Agħżel il-karatteristiċi sperimentali li tixtieq tipprova

Dan id-dokument hu mislut mis-sit web tal-EUR-Lex

Dokument 32022D2283

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2283 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Laitvia chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

    ST/13941/2022/INIT

    IO L 301, 22.11.2022, p. 119–124 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Status legali tad-dokument Fis-seħħ

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2283/oj

    22.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 301/119


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2283 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Samhain 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Laitvia chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála ag eascairt as ráig COVID-19

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Mar thoradh ar iarraidh ón Laitvia an 7 Lúnasa 2020, thug an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 (2), cúnamh airgeadais don Laitvia i bhfoirm iasachta ar luach uasmhéid EUR 192 700 000 í a bhfuil meánaibíocht uasta 15 bliana aici, agus a bhfuil tréimhse infhaighteachta 18 mí aici, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Laitvia a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.

    (2)

    Bheartaigh an Laitvia an iasacht a úsáid chun na scéimeanna oibre gearr-ama, bearta comhchosúla agus bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (3)

    De bhreis ar an dara hiarraidh ón Laitvia an 11 Márta 2021, thug an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/677 (3) lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351, cúnamh airgeadais breise dar luach EUR 112 500 000 don Laitvia trí uasmhéid na hiasachta a mhéadú chuig EUR 305 200 000 a bhfuil meánaibíocht uasta 15 bliana aici, agus a bhfuil tréimhse infhaighteachta 18 mí aici, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Laitvia a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe.

    (4)

    Bheartaigh an Laitvia an iasacht a úsáid chun na scéimeanna oibre gearr-ama, bearta comhchosúla agus bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (5)

    Chuir ráig COVID-19 srian ar chuid shubstaintiúil de lucht saothair na Laitvia. Mar thoradh air sin, tháinig mórmhéadaithe leanúnacha tobanna ar an gcaiteachas poiblí sa Laitvia i leith na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a), (c), (d), (g), (h) (f) agus (i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (6)

    Bhí tionchar suntasach ar an airgeadas poiblí ag ráig COVID-19 agus ag na bearta urghnácha a chuir an Laitvia chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a choinneáil ar an ráig sin agus ar na tionchair shocheacnamaíocha agus sláinte lena mbaineann, agus tá fós. In 2020, bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais de 4,5 % agus 43,3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ag an Laitvia, a mhéadaigh go 7,3 % agus 44,8 % faoi seach ag deireadh 2021. Dé réir réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún, táthar ag súil go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais de 7,2 % agus 47,0 % de OTI faoi seach ag an Laitvia faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh ón gCoimisiún do 2022, tuartar go dtiocfaidh méadú 3,9 % ar OTI na Laitvia in 2022.

    (7)

    An 6 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Laitvia cúnamh airgeadais breise ón Aontas dar luach EUR 167 607 000 d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta arna ndéanamh in 2020, 2021 agus 2022 a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do na daoine féinfhostaithe. Go sonrach, rinne an Laitvia na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (8) go (12) a leathnú a thuilleadh nó a leasú.

    (8)

