sa bhunaíocht.

    II.2.11.2.

    ar a dtugann tréidlia cuairteanna sláinte ainmhithe go tráthrialta chun go mbraithfear comharthaí, agus go bhfaighfear faisnéis orthu, lena léirítear gur ann do ghalair, lena n-áirítear na galair liostaithe ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus galair atá ag teacht chun cinn, a mhinice agus a bheidh i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis an mbunaíocht.

    II.2.11.3.

    nach raibh faoi réir bearta srianta náisiúnta ar chúiseanna sláinte ainmhithe, lena n-áirítear na galair liostaithe ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus galair atá ag teacht chun cinn, tráth seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas;

    II.2.11.4.

    nár tuairiscíodh timpeall uirthi, i limistéar dar ga 10 km, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí críoch tíre comharsanaí, gurbh ann do na galair liostaithe seo a leanas sna 30 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas: an galar crúibe is béil, ionfhabhtú le heipitíteas eansótach, ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, bolgach caorach nó bolgach gabhar agus pliúrainiúmóine tógálach den chineál gabhair.

    cibé acu [II.2.11.5.

    nár tuairiscíodh timpeall uirthi, i limistéar dar ga 150 km, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí críoch tíre comharsanaí, gurbh ann do ghalar fuilreatha eipeasótach sa 2 bhliain roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas] (1)

    [II.2.11.5.

    atá suite i gcrios atá saor go séasúrach ón ngalar fuilreatha eipeasótach.](1)(7)

    cibé acu [II.2.11.6.

    nár tuairiscíodh ionfhabhtú le Mycobacterium tuberculosis complex (M.bovis, M.caprae agus M.tuberculosis) le linn 42 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas](1)(8)

    [II.2.11.6.

    atá faoi réir faireachais chun ionfhabhtú Mycobacterium tuberculosis complex (M.bovis, M.caprae agus M.tuberculosis) a bhrath i gcomhréir leis na nósanna imeachta i gCuid 1, pointe (1) agus pointe (2), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún le linn na tréimhse 12 mhí ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus, le linn na tréimhse sin:

    (i)

    níor tugadh isteach sa bhunaíocht ach ainmhithe den chineál gabhair ó na bunaíochtaí sin a chuireann an faireachas sin i bhfeidhm;

    (ii)

    sa chás gur tuairiscíodh ionfhabhtú le Mycobacterium tuberculosis complex (M.bovis, M.caprae agus M.tuberculosis) in ainmhithe den chineál caorach a choimeádtar ar an mbunaíocht, glacadh bearta i gcomhréir le Cuid 1, pointe (3), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688].(1)(9)

    II.2.11.7.

    atá saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a mhéid a bhaineann le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair(10); agus

    cibé acu [II.2.11.7.1.

    i gcrios atá saor ón ngalar a mhéid a bhaineann le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gcás nach ndéantar vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin] (1)(11);

    [II.2.11.7.1.

    rinneadh tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi ar na hainmhithe le ceann de na modhanna diagnóiseacha dá bhforáiltear in Airteagal 9, pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 chun ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. Suis a bhrath, ar shampla a glacadh le linn na tréimhse 30 lá roimh dháta a seolta chuig an Aontas, agus i gcás baineannaigh iarthuismidh, rinneadh an tástáil ar shampla a glacadh 30 lá ar a laghad tar éis na breithe](1)

    [II.2.11.7.1.

    tá na hainmhithe níos óige ná 6 mhí d’aois;](1)

    [II.2.11.7.1.

    rinneadh coilleadh ar na hainmhithe](1).

    II.2.11.8.

    nár tuairiscíodh confadh inti ar feadh 30 lá ar a laghad roimh sheoladh na n-ainmhithe chuig an Aontas;

    II.2.11.9.

    nár tuairiscíodh antrasc inti ar feadh tréimhse 15 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas;

    cibé acu [II.2.11.10.

    nár tuairiscíodh surra (Trypanosomaevansi) inti le 2 bhliain ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.] (1)

    [II.2.11.10.

    nár tuairiscíodh surra (Trypanosomaevansi) inti le 30 lá ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas agus, nuair a tuairiscíodh an galar sa bhunaíocht tionscnaimh le linn an 2 bhliain roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas, lean an bhunaíocht de bheith faoi shrianta go dtí gur baineadh na hainmhithe a bhí ionfhabhtaithe ón mbunaíocht agus gur cuireadh na hainmhithe a bhí fágtha sa bhunaíocht faoi thástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi chun surra (Trypanosoma evansi) a bhrath mar a thugtar tuairisc air in Airteagal 9, pointe (b)(i), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus a ndearnadh ar shamplaí a glacadh ar a laghad 6 mhí tar éis do na hainmhithe ionfhabhtaithe a bheith bainte ón an mbunaíocht.] (1)

    [II.2.11.11.

    nár tuairiscíodh Burkholderia mallei (fothach) ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh dháta seolta na n-ainmhithe chuig an Aontas.](9)

    [II.2.12.

    go gcuimsítear fireannaigh neamhchoillte d’ainmhithe den chineál caorach, ar ainmhithe iad a d’fhan ar feadh tréimhse leanúnach 60 lá ar a laghad roimh a seoladh chuig an Aontas i mbunaíocht nár tuairiscíodh ionfhabhtú le Brucella ovis (eipididimíteas caorach) inti le linn na tréimhse 12 mhí roimh dháta a seolta chuig an Aontas agus ar cuireadh faoi thástáil shéireolaíoch iad chun Brucella ovis a bhrath, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, le linn na 30 lá roimh dháta a seolta chuig an Aontas.] (1)

