Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2103

    Cinneadh (AE) 2022/2103 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) a mhéid a bhaineann leis an gcatagóir gnáthola olóige íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

    ST/12545/2022/INIT

    IO L 283, 3.11.2022, p. 13–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2103/oj

    3.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 283/13


    CINNEADH (AE) 2022/2103 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Deireadh Fómhair 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC) a mhéid a bhaineann leis an gcatagóir gnáthola olóige íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 (1) ón gComhairle an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de.

    (2)

    Tugadh an Comhaontú i gcrích an 17 Bealtaine 2019 le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2).

    (3)

    De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá cinntí lena modhnófar an Comhaontú. Le glacadh ag Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”).

    (4)

    Le linn an 116ú seisiún a bheidh ar siúl idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022, nó faoi chuimsiú nós imeachta maidir le cinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, tá cinneadh lena ndéanfar an chatagóir “gnáthola olóige íon” a bhaint d’Iarscríbhinn B den Chomhaontú le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí.

    (5)

    Beidh an cinneadh ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá le glacadh ar an Aontas.

    (6)

    Ós rud é nach ann do chatagóir “gnáthola olóige íon” i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart tacú leis an gcinneadh ó Chomhairle na gComhaltaí.

    (7)

    Ba cheart an seasamh a leagtar amach sa Chinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 116ú seisiún de Chomhairle na gComhaltaí nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú. Ba cheart an nós imeachta maidir le glacadh trí chomhfhreagras a mhalartú a thionscnamh roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí na Samhna 2022,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg le linn an 116ú seisiún a reáchtálfar idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a reáchtálfar i mí na Samhna 2022, tacú leis an gcatagóir “gnáthola olóige íon” a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird amhail ón 1 Eanáir 2026.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. BLAŽEK


    (1)  Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Comhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).

    (2)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.05.2019, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


    Top