    An scéim maidir le cúiteamh ar aga díomhaoin d’oibrithe, tá feidhm aici maidir le cuideachtaí, daoine féinfhostaithe agus íocóirí na táille ceadúnais, a bhfuil laghdú de 20 % ar a laghad tagtha ar a n-ioncam ó ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcomparáid le mí Lúnasa go mí Dheireadh Fómhair 2020 ar an meán. Leis an scéim, íoctar cúiteamh de 50 % nó 70 % dá dtuarastal nó dá n-ioncam le fostaithe nó le daoine féinfhostaithe atá ar scor sealadach, de réir an chórais cánach faoina n-oibríonn siad. Is ag EUR 500 agus EUR 1 000 a shocraítear an t-íosleibhéal tacaíochta agus an t-uasleibhéal tacaíochta faoi seach, in aghaidh an fhostaí in aghaidh na míosa féilire. Bunaítear an scéim le Rialachán Comh-Aireachta Uimh 709 (arna ghlacadh an 24 Samhain 2020 (4) agus arna leasú an 12 Eanáir 2021 (5), an 19 Eanáir 2021 (6), an 4 Feabhra 2021 (7) agus an 26 Feabhra 2021 (8)) “Rialacháin maidir leis an Liúntas le haghaidh Aga Díomhaoin do Cháiníocóirí Leanúint dá nGníomhaíocht in Imthosca Ghéarchéim COVID-19”. Leis an mbeart, leathnaítear an scéim dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 chuig daoine a fhostaítear i dtionscal na háilleachta, ceadaítear do dhaoine a d’athraigh a gcóireáil cánach ó 2021 ar aghaidh a bheith incháilithe don tacaíocht, cuirtear feabhas ar na coinníollacha cáilitheacha le haghaidh íocóirí na bpaitinní agus ceadaítear do na tairbhithe rogha a dhéanamh idir dhá chritéar cháilitheacha chun iarratas a dhéanamh ar an tacaíocht.

    (9)

    I gceangal leis an scéim maidir le cúiteamh ar aga díomhaoin d’oibrithe tá bónas na n-oibrithe do leanaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (c), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 a n-iarrann an Laitvia tacaíocht bhreise ina leith. Leis an mbónas de EUR 50 an leanbh in aghaidh na míosa, soláthraítear tacaíocht bhreise d’oibrithe díomhaoine atá i dteideal faoiseamh cánach ioncaim phearsanta a fháil i leith cleithiúnaithe. Cuireadh síneadh leis an mbeart tacaíochta le “hOrdú Comh-Aireachta Uimh. 706 an 1 Nollaig 2020“Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” (9) agus le ‘hOrdú Comh-Aireachta Uimh. 15 an 11 Eanáir 2021“Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” (10). Is féidir an beart sin a mheas mar bheart comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é go soláthraíonn sé tacaíocht ioncaim d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe, rud a chabhróidh le costais cúraim leanaí a chumhdach le linn dúnadh scoile agus a chabhróidh le tuismitheoirí leanúint de bheith ag obair dá bhrí sin, rud a chuirfidh cosc ar an gcaidreamh fostaíochta a chur i mbaol.

    (10)

    Le scéim na bhfóirdheontas pá, soláthraítear tacaíocht d’fhostóirí a bhfuil laghdú ioncaim de 20 % ar a laghad ó aon ghníomhaíocht eacnamaíoch i ndán dóibh. Is é 50 % den mheán-ollphá míosúil atá sa scéim, ach méid nach mó ná EUR 500 in aghaidh na míosa féilire. Tá sé d’oibleagáid ar na fostóirí is tairbhithe fostaíocht na n-oibrithe dá dtugtar tacaíocht a choinneáil ar bun agus an fóirdheontas pá a bhreisiú suas leis an ngnáthphá iomlán. Bunaítear an scéim le Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 675 maidir le “Rialacháin maidir le Soláthar na Cabhrach do Cháiníocóirí Leanúint dá nGníomhaíocht in Imthosca Ghéarchéim COVID-19” (arna ghlacadh an 10 Samhain 2020 (11) agus arna leasú an 12 Eanáir 2021 (12), an 1 Aibreán 2021 (13), an 26 Deireadh Fómhair 2021 (14), an 9 Samhain 2021 (15), an 30 Samhain 2021 (16), an 7 Nollaig 2021 (17), an 23 Nollaig 2021 (18) agus an 11 Eanáir 2022 (19)) agus le hOrdú Comh-Aireachta Uimh. 128 “Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” (20). Leis an mbeart, cuirtear síneadh le tréimhse tacaíochta na scéime dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (d) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 agus leathnaítear raon feidhme na hincháilitheachta trí chead a thabhairt do na tairbhithe rogha a dhéanamh idir dhá chritéar cháilitheacha chun iarratas a dhéanamh ar an tacaíocht, baintear an riosca a bhaineann le róchúiteamh, soiléirítear srianta incháilitheachta d’íocóirí paitinne agus cuirtear teorainn le hincháilitheacht le haghaidh tacaíochta ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Feabhra 2022 do dhaoine ar leo deimhniú COVID-19 lena bhfianaítear vacsaíniú in aghaidh COVID-19 nó lena bhfianaítear tinneas.

