Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0313

    Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin

    PE/5/2022/REV/1

    IO L 55, 28.2.2022, p. 4–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/313/oj

    28.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 55/4


    CINNEADH (AE) 2022/313 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 24 Feabhra 2022

    lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (“an tAontas”) agus an Úcráin faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2) (“an Comhaontú Comhlachais”), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm.

    (2)

    In earrach 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú a bhfuil sé mar aidhm leis a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le cúig chlár cúnaimh macrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 5 bhilliún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais is déanaí, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 de bhun Chinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin agus cuireadh i gcrích i Meán Fómhair 2021 é.

    (3)

    An cúlú eacnamaíoch in 2020 a d’eascair as paindéim COVID-19 agus as bagairtí slándála leanúnacha ar theorainn na hÚcráine leis an Rúis, rinne sé difear do gheilleagar na hÚcráine. Mar thoradh ar mhéadú leanúnach na héiginnteachta, cailleadh muinín le déanaí, rud lena ndéantar difear diúltach don ionchas eacnamaíochta, agus ó bhí lár Eanáir 2022 ann, cailleadh rochtain ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta. Leis na coinníollacha maoiniúcháin atá ag dul in olcas, cuireadh leis an mbearna sa mhaoiniú seachtrach, bearna atá fós ann, atá mór agus atá ag leathnú agus a chuireann isteach go mór ar infheistíocht, rud a lagaíonn athléimneacht na hÚcráine maidir le turraingí eacnamaíocha agus polaitiúla amach anseo.

    (4)

    Léirigh rialtas na hÚcráine tiomantas láidir i leith tuilleadh athchóirithe a chur chun feidhme, ar athchóirithe iad lena ndírítear, ar an bpointe cinniúnach atá ann faoi láthair, sa ghearrthéarma ar réimsí beartais ríthábhachtacha amhail athléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch, rialachas agus an smacht reachta, agus fuinneamh.

    (5)

    Mar thoradh ar thiomantas athnuaite chun athchóirithe den sórt sin a dhéanamh agus ar thoil láidir pholaitiúil, chuir údaráis na hÚcráine dlús le cur chun feidhme na n-athchóirithe ó bhí samhradh 2021 ann. Leis sin, cuireadh ar chumas na hÚcráine an oibríocht maidir leis an gcúnamh macrairgeadais i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 a chur i gcrích go rathúil, ós rud é gur comhlíonadh gach gníomhaíocht athchóiriúcháin arna comhaontú leis an Aontas sa mheabhrán tuisceana.

    (6)

    Chun gur féidir tuilleadh solúbthacht beartais a bheith ann i gcomhthéacs na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19, i Meitheamh 2020, d’fhormheas an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) Socrú Teannta 18 mí le haghaidh na hÚcráine le rochtain arb ionann í agus USD 5 bhilliún. Leis an socrú sin, dírítear ar na ceithre thosaíocht seo a leanas: (i) tionchar eacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí; (ii) neamhspleáchas leanúnach an bhainc ceannais agus ráta malairte solúbtha a áirithiú; (iii) cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus na costais ó réitigh bhainc á n-aisghabháil; agus (iv) leanúint ar aghaidh le príomhbhearta rialachais agus frithéillithe chun gnóthachain a baineadh amach le déanaí a chaomhnú agus a dhoimhniú. De dheasca teist cur chun feidhme neamhchothrom, maidir leis an gcéad athbhreithniú ar an gclár, lenar comhaontaíodh freisin síneadh ama ar an gclár go dtí deireadh Mheitheamh 2022, níor cuireadh an t-athbhreithniú sin i gcrích go dtí Samhain 2021. Leis sin, tugadh iomlán na n-eisíocaíochtaí faoi chlár CAI atá ann faoi láthair go méid atá coibhéiseach le USD 2,8 billiún go dtí seo. Tá sé beartaithe dhá athbhreithniú eile a dhéanamh faoi dheireadh an dara ráithe de 2022.

    (7)

    I bhfianaise ardrioscaí maoiniúcháin buiséid agus i gcomhthéacs téarnamh mall ón ngéarchéim a bhaineann le paindéim COVID-19 agus boilsciú atá ag méadú go tapa, d’iarr an Úcráin clár cúnaimh macrairgeadais nua fadtéarmach suas le EUR 2,5 billiún ón Aontas an 16 Samhain 2021. Freagraíonn cúnamh macrairgeadais éigeandála den sórt sin, go háirithe, don mhéadú géar gan choinne i riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na hÚcráine, a eascraíonn as an gcaillteanas de facto maidir le rochtain ar mhargaí airgeadais, agus do na dúshláin bhunúsacha phráinneacha.

