This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0628
Council Decision (CFSP) 2022/628 of 13 April 2022 amending Decision (CFSP) 2022/266 concerning restrictive measures in response to the recognition of the non-government controlled areas of the Donetsk and Luhansk oblasts of Ukraine and the ordering of Russian armed forces into those areas
Cinneadh (CBES) 2022/628 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin
Cinneadh (CBES) 2022/628 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin
ST/8110/2022/INIT
IO L 116, 13.4.2022, p. 8–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modifies | 32022D0266 | Cur le | airteagal 6 mír 2a | 14/04/2022 | |
Modifies | 32022D0266 | Cur le | airteagal 6 mír 2b | 14/04/2022 | |
Modifies | 32022D0266 | Cur le | airteagal 7 mír 1a | 14/04/2022 | |
Modifies | 32022D0266 | Cur le | airteagal 7 mír 1b | 14/04/2022 |
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Corrected by | 32022D0628R(01) | (FR) |
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 116/8 |
CINNEADH (CBES) 2022/628 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 23 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/266 (1). |
(2) |
An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha de chuid na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. |
(3) |
Trína gníomhaíochtaí míleata mídhleathacha atá ar siúl aici, tá iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, á sárú go trom ag an Rúis. |
(4) |
I bhfianaise na géarchéime daonnúla atá ann mar thoradh ar ionradh gan chúis fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, measann an Chomhairle, gur cheart, i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, do ghníomhaithe daonnúla neamhchlaonta, a thugann aghaidh ar riachtanais dhaonnúla phobal shibhialta na hÚcráine, leanúint de ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a dhéanamh san Úcráin, lena n-áirítear limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht rialtais. |
(5) |
Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur cheart catagóirí áirithe comhlachtaí, daoine, eintiteas, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a dhíolmhú ó na srianta ar thrádáil earraí agus teicneolaíochta lena n-úsáid in earnálacha áirithe, ar sholáthar seirbhísí agus cúnaimh áirithe a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht sin, agus ar sholáthar seirbhísí a bhaineann le bonneagar in earnálacha áirithe, i gcás inar gá sin go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir sin nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine. |
(6) |
Ina theannta sin, agus chun na críche céanna, measann an Chomhairle freisin gur cheart sásra maolaithe a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaíochtaí daonnúla nach gcumhdaítear leis an díolúine thuasluaite. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/266 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 6, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “2a. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 maidir leis an méid seo a leanas:
2b. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 2a, agus de mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú maidir leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú agus seirbhísí agus cúnaimh dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na hearraí, leis an teicneolaíocht, leis na seirbhísí agus leis an gcúnamh sin go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú a dheonú.”; |
(2) |
in Airteagal 7, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: “1a. Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:
1b. I gcásanna nach gcumhdaítear le mír 1a agus de mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leis, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú maidir leis an gcúnamh agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis an gcúnamh agus leis na seirbhísí sin go heisiach chun críoch daonnúil sna limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú a dheonú.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha chun freagairt d’aitheantas na limistéar nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus don ordú chun fórsaí armtha de chuid na Rúise a thabhairt isteach sna limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).