    (11)

    Leis an scéim um shochair bhreoiteachta a bhaineann le COVID-19, soláthraítear sochair bhreoiteachta a íocann an stát do dhaoine a raibh orthu an obair a chailleadh mar gheall ar cheanglas féinleithlisiú nó féinchoraintín a dhéanamh, cé go mbíonn cuid den sochar breoiteachta á roinnt leis an bhfostóir de ghnáth. Bunaítear an scéim leis an Leasú ar an Dlí “Maidir le hÁrachas Máithreachais agus Breoiteachta” (arna ghlacadh an 20 Márta 2020 (21) agus arna leasú an 12 Samhain 2020 (22), an 4 Samhain 2021 (23) agus an 13 Eanáir 2022 (24)). Leis an mbeart, déantar foráil maidir le síneadh a chur le tréimhse tacaíochta na sochar breoiteachta a bhaineann le COVID-19 dá dtagraítear in Airteagal 3(g) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 agus san am céanna cúngaítear raon feidhme na hincháilitheachta maidir le tacaíocht do dhaoine a bhfuil deimhniú COVID-19 i ndáil le vacsaíniú nó deimhniú galair acu nó daoine a bhfuil tuairim faighte acu maidir leis an ngá atá le vacsaíniú in aghaidh COVID-19 a chur siar, agus sonraítear na cásanna agus na coinníollacha inar cheart d’fhostóirí gníomhú agus an tsaoire bhreoiteachta a íoc leis an bhfostaí gan tacaíocht ón stát.

    (12)

    Le sochair um chabhair bhreoiteachta do thuismitheoirí agus do chúramóirí, cuirtear tacaíocht ar fáil d’fhostaithe nach féidir leo cianobair a dhéanamh agus a bhfuil orthu aire a thabhairt do leanaí faoi bhun 10 mbliana d’aois nó aire a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas nuair a dhúntar scoileanna agus ionaid cúraim lae de dheasca ráig COVID-19. Is féidir an beart sin a mheas mar bheart comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, toisc go soláthraíonn sé tacaíocht ioncaim do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus cuidíonn sé leis an bhfostaíocht a chaomhnú trí chosc a chur ar thuismitheoirí agus ar chúramóirí a bhfuil orthu aire a thabhairt do leanaí nó do dhaoine faoi mhíchumas nuair atá scoileanna agus ionaid cúraim lae dúnta ón ngá deireadh a chur leis an gcaidreamh fostaíochta. Déantar foráil maidir le sochair um chabhair bhreoiteachta sa “Leasú ar an Dlí ‘Maidir le hÁrachas Máithreachais agus Breoiteachta’ an 26 Samhain 2020” (25) in “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 707 an 1 Nollaig 2020 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” (26) agus inOrdú Comh-Aireachta Uimh. 13 an 11 Eanáir 2021“Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” (27). Iarrann an Laitvia tacaíocht bhreise don bhearta sin atá ann cheana, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (h) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/677.

    (13)

    Chun aghaidh a thabhairt ar ráig COVID-19, rinne an Laitvia sraith beart a bhaineann leis an tsláinte a shíneadh a thuilleadh nó a leasú. Go sonrach, baineann sé sin leis na bearta a leagtar amach in aithrisí (14) go (15).

