EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0160

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/160 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2022 lena leagtar síos íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla áirithe lena bhfíoraítear go bhfuil ceanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe á gcomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/665

IO L 26, 7.2.2022, p. 11–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/160/oj

7.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 26/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/160 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Feabhra 2022

lena leagtar síos íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla áirithe lena bhfíoraítear go bhfuil ceanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe á gcomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 20, an tríú mír, an chéad fhomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha ginearálta i leith rialuithe oifigiúla a dhéanann an t-údarás inniúil chun a fhíorú go bhfuil na rialacha i roinnt réimsí, lena n-áirítear sláinte ainmhithe, á gcomhlíonadh ar bhonn riosca agus le minicíochtaí iomchuí. Leagtar síos leis an Rialachán sin freisin modhanna agus teicnící i leith rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear, i measc nithe eile, cigireachtaí ar áitribh, ainmhithe agus earraí atá faoi rialú na n-oibreoirí.

(2)

Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/625 go leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh maidir le híosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha rialuithe oifigiúla áirithe, i gcás ina bhfuil gá leo chun freagairt ar ghuaiseacha agus ar rioscaí sonracha i dtaobh sláinte ainmhithe, agus chun a fhíorú go bhfuil bearta maidir le galair a chosc agus a rialú á gcomhlíonadh.

(3)

Roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagadh síos le roinnt gníomhartha dlí maidir le sláinte ainmhithe rialacha i leith íosmhinicíochtaí rialuithe oifigiúla, i gcás cigireachtaí go háirithe. Le Rialachán (AE) 2016/429 aisghaireadh na gníomhartha dlí sin le héifeacht ón 21 Aibreán 2021.

(4)

Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (3) ceanglais maidir le formheas, i measc nithe eile, gorlanna agus bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis, bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh agus ar éanlaith chlóis, ionaid dídine ainmhithe le haghaidh madraí, cat agus firéad, poist rialaithe, bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach le haghaidh bumbóg, bunaíochtaí coraintín agus bunaíochtaí teoranta le haghaidh ainmhithe talún.

(5)

Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún (4) ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí táirgí geirmeacha le haghaidh ainmhithe de chineál buaibheach, mucúil, caorach, gabhair nó eachaí ónar féidir táirgí geirmeacha na n-ainmhithe sin a aistriú chuig Ballstát eile.

(6)

Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún (5) ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe agus grúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar ainmhithe uisceacha lena mbaineann riosca suntasach do shláinte ainmhithe.

(7)

Tá sé tábhachtach go bhfíoraíonn an t-údarás inniúil trí bhíthin rialuithe oifigiúla rialta, go háirithe trí bhíthin cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, go bhfuil na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha á gcoimeád agus á dtáirgeadh i gcónaí sna dálaí formheasta aonfhoirmeacha i leith bunaíochtaí, dálaí lena mbeartaítear maolú a dhéanamh ar na rioscaí agus guaiseacha a bhaineann le galair a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429 agus le galair atá ag teacht chun cinn. Chun freagairt ar na guaiseacha agus na rioscaí aonfhoirmeacha sin a bhaineann leis na galair sin i leith sláinte daoine agus ainmhithe, is gá íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha i leith cigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe a leagan síos sa Rialachán seo.

(8)

I gcás bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta, gach íosmhinicíocht aonfhoirmeach i leith cigireachtaí orthu ba cheart a chur san áireamh léi go mbailítear seamhan ó ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil go neamhshéasúrach.

(9)

Gach íosmhinicíocht aonfhoirmeach i leith cigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe agus i ngrúpaí áirithe de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ba cheart aicmiú riosca na bunaíochta nó aicmiú riosca an ghrúpa bunaíochtaí sin a chur san áireamh léi i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (6).

(10)

A mhéid a bhaineann le sainaithint agus clárú ainmhithe áirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ón gCoimisiún (7) agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 ón gCoimisiún (8) leagtar síos an t-íosleibhéal rialuithe nó seiceálacha atá le déanamh gach bliain i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair, chomh maith leis an líon ainmhithe ar a bhfuil cigireacht le déanamh i ngach ceann de na bunaíochtaí sin.

(11)

Ina theannta sin leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ceanglais mhionsonraithe maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair chun a n-inrianaitheacht a áirithiú.

(12)

D’fhéadfadh ról a bheith ag ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair nach bhfuil sainaitheanta i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i scaipeadh galar a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429 agus i scaipeadh galar atá ag teacht chun cinn. Chun an ghuais aonfhoirmeach agus an riosca aonfhoirmeach sin do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a mhaolú, chun a fhíorú go rialta go bhfuil oibreoirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, agus chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2017/625 chun feidhme go haonfhoirmeach, is gá íosmhinicíochtaí a leagan síos i leith na gcigireachtaí a dhéantar le linn rialuithe oifigiúla ar shainaithint agus ar chlárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach agus gabhair.

(13)

Níor aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ná Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go sainráite. Chun cobhsaíocht an dlí a áirithiú, ba cheart na Rialacháin sin a aisghairm leis an Rialachán seo.