    II.2.13.

    go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas maidir leis an scráibeach chlasaiceach:

    II.2.13.1.

    coimeádtar ar bhonn leanúnach sa Bhreatain Mhór iad ó rugadh iad, áit ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is galar infhógartha í an scráibeach chlasaiceach;

    (b)

    tá córas feasachta, faireachais agus faireacháin i bhfeidhm;

    (c)

    maraítear agus scriostar ina n-iomláine na hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a bhfuil an scráibeach chlasaiceach orthu;

    (d)

    tá toirmeasc ar mhin feola agus cnámh nó geirdheascadh de bhunadh na n-ainmhithe athchogantacha a thabhairt mar bheatha d’ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, mar a shainmhínítear sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, agus cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach é sin sa tír ar fad ar feadh na 7 mbliana dheireanacha ar a laghad, agus

    II.2.13.2.

    is ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair iad a bhfuil sé beartaithe iad a phórú agus a allmhairítear isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór go dtí an 31 Nollaig 2024, agus tagann siad ó ghabháltas nó ó ghabháltais:

    (a)

    nár forchuireadh aon srian oifigiúil ar ghluaiseacht orthu de bharr ESB nó de bharr na scráibí clasaicí le 3 bliana anuas; agus

    (b)

    a bhfuil iarratas curtha isteach acu, roimh an 1 Eanáir 2022, ar an scéim oifigiúil chun aitheantas a thabhairt do ghabháltais a bhfuil riosca rialaithe na scráibí clasaicí ag baint leo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII, Caibidil A, Roinn A, pointe 1.3, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a) go (i) den Iarscríbhinn sin tráth a n-allmhairithe go Tuaisceart Éireann.]

    Nótaí:

    Tá an deimhniú seo beartaithe le haghaidh ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair teacht isteach san Aontas

    I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i dteannta le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú seo.

    Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil sin a chomhlánú i gcomhréir leis na nótaí a bhaineann le comhlíonadh na ndeimhnithe dá bhforáiltear i gCaibidil 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún.

    CUID I:

    Tagairt bosca I.27

    :

    ‘Córas aitheantais agus uimhir aitheantais’: Sonraigh córas aitheantais (amhail clib cluaise, tatú, trasfhreagróir etc., ón liosta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035) agus cóid aitheantais aonair na n-ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

    CUID II:

    (1)

    Coimeád de réir mar is iomchuí.

    (2)

    Cód an chreasa mar atá sé le feiceáil i gcolún 2 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (3)

    Dáta an luchtaithe: ní mór nach dáta é atá níos luaithe ná dáta údaraithe an chreasa maidir le teacht isteach san Aontas, nó i dtréimhse a raibh bearta srianta i bhfeidhm ag an Aontas lena linn in aghaidh theacht isteach na n-ainmhithe seo ón gcrios sin.

    (4)

    I gcás criosanna a bhfuil a ndáta oscailte i gcomhréir le colún 8 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (5)

    I gcás criosanna a bhfuil BTV luaite leo i gcolún 7 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (6)

    I gcás criosanna a bhfuil SF-BTV luaite leo i gcolún 7 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (7)

    I gcás criosanna a bhfuil SF-EHD luaite leo i gcolún 7 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (8)

    I gcás ainmhithe den chineál caorach amháin.

    (9)

    I gcás ainmhithe den chineál gabhair amháin.

    (10)

    I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

    (11)

    Criosanna a bhfuil BRU luaite leo le haghaidh ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair i gcolún 7 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

     

    Tréidlia oifigiúil

    Ainm (i gceannlitreacha)

    Dáta

    Cáilíocht agus teideal

    Stampa

    Síniú”.


    IARSCRÍBHINN II

    I gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na Ríochta Aontaithe:

    GB

    an Ríocht Aontaithe

    GB-1

    Bó-ainmhithe

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    BOV-X, BOV-Y

     

    BRU, BTV, EBL, EVENTS

     

     

    Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    OV/CAP-X, OV/CAP-X-NI (1)

    OV/CAP-Y

     

    BRU, BTV, EVENTS

     

     

    Muc-ainmhithe

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    SUI-X, SUI-Y

     

    ADV

     

     

    Ainmhithe den chineál camaill

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    CAM-CER

     

    BTV

     

     

    Ainmhithe den chineál fia

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    CAM-CER

     

    BTV

     

     

    Crúbacha eile

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    RUM, RHINO, HIPPO

     

    BTV(2)

     

     

    GB-2

    Bó-ainmhithe

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    BOV-X, BOV-Y

     

    BRU, TB, BTV, EBL, EVENTS

     

     

    Ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    OV/CAP-X, OV/CAP-X-NI (1)

    OV/CAP-Y

     

    BRU, BTV, EVENTS

     

     

    Muc-ainmhithe

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a mharú

    SUI-X, SUI-Y

     

    ADV

     

     

    Ainmhithe den chineál camaill

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    CAM-CER

     

    BTV

     

     

    Ainmhithe den chineál fia

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    CAM-CER

     

    BTV

     

     

    Crúbacha eile

    Ainmhithe atá le coimeád a thuilleadh(1)

    RUM, RHINO, HIPPO

     

    BTV(2)

     

     


    (1)  Níl feidhm ag OV/CAP-X-NI ach amháin maidir le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór go dtí an 31 Nollaig 2024 i gcomhréir le hAirteagal 14, pointe (m), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún”.


    Top