    (14)

    Tá caiteachas a bhaineann leis an tsláinte beartaithe le haghaidh an trealaimh chosanta phearsanta d’fhostaithe san earnáil phoiblí chun timpeallacht oibre shábháilte a áirithiú dóibh siúd a bhí i dteagmháil le hionfhabhtú víreas COVID-19.Bunaítear an scéim le “Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 380 maidir le ‘Rialacháin maidir leis na hAcmhainní chun an tSábháilteacht Eipidéimeolaíoch is gá a Áirithiú d’Institiúidí a Áirítear i Liosta na nInstitiúidí agus na Riachtanas Tosaíochta’” (arna ghlacadh an 9 Meitheamh 2020 (28)). Iarrann an Laitvia tacaíocht bhreise don bheart atá ann cheana, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (f) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (15)

    Le préimheanna idir 20 % agus 100 % de thuarastail mhíosúla do liachleachtóirí agus d’fhostaithe a bhíonn ag déileáil le géarchéim COVID-19, tugtar luach saothair don obair a dhéantar i ndálaí ina bhfuil baol méadaithe agus ualach oibre méadaithe, dá bhforáiltear in “Orduithe Comh-Aireachta Uimh 136 an 27 Márta 2020 (29) agus Uimh. 656 an 6 Samhain 2020‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’’” (30), “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 743 an 8 Nollaig 2020“Leasuithe ar Ordú Comh-Aireachta Uimh. 655 an 6 Samhain 2020‘Maidir le Staid Éigeandála a Fhógairt’”” (31) agus “Ordú Aireachta Uimh. 37 an 21 Eanáir 2021‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’’” (32). Tá na préimheanna sin sa bhreis ar an uasphréimh a leagtar síos sa “Dlí maidir le Luach Saothair Oifigigh agus Fhostaithe na nÚdarás Stáit agus Rialtais Áitiúil”. Tugtar tacaíocht leis an mbeart don fhostaíocht trí shláinte agus sábháilteacht na bhfostaithe agus leanúnachas seirbhísí poiblí riachtanacha a áirithiú. Iarrann an Laitvia tacaíocht bhreise do bhearta atá ann cheana, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (16)

    Comhlíonann an Laitvia na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Laitvia fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú de EUR 508 124 069 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí atá beartaithe amhail ón 1 Feabhra 2020 mar thoradh ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é seo toisc go mbaineann sé freisin le síneadh a chur leis na bearta náisiúnta atá ann cheana nó leasú a dhéanamh orthu, ar bearta iad a bhaineann go díreach le scéim oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Laitvia. Tá sé beartaithe ag an Laitvia EUR 35 317 069 a mhaoiniú trína maoiniú féin.

    (17)

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Laitvia agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí atá beartaithe a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla, chomh maith le bearta sláinte ábhartha a bhaineann le ráig COVID-19, dá dtagraítear san iarraidh an 6 Deireadh Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

    (18)

    Is é EUR 70 921 236 atá sna bearta a bhaineann leis an tsláinte dá dtagraítear in iarraidh na Laitvia an 6 Deireadh Fómhair 2022 agus in aithrisí (14) go (15).

    (19)

    Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an Laitvia aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

    (20)

    Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a léirítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 imithe in éag, tá gá le tréimhse infhaighteachta nua le haghaidh an chúnaimh airgeadais bhreise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 agus, dá thoradh sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse infhaighteachta iomlán dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351.

    (21)

    Ba cheart don Laitvia agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

    (22)

    Ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nósanna imeachta a d’fhéadfaí a chur ar bun a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear an ceanglas atá ar na Ballstáit cásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh.

    (23)

    Ba cheart don Laitvia an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe, chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Laitvia an caiteachas sin chun feidhme.

    (24)

    Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na Laitvia á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm ag an am céanna,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Laitvia arb é uasmhéid EUR 472 807 000 a bheidh inti. 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag an iasacht sin.

    2.   39 mí dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo.”,

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a tugadh i gcrích idir an Laitvia agus an Coimisiún agus a thagann in áit an chomhaontaithe iasachta bhunaidh.”,

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    “Airteagal 3

    Is féidir leis an Laitvia na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