(14)

Ba cheart feidhm a bheith leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is éard a leagtar síos leis an Rialachán seo íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha rialuithe oifigiúla, go háirithe i leith cigireachtaí ar ainmhithe agus ar tháirgí geirmeacha, agus ar na dálaí ina gcoimeádtar nó ina dtáirgtear iad sna bunaíochtaí seo a leanas:

(a)

bunaíochtaí formheasta le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(b)

bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 3, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686;

(c)

bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe arna bhformheas de bhun Airteagal 176(1), de Rialachán (AE) 2016/429 agus grúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe arna bhformheas de bhun Airteagal 177 den Rialachán sin;

(d)

bunaíochtaí cláraithe le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 (9) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 (10):

(a)

“bunaíocht” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (27), de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

“gorlann” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (47), de Rialachán (AE) 2016/429;

(c)

“oibríocht tionóil” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (49), de Rialachán (AE) 2016/429;

(d)

“ionad tionóil le haghaidh madraí, cat agus firéad” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(e)

“ionad dídine ainmhithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(f)

“post rialaithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(g)

“bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035;

(h)

“bunaíocht choraintín fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;

(i)

“bunaíocht theoranta” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (48), de Rialachán (AE) 2016/429;

(j)

“bunaíocht táirgí geirmeacha fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686;

(k)

“bunaíocht dobharshaothraithe fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990;

(l)

“grúpa formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990.

Airteagal 3

Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát (11) rialuithe oifigiúla, go háirithe cigireachtaí ar ainmhithe agus uibheacha goir agus ar na dálaí ina gcoimeádtar nó ina dtáirgtear na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha sin ar a laghad uair amháin gach bliain féilire i leith na gcineálacha bunaíochta seo a leanas ar a gcríocha arna bhformheas ag an údarás inniúil:

(a)

gorlanna agus bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis;

(b)

bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí tionóil maidir le crúbaigh agus éanlaith chlóis;

(c)

ionaid tionóil le haghaidh madraí, cat agus firéad;

(d)

ionaid dídine ainmhithe le haghaidh madraí, cat agus firéad;

(e)

poist rialaithe;

(f)

bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach le haghaidh bumbóg;

(g)

bunaíochtaí coraintín formheasta;

(h)

bunaíochtaí teoranta.

Airteagal 4

Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát rialuithe oifigiúla, agus go háirithe cigireachtaí, ar tháirgí geirmeacha, seachas uibheacha goir, agus ar na dálaí ina dtáirgtear na táirgí geirmeacha sin gach bliain féilire i leith na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas ar a gcríocha arna bhformheas ag an údarás inniúil:

(a)

2 uair ar a laghad gach bliain féilire, lárionaid bailithe seamhain le haghaidh ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil;

(b)

ar a laghad uair amháin gach bliain féilire:

(i)

lárionaid bailithe seamhain le haghaidh ainmhithe de chineál caorach, gabhair nó eachaí;

(ii)

foirne bailithe suthanna nó foirne táirgthe suthanna;

(iii)

bunaíochtaí in ndéantar próiseáil ar tháirgí geirmeacha;

(iv)

ionaid ina stóráiltear táirgí geirmeacha.

Airteagal 5

Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta áirithe agus i ngrúpaí formheasta áirithe de bhunaíochtaí dobharshaothraithe

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit rialuithe oifigiúla, agus go háirithe cigireachtaí, ar ainmhithe dobharshaothraithe agus ar na dálaí ina gcoimeádtar na hainmhithe sin i mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta áirithe agus i ngrúpaí formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ar a chríoch. Leis na rialuithe oifigiúla sin cuirfear san áireamh aicmiú riosca na bunaíochta dobharshaothraithe formheasta nó aicmiú riosca an ghrúpa fhormheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe a chinnfidh an t-údarás inniúil de bhun Chuid 1, Caibidil 1, pointe 1.2, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 nó aicmiú riosca na mbunaíochtaí i ndeighleoga spleácha dá dtagraítear in Airteagal 73(3), pointe (b), den Rialachán sin, mar a leanas:

(a)

bunaíochtaí ardriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach bliain féilire;

(b)

bunaíochtaí meánriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain féilire;

(c)

bunaíochtaí ísealriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach 3 bliana féilire.

Airteagal 6

Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit rialuithe oifigiúla, agus go háirithe, cigireachtaí ar shainaithint agus ar chlárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair gach bliain féilire i 3 % ar a laghad de na bunaíochtaí ar a chríoch ina gcoimeádtar na hainmhithe sin.

Airteagal 7

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006.

2.   Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí laistigh den Aontas táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus le hiompróirí ainmhithe uisceacha (IO L 174, 3.6.2020, lch. 345).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le híosleibhéal na rialuithe atá le déanamh faoi chuimsiú an chórais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú (IO L 156, 25.6.2003, lch. 9).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1505/2006 an 11 Deireadh Fómhair 2006 ón gCoimisiún lena gcuirtear Rialachán (AE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le híosleibhéal na seiceálacha atá le déanamh maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe de chineál buaibheach nó gabhair (IO L 280, 12.10.2006, lch. 3).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte agus deimhniúcháin ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas (IO L 221, 10.7.2020, lch. 42).

(11)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí do na “Ballstáit”.


IARSCRÍBHINN

Táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 7(2)

1.   Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003

Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003

An Rialachán seo

Airteagal 1

-

Airteagal 2(1)

Airteagal 6

Airteagal 2(2)

-

Airteagal 2(3)

-

Airteagal 2(4)

-

Airteagal 2(5)

-

Airteagal 2(6)

-

Airteagal 3

-

Airteagal 4

-

Airteagal 5

-

Iarscríbhinn I

-

2.   Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006

Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1

-

Airteagal 2

-

Airteagal 3

-

Airteagal 4

-

Airteagal 5(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6

Airteagal 5(1), an dara fomhír

-

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír

-

Airteagal 5(2), an dara fomhír

-

Airteagal 6

-

Airteagal 7

-

Iarscríbhinn

-


Top