    (8)

    Ós rud é gur tír í an Úcráin a chumhdaítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

    (9)

    Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n-íocaíochtaí, agus é mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha maoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha staid an tairbhí i dtaca le comhardú na n-íocaíochtaí sa ghearrthéarma agus an athléimneacht eacnamaíoch sa mheántéarma a fheabhsú.

    (10)

    Ós rud é gur chruthaigh an caillteanas rochtana ar an margadh agus an t-eis-sreabhadh caipitil bearna shuntasach sa mhaoiniú seachtrach atá fós ann i gcomhardú íocaíochtaí na hÚcráine, ar bearna í atá go mór os cionn na n-acmhainní a sholáthraítear le CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, gur freagairt iomchuí ghearrthéarmach ar na rioscaí móra don tír cúnamh macrairgeadais éigeandála ón Aontas a sholáthar don Úcráin go gasta. Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, thacófaí le cobhsú eacnamaíoch na hÚcráine agus bheadh sé mar aidhm leis athléimneacht láithreach na tíre a neartú, chomh maith le clár oibre um athchóiriú struchtúrach na hÚcráine a neartú nuair is féidir déanamh amhlaidh faoi láthair, lena bhforlíonfaí acmhainní arna gcur ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI.

    (11)

    Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas tacú le staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Úcráin, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

    (12)

    Táthar ag súil go mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ag teacht le cur chun feidhme oibríochtaí tacaíochta buiséadaí faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

    (13)

    Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh bunaithe ar mheasúnú cainníochtúil ar na riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, agus cuirtear san áireamh cumas na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda a chomhlánú. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

    (14)

    Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus beartas ábhartha eile de chuid an Aontais agus leis na bearta a ghlactar laistigh díobh.

    (15)

    Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta maidir leis an gcúnamh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

    (16)

    Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart tacú le tiomantas na hÚcráine do luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus lena tiomantas do phrionsabail na trádála oscailte riailbhunaithe cothroime.

    (17)

    Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Sa bhreis air sin, leis na cuspóirí sonracha atá leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí a neartú agus ba cheart athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le fás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú fostaíochta cuibhiúla agus comhdhlúthú fioscach. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán rialta a dhéanamh ar chomhlíonadh an réamhchoinníll agus ar bhaint amach na gcuspóirí sin.

    (18)

    Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an gcúnamh sin a chosc agus a bhaineann leis an gcomhrac ina gcoinne. Sa bhreis air sin, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí.

    (19)

    Ní dochar scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

    (20)

    Ba cheart méideanna an tsoláthair a theastaíonn maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a bheith i gcomhréir leis na leithreasuithe buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

    (21)

    Ba cheart don Choimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairtí a bhaineann leis an gcúnamh sin agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

    (22)

    Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

    (23)

    Ba cheart an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann leis an éifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na hÚcráine faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh ós cionn EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an mheabhráin tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

    (24)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a bhaint amach, eadhon cúnamh macrairgeadais éigeandála a sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

    (25)

    I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (26)

    Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais de EUR 1,2 billiún ar a mhéad a chur ar fáil don Úcráin (“an cúnamh macrairgeadais ón Aontas”), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch agus le clár oibre substainteach um athchóiriú na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachtaí a sholáthrófar iomlán an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin. Tá scaoileadh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Leis an gcúnamh sin, rannchuideofar le riachtanais na hÚcráine maidir le comhardú na n-íocaíochtaí, mar a aithníodh i gclár CAI, a chumhdach.

    2.   Chun an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ó na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus an t-airgead sin a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Is é 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí.

    3.   Bainisteoidh an Coimisiún an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis na comhaontuithe agus na comhthuiscintí a tugadh i gcrích idir CAI agus an Úcráin, agus le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na n-athchóirithe eacnamaíocha a leagtar amach sa Chomhaontú Comhlachais, lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

    Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

    4.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil ar feadh tréimhse 12 mhí, tréimhse a thosóidh an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an mheabhráin tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

    5.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

    Airteagal 2

    1.   Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

    2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas.

    3.   Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (6).