    (a)

    an scéim maidir le cúiteamh ar aga díomhaoin d’oibrithe, dá bhforáiltear in “Rialacháin Comh-Aireachta Uimh. 179 (arna ghlacadh an 31 Márta 2020) ‘Rialacháin maidir leis an Liúntas le haghaidh Aga Díomhaoin do na Daoine Féinfhostaithe a nDéanann Scaipeadh COVID-19 Difear Dóibh’” agus Uimh. 165 (arna ghlacadh an 26 Márta 2020) “Rialacháin maidir leis na Fostóirí a nDéanann Géarchéim COVID-19 Difear Dóibh atá Incháilithe don Liúntas le haghaidh Aga Díomhaoin agus d’Íocaíochtaí Cánach atá Déanach a Roinnt ina dTráthchodanna nó Iad a Chur Siar suas le Trí Bliana” arna leathnú agus arna leasú go deireanach le Leasuithe ar Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 709 “Rialacháin maidir leis an Liúntas le haghaidh Aga Díomhaoin do Cháiníocóirí Leanúint dá nGníomhaíocht in Imthosca Ghéarchéim COVID-19” an 19 Eanáir 2021, an 4 Feabhra 2021 agus an 26 Feabhra 2021,

    (b)

    an liúntas i leith aga neamhfhónaimh, da bhforáiltear ar bhonn “Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 236 (arna ghlacadh an 23 Aibreán 2020) ‘Rialacháin maidir leis an Liúntas Cúnaimh i leith Aga Díomhaoin do Dhaoine Fostaithe nó d’Fhéinfhostaithe a nDearna Scaipeadh COVID-19 Difear Dóibh’”,

    (c)

    bónas na n-oibrithe do leanaí, dá bhforáiltear in “Ordú Comh-Aireachta Uimh 178 an 16 Aibreán 2020 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”, arna leathnú,

    (d)

    an scéim maidir le fóirdheontais phá le haghaidh na dtionscal turasóireachta agus onnmhairiúcháin, dá bhforáiltear in “Tuarascáil faisnéise maidir le bearta chun géarchéim COVID-19 a shárú agus maidir leis an téarnamh eacnamaíoch”, arna leathnú agus arna leasú go deireanach leis na Leasuithe ar Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 675 maidir le “Rialacháin maidir le Soláthar na Cabhrach do Cháiníocóirí Leanúint dá nGníomhaíocht in Imthosca Ghéarchéim COVID-19” an 1 Aibreán 2021, an 26 Deireadh Fómhair 2021, an 9 Samhain 2021, an 30 Samhain 2021, an 7 Nollaig 2021, an 23 Nollaig 2021 agus an 11 Eanáir 2022,

    (e)

    íocaíochtaí forlíonta tuarastail do ghairmithe leighis agus do na daoine atá fostaithe sa tionscal cultúrtha, dá bhforáiltear sa “Dlí maidir le Bearta chun Bagairt ar an Stát a Chosc agus a Chur faoi Chois agus na hIarmhairtí a Ghabhann Leis Mar Thoradh ar Scaipeadh COVID-19”, an “Dlí maidir le hIarmhairtí Scaipeadh Ionfhabhtú COVID-19 a Chur faoi Chois” agus “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 303 an 3 Meitheamh 2020 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”, faoi seach,

    (f)

    caiteachas a bhaineann leis an tsláinte, ar caiteachas e a dhéantar ar threalamh cosanta pearsanta, dá bhforáiltear in “Orduithe Comh-Aireachta Uimh. 79 an 3 Márta 2020, Uimh 118 an 20 Márta 2020 agus Uimh. 220 an 27 Aibreán 2020,” Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit “Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne”, “Rialachán Comh-Aireachta Uimh. 380 an 9 Meitheamh 2020‘Rialacháin maidir leis na hAcmhainní chun an tSábháilteacht Eipidéimeolaíochta is gá a Áirithiú d’Institiúidí a áirítear i Liosta na nInstitiúidí agus na Riachtanas Tosaíochta’”,

    (g)

    sochair bhreoiteachta a bhaineann le COVID-19, dá bhforáiltear sa “Leasú ar an Dlí ‘Maidir le hÁrachas Máithreachais agus Breoiteachta’” (arna ghlacadh an 20 Márta 2020), arna leathnú agus arna leasú go deireanach leis na Leasuithe ar an Dlí “Maidir le hÁrachas Máithreachais agus Breoiteachta” an 4 Samhain 2021 agus an 13 Eanáir 2022,

