This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0091
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/91 of 21 January 2022 defining the criteria for determining that a ship produces reduced quantities of waste and manages its waste in a sustainable and environmentally sound manner in accordance with Directive (EU) 2019/883 of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/91 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena sainítear na critéir chun a chinneadh go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ó long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/91 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2022 lena sainítear na critéir chun a chinneadh go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ó long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/302
IO L 15, 24.1.2022, p. 12–15
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 15/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/91 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Eanáir 2022
lena sainítear na critéir chun a chinneadh go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ó long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ba cheart na critéir san Iarscríbhinn a úsáid chun críocha an laghdaithe ar tháillí dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2019/883. |
(2) |
Baineann na critéir a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn le hiarrachtaí riachtanacha chun an dramhaíl a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith éigeantach. |
(3) |
Is féidir na critéir bhreise a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn a chur i bhfeidhm mar dhreasacht chun cleachtais agus trealamh sonrach a úsáid, rud a d’fhéadfadh cuidiú le laghdú na dramhaíola freisin. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir sin a bheith roghnach. |
(4) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur i bhfeidhm an laghdaithe ar tháillí a leagtar amach in Airteagal 8(5) de Threoir (AE) 2019/883, tá sé éigeantach go gcuirfidh na Ballstáit modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2019/883 a bheith i bhfoirm rialacháin cur chun feidhme. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Na critéir a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn, cuirfidh na saoráidí glactha calafoirt nó na húdaráis chalafoirt san áireamh iad agus an laghdú ar an táille á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 8(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir (AE) 2019/883.
2. Na critéir a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn, féadfaidh na saoráidí glactha calafoirt nó na húdaráis chalafoirt iad a chur san áireamh agus an laghdú ar an táille á ríomh acu i gcomhréir le hAirteagal 8(5), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir (AE) 2019/883.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
ROINN 1
Liosta na gcritéar éigeantach dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
Critéir |
Gnéithe lena mbaineann |
An Iarscríbhinn de chuid Choinbhinsiún MARPOL lena mbaineann |
Modhanna féideartha fíoraithe (1) |
Scaradh ar bord i gcomhréir le Rún MEPC.295(71) agus seachadadh áirithithe go saoráidí glactha calafoirt leormhaithe a chomhlíonann Airteagal 4(2)(d) de Threoir (AE) 2019/883. |
Oibriú agus bainistíocht |
Iarscríbhinn V |
Green Award, ISO 21070, Blue Angel, Green Marine, admháil seachadta dramhaíola, plean bainistíochta dramhaíola soitheach-shonrach arna fhormheas ag cumann aicmiúcháin an tsoithigh, Córas Bainistíochta Comhshaoil ISO 14001. |
Beartais cheannaigh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (ábhair phacáistíochta amhail an bhulcphacáistíocht a laghdú, plaisteach aon úsáide a sheachaint) |
Bainistíocht |
Iarscríbhinn V |
Green Award, ISO 21070, Blue Angel, Green Marine, plean bainistíochta dramhaíola soitheach-shonrach arna fhormheas ag cumann aicmiúcháin an tsoithigh, córas bainistíochta comhshaoil ISO 14001. |
ROINN 2
Liosta na gcritéar roghnach dá dtagraítear in Airteagal 1(2)
Critéir |
Gnéithe ábhartha |
An Iarscríbhinn de chuid Choinbhinsiún MARPOL lena mbaineann |
Modhanna féideartha fíoraithe (2) |
Breoslaí malartacha (3) agus foinsí eile fuinnimh a úsáid le linn an aistir go dtí an calafort cuarda nó i mbeart (e.g. leictreachas cois cladaigh, fuinneamh gaoithe nó gréine) |
Dearadh loinge, teicneolaíocht agus oibriú |
Iarscríbhinn I |
Green Award, nótaí seachadta umair, leabhar taifid ola, deimhniúchán aicme nó deimhniúchán reachtúil, Plean Bainistíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar bord Loinge (SEEMP). |
Córas White Box < 5 ppm a úsáid (chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar sceitheadh an uisce ruma ón soitheach) |
Teicneolaíocht agus oibriú |
Iarscríbhinn I |
Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe |
Deighilteoir uisce olaigh (OWS) < 5 ppm |
Teicneolaíocht agus oibriú |
Iarscríbhinn I |
Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe, Green Award, Clean Shipping Index (CSI), Green Marine, Blue Angel |
OWS < 5 ppm + córas aláraim agus stad uathoibríoch le haghaidh long < 10 000 GT |
Teicneolaíocht agus oibriú |
Iarscríbhinn I |
Deimhniú aicme, doiciméid chineálcheadaithe, Green Award, CSI, Green Marine, Blue Angel |
Ní trealamh scagtha ola a úsáidtear le haghaidh sceití na loinge, ach scarann sí an t-uisce ruma uile agus an sloda uile agus sceitheann sí iad tar éis sin ar shaoráidí glactha calafoirt |
Oibriú |
Iarscríbhinn I |
Leabhar taifid ola, admhálacha dramhaíola |
Córas cóireála séarachais a chomhlíonann Rún MEPC.227(64) ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta i gcás gach soithigh, ach amháin i gcás soithigh paisinéirí agus iad ag oibriú i Limistéir Speisialta a chumhdaítear le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL |
Teicneolaíocht, oibriú agus bainistíocht |
Iarscríbhinn IV |
Dearbhú comhréireachta AE arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó deimhniú aicme. Ina theannta sin, fíorú tráthrialta le linn úsáide arna dhéanamh ag fíoraitheoir neamhspleách. |
Ní sceitheann an long aon séarachas san fharraige agus seachadann sí a cuid séarachais chóireáilte agus/nó neamhchóireáilte uile, agus/nó a cuid sloda séarachais uile, go saoráidí glactha calafoirt |
Oibriú |
Iarscríbhinn IV |
Admhálacha dramhaíola |
Athúsáid ar bord agus athchúrsáil |
Oibriú agus bainistíocht |
Iarscríbhinn V |
ISO 21070, Green Marine, ISO 14001 Córas Bainistíochta Comhshaoil. |
(1) Féadfar glacadh le scéimeanna eile lenar féidir le longa a léiriú go gcomhlíonann siad na critéir.
(2) Féadfar glacadh le scéimeanna eile lena léiríonn longa go gcomhlíonann siad na critéir.
(3) Mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar a chur ar fáil le haghaidh breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(4) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).