Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0572

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/572 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig

    ST/14839/2021/INIT

    IO L 109, 8.4.2022, p. 64–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/572/oj

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 109/64


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/572 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Aibreán 2022

    maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 25(2) de Chinneadh 2008/615/CGB, ní fhéadfar na sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin a sholáthar go dtí go mbeidh na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i gCaibidil 6 den Chinneadh sin curtha chun feidhme sa dlí náisiúnta ar chríoch na mBallstát a mbeidh baint acu leis an soláthar sin.

    (2)

    Foráiltear le hAirteagal 20 de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle (3) gur ar bhonn tuarascáil mheastóireachta arna bunú ar cheistneoir, cuairt mheastóireachta agus triail phíolótach atá comhlíonadh an choinníll dá dtagraítear in aithris 1 maidir le malartú uathoibrithe sonraí i gcomhréir le Caibidil 2 de Chinneadh 2008/615/CGB le fíorú.

    (3)

    I gcomhréir le Caibidil 4, pointe 1.1, den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB, baineann an ceistneoir arna tharraingt suas ag an Meitheal ábhartha de chuid na Comhairle le gach ceann de na malartuithe uathoibrithe sonraí agus tá sé le freagairt ag an mBallstát a luaithe is dóigh leis go bhfuil na réamhriachtanais le haghaidh sonraí a chomhroinnt sa chatagóir sonraí ábhartha á gcomhlíonadh aige.

    (4)

    Tá an ceistneoir maidir le cosaint sonraí agus an ceistneoir maidir le sonraí clárúcháin feithicle (SCF) comhlánaithe ag an nGréig.

    (5)

    Chuir an Ghréig triail phíolótach rathúil i gcrích in éineacht leis an Ísiltír.

    (6)

    Tugadh cuairt mheastóireachta ar an nGréig agus rinne fhoireann meastóireachta na hÍsiltíre agus na Cipire tuarascáil ar an gcuairt mheastóireachta agus chuir siad ar aghaidh chuig Meitheal ábhartha na Comhairle í.

    (7)

    Cuireadh tuarascáil fhoriomlán mheastóireachta, ina ndéantar achoimre ar thorthaí an cheistneora, na cuairte meastóireachta agus na trialach píolótaí maidir le malartú sonraí clárúcháin feithicle, faoi bhráid na Comhairle.

    (8)

    An 9 Nollaig 2021, ba é conclúid na Comhairle, tar éis di comhaontú na mBallstát uile atá faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB a thabhairt dá haire, go bhfuil na forálacha ginearálta maidir le cosaint sonraí, a leagtar amach i gCaibidil 6 de Chinneadh 2008/615/CGB, curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an nGréig.

    (9)

    Dá bhrí sin, chun críoch cuardaigh uathoibrithe i ndáil le SCF, ba cheart an Ghréig a bheith i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

    (10)

    Le hAirteagal 33 de Chinneadh 2008/615/CGB, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle d’fhonn go ndéanfar na bearta a ghlacadh is gá chun an Cinneadh sin a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le fáil agus soláthar sonraí pearsanta dá bhforáiltear faoin gCinneadh sin.

    (11)

    Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le gníomhachtú na gcumhachtaí cur chun feidhme sin agus gur leanadh an nós imeachta a ghabhann leis, ba cheart cinneadh Cur Chun Feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibrithe sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle sa Ghréig a ghlacadh chun ligean don Bhallstát sin sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB.

    (12)

    Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cinneadh 2008/615/CGB agus, dá bhrí sin, tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear Cinneadh 2008/615/CGB chun feidhme,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Chun críoch cuardach uathoibrithe sonraí clárúcháin feithicle, tá an Ghréig i dteideal sonraí pearsanta a fháil agus a sholáthar de bhun Airteagal 12 de Chinneadh 2008/615/CGB amhail ón 9 Aibreán 2022.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    R. BACHELOT-NARQUIN


    (1)   IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

    (2)  Tuairim an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).


    Top