Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0661

    Cinneadh (CBES) 2022/661 ón gComhairle an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    ST/7945/2022/INIT

    IO L 120, 21.4.2022, p. 14–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/661/oj

    21.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 120/14


    CINNEADH (CBES) 2022/661 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Aibreán 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849 (1).

    (2)

    Sna conclúidí uaithi an 17 Iúil 2017, chuir an Chomhairle in iúl go ndéanfadh an tAontas machnamh ar fhreagairtí iomchuí breise ar ghníomhaíochtaí Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (“DPDC”) lena mbaintear an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil, go háirithe trí bhearta sriantacha breise uathrialacha.

    (3)

    An 22 Nollaig 2017, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”) inar athdhearbhaigh sí an méid seo a leanas maidir le DPDC: nach bhfuil sí le haon lainseáil eile ina n-úsáidtear teicneolaíocht diúracán balaistíoch, tástálacha núicléacha, ná aon bhriogadh eile a dhéanamh; go bhfuil sí leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann lena clár diúracán balaistíoch a chur ar fionraí láithreach agus sa chomhthéacs sin na gealltanais a thug sí cheana féin maidir le moratorium ar gach lainseáil diúracán a athbhunú; go bhfuil sí le gach arm núicléach agus gach clár núicléach atá ann cheana a thréigean láithreach ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus go bhfuil sí le scor láithreach de na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir; agus go bhfuil sí le haon airm ollscriosta eile atá ann cheana agus aon chláir diúracán balaistíoch atá ann cheana a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe.

    (4)

    An 24 Márta 2022, lainseáil DPDC diúracán balaistíoch idir-ilchríochach. Lainseáil DPDC diúracáin 12 uair ar a laghad idir an 5 Eanáir agus an 24 Márta 2022.

    (5)

    An 25 Márta 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh lainseáil diúracán balaistíoch idir-ilchríochach a rinne DPDC an 24 Márta 2022, ar sárú é ar iliomad Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus atá ina bhagairt thromchúiseach ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta agus réigiúnach. Leis an dearbhú sin, iarradh ar DPDC freisin staonadh ó aon ghníomhaíocht eile a d‘fhéadfadh teannas idirnáisiúnta nó réigiúnach a mhéadú agus iarradh ar DPDC na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh trína airm núicléacha, airm eile ollscriosta, cláir diúracán balaistíoch agus cláir núicléacha atá ann cheana a thréigean, ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus scor láithreach de na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann. Dhearbhaigh an tArdionadaí freisin go bhfuil an tAontas réidh chun aon ghníomhaíocht a chur chun feidhme agus a chomhlánú, más gá, a d’fhéadfadh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a dhéanamh mar fhreagairt ar lainseáil diúracán balaistíoch idir-ilchríochach an 24 Márta 2022.

    (6)

    I bhfianaise na ngníomhaíochtaí leanúnacha a dhéanann DPDC a bhaineann le diúracán balaistíoch lena sáraítear agus lena dtugtar neamhaird neamhnáireach do UNSCRanna ábhartha, ba cheart ochtar daoine aonair agus ceithre eintiteas a chur ar liostaí na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849.

    (7)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear leis seo, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  Cinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (IO L 141, 28.5.2016, lch. 79).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leanas:

    (1)

    in Iarscríbhinn II, faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis atá freagrach as cláir DPDC a bhaineann le hairm núicléacha, le diúracáin bhalaistíocha nó le hairm ollscriosta eile, nó daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu”, fo-cheannteideal “A. Daoine”, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

     

    Ainm

    Ailias

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Ráiteas ar chúiseanna

    “28.

    KIM Su Gil

    KIM Su-Gil

    Dáta breithe: 1950

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar Stiúrthóir ar Korean People’s Army General Political Bureau idir 2018 agus 2021 agus ina Chomhalta den State Affairs Commission idir 2019 agus 2021, bhí sé freagrach as cinntí an Korean Workers’ Party a chur chun feidhme, a bhain le cláir núicléacha agus bhalaistíocha a fhorbairt a sháraíonn Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017), agus 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    29.

    JON Il Ho

    JON Il-Ho

    Dáta breithe: 1955 nó 1956

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ‘leading official in the field of national defence science’, tá ról mór aige i bhforbairt chláir arm ollscriosta DPDC agus is é atá freagrach as na cláir sin a fhorbairt. Fuair sé ardú céime go Coirnéal Ginearálta i mí Lúnasa 2019, fuair sé Duais Eolaíochta agus Teicneolaíochta mhí Feabhra 16, Stiúrthóir ar an Research Institute of Automation agus Stiúrthóir Institiúide ar an Kim Chaek University of Technology, agus Leas-Stiúrthóir ar Roinn den Central Committee of the Workers’ Party, ghlac sé páirt ag na lainseálacha de dhiúracán balaistíoch idir-ilchríochach Hwasong-14 (ICBM) an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, chomh maith leis an gcuid is mó de lainseálacha diúracán eile in 2017, 2019 agus Márta 2020.

