EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1024
Council Decision (EU) 2022/1024 of 7 April 2022 on the position to be taken on behalf of the European Union at the Conference of the Parties to the Rotterdam Convention on the Prior Informed Consent Procedure for certain hazardous chemicals and pesticides in international trade as regards amendments of Annex III to that Convention
Cinneadh (AE) 2022/1024 ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe a ghabhann le Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin agus Lotnaidicídí Guaiseacha áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III
Cinneadh (AE) 2022/1024 ón gComhairle an 7 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe a ghabhann le Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin agus Lotnaidicídí Guaiseacha áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III
ST/7010/2022/INIT
IO L 172, 29.6.2022, p. 9–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 172/9 |
CINNEADH (AE) 2022/1024 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Aibreán 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhdháil na bPáirtithe a ghabhann le Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin agus Lotnaidicídí Guaiseacha áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus 207(3) agus an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin agus Lotnaidicídí Guaiseacha áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (“an Coinbhinsiún”) i bhfeidhm an 24 Feabhra 2004 agus tugadh i gcrích é thar ceann an Aontais le Cinneadh 2006/730/CE ón gComhairle (1). |
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cuirtear an Coinbhinsiún chun feidhme san Aontas (2). |
(3) |
De bhun Airteagal 7 den Choinbhinsiún, is féidir le Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún ceimiceáin a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
(4) |
Ag a 10ú cruinniú, meastar go bhfuil Comhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún cinntí maidir le tuilleadh ceimiceán a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh. |
(5) |
Chun a áirithiú go bhfaigheann na Páirtithe allmhairiúcháin tairbhe na cosanta arna tabhairt ag an gCoinbhinsiún, agus toisc go bhfuil na critéir ábhartha uile faoin gCoinbhinsiún comhlíonta, is gá agus is iomchuí tacú leis na moltaí ón gCoiste Athbhreithnithe Ceimiceán faoin gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le haicéiteaclór, carbasulfán, aispeist chrisitíle, éitear deacabrómaidhéfheinile, feintión, foirmlíochtaí leachtacha áirithe ina bhfuil déchlóiríd pharaquait nó os a chionn sin, agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Tá toirmeasc nó diansrian cheana ar úsáid na gceimiceán sin laistigh den Aontas agus, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 649/2012, tá formhór na gceimiceán sin faoi réir ceanglais onnmhairiúcháin a théann thar a gceanglaítear faoin gCoinbhinsiún. |
(6) |
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 10ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Coinbhinsiún, is iomchuí é a bhunú, toisc go mbeidh na leasuithe sin ina gceangal ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 10ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh ceimiceáin agus lotnaidicídí guaiseacha áirithe sa trádáil idirnáisiúnta, tacú leis an leasú ar Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a mhéid a bhaineann le haicéiteaclór, carbasulfán, aispeist chrisitíle, éitear deacabrómaidhéfheinile, feintión (foirmlíochtaí toirte ultra-ísle (ULV) ag 640 g comhábhar gníomhach/L nó os a chionn sin), foirmlíochtaí leachtacha (tiúchán ineiblithe agus tiúchán intuaslagtha) ina bhfuil déchlóiríd pharaquait ag 276 g/L nó os a chionn sin, atá comhfhreagrach le hian paraquait ag 200 g/L nó os a chionn sin, agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a áireamh.
Airteagal 2
Féadafaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle, mionchoigeartuithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chomhaontú, i bhfianaise na bhforbairtí ag an 10ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. DENORMANDIE
(1) Cinneadh 2006/730/CE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2006 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Choinbhinsiún Rotterdam ar an Nós Imeachta i dtaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceáin agus Lotnaidicídí Guaiseacha áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta (IO L 299, 28.10.2006, lch. 23).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 649/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le ceimiceáin ghuaiseacha a onnmhairiú agus a allmhairiú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 60).