Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0567

    Cinneadh (AE) 2022/567 ón gComhairle an 4 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta a ghlacadh

    ST/7208/2022/INIT

    IO L 109, 8.4.2022, p. 48–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/567/oj

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 109/48


    CINNEADH (AE) 2022/567 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Aibreán 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i ndáil leis na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta a ghlacadh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, Airteagal 91, Airteagal 100(2) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann.

    (2)

    Le hAirteagal 14 den Chomhaontú Trádála agus Comhair ceanglaítear ar an gComhairle Comhpháirtíochta, arna bunú leis an gcomhaontú sin, na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta (“na treoirlínte”) a ghlacadh.

    (3)

    Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta maidir leis na treoirlínte a ghlacadh a bhunú.

    (4)

    Ionas go bhféadfar na treoirlínte a ghlacadh go tráthúil, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le cinneadh atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 de, beidh sé bunaithe ar na dréacht-treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar Fhóram na Sochaí Sibhialta atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, 4 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    R. BACHELOT-NARQUIN


    (1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).


    IARSCRÍBHINN

    TREOIRLÍNTE LE hAGHAIDH FHÓRAM NA SOCHAÍ SIBHIALTA

    faoin gComhaontú Trádála agus Comhair

    Le hAirteagal 14(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), foráiltear go n-éascóidh na Páirtithe eagrú Fhóram na Sochaí Sibhialta, ar fóram é a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus a thiocfaidh le chéile uair sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Ina theannta sin, foráiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go nglacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar an Fhóraim.

    1.   RANNPHÁIRTITHE

    De réir Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (1), tarraingeoidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe, eadhon ionadaithe ar eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí (ach ní ar chuideachtaí príobháideacha aonair), ar cheardchumainn, ar an lucht léinn agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha i mbrainsí éagsúla den tsochaí atá ábhartha do na réimsí a chumhdaítear faoi Chuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Cuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm a rialacha agus a gcleachtais féin maidir le hionadaithe ar an tsochaí shibhialta a chlárú chun ionadaíocht chothrom ar eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur chun cinn.

    Ar chúiseanna praiticiúla, beidh líon na rannpháirtithe i gcruinnithe fisiciúla i bhFóram na Sochaí Sibhialta teoranta do 60 ionadaí ón tSochaí Shibhialta ar gach taobh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Beidh na hionadaithe sin in ann freastal ar chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta go pearsanta nó ag úsáid modhanna leictreonacha. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú an cruinniú a reáchtáil go hiomlán i bhformáid fhíorúil i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta ar oscailt do chomhaltaí eile d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, a chláraíonn roimh ré, mar bhreathnóirí.

    2.   RAON FEIDHME

    Cumhdófar le plé Fhóram na Sochaí Sibhialta na réimsí i gCuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair: trádáil, eitlíocht, iompar de bhóthar, comhordú na slándála sóisialta agus víosaí le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha, iascach agus forálacha eile.

    3.   UAINIÚ, EAGRÚ AGUS CLÁIR OIBRE

    Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos go dtiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile uair sa bhliain, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Tiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile thart ar an am céanna le cruinniú an Choiste Comhpháirtíochta Trádála, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Comhchathaoirligh an Choiste Comhpháirtíochta Trádála agus na gCoistí Speisialaithe Trádála agus comhchathaoirligh na gCoistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, beidh siad in ann a bheith rannpháirteach san Fhóram nuair a phléifear ábhair atá laistigh dá sainchúram ag an bhFóram.

    Is é an Páirtí atá freagrach as an gcruinniú den Choiste Comhpháirtíochta Trádála a óstáil a eagróidh Fóram na Sochaí Sibhialta, rud a fhágfaidh go ndéanfar suíomh an Fhóraim a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Is é an Páirtí a bhfuil an Fóram á óstáil aige a sholáthróidh an t-ionad agus a éascóidh an cruinniú (e.g. soláthróidh sé naisc le haghaidh clárú agus rannpháirtíocht fhíorúil).

    Maidir le míreanna a d’fhéadfaí a chur ar an gclár oibre, sula dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le dréachtchlár oibre leis an bpáirtí eile, féachfaidh siad le dul i gcomhairle lena nGrúpaí Comhairleacha Baile féin. Féachfaidh na Páirtithe leis na dréachtchláir oibre a fhoilsiú 15 lá roimh dháta an chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta.

    Is é an Páirtí is óstach a dhréachtóidh torthaí agus conclúidí ó Fhóram na Sochaí Sibhialta i gcomhaontú leis an bPáirtí eile, laistigh de 30 lá ón gcruinniú. Roinnfear torthaí agus conclúidí ó gach ceann de na cruinnithe leis an gComhairle Comhpháirtíochta, leis an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála agus leis na Coistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

    I gcomhréir le hAirteagal 14(1), an dara habairt, den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte seo a leasú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn agus iad á gcur chun feidhme.


    (1)  Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta oscailte do rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe, lena n-áirítear comhaltaí de na grúpaí comhairleacha baile dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Déanfaidh gach Páirtí ionadaíocht chothrom a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, san fhorbairt inbhuanaithe, i gcúrsaí sóisialta, i gcearta an duine, sa chomhshaol agus in ábhair eile.


    Top