    Airteagal 3

    1.   I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na hÚcráine coinníollacha dea-shainithe beartais eacnamaíoch agus coinníollacha dea-shainithe airgeadais, lena ndíreofar ar athchóirithe struchtúracha agus airgeadas poiblí fónta, a mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas faoina réir. Déanfar na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus coinníollacha airgeadais sin a leagan amach i meabhrán tuisceana ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus coinníollacha airgeadais a leagtar amach i meabhrán tuisceana i gcomhréir leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena n-áirítear an coigeartú maicreacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Úcráin le tacaíocht ó CAI.

    2.   Beidh sé mar aidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí san Úcráin a fheabhsú, lena n-áirítear i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

    3.   Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

    4.   Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na hÚcráine i gcomhréir leis na cuspóirí maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas. Chun críocha an fhíoraithe sin, comhordóidh an Coimisiún go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

    Airteagal 4

    1.   Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil ina dhá thráthchuid chothroma, a mbeidh gach ceann díobh ina iasacht. Déanfar an clár ama maidir le heisíocaíocht gach tráthchoda a leagan síos sa mheabhrán tuisceana.

    2.   Méideanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas arna soláthar i bhfoirm iasachtaí, déanfar soláthar ina leith, i gcás inar gá, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947.

    3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna, faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

    (a)

    an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1);

    (b)

    teist shásúil leanúnach maidir le socrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é a chur chun feidhme;

    (c)

    na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus coinníollacha airgeadais arna gcomhaontú sa mheabhrán tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

    Ní dhéanfar an dara tráthchuid a scaoileadh, i bprionsabal, tráth níos luaithe ná 3 mhí tar éis an chéad tráthchuid a scaoileadh.

    4.   I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna a bhí aige leis an eisíoc a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.

    5.   Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa mheabhrán tuisceana, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deireanach.

    Airteagal 5

    1.   Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, is in euro a dhéanfar iad agus beidh an dáta luacha céanna orthu agus ní fhágfaidh siad go mbeidh aon bhaint ag an Aontas le tiontú aibíochtaí, ná ní fhágfaidh siad go mbeidh neamhchosaint ag an Aontas ar aon riosca ó thaobh ráta malairte nó ráta úis de, nó ar aon riosca tráchtála eile.

    2.   I gcás ina gceadófar sin leis na himthosca, agus má iarrann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-áirítear clásal luath-aisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go bhfuil clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na n-oibríochtaí iasachtaíochta.

    3.   I gcás ina gceadófar feabhas a chur ar ráta úis na hiasachta leis na himthosca agus má iarrann an Úcráin amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a hiasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le mír 1 agus mír 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na n-iasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

    4.   Is í an Úcráin a iompróidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

    Airteagal 6

    1.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

    2.   Déanfar an cúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach.

    3.   Beidh na forálacha uile seo a leanas sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3):

    (a)

    forálacha lena n-áirithítear go seiceálfaidh an Úcráin go rialta gur úsáideadh an maoiniú a sholáthraítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais i gceart, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chiste a soláthraíodh faoin gCinneadh seo agus a ndearnadh mí-leithghabháil air a aisghabháil;

    (b)

    forálacha lena n-áirithítear go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtacht eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus i dtaca leis an gcomhrac ina coinne, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (8) agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (9) ón gComhairle, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11);

    (c)

    forálacha lena dtugtar údarú sainráite don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena n-áirítear oibríochtaí fóiréinsice digití agus agallaimh;

    (d)

    forálacha lena dtugtar údarú sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

    (e)

    forálacha lena dtugtar údarú sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh thréimhse infhaighteachta an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, amhail measúnuithe oibríochtúla;

    (f)

    forálacha lena n-áirithítear go bhfuil an tAontas i dteideal luath-aisíocaíocht ar an iasacht i gcás ina mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, gur thug an Úcráin faoi aon ghníomh calaoise nó éillithe nó faoi aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais;

    (g)

    forálacha lena n-áirithítear gurb í an Úcráin a iompróidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

    4.   Sula gcuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

    Airteagal 7

    1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

    Airteagal 8

    1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

    (a)

    scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

    (b)

    staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine a mheasúnú, mar aon leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a chur chun feidhme;

    (c)

    léiriú a thabhairt ar an nasc idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar amach sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na hÚcráine agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a scaoileadh.

    2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

    Airteagal 9

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    A. PANNIER-RUNACHER


    (1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Feabhra 2022.

    (2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

    (3)  Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 (IO L 165, 27.5.2020, lch. 31)

    (4)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

    (6)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).

    (7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

    (8)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

    (9)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

    (10)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

    (11)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


    Top