    30.

    JONG Sung Il

    JONG Sung-Il

    Dáta breithe: 20.3.1961

    Uimhir an Phas: 927240105

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ‘Senior Party Official’ agus ‘leading official in the field of national defence science’ agus sainaitheanta ag Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe mar iar-Leas-Stiúrthóir ar Munitions Industry Department of the Central Committee of Workers’ Party of Korea in 2017, tá ról mór aige i bhforbairt chláir arm ollscriosta DPDC, go háirithe diúracáin bhalaistíocha, agus tá sé freagrach as na cláir sin a fhorbairt. Bhí sé i láthair ag tástálacha idir-ilchríochacha diúracáin bhalaistíocha Hwasong-14 (ICBM) an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017 agus bhí sé i láthair lainseálacha de dhiúracán balaistíoch/lainseálacha móra de Chóras Il-Roicéad Lainseála an 24 Lúnasa 2019 agus an 10 Meán Fómhair 2019.

    31.

    YU Jin

    YU Jin

    Dáta breithe: 1960

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar Stiúrthóir ar an Munitions Industry Department agus mar Chomhalta Malartach de Political Bureau of the Central Committee of Workers’ Party of Korea, tá sé freagrach as ról mór a ghlacadh i bhforbairt chláir arm ollscriosta DPDC, i réimsí núicléacha agus balaistíocha araon. Bhí sé in éineacht le Kim Jong Un ag an National Aerospace Development Administration roimh lainseáil ICBM mhí an Mhárta 2022 agus ghlac sé páirt i dTaispeántas Náisiúnta Cosanta 2021, ag a taispeánadh córais armán nua is cosúil. Mar Leas-Stiúrthóir bhí sé i láthair le linn na tástálacha Hwasong-14 idir-ilchríochach diúracán balaistíoch (ICBM) an 4 Iúil 2017 agus an 28 Iúil 2017, agus ag an iniúchadh a rinne Kim Jong Un ar chineál nua fomhuireáin, maidir leis an bhfomhuireán sin, chuir DPDC in iúl go raibh sé beartaithe é a úsáid chun na críche ‘straitéisí’, sé sin chun diúracáin bhalaistíocha arna lainseáil ó fhomhuireán a imscaradh, agus gur fomhuireáin é a d’fhéadfadh a bheith in ann soic phléascáin núicléach a iompar an 22 Iúil 2019 agus diúracán balaistíoch a lainseáil an 25 Iúil agus an 30 Iúil 2019, agus an 2 Lúnasa 2019.”

    (2)

    in Iarscríbhinn III, faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus pointe (c) d’Airteagal 27(1)”, fo-cheannteideal “A. Daoine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Cúiseanna

    “25.

    PAK Hwa Song

    ar a dtugtar freisin PAK Hwa-Song

    Comhbhunaitheoir na cuideachta CONGO ACONDE

    Áit bhreithe: DPDC

    Uimhir an Phas: 654331357

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    Seoladh: Poblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC)

    21.4.2022

    Tá Pak Hwa Song i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Tá sé ina chomhbhunaitheoir den chuideachta CONGO ACONDE, cuideachta chaoch de CORPORING PAEKHO TRADING. Tá PAEKHO bainteach le honnmhairiú dealbh chuig roinnt tíortha Fo-Shaháracha de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe. Chomh maith leis sin, d’oscail Pak cuntas bainc i mbrainse bainc Lubumbashi atá bunaithe i gCamarún, agus leis sin, sháraigh sé rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Oibríonn Pak le Hwang Kil Su. Cuireann sé seirbhísí airgeadais ar fáil a thacaíonn le réimeas agus cláir núicléacha DPDC.

    26.

    HWANG Kil Su

    ar a dtugtar freisin HWANG Kil-Su

    Comhbhunaitheoir na cuideachta CONGO ACONDE

    Áit bhreithe: DPDC

    Uimhir an Phas: 654331363

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    Seoladh: Poblacht Dhaonlathach an Chongó (DRC)

    21.4.2022

    Tá Hwang Kil Su i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC. Tá sé ina chomhbhunaitheoir den chuideachta CONGO ACONDE, cuideachta chaoch de CORPORING PAEKHO TRADING. Tá PAEKHO bainteach le honnmhairiú dealbh chuig roinnt tíortha Fo-Shaháracha de shárú ar rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Chomh maith leis sin, d’oscail Hwang cuntas bainc i mbrainse bainc Lubumbashi atá bunaithe i gCamarún, agus leis sin, sháraigh sé rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Oibríonn Hwang le Pak Hwa Song. Cuireann sé seirbhísí airgeadais ar fáil a thacaíonn le réimeas agus cláir núicléacha DPDC.

    27.