    (h)

    sochair um chabhair bhreoiteachta do thuismitheoirí agus do chúramóirí, dá bhforáiltear sa “Leasú ar an Dlí ‘Maidir le hÁrachas Máithreachais agus Breoiteachta’”(Ranna 48 agus 49 d’fhorálacha idirthréimhseacha), a glacadh an 26 Samhain 2020, in “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 707 an 1 Nollaig 2020 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’” agus in “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 13 an 11 Eanáir 2021 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”,

    (i)

    préimheanna do liachleachtóirí agus d’fhostaithe a bhíonn ag déileáil le géarchéim COVID-19, dá bhforáiltear in “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 136 a Glacadh an 27 Márta 2020 ‘Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”, “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 656 a Glacadh an 6 Samhain 2020 maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”, “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 743 an 8 Nollaig 2020. “Leasú ar Ordú Comh-Aireachta Uimh. 655 an 6 Samhain 2020‘Maidir le Staid Éigeandála a Fhógairt” agus “Ordú Comh-Aireachta Uimh. 37 a Glacadh an 21 Eanáir 2021 Maidir le Leithdháileadh na gCistí ó Chlár Buiséid an Stáit ‘Cistí le haghaidh Imeachtaí Gan Choinne’”.””.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Laitvia.

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an dáta a dtabharfar fógra ina leith don seolaí.

    Airteagal 3

    Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Laitvia chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú san éigeandáil tar éis ráig COVID-19, (IO L 314, 29.9.2020, lch. 38).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/677 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1351 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Laitvia chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú san éigeandáil tar éis ráig COVID-19, (IO L 144, 27.4.2021, lch. 7).

    (4)  Latvijas Vēstnesis, 230B, 27.11.2020.

    (5)  Latvijas Vēstnesis, 9A, 14.1.2021.

    (6)  Latvijas Vēstnesis, 15, 22.1.2021.

    (7)  Latvijas Vēstnesis, 25A, 5.2.2021.

    (8)  Latvijas Vēstnesis, 48, 10.3.2021.

    (9)  Latvijas Vēstnesis, 234, 3.12.2020.

    (10)  Latvijas Vēstnesis, 9, 14.1.2021.

    (11)  Latvijas Vēstnesis, 222A, 16.11.2020.

    (12)  Latvijas Vēstnesis, 9, 14.1.2021.

    (13)  Latvijas Vēstnesis, 66, 7.4.2021.

    (14)  Latvijas Vēstnesis, 211, 1.11.2021.

    (15)  Latvijas Vēstnesis, 220, 12.11.2021.

    (16)  Latvijas Vēstnesis, 236, 7.12.2021.

    (17)  Latvijas Vēstnesis, 240, 13.12.2021.

    (18)  Latvijas Vēstnesis, 249A, 27.12.2021.

    (19)  Latvijas Vēstnesis, 9, 13.1.2022.

    (20)  Latvijas Vēstnesis, 42, 2.3.2021.

    (21)  Latvijas Vēstnesis, 57B, 21.3.2020.

    (22)  Latvijas Vēstnesis, 221A, 13.11.2020.

    (23)  Latvijas Vēstnesis, 215A, 5.11.2021.

    (24)  Latvijas Vēstnesis, 10A, 14.1.2022.

    (25)  Latvijas Vēstnesis, 230A, 27.11.2020.

    (26)  Latvijas Vēstnesis, 234, 3.12.2020.

    (27)  Latvijas Vēstnesis, 9, 14.1.2021.

    (28)  Latvijas Vēstnesis, 113A, 12.6.2020.

    (29)  Latvijas Vēstnesis, 62B, 27.3.2020.

    (30)  Latvijas Vēstnesis, 218, 10.11.2020.

    (31)  Latvijas Vēstnesis, 237A, 8.12.2020.

    (32)  Latvijas Vēstnesis, 16, 25.1.2021.


    Fuq