Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1355

    Cinneadh (CBES) 2022/1355 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/8265/2022/INIT

    IO L 204I, 4.8.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1355/oj

    4.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 204/4


    CINNEADH (CBES) 2022/1355 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Lúnasa 2022

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Leanann an tAontas de ghníomhaíochtaí agus de bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh.

    (3)

    Measann an Chomhairle gur cheart beirt a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES iad mar gheall ar an ról atá acu ó thaobh an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin, agus toisc go mbaineann siad tairbhe as cinnteoirí Rúiseacha a bhí freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine,

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “209.

    Oleksandr Viktorovych YANUKOVYCH

    (Олександр Вiкторович ЯНУКОВИЧ)

    Inscne: Fireann

    Dáta breithe: 10.7.1973

    Áit bhreithe: Yenakiyeve, Donetsk Oblast, (an Úcráin, iarSSR, an Úcráin anois)

    Náisiúntacht: Úcránach

    Fear gnó agus mac le hiar-Uachtarán na hÚcráine Viktor Yanukovych is ea Oleksandr Yanukovych. Le linn uachtaránacht Viktor Yanukovych agus a bhuí leis an nasc pearsanta a bhí aige le grúpa daoine a bhí gar dá athair, chuir sé le chéile scata leasanna gnó agus bhailigh sé saibhreas mór. Tá sé fós i mbun a ghníomhaíochtaí gnó i réigiún Donbas agus iad faoi rialú grúpaí scarúnaíocha, go háirithe in earnálacha an fhuinnimh,an ghuail,na tógála, na baincéireachta agus an eastáit réadaigh.Go háirithe, a bhuí le dlúthnaisc leis na scarúnaithe ar son na Rúise, fuair sé príomhshócmhainní eacnamaíocha sna ‘Daonphoblachtaí scarúnaíocha Donetsk agus Luhansk’ mar a ghairtear díobh, inter alia, in earnálacha an fhuinnimh, an ghuail agus an eastáit réadaigh. Chosain cathlán scarúnaíoch OPLOT (liostaithe ó mhí Feabhra 2015) a thionscadail forbartha eastáit réadaigh i ‘Daonphoblacht Donetsk’ mar a ghairtear di.

    Dá bhrí sin, tá Oleksandr Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin agus rinne sé idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine.

    Ina theannta sin, tá baint aige lena athair Viktor Yanukovych, atá freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus do chobhsaíocht agus slándáil an stáit.

    4.8.2022

    210.

    Viktor Fedorovych YANUKOVYCH

    (Вiктор Федорович ЯНУКОВИЧ)

    Inscne: Fireann;

    Dáta breithe: 9.7.1950

    Áit bhreithe: Yenakiyeve, Donetsk Oblast an Úcráin

    Náisiúntacht: Úcránach

    Feidhm: IarUachtarán na hÚcráine, Olagarc

    Ó 2010 go dtí 2014, bhí Viktor Yanukovych ina Uachtarán ar an Úcráin. Shaothraigh sé beartas ar son na Rúise nuair a bhí sé in oifig. Chinn cúirt Úcránach go raibh Viktor Yanukovych ciontach i dtréas tar éis dó cuireadh a thabhairt do Chónaidhm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin. Tar éis dó a bheith curtha as cumhacht, bhog sé go dtí an Rúis, áit óna leanann sé dá ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh an Úcráin a dhíchobhsú.

    Chuidigh sé le cur isteach míleata na Rúise san Úcráin trí iarraidh ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise trúpaí Rúiseacha a chur chuig an Úcráin i mí an Mhárta 2014. Thacaigh Viktor Yanukovych le polaiteoirí ar son na Rúise a raibh oifigí poiblí sa Chrimé faoi fhorghabháil acu. In 2021, cuireadh tús le himscrúdú réamhthrialach san Úcráin ar dá réir a fuarthas gur ndearna Viktor Yanukovych, i dteannta beirt iarAirí Cosanta leis, laghdú, d’aon ghnó, ar acmhainneacht slándála na hÚcráine, go háirithe i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé. Measann sé féin gurb é Uachtarán dlisteachanach na hÚcráine agus tá seasamh ar son na Rúise curtha i láthair aige go seasta ina chuid idirghabhálacha poiblí. De réir foinsí éagsúla, bhí Viktor Yanukovych páirteach in oibríocht speisialta de chuid na Rúise, arbh é ab aidhm di é féin a chur isteach in ionad Uachtarán na hÚcráine, le linn na gcéimmeanna tosaigh den fhogha míleata mídhleathach gan chúis i gcoinne na hÚcráine. Anuas air sin, d’iarr Uachtarán Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadrov, go n-aistreodh Uachtarán na hÚcráine a chumhachtaí go léir go Viktor Yanukovych.

    Dá bhrí sin, tá Viktor Yanukovych freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar bagairt iad d’iomláine chríochach, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine, agus do chobhsaíocht agus do shlándáil an stáit.

    4.8.2022”


    Top