    IM Song Sun

    ar a dtugtar freisin IM Song-Sun

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ionadaí ar an Corman Construction Company (Tong Bang), cuideachta chaoch don Mansudae Overseas Project (MOP) Group atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, tá Im Song Sun i mbun imghabháil smachtbhannaí, agus leis sin sáraítear forálacha 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397(2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhainistigh sé tionscadail tógála na cuideachta sin sa tSeineagáil agus fuair sé íocaíochtaí ar chonarthaí a bronnadh ar MOP agus Corman Construction, agus dá bhrí sin tá sé freagrach as gníomhaíochtaí airgeadais lena dtacaítear le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC.

    28.

    CHOE Song Chol

    ar a dtugtar freisin CHOE Song-Chol

    Náisiúntacht: DPDC

    Inscne: fireann

    21.4.2022

    Ina cháil mar ionadaí ar an Corman Construction Company (Tong Bang), cuideachta chaoch don Mansudae Overseas Project Group atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, tá Im Song Chol i mbun imghabháil smachtbhannaí, agus leis sin sáraítear forálacha 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397(2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhainistigh sé tionscadail tógála na cuideachta sin sa tSeineagáil agus fuair sé íocaíochtaí ar chonarthaí a bronnadh ar MOP agus Corman Construction, agus dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí airgeadais lena dtacaítear le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC.”

    (3)

    in Iarscríbhinn III, faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus pointe (c) d’Airteagal 27(1)”, fo-cheannteideal “B. Eintitis”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach:

     

    Ainm (agus ailiasanna féideartha)

    Faisnéis aitheantais

    Dáta ainmniúcháin

    Cúiseanna

    “5.

    Eritech Computer Assembly & Communication Technology PLC

    Seoladh: Denden Street N028, Asmara, 257, Eritrea

    21.4.2022

    Cuirtear Eritech Computer Assembly & Communication technology PLC faoi údarás nó faoi stiúir na Eritrean Defense Forces agus tá sainchónaí air laistigh de choimpléasc an Asha Golgol Military Technical Center, a úsáidtear chun trealamh sibhialta agus míleata agus paraimíleata a tháirgeadh, a mhodhnú nó a dheisiú. Tá sé i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacú le cláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC ós rud é gur aithníodh é mar an faighteoir beartaithe i ndáil le trealamh cumarsáide míleata de thionscnamh DPDC a loingsíodh ón tSín i mí Iúil 2016. Ba as GLOCOM, cuideachta de chuid DPDC atá speisialaithe i soláthar trealaimh tarchurtha mhíleata a tháinig an chuid is mó den trealamh lena mbaineann, cuideachta atá nasctha le seirbhísí faisnéise DPDC, go háirithe, de shárú ar Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    6.

    Korea General Corporation for External Construction (Ailiasanna: KOGEN, GENCO)

    Seoladh: Taedonggang District, Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

    21.4.2022

    Tá Korea General Corporation for External Construction (KOGEN), mar chuideachta tógála ghairmiúil thar lear, ag brath ar oibrithe oilte a sheoladh thar lear, de réir an chur i láthair a rinne Naenara, tairseach oifigiúil idirlín DPDC, agus rinne sé tionscadail in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, i gCuáit, i gCatar, in Éimin, sa Rúis, sa Libia agus sa Mhongóil. Tá brainsí áitiúla bunaithe aige freisin, sa tSaimbia mar shampla. Dá bhrí sin, tá KOGEN i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC toisc go n-aistríonn sé pá iomlán nó cuid de phá na n-oibrithe a chuireann sé thar lear chuig an réimeas, cleachtas atá toirmiscthe ag Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

    7.

    Chilsong Trading Corporation

    Seoladh: Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

    21.4.2022

    Tá Chilsong Trading Corporation i mbun imghabháil smachtbhannaí, agus leis sin sáraítear Rún 2270 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus tá sé freagrach as tacaíocht a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC mar gurb é an saoránach de DPDC, CHOE Jin-myong, a mhargaíonn trealamh cumarsáide míleata agus a rinne idirbheartaíocht leis an DAERYONGGANG TRADING CORPORATION, eintiteas faoi smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 16 Iúil 2009.

    8.

    Korea Paekho Trading Corporation

    (Ailias: Joson Paekho Muyok Hoesa)

    Seoladh: Chongryu 3-dong, Taedonggang District, Pyongyang, Democratic People’s Republic of Korea

    21.4.2022

    Is cuideachta ealaíne é Paekho Trading Corporation a bhfuil baint aige le dealbha a thógáil thar lear, i ndealbha saothar ealaíne arna dtáirgeadh ag Paekho Art Studio a onnmhairiú, agus éascaíonn sé saothair aindleathach agus rochtain ar chórais airgeadais idirnáisiúnta. Díríonn sé go sonrach ar dheontais agus iasachtaí forbartha, chomh maith le hinfheistíocht dhíreach choigríche atá curtha i leataobh do thionscadail bhardasacha. Dá bhrí sin, tá sé i mbun imghabháil smachtbhannaí agus tá sé freagrach as tacaíocht airgeadais a thabhairt do chláir núicléacha agus bhalaistíocha DPDC.”


    Top